Pota Focal Intergaelic
Gluais TíHouse Glossary Gluais Beo!Beo! Glossary TeasárasThesaurus BriathraVerbs
cur síos description
" Thug Erika cur síos mion do na póilíní ar bheirt a dúirt sí a chonaic sí ag rith amach as an teach agus dúirt gur chuir sí glaoch ar Omar d'éirigh tar éis di teacht ar an dá chorp.
tuairisc bheo vivid description
"tuairisc bheo le fáil i *Jack Corbett, Mariner *le A.
cur síos description
" Cén fáth a gcuirfinn stró orm féin cur síos a dhéanamh air nuair nach dtabharfadh sé leid dá laghad ar a chroí istigh, na smaointe a bhí aige, an sórt a bhí ann - fear é, fear meánaosta agus féasóg mhór mhillteach air.
chur síos ceart proper description
" Ní hea, ní raibh sí cinnte faoi, ná ní fhéadfadh sí aon chur síos ceart a thabhairt air.
cur síos cruinn accurate description
" Is cur síos cruinn an t-ainm ar an áit.
cur síos ildaite multi-coloured description
" Agus í ina girseach óg, ní chuireadh sí críoch le dán go dtí go mbíodh léaráid déanta aici le cur leis, agus le linn a déaga dhéanadh sí cur síos ildaite ar na brionglóidí a bhíodh aici.
ar chualathas cur síos air. of which a description was heard
" Mar sin, ní rabhthas ag déanamh breithiúnais bunaithe ar scannán – rud a bheadh lochtach ann féin – ach bhíothas ag déanamh breithiúnais bunaithe ar scannán ar chualathas cur síos air.
ina ndéanfar cur síos beacht in which an exact description will be made
" Lena chois sin, má bhaintear saothar Uí Shearcaigh den siollabas, cén áit ar chóir dúinn an líne a tharraingt? An amhlaidh go mbeidh ar an gComhairle Náisiúnta Curaclaim agus Measúnachta polasaí ar leith a dhréachtú ina ndéanfar cur síos beacht ar na cineálacha daoine a gceadófar a saothar ar shiollabais? Cén chaoi a ndéanfaí na cinntí? An nglacfaí le saothar daoine a chuir in iúl roimhe seo go bhfuil, cuir i gcás, tuairimí míchuíosacha ciníocha acu? Ní dhéanfaí staidéar ar DNA i scoileanna na hÉireann sa chás sin – is ciníochaí mínáireach é James Watson, an fear a bhuaigh Duais Nobel as ucht DNA a bheith fionnta aige.
ina ndearna sé cur síos an-chliste in which he made a very clever description
" ” Is cuimhin liom, le linn dom a bheith ar an ollscoil, go bhfaca mé seó de chuid Des ina ndearna sé cur síos an-chliste ar na difríochtaí idir Nua-Eabhrac agus Éire.
cur síos ar fhréamhacha na teanga. description on the roots of the language
" **Éacht**Tá éacht bainte amach chomh maith ag Ruairí Ó hUiginn ina chaibidil siúd, “The Irish Language”, ina bhfuil cur síos ar fhréamhacha na teanga.
cur síos description
" Dá mbeadh orm cur síos a dhéanamh air, déarfainn go bhfuil an ceol áit éigin idir Philip Glass (an cumadóir comhaimseartha) agus Planxty.
cur síos description
"cur síos ar gach ceann acu ar fáil ar an suíomh agus is léir gur chaith SPNF a lán ama agus a lán airgid ar an taighde seo.
cur síos description
" Tá leabhair mhaithe ar fáil a dhéanann cur síos ar na stáid éagsúla agus ar na tithe lóistín atá sna bailte éagsúla ar an mbealach.
cur síos describes/description
" ” Déanann sé cur síos ar seo ar fad san amhran “Chelsea Hotel”: I remember you well in the Chelsea Hotel/ You were talking so brave and so free/ Giving me head on the unmade bed/ While the limousines wait in the street/ Those were the reasons and that was New York/ I was running for the money and the flesh/ That was called love for the workers in song/ Probably still is for those of us left.
cur síos sa chaibidil a description in the chapter
" Le tosach a bhaint de na hionsaithe ón dream ciontach, tugann sé cur síos sa chaibidil, “An Frith-Sheimiteachas Nua,” ar an imeaglú a dhéanann grúpaí ar nós an Anti-Defamation League (ADL) ar dhaoine, idir Ghiúdach agus Ghintlí, a thagann salach ar na Síónaigh.
cur síos ar a description of
" Léacht dar teideal 'An Beirneach' ag tús na féile i halla na scoile náisiúnta ar an Chaiseal a bhí ann agus rinne sé cur síos ar shaol an fhir seo a raibh bua ceoil ar leith ann.
cur síos description
" Ina leabhar Suite Française, tugann Irène Némirovsky cur síos ar an gcíor thuathail inar fágadh na daoine i rith na tréimhse sin.
fíorchur síos true description
" Aithnítear Robert Capa mar ghrianghrafadóir a chuir a shaol i mbaol ag lorg grianghraf a rinne fíorchur síos ar bhrúidiúlacht agus laochas na cogaíochta ar fud an domhain.
cur síos a description
" Rinne sé cur síos ar a dheatháir mar “fear gan eagla” go mór mór ar an pháirc rugbaí.
cur síos ar a description of
" com) ar an 13 Deireadh Fómhair, déanann sé cur síos ar an saol nua atá aige ó thug sé an sliabh air féin - an ceo maidine nuair a dhúisíonn sé, an t-iora rua go cruógach ag cur lena stóras bia sula dtitfidh codladh an gheimhridh air nó an tseanbhean a casadh air agus a thug torthaí agus glasraí dó ag rá ‘go mbeidís ag teastáil uaidh’ agus cuma uirthi gur thuig sí cé a bhí ann.
cur síos description
"cur síos iontach sa leabhar ar chúrsaí na tíre san am, agus ar an gcuid sin den tír is mó a thaithíodh Cearbhallán, oirthear Chonnachta.
cur síos ar a description
" Thug Jeff Blankfort, ar Giúdach Meiriceánach é a cháineann an Brúghrúpa go géar, cur síos ar an CGM mar ‘oifig eachtrach neamhoifigiúil an Bhrúghrúpa.
cur síos description
" ----------------- Codladh an Gheimhridh Ní dóigh liom gur féidir cur síos cruinn gonta a dhéanamh ar an gheimhreadh a sharódh na focail seo ‘gaoth ard fhuar, íseal grian, gearr a rith, muir gan srian’.
cur síos tur bland description
" Dá leithne a scaiptear an dream beag eitneach seo ar fud na cruinne, áfach, is ea is dóichí go gcaillfear cleachtais chreidimh is saíochta agus, nach bhfágfar den chultúr ársa seo ar deireadh ach cur síos tur i leabhair scolártha.
thrácht mention, description
" Mar a d’fhiafraigh duine amháin, ina thrácht ar alt Kristol, “Alt eile ón bhfear a bhí mícheart i gcónaí idir 2000 agus 2008?” Ach cé go raibh Kristol, mar aon leis na nuachoimeádaigh eile, ‘mícheart’ maidir le hairm ollscriosúla na hIaráice agus na naisc idir Saddam Hussein agus Al Qaeda, níor cheart do mhuintir SAM a cheapadh gur amadán atá ann.
chur síos lom bare description
" " Cén t-iontas mar sin gur léirmheas thar a bheith fábhrach don chuid is mó atá déanta ar cheantair Ghaeltachta na tíre? Cé is moite den chur síos lom atá déanta ar chorr-áit ar nós An Rinn i bPort Láirge, nach nochtaítear aon tuairim maith nó olc faoi, ba léir go raibh na húdair thar a bheith tógtha le formhór na gceantar Gaeltachta.
cur síos description
" Thairis sin, samhlaítear an aidiacht ‘neamhdhleathach’ le coiriúlacht, agus ní gá go bhfuil aon choir déanta ag inimircigh a bhfuil stádas neamhrialta acu, mar is fearr agus is cruinne cur síos a dhéanamh ar na daoine sin.
cur sios description
" Rinne sé cur sios ar an turas a rinne scaifte acu ar an bhád go Béal Feirste chun bileoga a thabhairt do na saighdiúirí ansin.
cur síos a description
" Tarlaíonn sé go bhfuil an scannán ‘Des hommes et des dieux’ á thaispeáint ar fud na Fraince ó thús mhí Mheán Fómhair, scannán a thugann cur síos ar sheachtar manach Cistéirseach a fuadaíodh i 1996 ó mhainistir Tibéhirine, mainistir atá uair an chloig ó dheas de chathair na hAilgéire.
cur síos description
" Agus cé a rinne an cur síos maslach seo? Cé eile ach Balor an Bhéil Bhinn, nó tharla go raibh sé féin i láthair ag an scliúchas ar bhruach Loch Léin.
cur síos ar a description of
" Tá físeanna gearra ann ina ndéanann saineolaithe na Leabharlainne Náisiúnta cur síos ar ghnéithe éagsúla den taispeántas.
bheachtú cuí proper description
" ’ Ach níl aon bheachtú cuí déanta ann ar cad is ‘socrú cuí’ ann.
cur síos ar a description
" B’fhéidir go ndéanfaidh mé cur síos ar chuma na teanga am éicint eile, ach ba mhaith liom scríobh ar stair agus ar choinníollacha comhaimseartha na Briotáinise anseo.
rinne cur síos ar gave a description
" Tháinig seisean ar an scéal i seanlámhscríbhinn a rinne cur síos ar an Lochlannach Ingimund agus ar a lucht leanúna, a díbríodh as Éirinn i 902 tar éis brú ó Chearbhall, Rí Chuige Laighean.
cur síos ar description
" Beidh ceardlann ar fáil fosta a dhéanfaidh cur síos ar na teicnicí a bhí in úsáid ag na healaíóntóirí.
gcur síos description
" Is “eagraíocht neamhrialtasach, neamhspleách, neamhbhrabúis atá tiomanta don choimhlint mharfach a chosc agus a réiteach” é an ICG, dar leis an eagraíocht í féin, ach ní aontódh gach duine leis an gcur síos sin.
chur síos macánta honest description
" Tosaíodh agus críochnaíodh a saol i gCathair Mheicsiceó agus fuair sí aitheantas, de réír a chéile, mar ealaíontóir a rinne ceiliúradh ar thraidisiúin agus ar nósanna dúcháis Mheicsiceó chomh maith leis an chur síos macánta a rinne sí ar an saol crua diachrach a bhí aici féin.
an cur síos lomnocht bare description
" Siúltar raon leathan mothúchán agus na húdair ag dul i ngleic leis an bhás, idir an duairceas, an cur síos lomnocht agus fiú amháin an greann.
cur síos ar a description
" Sa scéal fírinneach seo, Nasc na Fola, tá cur síos ar a gcuid eachtraí sa Spáinn agus i bPórtó Ríce agus ar an tslí ar chuir na deartháireacha agus deoraithe Gaelacha eile le cosaint is le rathúnas Phórtó Ríce, a dtír nua.
cur síos goilliúnach a hurtful description
" Cé gur theip ar an lucht creidimh os a chomhair, rinne Sachs urraim fhada, áibhéileach fiú, insa dhá bhreithiunas seo don chreideamh féin mar fhoinse fhiúntach mhórálach, cé go raibh sé tar éis cur síos goilliúnach a dhéanamh ina phrós ar naimhdeas an chreidimh.
cur síos ar a description of
" Chum an scríbhneoir/ealaíontóir Roger Fry an téarma ‘Iarimpriseanachas’ chun cur síos ar shaothar ealaíontóirí mar Gauguin, van Gogh, Matisse, Sérusier, Signac agus Cézanne agus bhí pictiúirí dá gcuid sa taispeántas i Learpholl i 1911.
cur síos ar a description
" Sa leabhar *‘Tribes with Flags’* a scríobh Charles Glass faoin éirí amach i Hama na Siria in 1982, tá cur síos ar an scliúchas a tharla idir na Muslamaigh ‘Sunni’ agus fórsaí an rialtais faoín bPáirtí Sóisialach Ba’áth atá faoí smacht ag na hAlabhaítigh.
ina cur síos ar in her description of
" Is mó a shuim siúd gur theip an focal ‘aibhléis’ uirthi ina cur síos ar airí na láimhe.
an cur síos the description
" D’inis sí óna chroi amach, agus an cur síos ar na hamhráin gur thug sé an amhránaíocht ar leibhéil eile dom féin go raibh an cnuasach seo aici agus ní raibh ceann ar bith acu ná raibh sí in ann cuntas a thabhairt faoi ghné éigint dhe, faoin tábhacht a bhain leis - agus gur thug sé sin breis tuisceana dom uirthi agus go raibh mé in ann dul níos faide leis.
cur síos spraíúil fuinnúil a lively and energetic description
" Is éard atá i leabhar Kerouac On the Road go bunúsach ná úrscéal dírbheathaisnéiseach ina dtugann alter-ego an údair, an carachtar Sal Paradise, cur síos spraíúil fuinnúil dúinn ar na turais chraiceáilte trasna ilchríoch Mheiriceá a dhein sé féin agus a chairde.
cur síos ar a description of
" Thug sé cur síos ar an Lochlannach Ingimund agus a lucht leanúna, a díbríodh as Éirinn sa bhliain 902 tar éis brú ó Chearbhall, Rí Chúige Laighean.
cur síos gonta cáiliúil famous succinct description
" Cuireann an faobhar speisialta sin a luíonn i lár baill dá chuid siamsaíochta Corkery i gcuimhne go minic, ach go háirithe an cur síos gonta cáiliúil sin aige ar Chathair Chorcaí nuair a bhaist sé ‘inneall cealgach’ uirthi.
cur síos a description
" Ní furaist cur síos cuí a dhéanamh ar chumhacht agus ar ghalántacht a gcaidreamh collaí i leabhar Faulks, ach d’fhéadfaí na leathanaigh seo óna leabhar a chur i gcomórtas le leathanaigh borba foréigeanacha Alan Hollinghurst.
cur síos beacht an accurate description
" "* Measaim gur cur síos beacht é sin ar sciar mhaith den phobal Aontachtach agus ar a bpolaiteoirí chomh maith ach beidh tú ag fanacht fada go leor le go mbeadh siad chomh haithríoch le Jeremy Paxman.
cur síos ar a description of
" Luadh sna meáin traidisiúnta anseo in Éirinn é le déanaí nuair a thug Irish Times Business cur síos ar *“Pintervention”* agus má tá na meáin traidisiúnta á chíoradh, tá pointe inchlaonta sroichte aige.
cur síos a description
"cur síos i gcuntas Thírecháin ar mhisean Naomh Pádraig a scríobhadh de choir dheireadh an tseachtú céad ar mhanaigh Assicus á bhreith leo dá ainneoin ón oileán, áit a raibh seacht mbliana caite aige.
cur síos description
" ”* Déanfaidh an cur síos sin an chúis agus iarracht á dhéanamh tábhacht agus tionchur Gore Vidal a scagadh.
cur síos sna codanna eile a description in the other parts
" Déanann Noone cur síos sna codanna eile ar an bhaint a bhí ag Astrálaigh le gluaiseacht na hathbheochana, agus leis an mbaint leanúnach atá acu faoi láthair leis an teanga.
cur síos greannmhar ar a jovial description of
" Tá an pictiúr seo suntasach sa mhéid is go mbaineann sé leis an saol taobh amuigh in áit a bheith ina phictiúr genre ná ina phortráid mar ba ghnáth le Vermeer a dhéanamh; cur síos greannmhar ar an saol laethúil tí atá ann.
cur síos paiteanta an excellent description
"cur síos paiteanta déanta ag an scríbhneoir James Joyce ar an dóigh scannalach a caitheadh leis an fhianaise Gaeilge a thug duine den triúr a crochadh, Maolra Seoighe: *“Neither the old man nor the others accused knew English.
cur síos ar an réamhchlaonadh a description of the prejudice
" cur síos ar an réamhchlaonadh a bhí ann in aghaidh na n-imirceach sa chóras dlí agus in irisí mar The London Times agus Punch: *“The later exodus of men, women and children meant that migrants would carry an ongoing memory of hostility and culpable neglect at best, and more usually, an abiding communal recall of the consequences of imperial degradation…”* a dúirt sé linn.
cur síos ar a description
" Tosaíonn Caibidil 13 le cur síos ar “An Dragan ag Tabhairt Cumhachta don Bheithíoch.
mionchur síos a detailed description
" 3 Cuir síos sula gcuireann tú suas: Muna bhfuil trascríobh agat, nó muna bhfuil mórán cainte i do chuid físeán, bí cinnte go ndéanann tú mionchur síos air.
chuala mé trácht go mion, macánta I heard a minute honest description
" Ach is i gcomhluadar Chastus lá sneachta i mBonn i mbliana an chéad uair a chuala mé trácht go mion, macánta ar an saol a bhí sa DDR – Oirthear na Gearmáine – sna seachtóidí agus sna hochtóidí.
An cur síos cultúrtha is it a cultural description
" Ceist eile a rith liom, iad sin ó dheas den teorainn ar fearr leo *Eastenders, Manchester United, One Direction* ná Ros na Rún, a gcumann áitiúil CLG agus Planxty, an "*Northern Irish*” atá iontu siúd? An cur síos cultúrtha nó cur síos polaitiúil atá i gceist? An stuif dáiríre anois.
in ionad an chur síos rather than the description
" Caithfear a bheith sásta leis an íomhá in ionad an chur síos.
insint shoiléir clear description
" Ach theip ar pháirtithe agus ar ghluaiseachtaí na heite clé aon léamh nó insint shoiléir, intuigthe a chur ar an scéal.
cur síos ar shuíomh oifige éigin a description of some office site
" Deintear cur síos ar shuíomh oifige éigin de chuid an IRS ar an gcéad leathanach: “*Past the flannel plains and blacktop graphs and skylines of canted rust, and past the tobacco-brown river overhung with weeping trees and coins of sunlight through them on the water downriver, to the place beyond the windbreak, where untilled fields simmer shrilly in the a.
Tar éis cur síos gairmiúil ar after a professional description of
" Tar éis cur síos gairmiúil ar an aimsir le linn chomórtas Wimbledon, agus ar an ndifríocht idir “*the stretch back hand*” agus an “*top spin screamer*”, faightear na líntí Joysúla ina measc.
den chur síos a dhéantar of the description given
" *Harvest of Empire* ======= Níl sa dá scéal seo ach blaiseadh beag den chur síos a dhéantar sa scannán faisnéise Harvest of Empire ar roinnt de na cúiseanna leis an imirce ó Mheiriceá Laidineach go dtí na Stáit Aontaithe.
cur síos ar an seal a chaith sé i ngéibheann a description of the time he spent in jail
" D (atá le feiceáil i Chiesa di Sant Antonin) cur síos ar an seal a chaith sé i ngéibheann sa tSín i 2011.
cur síos ar a description of
" Déanann de Paor cur síos ar smaointí Uí Chadhain anseo: ‘Níorbh aon mhúnla eiseamláireach é saothar na mBlascaodach ach go háirithe don té a bhí ag iarraidh tomadh faoi chraiceann an duine i bpoll guairnéain na haigne…’ B’ionann an leabhar is tábhachtaí dar chum Ó Cadhain, Cré na Cille, le hionsaí ar an dtraidisiún seo.
cur síos leochaileach a sensitive description
" Déanann an Cadhnach cur síos leochaileach ar an gcomhrá inmheánach a bhodhraíonn an bhean bhocht gach lá fé dheireadh.
Cur síos i bhfís agus i bhfocail a visual and verbal description
" Cur síos i bhfís agus i bhfocail ar thír aduain, anaithnid… atá i lár an aonaigh.
cur síos ar shaol daoine éagsúla a description of various people’s lives
" Déanann Sacro GRA cur síos ar shaol daoine éagsúla a chónaíonn nó a oibríonn faoi scáth an Grande Raccordo Anulare, an cuarbhóthar a ritheann mar chiorcal timpeall na Róimhe.
cur síos ar an ngaol tábhachtach seo a description of this important relationship
" Déanann Moore cur síos ar an ngaol tábhachtach seo le scéal breá eile.
cur síos gan stad gan staonadh a continual description without let up
" Rinne sé cur síos gan stad gan staonadh ar ionsaithe éagsúla na haicíde.
a chur síos siúd uirthi his description of her
" ’Sí Rosalyn (Jennifer Lawrence), bean Irving (Christian Bale) ‘the apostle of passive-aggressive karate’ - a chur síos siúd uirthi.
sainchuntas a phoist his individual job description
" Tá sé 66 anois, rud a ciallaíonn gur ghlac sé leis an bpost úd ag am dá shaol ina mbíonn an chuid is mó againn ag smaoineamh faoin áit ar chóir duinn ár gcóisir scoir a shocrú! Kurzweil, Mac na nAthruithe ============ Le cúlra tionscantach i gcórais aithint optúil carachtar (OCR an Bhéarla) agus téacs go teanga (chruthaigh sé an chéad léitheoir téacs uathoibritheach sna seachtóidí!) ní raibh ach líne amháin i sainchuntas a phoist i nGoogle: “*to bring natural language understanding to Google*”.
cur síos air a description
" Údar Imní do Chiarraí ========= Is údar suntasach imní é an gortú le haghaidh CLG Ciarraí go dtí an pointe gur rinneadh a gcathaoirleach Patrick O Sullivan cur síos air ‘mar bhás sa teaghlach dúinne.
cur síos gairmiúil sonrach ar shaol a detailed professional description
" Déanann Campbell cur síos gairmiúil sonrach ar shaol Jenkins, saol a tosnaíodh i ngleannta guail na Breataine Bige tar éis an Chéid Chogaidh Mhóir.
an cur síos the description
" Is breá liom freisin an cur síos a fhaigheann muid ar shochaí na hÉireann ag an am.
le cur síos ar a description of
" Fé dheireadh, fágann Cox slán againn le cur síos ar an lá ar phós a chailín féin Garda i mBleá Cliath tar éis dó scaoileadh léi go fánach, gan chéill.
cur síos ar a description
" Déanann na húrscéalta seo cur síos ar ghníomhaíochtaí eachtraíochta gaiscíochta na staile fiáine, Thowra, sa dúiche chéanna ina bhfuil dán Paterson lonnaithe.
Tugadh cuntas iomlán ar a complete description was given
" Tugadh cuntas iomlán ar an Irish Times, an lá ina diaidh: *“The occasion which brought them together in a swaying mass, that extended close-packed from Pillar to Rotunda, and overflowed into the thoroughfares beyond, was something more than the ordinary annual Language Procession of recent years.
cur síos description
" San alt seo, tá cur síos ag Caoimhe Ní Laighin ar chuid de na himeachtaí a bheas ar siúl lena linn.
cur síos ar dhuais iontach a description of a great prize
" Is iomaí duine sa lá atá inniu ann atá cleachta le bheith ag fáil dramhphoist ina ndéantar cur síos ar dhuais iontach atá buaite aige i gcrannchur éigin.
cur síos a description
" An féidir linn leanacht ar aghaidh ag milleadh gach áit inár dtimpeall?An gcomharthaíonn salachar tinneas intinne a bheith orainn mar dhream? Tugann Donncha Ó hÉallaithe cur síos ar an earrach i gConamara, ach deir sé go bhfuil cuid den mhaitheas bainte as an Earrach ag an bplaisteach dubh, fágtha ina ndiaidh ag feilméirí.
cur síos ar description
" Tugann Donncha Ó hÉallaithe cur síos ar thoghcháin agus míníonn sé gur féidir vótáil in aghaidh duine, nach dtaitníonn leat chomh maith le vótáil i bhfábhar an iarrthóra is ansa leat.
cur síos a description
" Tugann Pat Butler cur síos anseo ar thrí léiriú drámaíochta a chuaigh i bhfeidhm go mór air i mbliana, i Londain, i mBÁC agus i Sydney.
cur síos a description
" Tugann Alan Desmond cur síos san alt seo ar na deacrachtaí agus na contúirtí atá roimh an inimirceach a thagann go hÉirinn lasmuigh den dlí.
Cur síos ar an áis ghutháin a description of the phone app
" Cur síos ar an áis ghutháin ó mhuintir PoetryBeo, ní a chuideos le roinnt daoine sa tráth bliana a rachaidh siad in éadan na bpiléar.
cur síos ar léirsiú a description of a demonstration
" Déanann an comhfhreagraí idirnáisiúnta Alex Hijmans cur síos ar léirsiú a chonaic sé i gcathair Salvador, sa Bhrasaíl, mar a bhfuil cónaí air.
cur síos ar a description of
" Déanann Breandán Delap cur síos ar ré uafáis na ndíormaí sráide i nGlaschú atá nochtaithe i leabhar nua, City of Gangs le Andrew Davies.