Ag tagairt don eachtra áirithe sin, dúirt Cunningham leis an nuachtán *The Irish Voice *go raibh cead a gcomhairle féin ag póilíní maidir le heisiúint toghairmeacha bainteach le hólachán poiblí.
Is é an tAcht Náisiúntachta agus Saoránachta Éireann 1956 a leagann síos na coinníollacha a ghabhann le deonú saoránachta agus rinne an Breitheamh tagairt don chuid den Acht a deir gur “dá rogha féin amháin” a bhronnfaidh an tAire deimhniú eadóirseachta ar iarratasóirí.