Pota Focal Intergaelic
Gluais TíHouse Glossary Gluais Beo!Beo! Glossary TeasárasThesaurus BriathraVerbs
Cibé uair a chloisim whenever I hear
" Cibé uair a chloisim an stairí eacnamaíochta Niall Ferguson ag caint os ard, tagann aiste cháiliúil Friedrich Neitzsche chun cuimhne, Vom Nutzen und Nachteil der Historie für das Leben (1872), ’sé sin “Tábhacht agus laigeachtaí na staire ó thaobh shaol an dhuine de”.
Pé uair a léim whenever I read
" In Amhras faoi go Leor ============ Pé uair a léim úrscéalta stairiúla Vidal, scéalta atá lán go béal le leochaileacht agus botúin, tagann saothar daoine cosúil le Charles Beard chun cuimhne, an chéad stairí a chur béim ar bhunús eacnamúil Bhunreacht na Stát Aontaithe agus a tharraing aird ar an nasc idir infheistíochtaí príobháideacha ailtírí an bhunreachta céanna agus a gcuid smaointí polaitiúla.
aon uair a casadh an dá fhoireann ar a chéile whenever the two teams met
" Le linn tréimhse na coimhlinte géire idir foireann peile Átha Cliath agus foireann peile Chiarraí a mhair ar feadh deich mbliana ó 1975 go dtí 1985, bhí Páidí Ó Sé ar na pearsana ba mhó agus ba shuaithinsí sna drámaí éagsúla a thit amach aon uair a casadh an dá fhoireann ar a chéile.
de réir mar a bhualann an fonn iad whenever they’re inclined to
" Ligeann na ceoltóirí corr-liú áthais astu ó am go chéile, nó cuireann siad lúibíní cainte leis an gceol de réir mar a bhualann an fonn iad.