Pota Focal Intergaelic
áith | bith | cith | éith | ith
Gluais TíHouse Glossary Gluais Beo!Beo! Glossary TeasárasThesaurus BriathraVerbs
ar mire linn féin annoyed with ourselves
" Bheadh muid ar mire linn féin muna rachadh muid le comhlacht níos mó nuair a bhí an deis againn sin a dhéanamh.
in iomaíocht le chéile do cheolchoirmeacha in competition with one another for gigs
" Nuair a thosaigh Altan sna hochtóidí, ní raibh ann ach cúpla grúpa mór traidisiúnta (na Chieftains, De Danann, Arcady) ach anois tá go leor grúpaí eile traidisiúnta in iomaíocht le chéile do cheolchoirmeacha.
báúil léi sympathetic with it
" Ait go leor, de réir fhigiúirí an daonáirimh dheireanaigh, is í an Ghaelainn an teanga bhaile atá ag breis is 60% de mhuintir na Rinne! Cé gur deacair é a chreidiúint, léiríonn an t-eolas seo go bhfuil na Déisigh bródúil as an nGaelainn agus báúil léi.
ghréasáin le bandaraon leathan networks with wide bandwidth
" Anuas air sin, tá na comhaid a ghintear millteanach mór agus níl sé indéanta iad a scaipeadh ach ar ghréasáin le bandaraon leathan, ar nós na gceann "broadband" atá le fáil go forleathan i Meiriceá agus coitianta i measc eagraíochtaí móra san Eoraip.
go snaidhmfí a shloinne riamh le that his surname would ever be linked with
" Cuid eile díobh sin as sraith 'ghallda' an liosta thuas, is féidir gur ag ceilt sloinne Gaeilge atáid: James Hawkins = Glaisne Ó hEachaidhean (= Haughian) Eugene Archibald = Eoghan Mac Giolla Easpaig (= Mac Gillespie) Timothy Bywater = Tomhaltach Ó Srutháin (= Sruffaun) Mary Barnacle = Mór Ní Chadhain (= Coyne) Lawrence Biggar = Lochlann Mag Uidhrín (= Mac Givern) Cé shamhlódh agus sinn ag tagairt thuas ar ball d'údar an duain 'Tuilleadh feasa ar Éirinn óigh', Giolla na Naomh Ó hUidhrín, go snaidhmfí a shloinne riamh le logainm de chuid na hAlban, 'Bigger'? Is iomaí cor a chuireas an sloinne de scaití.
i gcomhar le in conjunction with
" Bord Oideachais don Ghaeltacht agus don Ghaeilge faoi Alt 31 den Acht Oideachais bainte amach i gcomhar le hEagraíocht na Scoileanna Gaeltachta agus Gaelscoileanna.
tógtha le taken with
" Bhí mé iontach tógtha le hóstán an bhaile ó tharla coicís chrua a bheith caite agam ar an bhóthar.
Tá mé dubh dóite ar fad de na dochtúirí I'm really fed up with the doctors
" Tá mé dubh dóite ar fad de na dochtúirí.
ag déanamh tríligh le chéile twittering away with one another
" Nuair a tháinig na héin bheaga chainteacha Lochlannacha anseo - na síodeitigh nó *bombycilla garrulus* - chuaigh mé ar an idirlíon fosta agus tháinig mé ar shuíomh gréasáin éaneolaithe áitiúla, a bhí ag déanamh tríligh le chéile, mar a déarfá, ar chlár plé.
gona fhleiscín with a hyphen
" Nuair a bhíothas ag sainiú leasainm agus ag rianadh ghinealach Choirpri Liphechair, is é an cuntas a rinneadh ar an 'Liphechair': a Liphu dia m*áthair* (= don/ón Life dá m*háthair?*) ara mbét rochar Liphe, nó **il**-Liphe a m(h)áthair (= ar an méid a ghráigh sé an Life, nó a mháthair, 'il-Liphe') Amhail sin, gona fhleiscín, a breacadh arís é sa dán 'A Brigit **il**-Life Luirc'.
lena n-anamchairde with their soulmates
" Ba iad a mharaigh John McCormack i gCúil Raithin an mhí seo caite, is iad atá ag eagrú an fhoréigin i dtuaisceart Bhéal Feirste, ba iad a bhí ciontach as an iliomad ionsaithe buamaí peitril i lár Aontroma agus in áiteanna eile, agus tá siad ag ullmhú do Alamo Dhroim Cria lena n-anamchairde san LVF.
chomh tógtha sin so taken with
" Ba í an tAire Sinn Féineach Sláinte Bairbre de Brún a leag síos téarmaí tagartha an Choimisiúin agus sin ceann de na fáthanna a bhfuil Sinn Féin chomh tógtha sin leis na hinstitiúidí logánta rialtais.
i ngleic le fighting with
" Tá grúpaí eile ar fud na tíre i ngleic le comhairlí contae atá ag iarraidh loiscneoirí a thógáil ina gceantar.
steall sé amach he poured with gusto, lashed out
" Ach níor éist an fear fada léi agus steall sé amach gloine eile.
dubh fána súile with black circles under the eyes
" "Bhí sé féin breá dubh fána súile agus bhí an oiread sin de chloigeann mhór air nach bhfuair muid focal i rith an lae.
steall sé amach he poured with gusto, lashed out
" Ach níor éist an fear fada léi agus steall sé amach gloine eile.
dubh fána súile with black circles under the eyes
" "Bhí sé féin breá dubh fána súile agus bhí an oiread sin de chloigeann mhór air nach bhfuair muid focal i rith an lae.
le dul in iomaíocht le to compete with
" B'fhéidir ansin go n-éireodh le hÁth Cliath foireann den scoth a chur chun páirce le dul in iomaíocht le Cill Chainnigh, an Clár agus araile.
ag dingeadh as grinding out (usually with a noise, also used to describe a red-faced child doing his 'thing' in his nappy)
" "Buaileann tallannacha iontacha an rud sin, ní luaithe é ag dingeadh as nó é ina stad glan.
ach ann ach go dtiocfadh léi a ceann a thógáil she could barely lift her head with the embarrassment
" " "Rita," arsa an bhean eile ach ann ach go dtiocfadh léi a ceann a thógáil.
tá mé ar an dé deiridh agat I'm at the end of my wits with you
" "Treabh fríd an chomad sin anois," arsa seisean, " nó tá mé ar an dé deiridh agat.
ar mhian leo clarú leis that they would want to register with
" Roghnódh na vótóirí féin an toghlach ar mhian leo clarú leis.
D'éirigh idir mé féin agus na daoine ansin I fell out with the people there
" D'éirigh idir mé féin agus na daoine ansin.
a d'fhóirfeadh don chearc that would go with the chicken
" Go hádhúil, bhí neart *pasta* sa phrios agus dhéanfadh sé anlann de shórt inteacht a d'fhóirfeadh don chearc.
le clic nó dhó luiche with one or two mouse clicks
" Is féidir féachaint ar chuid mhaith de na pictiúir atá ar taispeáint go poiblí sa ghailearaí agus breis eolais a fháil mar gheall orthu le clic nó dhó luiche.
ar bís le leanúint ar aghaidh leis an obair we can't wait to continue with the work
" Tá mé féin agus mo chairde anseo i Milwaukee ar bís le leanúint ar aghaidh leis an obair.
réitíonn daoine le chéile people get on with each other
" Caithfidh mé a rá gur breá liom Harlesden, go háirithe mar gheall ar gur áit é atá go hiomlán ilchultúrtha agus de bharr go réitíonn daoine le chéile.
mar a bheadh cearc éillín like a hen with a clutch i.e. fussing mother
" "Beidh tú ag inse domh an chéad rud eile go mbeidh mé mar a bheadh cearc éillín ann fá cheann cúpla mí eile.
Bhí an aghaidh crupaithe aige leis an phian His face was contorted with pain
" Bhí an aghaidh crupaithe aige leis an phian.
a thaiscidh Dear/love (term of endearment, only used in intimate situations and with those you know extremely well, not for casual conversation. Usually reserved for the very young and very old)
" "Anois, a thaiscidh, nach bhfuil sin níos fearr? Tá a rún," arsa Nuala.
Cá bhfuil an bolg buí used when tickling (the stomach) while playing with a baby
" "Cá bhfuil an bolg buí, cá bhfuil? An bhfuil cigilt ionat go fóill, an bhfuil?" ar sí sa ghuth ard éadrom sin a úsáideann mná le páistí beaga.
bainteach leis an stáisiún involved with the station
" Tá 104 duine ag obair ar chláracha an sceidil reatha agus is daoine nua iad cúig dhuine is tríocha den dream sin, nach raibh bainteach leis an stáisiún cheana.
ag streachailt leis na ceisteanna seo struggling with these questions
" Agus iad ag tabhairt aghaidhe ar bhliain an chéid sa chumann, tá na baill ag streachailt leis na ceisteanna seo agus ag iarraidh freagraí a fháil.
conáilte perished with the cold
" Is dócha go bhfuil sibh conáilte.
Agus an moladh glórach sin faighte agam with that ringing endorsement
" " "Agus an moladh glórach sin faighte agam, an bhfuil sibh uilig ar an rum?" arsa Tadhg.
Ná buair linne Don't bother with us
lucht na cumhachta those with the power
" Measaim féin go bhfuil na caimiléirí is mó le fáil i measc lucht na cumhachta.
in iomaíocht le competing with
" " - *David Lee, eagarthóir na hirise ealaíne* The Jackdaw Bhí triúr eile in iomaíocht le Creed chun duais £20,000 an Turner a bhuachan: an grianghrafadóir Richard Billingham as Birmingham a úsáideann a theaghlach mífheidhmiúil mar fhoinse; an scannánadóir Isaac Julien as Londain a dhéanann scannáin, físeáin agus suiteálacha bunaithe ar bhunchruthanna ciníocha agus inscneacha; agus an t-ealaíontóir suiteála Mike Nelson a chruthaíonn timpeallachtaí bréagacha atá breac le tagairtí stairiúla, cultúrtha agus sóisialta.
nach raibh tú mór leo that you weren't friends with
" * Ach i ndiaidh tamaill ba chuma leat cad é a déarfadh daoine nach raibh tú mór leo ar scor ar bith.
réitíonn siad go maith le chéile they get on well with each other
" Tá triúr tánaistí aigesean agus deir sé go réitíonn siad go maith le chéile agus go dtugann siad tacaíocht láidir dá chéile i gcónaí.
a thiomnú d'athair Chiain associate with Cian's father
" Ní "foighid" focal a d'fhéadfá a thiomnú d'athair Chiain.
thug sé sciord ghasta daofa le bréid he gave them a quick wipe with a cloth
" Thug sé faoi deara go raibh na scátháin chliatháin chomh dubh le súiche agus thug sé sciord ghasta daofa le bréid a bhí sa charr aige.
Ní dhearna Cian ach moladh leis Cian agreed with him (to keep the peace)
" " Ní dhearna Cian ach moladh leis.
Murar scar sé le pingin mhaith if he didn't part with a fair amount of money
" Murar scar sé le pingin mhaith bheifí ag déanamh nach raibh meas madaidh aige uirthi.
comhobair working with others
" Saibhríonn comhobair sa phobal an saol dúinn ar fad.
bréan de sick of, bored with
" Seo fear as Éirinn ag labhairt Ghaeilge na hÉireann liomsa agus mise ag labhairt Gàidhlig leisean agus tá muid in ann a chéile a thuiscint'!" "Ros na Rún" ======= Tar éis a thréimhse in Albain, fuair Diarmuid deis eile a bheith ag obair ar "The Morbegs" ach thosaigh sé ag éirí bréan den chlár.
cé acu a théann léine ghlas le briste gorm whether a green shirt goes with blue trousers
" Bhí an saol ag dul thairis aniar agus níor mhian le Fiachra é a chaitheamh á bhuaireamh féin fá cé acu a théann léine ghlas le briste gorm.
tá uisce le mo ghialltrachaí le dúil my mouth is watering with craving
" Agus mé ag suí chun boird le mo rogha de bhéile a phiocadh ón gclár leathan atá ar fáil le linn Sheachtain na Gaeilge tá uisce le mo ghialltrachaí le dúil! Ach ní fhéadfainn gan an choirm cheoil mhór in Break for the Border (i lár chathair Bhaile Átha Cliath) a bheas ar siúl Dé Céadaoin, 13 Márta a lua libh.
dlúthcheangailte closely tied with
" Tá muid dlúthcheangailte leis an stair sin agus caithfear aghaidh a thabhairt uirthi, rud a dhiúltaigh John Howard a dhéanamh; agus tá sé ag diúltú don fhírínne go fóill.
ar phinginí with very little money
" Bhíomar ag feidhmiú ar feadh blianta fada ar phinginí agus ar an ngannchuid ó thaobh foirne agus ó thaobh airgead forbartha de.
le béal ar leathadh with an open mouth
" "Cén béal? Cén druid? Cén chúis?" a fhiafraíonn Balor le béal ar leathadh.
an-chaifeach ar airgead very extravagant with money
" Bhíodh cáil orainn mar phobal a chuireadh airgead i dtaisce go rialta, ach le blianta anuas táimid an-chaifeach ar airgead.
róghafa to taken up with
" Láidreacht eile de chuid na heagraíochta ná in ionad duine nó beirt a bheith fostaithe aici le háiseanna ilghnéitheacha teagaisc agus foghlama a fhorbairt, is féidir dul ar thóir na saineolaithe sna réimsí éagsúla le táirgí den chaighdeán is airde a choimisiúnú - ach is féidir leis seo bheith ina laige fosta, ar ndóigh, nuair a bhíonn na daoine is cáilithe do jabanna áirithe róghafa lena gcuid oibre nó dualgas féin! Ní laige de chuid an tionscadail nuabhunaithe í seo, ach ó thaobh fhorbairt ábhair theagaisc de, is míbhuntáiste mór atá ann do Bhreacadh an neamart atá déanta sa tír seo le blianta i dteagasc na Gaeilge scríofa agus léite do chainteoirí dúchais Gaeilge, ag leibhéal na bunscoile nó na meánscoile - gan trácht ar dhaoine fásta.
lena bhfód dúchais with their native soil
" Tá deoraithe anseo ó gach áit agus léiríonn na ceisteanna agus na freagraí - gan trácht ar an aighneas bréige idir na foirne - an teagmháil chaol ghóstúil atá acu lena bhfód dúchais, má tá a leithéid acu níos mó.
Beidh sí ag ceastóireacht she'll be pestering/annoying you (with questions)
" Beidh sí ag ceastóireacht mar a bheadh an diabhal ort.
a croí ag brúcht le feirg raging/bursting with anger
" Níl inti ach tachrán," arsa Nell agus í ag smaoineamh siar ar na hócáidí sin uilig ar an choláiste a raibh a croí ag brúcht le feirg agus í i ndiaidh léasadh béil poiblí a fháil ó Lillian.
a ghalrú to infect with disease
" Rug Ainbhlinn ar an Pheann Luaidhe bocht agus rinne é a ghriogadh, a ghalrú agus a ghoin le goimh.
chomh gafa sin lena chéile so taken up with one another
" Gealltanais á dtabhairt, póstaeir á gcrochadh, leanaí á bpógadh: damhsa traidisiúnta na bpolaiteoirí agus na n-iriseoirí, iad chomh gafa sin lena chéile nach dtugann siad faoi deara go bhfuil an halla á thréigean ag an lucht féachana.
róthógtha le too taken with
" Ní bhím róthógtha le tithe tábhairne de ghnáth, mar is annamh a ólaim, agus ní maith liom an méid toite a bhíonn iontu.
A dhálta sin that's the case with
" A dhálta sin an *hit list* a dtángthas air i dteach poblachtánaigh mór le rá a raibh ainmneacha bhaill shinsireacha an Pháirtí Choimeádaigh agus aontachtaithe éagsúla air.
in adharca a chéile locking horns with each other
" Tá na mílte clubanna haiku sa tSeapáin agus bíonn siad i ngleic lena chéile nó in adharca a chéile go minic.
de phreib with a start
de rúid with a rush
" Tháinig Áine aníos an halla de rúid.
breac covered with
" Bhí an balla ar a gcuimhnítear ar na póilíní a chaill a mbeatha agus iad ar dualgas breac le nithe pearsanta: grianghraif, litreacha agus go leor eile.
i gcomórtas lena chéile in competition with one another
" Samhlaím sa chás seo an pictiúr sin a fheicimid ar an teilifís den éan beag ar dhroim an tsrónbheannaigh - níl siad i gcomórtas lena chéile.
pioctha go paiteanta chosen well/with care
" Tomhaiste go tuisceanach, pioctha go paiteanta agus leagtha amach in ord a léiríonn tuiscint ar thionchar an cheoil ar an éisteoir.
teagmhaíonn a shlat leis an tsreang leictreach his penis makes contact with the electric wire
" Tagann éirí ar an bpríosúnach bocht; troideann sé go cróga in aghaidh a mhianta ach sa deireadh teagmhaíonn a shlat leis an tsreang leictreach… agus sin sin.
le teann ríméid with sheer joy
" Na deora léi le teann ríméid go mbeadh saoirse aici féin is ag Dónal ón réimeas brúidiúil is ón teanga gháirsiúil a bhí mar spré acu ón lá a phós siad.
sonc de m'uillinn nudge with my elbow
" Le sonc de m'uillinn a chuir mé in iúl do Susan go n-ólfadh muid deoch amháin eile go sciobtha tar éis thob ann agus thob as a bheith againn éirí agus imeacht nuair a d'fholmhódh muid an chéad cheann.
Moladh léi Just agreed with her to please her
" Moladh léi nó bhí a fhios ag gach duine dá suífeadh sí bomaite go ligfeadh sí le sruth agus nach mbeadh ceansú le déanamh uirthi.
ag dul in iomaíocht le competing with
" Bhí sé suimiúil go raibh gach duine a labhair ag Ardfheis Fhianna Fáil i mí an Mhárta faoi bhun 30 bliain d'aois, daoine a bheas ag dul in iomaíocht le Sinn Féin - a mbeidh bagáiste na streachtailte armtha caite ar leataobh le fada an lá acu - má fhanann siad sa pholaitíocht.
ag dul i ngleic leis coming to grips with
" Tá an chathair ag dréim le City of Culture 2008 a bhaint amach, ach an bhfuil ailtireacht an Tuaiscirt réidh dá leithéid? D'admhaigh Ciarán Mackel, atá ina bhall den choiste Imagine Belfast 2008 Creative Team agus atá nuathofa mar uachtarán ar an Royal Society of Ulster Architects, nach bhfuil ailtireacht an Tuaiscirt ag dul i ngleic leis na hathruithe atá ag tarlú sa chathair.
Caithfear a theacht leis we'll have to live with it, accept it
" Caithfear a theacht leis.
Beidh a sháith féin ag Mark léi siúd Mark will have his work cut out with her, he'll have more than enough to handle
" "Beidh a sháith féin ag Mark léi siúd.
róchraiceáilte i ndiaidh an haca oighir too taken with ice hockey
" Áit dheas í Turku, siúd is go bhfuil bunadh na háite róchraiceáilte i ndiaidh an haca oighir, agus an chanúint aistíoch Fionlainnise a bíos siad ag labhairt, tógann sé roinnt mhaith ama ort a theacht isteach uirthi.
bacadh leis bother with
" Tá mé féin den tuairim nach mba chóir don fhoghlaimeoir bacadh leis an chineál sin leabhartha ach i ndiaidh dó dianstaidéar a dhéanamh ar Ghaeilge na Gaeltachta - na clasaicigh, ar nós shaothar mhuintir Ghrianna, Mháirtín Uí Chadhain, Pheig agus an dream sin uilig - agus thairis sin, caithfidh sé roinnt mhaith díolamaí béaloideasa a léamh.
agus a bheith réidh leis and to be done with it
" Bheadh sé chomh maith againn ár gcuid tithe agus tailte a bhronnadh orthu agus a bheith réidh leis.
tugtha go hiomlán don chluiche totally taken with the game
" Deis a bhí ann dom faoiseamh a fháil ó leadrán an Domhnaigh ar dtús ach níorbh fhada go raibh mé tugtha go hiomlán don chluiche.
seo isteach an bhrídeog with that, the bride arrived
" Go hádhúil do Thadhg agus do go leor eile, seo isteach an bhrídeog go doras theach an phobail.
le hoiread fíricí with as many facts
" Cha raibh ionainn ach soithigh bheaga agus chaithfí na soithigh sin a líonadh le hoiread fíricí is a thiocfaí a chur isteach iontu.
le duine inteacht áitiúil with someone local
" Bhí orm a bheith cúramach de bharr gaol láidir a bhí agam le duine inteacht áitiúil.
D'fhoghlaim mé ceacht io taken with
" D'fhoghlaim mé ceacht io seilbh a fháil ar rudaí.
fear an chroiméil raithní the man with the fern-like moustache
" 'A Bhaloir, a chara mo chléibh,' arsa fear an chroiméil raithní liom, agus é ag stánadh go drochmhúinte isteach i mo shúil.
an-tógtha very taken with
" I rith an tsamhraidh, chuaigh mé go dtí áit a bhfuil mé an-tógtha léi, Dún Chaocháin in iarthuaisceart Mhaigh Eo.
ag teacht salach ar disagreeing with
" Tá sé deacair go leor an Ghaeilge a theagasc ach is measa arís é nuair a bhíonn na hoidí múinte agus na foinsí údarásacha tagartha ag bréagnú nó ag teacht salach ar a chéile.
dul i gcomhpháirtíocht leo to go into partnership with them
" Ach is íoróin é gur bhain an chathair an fhorbairt seo amach trí achainí ar institiúid Mheiriceánach dul i gcomhpháirtíocht leo.
mé féin a ionannú le to identify myself with
" B'fhearr liom mé féin a ionannú le mo thír dhúchais ná le haon chomhlacht mór ar nós Microsoft Hotmail.
chan ag suirí lena chuid airgid a bíos sé cibé he doesn't court with his money anyway
" "Sin an rud fá Frank," arsa sise léi féin, "chan ag suirí lena chuid airgid a bíos sé cibé.
tógtha leo taken with them
" Chuala mé an ceol agus an sean-nós chomh maith le linn an turais sin agus bhí mé tógtha leo ón nóiméad sin.
bréan de bored with
" Nuair a éiríonn fir óga sna fichidí agus sna tríochaidí bréan de na tithe tábhairne agus de na clubanna, agus nuair a bhíonn fonn orthu rud éigin difriúil a dhéanamh don oíche, tiománann siad timpeall agus labhraíonn siad leis na striapacha, ag cur i gcéill go bhfuil suim acu a gcuid seirbhísí a úsáid (rud a bhíonn, uaireanta).
teagmháil a dhéanamh leo make contact with
" An rud a fhaigheann siad ar an suíomh ná margadh gnéis, mná ar féidir leo féachaint orthu, a roghnú, teagmháil a dhéanamh leo agus ansin bualadh leo.
fite fuaite i dteanga eile inextricably linked with another language
" Ansin, chuireas spéis i litríocht na hÉireann agus cé gurbh as Béarla a léigh mé an chuid is mó de na leabhair, ba léir dom go raibh an Béarla a bhí á úsáid fite fuaite i dteanga eile - le teanga dhúchais na tíre.
Tagaim féin leis an tuairim seo I agree with this opinion
bhí mé an-tógtha leis I was very taken with it
" Ba é *The Colour of Paradise* an chéad cheann, agus bhí mé an-tógtha leis fosta.
i gcuideachta oibrithe along with workers
" Baran an teideal atá air agus scéal grá atá ann a bhaineann le déagóir atá ag obair ar shuíomh tógála i gcuideachta oibrithe as achan pháirt den Iaráin, teifigh ón Afganastáin ina measc.
d'fhágfainn tú agus do chloigeann ag teacht thart I'd leave you with your head spinning
" ' "Dá mbeadh seans agamsa," arsa Dónall leis féin, "d'fhágfainn tú agus do chloigeann ag teacht thart.
las aghaidh Áine Áine blushed with embarrassment
" Chonaic Dónall gur las aghaidh Áine agus ní nach ionadh, nó is cosúil gur imir an t-athair an cleas gach iarraidh dá ndeachaigh sé amach.
Mhol Áine lena hathair Áine agreed with her father just to please him
" " Mhol Áine lena hathair agus í ag smaointiú go gcaithfeadh dóigh inteacht a bheith thart air seo.
iad a mhealladh chomh maith is a thig linn to coax them with us as best we can
" Tá mé ag déanamh an dóigh chun tosaigh ná iad a mhealladh chomh maith is a thig linn.
ag roinnt tí liom sharing a house with me
" Beo!: An gcaitheann tú formhór do shaoil trí mheán na Gaeilge? AH: Labhraím Gaeilge leis an fhear atá ag roinnt tí liom.