Pota Focal Intergaelic
Gluais TíHouse Glossary Gluais Beo!Beo! Glossary TeasárasThesaurus BriathraVerbs
ag buachan winning
" Ba rud nua é ag an am sin foireann Átha Cliath, ina raibh fir óga de bhunadh na cathrach nó "Dubs", a bheith ag imirt i bPáirc an Chrócaigh agus ag buachan Chraobh Pheile na hÉireann.
chun leanúint ar aghaidh ag buachaint to continue winning
" Is fear crua é de réir dealraimh a cheannaíonn agus a dhíolann imreoirí de réir mar is gá chun leanúint ar aghaidh ag buachaint bliain i ndiaidh bliana agus is maith leis fir chrua a bheith ar a fhoireann (bhuel, duine nó beirt ar aon nós).
ag buachaint bonn winning medals
" Is mór an spórt iad na Cluichí Oilimpeacha gan dabht ar bith! Anseo in Éirinn, agus muid ag breathnú ar fhir agus ar mhná as tíortha éagsúla ar fud an domhain ag buachaint bonn ag na Cluichí Oilimpeacha, bíonn díospóireacht mhór againn faoi na cúiseanna nach mbuann Éireannaigh aon bhonn ach fíorchorr uair.
bhuachan suíochán the winning of seats
" Mar sin, caithfidh tú féachaint air mar sin, agus ní ar líon na vótaí ná ar bhuachan suíochán.
ag buachaint winning
" Mar sin ba spórt é cúrsaí réabhlóide agus bhí muidine ag buachaint! Nó, sin an rud a shíl muid! Bhain mé an an-sult as sin! Bhí atmaisféar bríomhar san aer, rud nach raibh againn roimhe sin.
ar mhaithe le buachaint amháin for the sake of winning only
" An aontófá liom go gcuireann daoine áirithe an iomarca béime ar an gcomórtasaíocht seachas ar an amhránaíocht? LÓM: Bhuel, b'fhéidir go mbraitheann sin ar na fáthanna atá ag daoine le bheith rannpháirteach - má ghlacann duine páirt i gcomórtas ar mhaithe le buachaint amháin, is minice díomá ar an duine sin ná a mhalairt.
ag buachaint winning
" Focal eile a úsáidtear i dtaobh Roy Keane ná frustrachas – frustrachas toisc nach raibh bainisteoir Manchester United, Alex Ferguson, ag tabhairt isteach imreoirí nua chun an fhoireann a láidriú, frustrachas nach raibh an club ag buachaint gach rud mar a bhíodar cúpla bliain ó shin.
ag buachan dhá chraobh peile as a chéile arís winning two football championships in succession again
" Is fada go bhfeicfimid contae ar bith ag buachan dhá chraobh peile as a chéile arís, gan trácht ar thrí cinn.
buachaint gradam uile-Éireann winning all-Ireland awards
" Tá siad ag tarraingt ar an leathchéad anois ach 20 bliain ó shin bhí siad ag buachaint gradam uile-Éireann agus mar sin de.
ag buachan cluichí gan stró winning matches with ease
" Gá le himreoirí láidreThosaigh an tSraith Náisiúnta agus bhí Áth Cliath arís ag buachan cluichí gan stró go dtí gur cloíodh Doire sa chluiche ceannais i 1976.
ag buachaint coirn nó craoibhe nó rása mhóir. winning a cup or league or big race.
" An chéad uair ar éirigh lena gcontae Craobh na hÉireann a bhuachaint, mar shampla, nó duine aonair ag buachaint coirn nó craoibhe nó rása mhóir.
ag baint go leor bonn winning a lot of medals
" Dúirt sé fosta go ndéanfar breithniú ar chrannchur náisiúnta a bhunú leis an airgead seo a bhailiú – mar a dhéantar sa Bhreatain Mhór!Mar gheall ar an ráiteas seo a rinne Rudd, is dócha go mbeidh na lúthchleasaithe Astrálacha ag baint go leor bonn i Londain i gceann ceithre bliana.
mhealladh of winning (people) over
" Tá traidisiún aige chomh maith pobal a mhealladh isteach nach bhfuil sé de nós acu ’ul chuig an amharclann.
buachan winning
" ie/group/inthe community/sponsorships) Bhí sí ina Curadh Domhanda Uile sa bhliain 2008 tar éis buachan sa chomórtas idirnáisiúnta sa Ghearmáin.
buacach winning
" Ach bíonn an cúig faoin chéad sin an-sásta leis an áit, de réir Rodgers agus dhearbhaigh sé go raibh cuairt ar Dhún na nGall mar a gcéanna le ticéad buacach sa Lotto a cheannach.
cúl an bhua a bhaint to get the winning goal
" Mar a dúirt Seamus Brennan, go ndéana Dia grásta air, is “iománaíocht sinsir” an cluiche polaitiúil ag an leibhéal seo, agus d'fhág na Glasaigh ródhéanach é le cúl an bhua a bhaint.
bhuachain winning
" Bhí iarracht an-mhór déanta ag na himreoirí an bhliain roimhe sin ó thaobh traenála agus d’éirigh leo an comórtas craoibhe agus an comórtas sraithe araon a bhuachain.
ag gnóthú aireachta winning a ministerial position
" D'fhreastail sé ar an Seanad arís ó 1983 go dtí 1987 nuair a fuair sé an lámh in uachtar ar Coogan an iarraidh seo agus ar ais leis chun na Dála, ag gnóthú aireachta dó féin, Gnóthaí Pobail, Comhionannais agus Gaeltachta agus é i gceannas air nuair a bunaíodh Teilifís na Gaeilge (TG4 inniu) i 1996, beart a bhfuil sé an-mhórtasach as.
mórán a mhealladh winning many over
" Níl ag éirí leo mórán a mhealladh le dul ar na léirsithe a eagraítear taobh amuigh de Theach Laighin.
ag gnóthú tacaíocht gach éinne winning everyone’s support
" Feachtas é seo a shamhlófá a bheadh ag gnóthú tacaíocht gach éinne, ach ní mar a sin a tharla.
gan trácht ar bhonn a bhuachan not to mention winning a medal
" Mura mbeadh teorainn le líon na n-iomaitheoirí as gach tír, is amhlaidh nach mbeadh seans ach ag imreoirí nó lúthchleasaithe as na tíortha móra a bheith sna babhtaí ceannais, gan trácht ar bhonn a bhuachan.
craobhacha a bhaint winning championships
" Agus nuair a bhí a ré mar imreoir caite theastaigh uaidh freastal ar a chontae dúchais trí dul i mbun foireann an chontae mar bhainisteoir, rud a rinne, agus d’éirigh le Ciarraí craobhacha a bhaint arís faoina stiúir tar éis aon bhliain déag a chaitheamh i bhfásach peile.
bhí mé spreagtha ag bua I was inspired by (S.) winning
" Chomh maith leis sin bhí mé spreagtha ag bua *“Irish Folk Furniture”* ag Sundance, físeáin faoi throscán Éireannach, a chonaic beagnach 160,000 duine ó lár mhí Eanáir an bhliain sin, 2010.
ag buachan comórtais faoi winning competions under
" Tá dornálaithe óga 10,11,12 bliain d’aois sách maith le bheith ag troid ag leibhéal idirnáisiúnta, ná bac le hÉirinn; tá siad ag buachan comórtais faoi 16 is araile san Eoraip; tá sé dochreidte, dáiríre, ní hé go bhfuil duine anseo is ansiúd go maith, ach tá cúpla duine ag gach meáchan atá fíormhaith ar fad.
céard fúthu siúd a mhealladh what about winning them over
" Cén bealach a rachas Sinn Féin i ngleic le dearcadh na bunaíochta ó dheas? Cé na haicmí is na dreamanna is féidir libh tacaíocht a fháil ina measc? Bheadh an aicme oibre agus na daoine dífhostaithe ag réiteach libh, ach lucht an tsaibhris, feirmeoirí móra na Mí agus na Mumhan, abair, daoine a bhíodh le Cumann na nGaedhael i bhfad siar, céard fúthu siúd a mhealladh?** TÓC: Tá muintir na hÉireann coimeádach go leor, is dóigh.
lucht féachana agus éisteachta a mhealladh in winning over viewers and listeners
" Is léir nach bhfuil ag éirí mórán níos fearr leis na meáin chraolta Gaeilge lucht féachana agus éisteachta a mhealladh.
ní fiú iad a bhuachaint they’re not worth winning
" Muna dtógann Ejiofor Glóbannaí agus Gongannaí agus chuile gradam eile dá bhfuil ann ní fiú iad a bhuachaint.
cúl an bhua á sholáthar aigesiúd he providing the winning goal
" Bhuadar Corn an UEFA i 2002, cúl an bhua á sholáthar aigesiúd.
suíochán a bhuachaint winning a seat
" Sula bhfad tar éis do Roy suíochán a bhuachaint i 1948 i Londain, bhuail sé lena beau idéal polaitiúil, Hugh Gaitskell, an Seansailéir deireanach a bhí ag Attlee roimh fhilleadh Churchill i 1951, agus namhaid glan ag an eite chlé i bPáirtí an Lucht Oibre, lucht Aneurin Bevan.
bhuachaint winning
" Sin mar a oibríonn Ionadaíocht Cionmhaire (PR): ní hionann a bheith sa chéad áit agus an rása a bhuachaint.
ag baint duaiseanna winning prizes
" Ní aireoidh Aire Stáit na Gaeltachta rud ar bith coimhthíoch faoi Oireachtas na Gaeilge i gCill Airne mar bhí sé féin, Donnchadh Mac Fhionnlaoich, ag baint duaiseanna scéalaíochta ag an Oireachtas na blianta siar.
ag breith na craoibhe leo winning the top prize
" Tá athchiall ag an leagan ‘craobh clainne’ i ngnóthaí spóirt tharla go bhfacamar teaghlaigh gníomach agus ag breith na craoibhe leo ar pháirc na himeartha in imeacht na mblianta.
bhaint ar na mallaibh winning recently
" B’fhéidir go raibh Gráinne Campion ag iarraidh smearadh den ádh a thabhairt léi nuair a bhuail sí le Patrick Clarke lena cheistiú faoi Chraobh Oscailte Pócair na hÉireann 2014 a bhaint ar na mallaibh.