Pota Focal Intergaelic
Gluais TíHouse Glossary Gluais Beo!Beo! Glossary TeasárasThesaurus BriathraVerbs
Meánoirthearach Middle Eastern
" Tá go leor de na daoine seo de shliocht Arabach nó Meánoirthearach á gcoinneáil faoi ghlas gan aon choir a bheith curtha ina leith agus gan cead a bheith acu comhairle dlí a fháil.
Mheánoirthearach Middle Eastern
" Bhí cúpla fear agus cuma Mheánoirthearach orthu ansin, agus cúpla turasóir Meiriceánach - duine acu agus gruaig fhada air agus éadaí bróidnithe á gcaitheamh aige - agus roinnt daoine a raibh cuma oibrithe oifige orthu.
oirthearach eastern
" Chuir Viva Lain i Torino obair ar fáil mar "shuathairí" do mhná as oirthear na hEorpa agus as an Iodáil féin, ach ní raibh aon rud traidisiúnta ná oirthearach ag baint leis an tsuathaireacht a bhí siad ag tairiscint.
ar an taobh thoir on the eastern side
" Tá dún cosanta eile ar an taobh thoir den oileán darb ainm Dún Dubhchathair.
sa gcuid oirthearthach in the eastern part
" Tá macalla den díospóireacht chéanna le cloisteáil ó thuaidh, áit ar fógraíodh plean le déanaí chun £1 billiún punt Sasanach a chaitheamh ar bhóithre agus ar iarnróid sa gcuid oirthearthach de Thuaisceart Éireann, ach fágadh an bóthar iarainn idir Béal Feirste agus Doire as an áireamh.
forbairt oirthear na hEorpa the development of eastern Europe
" Tá deireadh le flaithiúlacht na hEorpa i leith na hÉireann - go deimhin, beidh sciar den chostas a bhaineann le forbairt oirthear na hEorpa le n-íoc againne feasta.
thionchar oirthearach eastern influence
" Chuir sé olc ar Quinn nach raibh Lillis róthógtha leis an mhéid a bhí le rá aige faoi thionchar oirthearach a bheith ar an amhránaíocht ar an sean-nós agus chuir sé a mhíshásamh in iúl go láidir.
Óméith Omeath, eastern Ulster and County Louth
" Is cuimhin leis comhrá Gaeilge a bheith aige ar an 15 Lúnasa, 1933 le seanmhná in Óméith a bhí ag déanamh Thuras na Croise.
sa leath thoir in the eastern half
" Tá siad sa leath thoir de cheantar cósta na Críche ó Thuaidh agus i gcúinne thoir thuaidh New South Wales.
ar fud Oirthear na hEorpa all over Eastern Europe
" ” Chuir seantuismitheoirí Marcus, an ceathrar acu, fúthu in Éirinn in 1882 agus iad ag éalú ón ngéarleanúint a bhí á déanamh ag na Rúisigh ar na Giúdaigh ar fud Oirthear na hEorpa ag an am.
cuma an Mheánoirthir of Middle Eastern appearance
" Bhí tuilleadh fianaise le fáil faoi seo trí seachtainí ó shin nuair a bhí na sluaite bailithe in aice thrá Cronulla i ndeisceart Sydney ag maslú “*wogs*”, “*Lebs*” agus an fáidh Mahamad agus ag ionsaí aon duine a cheap siad go raibh “cuma an Mheánoirthir” air.
oirthear na hEorpa eastern Europe
" Is ceantar ilchultúrtha amach is amach é seo anois ina bhfuil siopaí agus bialanna de chuile chinéal á reáchtáil ag daoine ón Afraic, ón Áis agus as oirthear na hEorpa.
oirthear eastern
" Ar oíche an 31 Deireadh Fómhair an bhliain seo caite, chuaigh mé go dtí an phríomhreilig i gcathair Lublin in oirthear na Polainne.
agus síol an daonlathais a chur i lár gharraí an Mheánoirthir. and to sow the seed of democracy in the middle of the Middle Eastern garden.
" Ba é plean an Rúnaí Cosanta seilbh a ghlacadh ar an Iaráic go tapaidh, an tír a chur ar ais ar a bonnaí le hairgead ola, agus síol an daonlathais a chur i lár gharraí an Mheánoirthir.
ar an gceann thoir at the eastern extremity
" Tá muide ar an gceann thiar agus iadsan ar an gceann thoir agus is féidir go bhfuil iarsmaí de na seanstruchtúir sin fágtha le fada agus gur féidir linn iad a chur i gcomparáid lena chéile.
ar bhruach thoir on the eastern bank
" Ba léir go raibh an t-arm dáiríre faoi seo, agus bhog gach mac máthar a raibh baint aige leis an bpobal Mormannach go Illinois, áit ar bunaíodh eaglais agus baile ar ar thug siad Nauvoo, ar bhruach thoir abhainn an Mississippi.
oirthear eastern
" Tá tíortha áirithe in oirthear na hEorpa atá i dtuilleamaí an gháis sin go huile is go hiomlán agus le linn an choisc bhí na céadta míle duine fágtha gan teas i lár gheimhreadh fuar na hilchríche.
Oirthear eastern
" Ar cheart dúinn a bheith sásta i ngeall ar an eolas go léir a sheachadadh chugainn ar na meáin, na státseirbhísigh a d’fhógair oiread seo daoine a bheith i mbun na camastaíle sin, go bhfuil a fhios acu cé hiad, is tharla go bhfuil a fhios acu chuile shórt mar gheall orthu, uimhreacha, stáit in Oirthear na hEorpa srl.
oirthir eastern
" Is cuid de chóras leighis na hIndia na chakraí céanna agus le leathadh fhealsúnacht an oirthir chugainn sna seascaidí, tháinig fás faoi líon na ndaoine a chuir a muinín i bhfealsúnacht agus i gcórais leighis na hIndia.
dream an oirthir eastern papers
" Tá a fhios agam go bhfuil dream an oirthir sin breá tógtha go minic le cultúr an iarthair, ach chuala mé anseo ar an oileán go raibh saothar Montgomery i measc cnuasach bídeach leabhar a aistríodh agus a foilsíodh sa tSeapáin le linn an Dara Cogadh Domhanda.
Meánoirthearaí Middle-Eastern
" Is beag seachtain a théann thart gan scéal éigin ar na meáin faoi eirleach a bheith déanta ar ghnáthmhuintir neamhurchóideach na tíre Meánoirthearaí seo.
oirthear eastern
" “Tháinig mé amach uair nó dhó chun cinntiú go raibh sí fós ina codladh,” a dúirt sé agus é os comhair na cúirte i gcathair Colmar in oirthear na Fraince, “agus chun an teas a chur ar siúl sa charr.
Oirthear na hEorpa Eastern Europe
" Tá Comhdháil SAM chun cistí fiontair a bhunú ar nós na cistí a cuireadh ar fáil in Oirthear na hEorpa i ndiaidh titim Bhalla Bheirlín; agus beidh an Banc Eorpach Athfhoirgníochta agus Forbartha ag tacú le nuachóiriú geilleagair sa Mheánoirthear agus san Afraic Thuaidh mar a rinne siad san Eoraip.
léargais spioradálta an Oirthir Eastern spiritualism insights
" Bhain mórán den turgnamh sin le húsáid drugaí agus le cúrsaí gnéis; bhí tóir freisin ar léargais spioradálta an Oirthir agus conas droim láimhe a thabhairt don tsaint agus don ábharachas a chruthaigh cuid mhór fadbhanna, na cogaí móra domhanda ina measc.
Láir agus Thoir central and eastern
" ” Bhí cruinniú mullaigh faoi choinne thíortha na hEorpa Láir agus Thoir le tarlú idir 11-12 Bealtaine i Yalta na hÚcráine, ach tar éis do 13 de na 20 ceannaire stáit diúltú freastal air mar agóid in aghaidh na dtarluithe sa tír, ní raibh an dara rogha ag an Uachtarán Yanukovych ach é a chur ar ceal.
den ábhar le hoirthear na hEorpa of the material with Eastern Europe
" Baineann cuid mhaith den ábhar le hoirthear na hEorpa agus leis an athlonnú a rinneadh ar lucht labhartha na Gearmáinise nuair a cloíodh Hitler agus an tríú Reich.
oirthear na Rómáine Eastern Romania
" Duine de na cainteoirí Gearmáinise deiridh as ceantar Dobrogea ar chósta na Mara Duibhe in oirthear na Rómáine, tharla ag deireadh an chogaidh ina cailín aimsire í sa teach a raibh Micheal 1 ar a choinneáil ag na Cumannaigh.
an córas thoir the eastern system
" Measadh faoi thús an chéid seo gur chomharthaigh easpa páipéar leithris, i measc earraí eile, sna tíortha cumannacha deich mbliana roimhe sin, ag tús na nóchaidí, nárbh fhada go mbeadh an córas thoir ag tabhairt na gcor.
Chríostaithe an Oirthir the Eastern Christians
" Thosaigh an nós díthreabhach i measc Chríostaithe an Oirthir, áit a ndeachaigh Uaithne, nó Antaine mar is fearr aithne air, amach i bhfásach na hÉigipte sa 3ú aois chun éalú ón domhan ábhartha agus a bheith níos cóngaraí do Dhia.
oirthear eastern
" Baineann saothar Noone lena stát féin, Victoria, an ceantar is deireanaí inar chuir na coilínigh Eorpacha fúthu in oirthear na hAstráile.
gurb ionann teorainn oirthear na Polainne the eastern Polish border is the same
" Is í an Pholainn, a bhfuil daonra 38 milliún aici, an stát is mó de na deich stát a ligeadh isteach san AE i 2004 agus is tír thábhachtach í ó thaobh na hinimirce de mar gurb ionann teorainn oirthear na Polainne agus teorainn seachtrach an AE.
hEaglais Cheartchreidmheach an Oirthir Eastern Orthodox Church
" An chuid is mó acu, is le hEaglais Cheartchreidmheach an Oirthir iad (Patracarcht Cheartchreidmheach Ghréagach Aintíoc is an Oirthir Uile).
Drogall an Oirthir eastern reluctance
" Drogall an Oirthir ======= Tá al-Assad ag brath ar shaighdiúirí tuarastail agus ar fhórsaí neamhrialta chun an réabhlóid a chosc freisin.
oirthear dílseach na cathrach loyalist eastern part of the city
" Le linn na scliúchas a bhain le bratach na Breataine a bheith ar foluain ar líon níos lú laethanta os cionn Halla na Cathrach i mBéal Feirste, bhí agóid ar siúl ar Bhóthar Bhaile Nua na hArda in oirthear dílseach na cathrach.
i gceann thiar agus i gceann thoir na hEorpa at the western and eastern extremity of Europe
" An cheist más ea: cén fáth an chosúlacht mhór seo idir dhá thírín i gceann thiar agus i gceann thoir na hEorpa? An dátheangachas an chéad ní.
bhfobhailte thoir eastern suburbs
" Ní fios cé a chaith na diúracáin cinniúnacha ar an 21ú Lúnasa (is mó is dóichí gurbh é arm Assad é), ach tá a fhios ag an domhan cé a d'fhulaing dá dheasca: fuair 635 bás nuair a phléasc diúracáin lán leis an néarghás Sarin i bhfobhailte thoir na Damaisce ina raibh na ceannaircigh i gceannas.
hoirthear na hEorpa eastern Europe
" Fostaithe in Amhras ======== Ba iad *From Rome with Love (2012)* le Woody Allen chomh maith le Páis Chríost (2004) le Mel Gibson an dhá mórscannáin is déanaí a rinneadh i gCinecittà (tá sé níos saoire ag déantóirí scannán mór dul chuig áiteanna eile sa domhan cosúil le hoirthear na hEorpa) agus tá fiacha móra bailithe ag an eagraíocht mar gheall ar an easpa oibre seo.
iarthuaisceart na hIaráice north eastern Iraq
" Tá buíon nua ceannairceach (atá chomh hantoisceach sin gur caitheadh amach as Al-Qaeda iad!) ag eagrú in iarthuaisceart na hIaráice agus ag máirseáil ar Bhagdad.
Oirthear eastern
" Ceithre mhilliún €uro a dúradh linn, imithe, ar shiúl, bailithe leis, i dtiachóga mhuintir sin Oirthear na hEorpa as an státchiste abhus.
ar an tseandúchas gaelach thoir to his old eastern haunt(s)
" Phill Balor ar an tseandúchas gaelach thoir i Scidia lena sheanchas a mheilt le hImpire an Oirthir, eascara mór Killery Clinton agus Seosamh Bidet, an fear nár loic is nár lúib, Flathmhar Poitín.