a gcláraítear ainmneacha fearainn
with whom domain names are registered
Chun cabhrú le daoine teacht ar ainmneacha nach bhfuil in úsáid cheana féin, tá na comhlachtaí
a gcláraítear ainmneacha fearainn leo ag cumadh ainmneacha go huathoibríoch.
an duine as ar ainmníodh an leathinis
the person after whom the peninsula was named
Bhíodh Niall Naoi nGiallach ina rí anseo - b'athair Eoghain é,
an duine as ar ainmníodh an leathinis.
a chroch na Sasanaigh
whom the English hanged
An duine stairiúil is clúití atá bainteach leis ná Piaras Feiritéar, an file agus saighdiúir
a chroch na Sasanaigh i gCill Áirne sa bhliain 1653.
a sháith siad le scian
whom they stabbed with a knife
De réir na ndeirfiúracha, scrios an IRA cibé fianaise a bhí ar fáil taobh istigh den phub, bhris siad na ceamaraí slándála taobh amuigh ar an tsráid, bhagair siad ar cibé duine a chonaic an t-uafás agus d'imigh leo - gan scairt a chur ar otharcharr féin don fhear a bhí ag imeacht ar shlí na fírinne, athair beirt pháistí,
a sháith siad le scian agus a chiceáil siad sa chloigeann.
ar sháraigh an saol orthu
whom life has defeated
“Tá na créatúir seo
ar sháraigh an saol orthu agus muidinne ina suí anseo agus muid ar maos i maoin shaolta.
ní ainmneofar an té a bhfuiltear ag súil leis an pháirtí a ainmniú
the person whom the party is expected to nominate will not be nominated
Ligfear do Callely rith arís agus
ní ainmneofar an té a bhfuiltear ag súil leis an pháirtí a ainmniú, Deirdre Heaney.
a dtig liom labhairt leo
to whom I can speak
Mar a dúirt mé thuas, ceann de na deacrachtaí is mó atá agam ná nach bhfuil daoine ann
a dtig liom labhairt leo go rialta, agus tar éis blianta fada ar an choigríoch, tá meirg ar mo chumas labhartha Gaeilge.
cé dó a bhfuil sí ag tagairt
to whom she is referring
Ní luann sí aon ainmneacha ach, nuair a dhéanann sí cur síos ar dhuine acu, is léir dom
cé dó a bhfuil sí ag tagairt.
ar féidir comhoibriú leis.
with whom one can co-operate.
Ní bean choimhlinte in aon chor mé, ach chaithfinn a rá, ó thosaigh mé ag obair le *Village*, is é an taithí atá agam ná gur duine é Vincent
ar féidir comhoibriú leis.
a luaigh mé ar ball,
whom I mentioned earlier,
AÓF: Cén uirlis cheoil is fearr leat?
TM: An phíb uilleann, ar ndóigh!
AÓF: An bhfuil aon uirlis nach dtaitníonn leat?
TM: An bainseó!
AÓF: Cad í an chuimhne is deise atá agat ar 2006 ó thaobh an cheoil nó na hamhránaíochta de?
TM: Nuair a chas an fear sin Alan Burke,
a luaigh mé ar ball, “Óró sé do bheatha abhaile!” ag seisiún amhránaíochta ag an bhféile sin in Copenhagen.
a luafá an t-ábhar leo
to whom you would mention the topic
Ní shéanfadh éinne gurb amhlaidh atá an scéal, cé go séanfadh an chuid is mó de na daoine
a luafá an t-ábhar leo go bhfuil siad féin réamhchlaonta in aghaidh daoine dubha.
lena raibh sé geallta
to whom he was engaged
D’inis sé di faoi bhean álainn amháin
lena raibh sé geallta agus gur eagraíodar bualadh le chéile sa Palace oíche Shathairn áirithe.
a dhúnmharaigh arm na Breataine
whom the British army killed
Bhí daoine ag rá go mba mhasla é do chuimhne Mhíchíl Uí Ógáin, duine d’fhoireann pheile Thiobraid Árann ar an lá úd fadó, agus na ndaoine eile
a dhúnmharaigh arm na Breataine i bPáirc an Chrócaigh ar Dhomhnach na Fola i 1921.
a bhfuil gunnaí dulta i bhfeidhm orthu
whom guns have affected
Gan na heachtraí seo, is beag aird a dhíreofaí in aon chor ar fhoréigean le gunnaí i Meiriceá, ach is uafásach iad na staitisticí, agus is iontach an méid daoine i Meiriceá
a bhfuil gunnaí dulta i bhfeidhm orthu ar shlí amháin nó ar shlí eile.
a chothaigh sé
whom he promoted
Ar na hamhránaithe agus ceoltóirí
a chothaigh sé bhí Seosamh Ó hÉanaigh, Seán Ó Riada agus an grúpa Clannad.
cuid acu nach n-aontódh lena dhearcadh polaitiúil in aon chor,
some of whom would not share his political views at all,
Foilsíodh anuraidh é agus scríobh léirmheastóirí,
cuid acu nach n-aontódh lena dhearcadh polaitiúil in aon chor, léirmheasanna an-dearfacha mar gheall air.
nár chualathas mórán faoi go dtí seo.
about whom not much has been heard up until now
D'fhéadfaimis casadh cinntitheach a fheiceáil sa toghchán in Iowa, mar sin, i dtreo iarrthóra
nár chualathas mórán faoi go dtí seo.
an té atá á lorg agat
the person for whom you're looking
Is féidir leat
an té atá á lorg agat a roghnú ón liosta.
a ngoillfeadh mo sheasamh maidir leis an Eaglais Chaitliceach go mór orthu
whom my opinions on the Catholic church would hurt greatly
Mar sin, d’fhéadfadh daoine
a ngoillfeadh mo sheasamh maidir leis an Eaglais Chaitliceach go mór orthu a bheith ag breathnú ar mo cuid cláracha, daoine nach bhfuil taithí acu ar an dearcadh atá agam nó ar an stíl fuirseoireachta atá agam.
a bhfóireann sé dóibh
whom it suits
Bheadh sé níos fusa ansin feoil is iasc a dhéanamh díobh siúd a bhfuil míchumas foghlama orthu i ndáiríre agus na daoine
a bhfóireann sé dóibh droim láimhe a thabhairt leis an Ghaeilge mar ábhar.
raibh Reagan á moladh
whom Reagan was praising
Dá mbeadh a fhios ag pobal Meiriceá faoi choiriúlacht na *Contras*, a
raibh Reagan á moladh mar throdaithe na saoirse, chuirfeadh sé isteach go mór ar an oibríocht.
a bhfuil dúil mhór agam iontu
for whom I have a great liking
Ní amháin go gcanann sí amhráin de chuid macasamhail Billie Holiday, Bessie Smith agus Jacques Brel,
a bhfuil dúil mhór agam iontu chomh maith, ach tá stór amhrán úr aici de chuid cumadóirí na tíre seo, agus lena chois sin uilig, bíonn léiritheoireacht agus cóiriú den scoth déanta ar na hamhráin.
a casadh dúinne
whom we met
Is daoine cairdiúla, fáilteacha iad na daoine
a casadh dúinne agus bhraith mé an-sábháilte ar oileán Raro le linn na saoire ar fad.
a bhfuil amhras a dhóthain ina thaobh
about whom there’s some doubt
Dála a liacht polaiteoirí Meiriceánacha eile is fear é Scott
a bhfuil amhras a dhóthain ina thaobh, de bharr gníomhaíocht chomhlachtaí príobháideacha ar bhain sé leo.
lena n-áirítear
among whom are
Níl aon amhras, ámh, ach go mbeidh roinnt polaiteoirí ag déanamh baghcat ar an tír i rith na craoibhe,
lena n-áirítear Uachtarán ar an gCoimisiún Eorpach, Jose Manuel Barroso, Uachtarán na Comhairle, Herman van Rompuy, Rúnaí Gnóthaí Eachtracha na Breataine, Willaim Hague, Rialtas na Ostáire agus na Beilge araon, Uachtarán na Gearmáine, Joachim Gauck.
nach raibh mórán tráchta orthu
of whom there wasn’t much talk
Chuir Fuller dlús faoi athbheochan an cheoil Ghaelaigh thar sáile trí deiseanna poiblíochta agus oibre a thabhairt do cheoltóirí óga
nach raibh mórán tráchta orthu roimhe sin – leithéidí *The Dubliners*, Pecker Dunne, Margaret Barry, Makem is Clancy, Luke Kelly, Seosamh Ó hÉanaí agus eile.
aicme a bhfuil brústocaireacht déanta ar a son ag
a group for whom canvassing was done by
Tá tacaíocht don fheachtas léirithe ag roinnt comhairlí cathrach agus leagann MRCI béim air nach bhfuil aon rud á lorg ag na hinimircigh seo nach bhfuil á lorg ag inimircigh Éireannacha atá sna Stáit gan cead,
aicme a bhfuil brústocaireacht déanta ar a son ag polaiteoirí Éireannacha i measc údarás SAM.
dhream ar féidir breis airgid a fháscadh
a group from whom more money can be squeezed
Is léir go bhféachtar ar inimircigh mar
dhream ar féidir breis airgid a fháscadh as.
an rí a iarrann tú i bhfus
the king whom you seek here
Is minic agus is fada Gaeil ag tarraingt ar an Róimh ag déanamh a n-anamacha, mar is léir ón rann seo ó ré luath na Críostaíochta:
Dul don Róimh,
mór saothar, beag tairbhe;
an rí a iarrann tú i bhfus,
mur’ dtug tú leat, ní bhfaighir.
ar chuir mé caidéis orthu
to whom I spoke
Duine ar bith díobh sin
ar chuir mé caidéis orthu, ní bheadh a fhios agam nach le bean nó fear Gaeltachta a bhí mé ag comhrá: ba shlán gach caol agus leathan acu, gach fada agus gearr, gach séimhiú agus urú.
dosna saoránaigh arb í an teanga chéanna sin a rogha
for the citizens for whom that same language is their choice
Le haird a tharraingt ar an éileamh bunúsach seo, ba mhaith an rud é ‘comóradh’ a dhéanamh an chéad bhliain eile ar an an buille is mó a buaileadh ar an nGaeilge ó bunaíodh an stát, ’sé sin cinneadh comhfhiosach an rialtais ar 29 Deireadh Fómhair 1974, deireadh a chur le riachtanas Ghaeilge sa státseirbhís agus a fhios ag Taoiseach na tíre ag an am, gurb é an toradh a bheadh ar an gcinneadh nach mbeadh an stát in ann seirbhís a chur ar fáil i nGaeilge
dosna saoránaigh arb í an teanga chéanna sin a rogha!
ar inis na híospartaigh a gcuid scéalta dóibh
to whom the victims had told their stories
Conas a tharla sé mar shampla gur cailleadh fianaise thábhachtach agus cé a bhí freagrach as? An fíor mar a mhaígh dlíodóir Uí Lubhlaí, James Orange, ag an am nár lorg na Gardaí cuid den fhianaise a bhain leis na líomhaintí agus nach bhfuarthas ráitisí ó fhinnéithe
ar inis na híospartaigh a gcuid scéalta dóibh blianta sula ndeachaigh siad chuig na húdaráis? Tá míniú iomlán dlite do na híospartaigh sin nach bhfuair cothrom na Féinne ariamh.
cé leis a
with whom
- Neamhspleachas - Is fút féin conas tabhairt faoi agus
cé leis a dtabharfaidh tú faoi.
lena n-áiríodh an feisire
among whom were the member
Rinne comhghleacaithe áirithe sna páirtithe coimeádaithe iarracht Abbott a chosaint,
lena n-áiríodh an feisire parlaiminte Bronwyn Bishop, an bhean atá ceaptha ina ceann comhairle sa pharlaimint nua.
ar cuireadh an t-ualach trom air
upon whom the heavy burden was placed
Shocraigh siad fosta ar fhaoiseamh a thabhairt don cháiníocóir
ar cuireadh an t-ualach trom air le roinnt blianta anuas.
a casadh dom féin
whom I met myself
Bhuíon darb ainm an Janusz Prusinowski Trio
a casadh dom féin.
an dream is mó ar ar caitheadh airgead
those on whom more money was spent
Ár gcuid eisimircigh,
an dream is mó ar ar caitheadh airgead á n-oiliúint, ní hiad is mó a chuaigh ar deoraíocht.
a mhol Oifigigh na Roinne
whom the dept. officers put forward
Sa bhreis ar sin, tá sí ag lorg ainmneacha an 34 duine
a mhol Oifigigh na Roinne don Aire Stáit a bheadh fóirsteanach le bheith ina mbaill den bhord.
an oidhreacht shainiúil dar díobh muid
the distinct heritage from whom we descend
B’in mar a shocraíomar ar albam teaghlaigh a dhéanamh lena chéile tá tamall de bhlianta ó shin, chun ceiliúradh a dhéanamh ar
an oidhreacht shainiúil dar díobh muid, an traidisiún áirithe ceoil sin a chaomhnú agus é a sheachadadh go dtí an chéad ghlúin eile.
a raibh sé buíoch beannachtach de
to whom he was very grateful
Le linn réimeas Idi Amin, díbríodh muintir na hÁise ón tír i 1972 agus fuair sé dídean anseo ó thuaidh agus ghlac sé go fonnmhar le cleachtais an phobail Phrotastúnaigh a raibh sé ina chónaí ina measc agus
a raibh sé buíoch beannachtach de.
lena n-áirítear an t-aon fheisire bundúchasach
amongst whom are the only native M.P.
Labhair baill áirithe pháirtí Abbott in éadan an leasaithe freisin,
lena n-áirítear an t-aon fheisire bundúchasach i dTeach na n-Ionadaithe, Ken Wyatt, a thug le fios go raibh sé ar intinn aige urlár an tí a thrasnú le vótáil ina choinne.
dár casadh domsa
whom I met
Duine díobh
dár casadh domsa ann, is ceoltóir de mhuintir Uí Chaisidigh as Ros Comáin a bhí ann, fear a rugadh i mBirmingham Shasana sna seascaidí.
lena n-áirítear
among whom
An bheirt Fhrancach sin, ba mhúinteoirí agus taispeántóirí ealaíne iad a raibh tionchar nach beag acu ar na healaíontóirí is fearr de bhunús na hÉireann sa tréimhse roimh an Dara Cogadh Domhanda,
lena n-áirítear Mainie Jellett agus Evie Hone.
Gaeilge ar a dtoil ag a mórfhormhór
the greater majority of whom had Irish
Tá bunús stairiúil agus tíreolaíoch leis ceart go leor: tógadh na heastáit sin ar thalamh le aitheantas Ghaeltachta ó 1956, nuair nach raibh ach 500 duine ina gcónaí sa gceantar agus
Gaeilge ar a dtoil ag a mórfhormhór.
ar m’aithne
whom I know
An méid sin ráite, i ngnáthchaint an lae, d’áireoinn a líofacht Gaeilge níos airde ná go leor daoine eile
ar m’aithne, roinnt san áireamh a thugann ‘Gaeilgeoir’ orthu féin.
a mharaigh fórsaí na Breataine i nGiobráltar
whom British forces killed in Gibraltar
Bhí aithne mhaith ag Tony Birtill ar Sheán Savage, an ball den IRA
a mharaigh fórsaí na Breataine i nGiobráltar fiche bliain ó shin.