ba mhinice ná a mhalairt
more often than not
Go deimhin,
ba mhinice ná a mhalairt a mhúchaidís an raidió dá gcloisfidís é nó théadh ar thóir popamhráin faoi dheifir ar stáisiún éicint eile.
go measartha minic fosta
quite often as well
Téim ar thurais chun na Gaeltachta
go measartha minic fosta, go speisialta go Gaeltacht Thír Chonaill.
Níos minice ná a mhalairt
more often than not
Níos minice ná a mhalairt, áfach, níor ghá focal Béarla a úsáid toisc go raibh focal Gearmáinise leis an mbrí chéanna ar fáil.
mar a tharlaíonn rómhinic
as happens too often
Ach
mar a tharlaíonn rómhinic le foireann Átha Cliath, chuaigh cúl isteach go mí-ámharach ina gcoinne agus scórail DJ Carey cúl eile gar do dheireadh an chluiche.
nach bhfeictear go rómhinic
not often seen
Cé go raibh na cruinnithe seo beag, áfach, léiríonn siad taobh eile de chathair Nua-Eabhrac, taobh
nach bhfeictear go rómhinic ar an nuacht nó i scannáin Hollywood.
i bhfad níos minicí
much more often
B'fhearr leo go gcaillfeadh daoine amaitéaracha beagáinín níos lú airgid
i bhfad níos minicí - seift atá éasca a chur i bhfeidhm tríd an gcóras i-TV.
bhraithfeá go minic
you'd often feel
Bhí drámaí agus aisteoirí eisceachtúla ann ó am go ham, ach fiú nuair a chuir Amharclann na Mainistreach, an Amharclann Náisiúnta, dráma Gaeilge ar stáitse
bhraithfeá go minic nach raibh an Ghaeilge ar a dtoil ag cuid de na haisteoirí, rud a bhain de bhrí agus d'fhuinneamh an dráma agus de thaitneamh an lucht féachana.
níos minicí ná a mhalairt
more often than not
Ní raibh Loch Garman v Uíbh Fhailí beo ach oiread - bíonn cluiche iontach idir na contaetha seo
níos minicí ná a mhalairt.
síothlaíonn sé na páistí go minic
it often calms the children
"Sa bhunscoil, mar shampla,
síothlaíonn sé na páistí go minic.
cúig uaire níos minice ná an meán
five times more often that the average
Dar le Google, cliceálann daoine ar a fhógraí
cúig uaire níos minice ná an meán d'fhógraíocht ar líne.
is minic a chuir muintir Chinnéide iad féin a bhfréamhacha i bhfolach
the Kennedys themselves often hid their roots
Ar ndóigh,
is minic a chuir muintir Chinnéide iad féin a bhfréamhacha i bhfolach.
d'fheicinn é go minic
I used to see him often
Cé nár bhuail mé riamh le Con Houlihan,
d'fheicinn é go minic ar Thaobh na Canálach i bPáirc an Chrócaigh, mise in éineacht le mo ghrúpa cairde agus eisean leis féin de ghnáth.
sách minic
too often
Casadh a deirfiúr Mairéad orm agus b'in tús scéal an ghrá! Ní théann muid siar
sách minic.
níos minicí
more often
Ach gabhfaidh muid siar
níos minicí sa mbliain nua, le cúnamh Dé.
ag clamhsán go minic
often complaining
Ceapadh go mbeidís sásta triail a bhaint as toisc go mbíonn siad
ag clamhsán go minic faoi laghad na gcluichí a bhíonn acu sa chraobhchomórtas gach bliain (ceann nó dhó gach bliain i gcoinne foirne láidre - an Clár agus Tiobraid Árann anuraidh, mar shampla).
níos minicí ná a mhalairt
more often than not
Ar uairibh déantar dearmad orthu go dtí go n-aimsíonn duine éigin an scéal, tré thimpiste
níos minicí ná a mhalairt, nó go gcuireann duine éigin suim ar leith iontu ar chúis éigin.
Chomh minic lena athrach
as often as not
Chomh minic lena athrach, bíonn na mná á ndíspeagadh acu fosta.
go minic a dhóthain
often enough
D'úsáid siad an leabhar agus bhí sé á scríobh agus á athscríobh, agus dá bhrí sin, má tá aon rud dothuigthe nó ar iarraidh, orthusan atá an locht ós rud é nach dúirt siad liom go raibh fadhbhanna ann!
ÉÓD: Cad iad na deacrachtaí is mó a bhí agat féin agus tú ag foghlaim na Gaeilge?
DW: Ní rabhas agus nílim in ann labhairt le daoine as Gaeilge
go minic a dhóthain - bíonn "Breac-Ghaeltacht" i mBerkeley gach Máirt, ach bíonn sé ródheacair dom an turas a dhéanamh agus an méid sin oibre le déanamh agam gach oíche den tseachtain.
a dtéinn chuici go minic
that I used to go to often
Is cuimhin liom go maith Flemings, an bhialann
a dtéinn chuici go minic le mo chairde.
Nach minic an cúrsa tosaigh níos fearr ná an príomhbhéile!
Isn't the starter often better than the main course!
”
“
Nach minic an cúrsa tosaigh níos fearr ná an príomhbhéile!” a d’fhreagair Aindí.
rud a chuireann daoine le báiní go minic
which often makes people very angry
Cé go mbíonn gach imreoir i dteideal a scéal féin a chur faoi bhráid an choiste smachta, sin an méid ama a thógann an próiseas ar fad,
rud a chuireann daoine le báiní go minic.
níos minicí
more often
Má leantar ar aghaidh ag cur an bhrú, seans go dtiocfaidh an lá go labharfar an Ghaeilge
níos minicí sa Dáil agus Seanad.
in ainneoin é a bheith curtha den pháirc sách minic
despite his having been sent off quite often
Laoch a bhí ann ag mórán daoine, idir shean agus óg,
in ainneoin é a bheith curtha den pháirc sách minic agus rudaí tarcaisniúla a bheith ráite aige faoi agus le daoine éagsúla, idir bhainisteoirí, chomhimreoirí, réiteoirí agus cuid den lucht leanúna.
ba mhinic an chonspóid sna sála aige
he was often dogged by controversy
Ach
ba mhinic an chonspóid sna sála aige; cuireadh den pháirc é i gcluiche craoibhe trí shéasúr i ndiaidh a chéile.
bíonn athrá sna hamhráin go minic
the songs often contain repetition
Is iontach an rud é téama éigin, mar shampla, an grá, a leanúint trí na hamhráin chun stór focal a aimsiú nó a leathnú, mar
bíonn athrá sna hamhráin go minic; cloistear na frásaí céanna arís agus arís eile.
toisc go dtaispeántar chomh minic sin iad
because they are shown so often
Ní fhéadfaí dearmad a dhéanamh ar an dá chúl a scóráil sé i gcoinne Shasana
toisc go dtaispeántar chomh minic sin iad ar an teilifís.
déantar botúin go minic
mistakes are often made
Sna *Minor Leagues*,
déantar botúin go minic, agus ní annamh mar sin go bhfeictear cluichí corraitheacha nó imreoirí ag dul sa seans ar chaoi nach bhfeicfeá riamh sna sraithchomórtais mhóra.
sách minic
often enough
Agus an t-amhrán is mó a thaitníonn liom faoi láthair ná “Fairytale of New York”! Agus sea, athraím m'intinn
sách minic faoi rudaí mar seo, rud atá nádúrtha go leor.
Ní minic a bhíonn aon mhaitheas leo
they're not often any good
Ní minic a bhíonn aon mhaitheas leo (tuigim níos fearr anois cathain a bhíonn giota maith ceoil agam), ach de bharr an nóis seo is é an téipthaifeadán póca an ní is tábhachtaí i mo mhála.
go mion minic
very often
Leis an bhfírinne a rá, níor chuir dearcadh an fhir ró-iontas orm nó bhí a leithéid de bharúil cloiste agam
go mion minic roimhe sin; go deimhin déantar talamh slán de i measc an aosa léinn.
go mion minic
very often
D’fhreastail Tadhg ar an Oireachtas
go mion minic roimhe seo, mar ghnáthdhuine ar spéis leis ócáidí agus traidisiúin chultúrtha na tíre, agus mar thuairisceoir le RTÉ freisin.
samhlaítear go minic
it is often imagined
I gcás sacair agus peile Gaelaí, mar shampla,
samhlaítear go minic go mbaineann na cluichí sin le haicmí áirithe daoine atá ar ioncam íseal ach de réir na tuarascála tá ioncam níos airde ag tromlach de lucht imeartha an dá chluiche sin agus tá cáilíocht 3ú leibhéal ag 40% dá líon.
sruth lagmheasa nó dímheasa go minic,
often a tide of weak respect or disrespect,
In ainneoin cé chomh láidir is a bhí an sruth sin,
sruth lagmheasa nó dímheasa go minic, ní raibh amhras dá laghad airsean oiread agus aon soicind amháin dá shaol gur amadáin an dream a raibh lagmheas nó dímheas acu ar an rud seo.
ró-mhinic,
too often
Buíochas le Dia, ní tharlaíonn siad
ró-mhinic, ach nuair a tharlaíonn siad, tagann siad aniar aduaidh ort.
go deimhin ba mhinic a bhí muid bocht go maith.
indeed it was often that we were quite poor
Bhí sé an-dian, ní raibh muid ag éirí saibhir agus
go deimhin ba mhinic a bhí muid bocht go maith.
níos minice ná a mhalairt
more often than not
Is iomaí liathróid a chuireann sé san aer, ach
níos minice ná a mhalairt is beag an toradh a bhíonn orthu.
ba rómhinic
it was too often
Tá an focal *mzungu (*duine geal) i gceist i ngach teanga, agus
ba rómhinic a chuala mé an focal sin!
Sna foilseacháin turasóireachta ar fad, deirtear faoin Maláiv gurb í *The Warm Heart of Africa*, agus ní haon áibhéil é sin.
ba mhinic an chonspóid sna sála aige
he was often dogged by controversy
Sular phós sé Banríon Juliana na hÍsiltíre sa bhliain 1937, bhí an prionsa sin, arb as an nGearmáin ó dhúchas dó, ina oifigeach san SS agus
ba mhinic an chonspóid sna sála aige ar feadh a shaoil.
is minic a mholtar an tseirbhís
the service is often praised
”
Ceiliúradh oiriúnach ar bhreithlá Raidió na Life ab ea é go raibh an stáisiún bainteach le hócáid mhór cheoil mar
is minic a mholtar an tseirbhís as na cláracha iontacha ceoil a bhíonn le cloisteáil ar an stáisiún.
go mion minic
very often
Tá seo beagán cruálach mar
go mion minic, bíonn na hardáin chomh glórach sin gur deacair aon ní a chloisteáíl agus go minic bheadh deacracht ag Pavarotti féin fanacht i dtiúin.
lucht minic nach dtig
those who don't often shriek "oh! Oh! OH! YES!"
Tá na tithe pobail ag cur thar maoil leis na fíréin agus fosta ag
lucht minic nach dtig.
a mhinice
as often
Tharla an baile luaite aici, cén áit is baile di faoin am seo? Scramóg nó Sligeach? -
“Bheul tá mé i mo chónaí i Sligeach le fiche bliain, áit ar cheannaigh mé teach sé bliain ó shin, ach
a mhinice agus is féidir liom, téim go Ros Comáin mar a bhfuil roinnt de mo mhuintir ina gcónaí go fóill.
is minic
often
Nuair a phléitear dáta an lae náisiúnta, leoga,
is minic a dhéantar tagairt do Lá na Saoirse, fearacht na Stáit Aontaithe.
Is minic
often
Is minic ar ndóigh nach mbíonn athair na bpáistí ina gcónaí sa bhaile anois, rud a fhágann go bhfuil an baol ann nach mbeidh teagmháil rialta ag sciar maith de pháistí na hÉireann le fear go sroichfidh siad na luathdéaga, tráth a bhainfidh siad an mheánscoil amach.
is minicí
most often
Thuig sé freisin gurb é an dream céanna seo a cheannaíonn an ceol is nuaí
is minicí.
is minic
it's often
Ba cheart go mbeadh guth an phobail iad féin, le clos go hard in achan ghné den chóras toghcháin, mar
is minic nach dtagann an dá ghlór sin le chéile, an glór aníos agus an glór anuas.
Ba mhinic
often was
Ba mhinic le roinnt blianta anuas a chloisteáil nach raibh ann níos mó don "bhrionglóid Mheiriceánach" - go bhféadfadh duine fás aníos as tada chun ardoifige nó airgead mór a bhaint amach.
dearmad go minic
often forgotten
Tábhacht an Ríomhphoist
Ach sreang atá fite trí na forbairtí seo ar fad, ar a ndéantar
dearmad go minic i measc na mbreagán lonnracha nua seo go léir ná an r-phost.
go minic
often
Cuimsíonn mo liosta beag féin teaghlaigh i gCorcaigh, i Luimneach agus san ardchathair a bhí i mbéal an phobail as an choiriúlacht
go minic.
Is minic
often
Is minic a chloistear polaiteoirí Mheiriceá ag rá gurb é Iosrael an cara is fearr atá ag na Stáit Aontaithe sa Mheánoirthear, agus is iomaí Meiriceánach aineolach a chreideann an tseafóid chontúirteach seo.
minic
often
Más
minic a bhris béal duine a ghaosán, is
minice a bhris bratach gaosán duine ó thuaidh.
dhéantar aithris air
often cited
Ach fós féin is finscéal é a
dhéantar aithris air go tráthrialta.
níos minicí
more often
Gháir mise os ard
níos minicí ná mar is dúil dom in Amharclann an Stáit ar Shráid an Mhargaidh i Sydney mífháiltiúil na hAstráile, nó in aon cineama eile, i dteannta na fírinne.
rómhinic
too often
Anois, in áit bualadh le chéile le haghaidh cuideachta agus comhrá, is
rómhinic ar fad sinn ag seoladh ‘sonc’ ar Facebook, nó ‘gíog’ ar Twitter.
Chomh minic lena mhalairt
as often as not
Ach fiú dá dtarlódh a leithéid, cé a thógfadh orainn é ar aon chaoi?
Chomh minic lena mhalairt, is toisc na tuismitheoirí a bheith síorghnóthach sa saol acu féin go mbíonn an ríomhaire chomh mealltach sin don aos óg ar an gcéad dul síos.
a mhinice
as often
Ní raibh clann ar Charlie agus Ella agus thug sin an t-am dóibh leanúint lena dtacaíocht do ghluaiseacht na Poblachta, ag cruinniú airgid don Chumann Cabhrach (eagraíocht fóirithinte na gcimí poblachtacha) mar shampla, agus thug sé an t-áiméar dóibh chomh maith saoire a chaitheamh sa Choireán i gCiarraí
a mhinice is ab fhéidir leo.
Ní annamh
quite often
”
An Chéad Uachtarán Eile
Ní annamh a luaitear Ivana in aon abairt le Mary Robinson agus Mary McAleese.
minic
often
Is
minic ráite gur chuir BSL deireadh ar fad le taibhsí na tíre.
sách minic
quite often
An saol crua é a bheith os comhair ceamara
sách minic chaon seachtain ar bonn seasta? BNC: Is obair chrua í, caithfidh tú i gcónaí a bheith ar an airdeall, caithfidh tú i gcónaí a bheith aireach faoi céard tá timpeall ort, céard tá ag tarlú sa domhan, bíodh tú i do láithreoir, nó id’ iriseoir, nó aon duine atá ag plé leis na meáin, mura dtuigfidh tú céard tá ag tarlú sa domhan mór, beidh sé sin soiléir! Ó chláracha do ghasúir, cláracha siamsaíochta, is cuma céard é an t-ábhar, mar ag deireadh an lae, tá bunús iriseoireachta leis an bpost.
rómhinic
too often
An bhfuil a fhios agat, aon uair a théim abhaile go Ciarraí, bíonn áthas orm é a fhágaint mar maraíonn siad mé le deoch thíos! (Tosaíonn ag gáire) Bíonn ana-chraic agam nuair a théim abhaile agus go mór mór nuair ná téim abhaile go
rómhinic.
seanchloiste
often heard
Tá
seanchloiste againn gur ‘bréag’ atá á hinsint agat dá luaithe a chuirfidh tú dhá sheat le chéile.
Is minicí
most often
San áit nach raibh cúinsí geilleagair is fógraíochta sách folláin le nuachtán amháin a bheathú, cad chuige go mbeadh muid ag dréim go mairfeadh dhá cheann agus na cúinsí airgeadais céanna imithe chun donais?
Is minicí go dtagann scéala chugainn na laethanta seo faoi chomhlachtaí a bheith ag druidim, ach seo chugainn dhá thogra úra atá ag cur tús le gnó agus go deimhin ag dul in iomaíocht lena chéile agus iad lonnaithe i ngiorracht scread asail dá chéile! Dá olcas a bhí imeacht Lá Nua is an seanleagan de Foinse, is tubaisteach i bhfad é mura mbeadh ceachtar den dá nuachtán nua i mbun trádála cothrom an lae seo an bhliain seo chugainn.
minic
often
In áit a bheith ag breathnú amach, is
minic ag breathnú isteach sinn.
Ní annamh
often
Ní annamh a chloistear faoi theaghlaigh a chaill teach is taisce chun íoc as dochtúirí agus otharlann.
ní annamh
quite often
Ó na hochtóidí ar aghaidh, tá moscanna agus scoileanna creidimh scriosta agus
ní annamh a chuirtear cosc ar dheisiú na bhfoirgneamh seo.
Ní hannamh
often enough
Ní hannamh a iarrann comhlachtaí príobháídeacha 20% den tsuim a aistrítear agus bíonn rátaí suntasacha ag na bainc, leis.
a mhinice
how often
Is údar díomá é
a mhinice agus a éasca is a mhaitear a n-iompar míshásúil d’imreoirí cáiliúla, agus an chaoi a dtugann idir bhainisteoirí agus choistí contae tacaíocht agus tarrtháil orthu.
ba mhinic
it was often
Sular chuir muid fúinn abhus
ba mhinic a chuala muid trácht ar na siorcanna marfacha san fharraige, agus ar na nathracha nimhe agus na damháin alla nimhiúla ar an talamh.
Is minic é ráite
it’s often said
Is minic é ráite cheana, ach is fiú é a rá athuair: *“Bhí an tErectus ina cockup!”* Ba é sin mar a cuireadh síos arís ar an tseachtain ragairne a bhí ag na fíor-Ghaeil Ghaelacha i gCill Airne ag deireadh na míosa seo caite.
go mion agus go minic
more often than not
Nuair a phléitear cúrsaí sacair na hÉireann agus imreoirí a rugadh in Éirinn, déantar tagairt do dhornán imreoirí
go mion agus go minic agus is iad na hainmneacha céanna a thagann chun cinn sa chíoradh nuair a chuirtear an cheist “cérbh é an t-imreoir sacair ab fhearr a tháinig amach as an tír seo?” Bíonn ainm amháin ar bharr gach goib ag ceann an chomhairimh agus is é sin George Best, imreoir a áirítear i measc an bheagáin sin a bhfuil fíorstádas i measc imreoirí sacair an domhain acu.
Ba mhinic é tuartha
it was often foretold
Ba mhinic é tuartha; ba mhinic an bhagairt ann; ba mhinic é séanta; ach tá sé i ndiaidh tarlú faoi dheireadh.
rómhinic
too often
Ní fheiceann muintir na hÉireann
rómhinic iad sa samhradh ó thréig an duine an rothar ar an gcarr.
go minic
often
Is ábhar magaidh i measc go leor de mhuintir na Brasaíle go dtí an lá inniu, caint thútach a n-uachtaráin, caint a théann ar seachrán ón ngramadach
go minic.
Is minic
often
”
Is minic a mhothaíonn daoine mar Alain nach bhfuil aon tairbhe leo a thuilleadh agus nach mbeadh spéis ag daoine eile iontu dá bharr.
Labhraítear go minic
it’s often said
Ina ainneoin an taighde seo, diúltaíodh aitheantas don ghaelscoil do Mheán Fómhair 2010 agus, ar an 17 Nollaig 2010, do Mheán Fómhair 2011!
Fás nó Feo?
======
Labhraítear go minic faoi thábhacht na scoileanna lán-Ghaeilge do thodhchaí na teanga agus déantar tagairt leanúnach do ‘fás na ngaelscoileanna’.
is minic
often
Ach anois tá an-iomarca tuisceana ar algartam *Google* agus tá an t-inneall seo faoi ionsaí ag na seoltóirí turscair is na scrábaire scáileáin agus
is minic nach bhfaightear aon eolas feidhmiúil go dtí an dtríú nó an ceathrú leathanach.
Cuirtear ina leith go minic
he’s often accused
Cuirtear ina leith go minic, áfach, nach bhfuil sé ar a chumas feoil agus craiceann a chur ar chuid dá choincheapa.
Is minic
it’s often
Is minic lucht na heite deise i gceannas sa stát sin, ach dála na hÉireann, is polaiteoirí ‘den lár’ iad, a bheadh chomh sásta céanna plé le ceardchumainn agus a bheidís ag deighleáil le comhlachais tráchtála.
Is minic
often
Is minic a bhaineann na tráchtairí spóirt, chomh maith le Tadhg an mhargaidh, feidhm as an meafar Béarla, ‘ag leadradh os cionn a meáchain’, le cur síos ar éachtaí lucht an spóirt abhus.
is minic ráite
it’s often said
Ar ndóigh,
is minic ráite gurb é an cú mall a bhíos sona.
shéantar go minic
is often denied
Tá aigne an léigir beo beathach go fóill!
Búistéireacht
======
Sin ráite, le tamall beag anuas, tá aitheantas a thabhairt, diaidh ar ndiaidh, go raibh siocair ghearáin ag Caitlicigh/Náisiúnaigh an tuaiscirt, rud a
shéantar go minic.
chomh minic
as often
Téim síos
chomh minic agus a thig liom.
sách minic
often enough
Déarfadh an mhuintir sa mbaile nach dtéim síos
sách minic.
Is minic
often
Is minic a chuirtear an cheist orm anseo ‘An bhfuil an Ghaeilge deacair a fhoghlaim.
Luaiteoir go minic
it’s often mentioned
Roinnt á nÍoc agus Roinnt nach bhFuil
==================
Cad iad na pointí argóna atá ar son íocaíochtaí a thabhairt do bhainisteoirí?
Luaiteoir go minic go bhfuil go leor daoine fostaithe agus tuarastal á íoc le fada ag an gCumann Lúthchleas Gael chun na cluichí a chur chun cinn.
go minic
often
Tá scéal scaipeadh na nÉireannach sna ceithre hairde scagtha
go minic ag Keneally ina shaothar, sa leabhar The Great Shame ach go háirithe.
minic
often
Tarlaíonn sé chomh humhal éasca ar fud an domhain, domhnach is dálach, ó cheann ceann na bliana agus chomh feiceálach gur
minic a shamhlaítear do thuismitheoir gasúr atá ag foghlaim dhá theanga, nó breis, gur múscán uiliteach é inchinn an ghasúir i dtaca le foghlaim teanga/cha.
sách minic
often enough
Is féidir an-fhreagra a thabhairt ar an cheist amaideach sin a chuirtí
sách minic roimhe seo, "what good is Irish to anyone?" mar “it can save you for at least four years more from the effects of Alzheimer’s”! B’fhéidir ach an taighde a dhéanamh amach anseo, go bhfeicfear mar gheall ar éagsúlacht leagan amach na dteangacha a bheadh i gceist, vso móide athruithe tosaigh in éineacht le hateanga svo, iad siúd abraimis, le hais dhá theanga svo móide ateanga svo eile, go mbeidh i bhfad níos mó ná ceithre bliana saor ó dhrochthionchar na mallréire i gceist.
go minic
often
Bhí a saol lán le fadhbanna sláinte; bhí polio uirthi nuair a bhí sí óg agus bhí sí i dtaisme bóthair millteanach agus í ina déagóir a d’fhág í briste brúite agus buailte faoi arraing
go minic don chuid eile dá saol.
níos minice
more often
Tá níos mó rónta glasa ná rónta beaga againn anseo, agus is dócha mar thoradh ar sin, go bhfeicfimid an rón glas
níos minice sa tearmann ná mar a fheicimid a chara an rón beag.
is minic daoine
people are often
An Dáil
====
Ciallaíonn an focal dúchasach Toronto áit na gcruinnithe agus is cathair mar a tuairisc í mar sin mar
is minic daoine ag teacht i ndáil a chéile anseo.
Go minic
often
(Cuireann an dea-aimsir spionnadh ceamradóra orainn ar fad agus bhí a leithéid againn in Éirinn cheana féin i mbliana, creid é nó ná creid!)
Úsáidim féin ceamara an ghutháin don chuid is mó ach mar a scríobh tráchtaire amháin ar alt faoi fógairt críoch Flip, ceamara beag físe, “
Go minic ní fiú na táillí fánaíochta le fóin nuair atá tú ar saoire.
is minic
often
*We are a different people* - Is pobal ar leith muidne
– (Nan Joyce, údar Traveller (Farmar Publishing 1985)
Nuair a phléitear litríocht na Gaeilge sa lá atá inniu ann
is minic an ‘t-imeallachas’ á lua léi.
Níos minice ná a chéile
more often than not
Níos minice ná a chéile, is carachtair neamhghníomhacha iad.
ní minic a éistim
I don’t often listen
Le bheith fíreannach,
ní minic a éistim leis an uachtarán solabhartha a thuilleadh — b’fhearr liom na bréaga a scagadh sna tras-scríbhinní — ach le cúpla lá anuas táim tar éis éisteacht le dhá aitheasc a thug sé le déanaí.
go minic
often
Chan amháin nach bhfuil a fhios ag an phobal faoina raibh ar siúl ag na daoine anaithnide seo ach
go minic ní bhíonn a fhios acu ach an oiread cad é go díreach nach bhfuil ar eolas acu!
Rud amháin atá ar eolas againn ná go bhfuil a leithéid d’ordú bainte amach ag daoine iomráiteacha ar nós an peileadóir John Terry, an t-iriseoir Andrew Marr, an galfaire Colin Montgomerie, an ceoltóir Howard Donald ó *Take That* agus an bancaire Fred ‘the Shred’ Goodwin.
nach feasach dúinn go minic
that we often don’t know
Tá an eagarthóireacht chomh snoite sin
nach feasach dúinn go minic cioca ar amlíne na máthar, nó ar aistear na hiníne atáimid.
iomaí uair
often
Is
iomaí uair in imeacht na mblianta a maíodh nach dteipfeadh ar chóras áirithe i réim amháin nó eile de shaol na heolaíochta, cúrsaí airgeadais, i dtaca le sláinte poiblí srl.
Ní go hannamh
quite often
Ní go hannamh a cheapann daoine go bhfuil an dlíodóir ag baint faide as an chás ar mhaithe le tuilleadh airgid a shaothrú.
scaoiltear rún
one often sees mysteries revealed
Ar na mórmheáin chumarsáide féin ó thráth go chéile,
scaoiltear rún thall is abhus.