BÉARLA ► GAEILGE · ENGLISH ► IRISH
Samplaí gaolmhara
Related examples
♦
bhíodh sé in achrann leis na gardaí go minic
♦
he would often be in trouble with the police
♦
sin rud nach bhfeictear go minic, cailín a ólann beoir
♦
that's something you don't see often, a girl who drinks beer
♦
cé chomh minic a thagann sé?
cé chomh minic is a thagann sé?
♦
ní dhéanaim go minic é, cibé ar bith
♦
I don't do it often, anyway
♦
bíonn a mhalairt fíor chomh maith, dar ndóigh
♦
the opposite is often true too, of course
♦
ní minic a bhíonn deis againn ainmhithe fiáine a fheiceáil
♦
we don't often see wild animals
♦
Céard a dhéanann tú i nGaillimh? Bíonn tú ag dul isteach go minic. Colloquial Irish: The Complete Course for Beginners, Routledge, 2008
♦
What do you do in Galway? You go in often.
♦
Bhuel, breathnaím ar chartúin ar an teilifís go minic. Colloquial Irish: The Complete Course for Beginners, Routledge, 2008
♦
Well, often I watch cartoons on the television.
♦
Tá cúpla teach tábhairne ann, agus bíonn seisiúin cheoil ar siúl ag an deireadh seachtaine. Éamonn Ó Dónaill: Turas Teanga, RTÉ/Gill & Macmillan, 2004
♦
There are a couple of pubs there, and there are often music sessions on at the weekend.
♦
bíonn sí ag gearán go minic
♦
an dtagann tú anseo go minic?
♦
ní scríobhaim litreacha go minic
♦
I don't write letters often
♦
bíonn a gcuid tuairisceoireachta claonta go minic
♦
their reporting is often biased
♦
Feicim m'athair go minic. Éamonn Ó Dónaill: Turas Teanga, RTÉ/Gill & Macmillan, 2004
♦
Bím ag rámhaíocht sa gcurach. Éamonn Ó Dónaill: Turas Teanga, RTÉ/Gill & Macmillan, 2004
♦
I often go rowing in the curach.
♦
Téim ag seoltóireacht go minic. Éamonn Ó Dónaill: Turas Teanga, RTÉ/Gill & Macmillan, 2004
♦
Go minic faigheann muid físeán ar cíos agus amharcann muid air oíche Shathairn. Éamonn Ó Dónaill: Turas Teanga, RTÉ/Gill & Macmillan, 2004
♦
Often, we rent a video and watch it Saturday night.
♦
An dtagann sé anseo go minic? Éamonn Ó Dónaill: Turas Teanga, RTÉ/Gill & Macmillan, 2004
♦
An ndeir sibh é sin go minic? Éamonn Ó Dónaill: Turas Teanga, RTÉ/Gill & Macmillan, 2004
♦
An bhfeiceann tú Deirdre go minic? Éamonn Ó Dónaill: Turas Teanga, RTÉ/Gill & Macmillan, 2004
♦
Do you see Deirdre often?
♦
An dtéann tú ansin go minic? 'Gaeilge gan Stró!', Beginners Level, ranganna.com
♦
Agus téim chuig dráma nó chuig scannán go minic freisin. 'Gaeilge gan Stró!', Beginners Level, ranganna.com
♦
And I often go to a play or a film as well.
♦
Imrím peil go minic. 'Gaeilge gan Stró!', Beginners Level, ranganna.com
♦
Téim go dtí an phictiúrlann go minic chun scannán a fheiceáil. 'Gaeilge gan Stró!', Beginners Level, ranganna.com
♦
I often go to the cinema to see a film.
♦
Is ceoltóir mé agus seinnim an giotár go minic sa bhaile. 'Gaeilge gan Stró!', Beginners Level, ranganna.com
♦
I'm a musician and I often play guitar at home.
♦
Ní thiteann sin amach chomh minic anois agus a thitfeadh blianta beaga ó shin.
♦
That doesn't happen as often now as it used to a few years ago.
♦
Bhíodh siad faoi bhagairt an bháis go minic. 'Beo!', beo.ie
♦
They would often be in mortal danger.
♦
Is cuimhin liom go n-abraínn le daoine go minic... 'Beo!', beo.ie
♦
I remember that I often used to say to people...
♦
Ba mhinic fosta gur maslaí ó dhaoine le hainmneacha cleite a bhíodh mar thoradh ar na tuairimí a nocht blagadóirí. 'Beo!', beo.ie
♦
Also, what bloggers often got in response to their opinions was abuse from anonymous people.
♦
Cá mhinice a fheiceann tú í?
♦
How often do you see her?
♦
Cé chomh minic is a thagann sé?
♦
Tá sé ag brath ar a mhinice a chastar na hamhráin.
♦
It depends on how often the songs are played.
♦
Téim chuig ceolchoirmeacha go minic. 'Gaeilge gan Stró!', Beginners Level, ranganna.com
♦
Cé chomh minic is a théann tú chuig drámaí? - Go fíorannamh. 'Gaeilge gan Stró!', Beginners Level, ranganna.com
♦
How often do you go to plays? - Very seldom.
♦
Is minic a shuíodh siad ina mbeirt ar bhruach na farraige. Séamus Ó Grianna: Caisleáin Óir, eag. Niall Ó Dónaill, Cló Mercier, 1976
♦
They would often sit, the two of them, on the bank of the sea.
♦
Is minic a chuala mé m'athair ag scéalaíocht ort. Séamus Ó Grianna: Caisleáin Óir, eag. Niall Ó Dónaill, Cló Mercier, 1976
♦
I often heard my father talking about you.