Pota Focal Intergaelic
Gluais TíHouse Glossary Gluais Beo!Beo! Glossary TeasárasThesaurus BriathraVerbs
gaois wisdom
" And what separates the two is the door and that's what I want to be," a dúirt Jim Morrison sa bhliain 1966 agus gaois William Blake á míniú aige do Ray Manzarek, duine den triúr ar bhunaigh sé an grúpa ceoil The Doors leo.
ag tóraíocht na gréine agus na gaoise looking for sun and wisdom
" Cúis lúcháire dúinn uilig go bhfuil Balor na Baothchainte ar ais i dtír na mbeo agus ar a sheanléim arís, i ndiaidh dó an domhan a shiúl agus é ar a chuid laethanta saoire ag tóraíocht na gréine agus na gaoise.
ghaois wisdom
" "Má tá sé mar seo inniu, cén chaoi a mbeidh cúrsaí faoin am a bheas siadsan sna fir?" Chuimhnigh mé ar ghaois an tseanfhir seo agus mé ag léamh na dtuairiscí ó Chruinniú Mullaigh an Domhain i Johannesburg.
críonnachta wisdom
" Súile nach mbaineann leis an domhan seo, ach a amharcann ort go stuama agus iad lán scéalta agus críonnachta.
gaoise wisdom
" Cad chuige gur roghnaíodh oíche Déardaoin? Chuir mé an cheist ar Leamh Ó Cuinneagáin, fear mór gaoise agus scolardach aitheanta.
Bhalor na Gaoise Balor of the Wisdom
" Suígí siar anois agus ligigí do Bhalor na Gaoise comhairle a chur oraibh, a lucht scríofa dhea-rúin na bliana 2004.
gaoise wisdom
" dia an chinn eilifinte, mac le Shiva agus Parvati, dia an áidh agus an rachmais, dia na gaoise is na dea-mhéine.
ghaois wisdom
" Agus mar is iondúil i gcás scúpanna móra tá Balor sásta tús áite a thabhairt daoibhse, a léitheoirí mearbhlacha *Beo Ar Éigean*, agus réamhspléachadh a thabhairt daoibh ar a bhfuil de ghaois agus de theagasc sa leabhar.
na tuairimí gnásúla the conventional wisdom
" “Bhí mé i gcónaí ar thaobh an *underdog*, níor ghlac mé leis na tuairimí gnásúla – gur cheart cogadh a chur ar an Iaráic, mar shampla,” ar sé.
saíocht an státaire the wisdom of the statesman
" ” Ráiteas fadbhreathnaitheach ó dhuine atá ina chealg chruthanta i mbeo Phoblachtánaigh den uile dhath, ach a thuig nárbh iad briathra an trodaire sráide is fearr a d’oir don ócáid áirithe seo, ach saíocht an státaire.
go roinnfeadh sí a gaois pholaitiúil leis i dtéarmaí simplí talmhaíochta that she would share her political wisdom with him in simple agricultural terms
" Agus é sin ar intinn aige thug sé cuireadh don Aire Talmhaíochta, Máire Ní Chochráin, cuairt a thabhairt air ina phluais chun babhla sú a chaitheamh ina chuideachta cois na tine, le súil is go roinnfeadh sí a gaois pholaitiúil leis i dtéarmaí simplí talmhaíochta – téarmaí a bheadh sothuigthe dó féin agus dá chuid léitheoirí.
go roinnfeadh sí a gaois pholaitiúil leis that she'd share her political wisdom with him
" Bhí sé ag súil go roinnfeadh sí a gaois pholaitiúil leis i dtéarmaí simplí talmhaíochta – téarmaí a bheadh sothuigthe dó féin agus dá chuid léitheoirí – cionn is go bhfuil olltoghchán ar na bacáin, agus le go mbeadh sé rud beag fiú níos tuisceanaí agus níos tarraingtí fós mar thuairisceoir.
níos mó gaoise le roinnt. more wisdom to impart.
" “Tá ilghnéitheacht ag teastáil, ní hamháin maidir leis an gcomhshaol, ach ilghnéitheacht smaointeoireachta i dtaca leis an timpeallacht chéanna chun go mbeidh níos mó guthanna ar an ngiúiré, níos mó gaoise le roinnt.
Gaois agus taithí na mblianta? The wisdom and experience of many years?
" Gaois agus taithí na mblianta? I leith an dá shuíochán deiridh, b’fhéidir.
saíocht wisdom
" Sa leabhar seo, tá samhlaíocht is saíocht ceangailte i bhfeoil na bhfocal, gan trácht ar na léaráidí *avant garde*.
ag craobhscaoileadh mo chuid gaoise propagating my wisdom
" (Seo anois mé ag obair!) Diomaite de lá nó dhó in oifig, caithim bunús mo chuid ama ag scríobh ar an ríomhaire agus ag craobhscaoileadh mo chuid gaoise fud fad na hÉireann agus na cruinne.
eagna thraidisiúnta traditional wisdom
" Is iomaí géarchéim a bhris an eagna thraidisiúnta agus a d'athraigh dearcadh na saineolaithe.
críonnacht wisdom
" Chuir Páirtí an Lucht Oibre go láidir i gcoinne an pholasaí agus ba dhoiligh easaontú leis an mhéid a dúirt an Dr James Reilly ag an am nuair a cheistigh sé críonnacht na scéime a bheadh ag bronnadh cártaí leighis ar dhaoine a bhí in inmhe tháillí chlub gailf a dhíol! Ach ní féidir a shéanadh go ndearna an rialtas brachán bocht den scéal.
gaois wisdom
" Is cóir daoibh éisteacht go géar le gach uile rud a deir sé, nó tá gaois in achan uile fhocal dá dtig as a bhéal.
críonnacht sa bhreis extra wisdom
" Beidh críonnacht sa bhreis de dhíth don tréimhse atá díreach amach romhainn.
saíochta wisdom
" Diaidh ar ndiaidh, roinneann Cantona a chuid saíochta ar Eric seo’gainne ina sheomra codladta, ar bhalcóin an chip árasáin, agus i mír ‘an-Loach-úil’ ar fad, le linn argóna sa tábhairne faoi éiteas agus eitic chorporáideach Manchester United na saolta seo.
Gaois wisdom, meaning
" " Gaois an Fhocail Is nós le státseirbhísigh a bheith ríchúramach agus siosmaideach leis na focail a úsáideann siad i gcruinnithe agus go deimhin sna miontuairiscí a scríobhtar ar na cruinnithe sin.
eagna wisdom
" Bhí idir bhreithiúnas agus tomhas, léamh agus eagna i cineaste óg Thrá Lí.
gaois wisdom
"gaois phobail ann, eolas pobail ar an dóigh le déileáil le deacrachtaí mar sin, atá againn ónár sinsir.
Chríonnacht wisdom, maturity
" An Chríonnacht ======= Ní thiocfadh le duine fásta obair an lae a dhéanamh nó páirt a ghlacadh sa tsochaí murach an cumas atá ann scagadh a dhéanamh ar an lear mór eachtraí agus seachrán atá ina thimpeall.
ghaois wisdom
" A Mháistir abair liom conas teacht ar stoiteacht, ar ghaois agus ar shaoirse! A dhalta, más mian leat a bheith saor, seachain nimh na gcéadfaí.
gaois na críonnachta wisdom of age
" Ní minic a thuairiscím léiritheoir a thaispeánann úire na hóige agus gaois na críonnachta mar í san aon chéad scannán amháin.
eagna chinn wisdom
" Is léir nach bhfuil sé de chumas ag an chóras pholaitiúil daoine a bhfuil bua na ceannaireachta agus eagna chinn acu a mhealladh chuig príomhoifigí an stáit.
Ré na hEagnaíochta the Wisdom Era
" Ba thionscadal comhoibríoch idir an tSín agus an Ghearmáin é agus, íorónta go leor, is é Ré na hEagnaíochta an t-ainm atá ar an chéad taispeántas a chosain €10 milliún le láithriú.
eagna wisdom
" Agus tá saíocht, gaois, eagna agus críonnacht as an nua á thaispeáint aige le blianta beaga anuas.
eagnaíocht wisdom
" Beidh orainn roinnt fíricí a aithint: ní linne, san Iarthar, an chruinne nó an todhchaí; tá daonraí an Iarthair ag dul in aois agus ní mhairfidh an stát leasa shóisialaigh mar a bhí; beidh an saol ag síorathrú agus beidh solúbacht agus eagnaíocht de dhíth orainn; agus ní neart go cur le chéile.
ciall cheannaithe wisdom
" B’fhéidir le Dia go bhfaighidh an ghlúin aníos inár ndiaidh ciall cheannaithe as an am chorrach seo agus go gcuirfidh siad caoi ar an tír.
amhrasach faoin ngaois in doubt about the wisdom
" Bíodh sin mar atá, táthar tar éis leasú a dhéanamh ar riail na ‘cearnóige’ bige chomh fada is a bhaineann sé leis an bpeil agus cé go dtuigim cén fáth go ndearnadh sin, caithfidh mé a rá go bhfuilim amhrasach faoin ngaois taobh thiar den chinneadh.
i ngaois sheanchaite a hinscne in the old wisdom of her gender
" Bean nach gcreideann a thuilleadh i ngaois sheanchaite a hinscne, an bhréagbhrionglóid thraidisiúnta – mair, a láir Mheiriceánaigh, agus gheobhair stail fir de rachmasóir groí.
eagna, an duine human rationale/ wisdom
" Léiríonn Kahneman tríd a chuid turgnamh féin agus na céadta eile a rinne taighdeoirí ar fud an domhain a lochtaí is atá réasúnaíocht, nó eagna, an duine.
a lochtaí is atá eagna an duine how faulty human wisdom is
" Muid Féin Araon ====== Cuireann Kahneman síos ar go leor leor turgnamh mar seo ina léiríonn sé a lochtaí is atá eagna an duine.
agus a cuid gaoise a roinnt leis. and to share her wisdom with him.
" Bhuail an tAire Talmhaíochta isteach i bpluais Bhaloir le sú a ól agus a cuid gaoise a roinnt leis.
roinnt a gcuid gaoise sharing her wisdom
" Den dara mí as a chéile, tá an tAire Talmhaíochta, Máire Ní Chochráin, ag roinnt a gcuid gaoise le Balor ina phluais.
Iarghaoisigh Ex-wisdom
" Chuaigh Balor na Súile Nimhe i mbun agallaimh an Taoisigh Smaoisigh Iarghaoisigh an mhí seo.
chlisteacht wisdom
" Ba léir san am sin féin, an chlisteacht sin a thug foireann chaide i ndiaidh a chéile chun tosaigh i gcomórtais ach lámh Mick O Dwyer a bheith ar stiúir a misnigh.