ar a bhfaca sí riamh
whatever she did
Ach dúirt sé leis féin ansin gur dóigh go raibh na seacht bhfainic curtha uirthi nó go raibh fógra beo tugtha di gan a theach a thaobhachtáil
ar a bhfaca sí riamh.
pé port atá le seinnt agat
whatever tune you have to play
Agus ansan, ar deireadh thiar, do bhuas an diabhal rud i 1989 agus ansan i 1990 dheineas Corn Uí Chearbhalláin!
AÓF: Agus an bhfuil aon chleas agat le fáil réidh leis na néaróga?
CDeB: An cleas is fearr, atá faighte amach agam, ná fios a bheith agat i do cheann féin go bhfuil
pé port atá le seinnt agat ar eolas go maith agat.
cibé gléasra
whatever equipment
Ní luaitear buamáil pheitril agus, ar ndóigh, ba é amaidí phráinn an díchoimisiúnaithe, ná gur féidir foréigean a reáchtáil le
cibé gléasra atá ar fáil - peitreal, leas, clocha, tinte ealaíne, táirní, aigéad, sceana, rudaí atá le fáil go furasta.
pé seasamh morálta ar leith
whatever special moral standing
Creideann Cathaoirleach Chumann na nIascairí, Frank Doyle, go bhfuil
pé seasamh morálta ar leith a bhí ag iascairí na tíre seo caillte anois dá bharr.
pé dea-thoil
whatever goodwill
Dochar
=======
Ní hamháin nár chabhraigh an stocaireacht speisialta ar leith seo ar son úinéir báid amháin le misneach iascairí eile Éireannacha, ach creideann an tUasal Doyle go ndearna stocaireacht an Rialtais dochar freisin do
pé dea-thoil a bhí sa Choimisiún i leith iascairí na hÉireann.
cibé a fhóireann duit féin
whatever suits yourself
"Is ofráil atá sa cheol agus glacann tú chugat
cibé a fhóireann duit féin," arsa Neil.
Pé ní a tharlóidh
whatever happens
Pé ní a tharlóidh, tá sé tábhachtach go ndéanfaí scrúdú rialta ar rialacha agus ar nósanna na gcluichí.
cibé moltaí
whatever recommendations
D’iarr an coiste cathrach ar ghrúpaí sa chathair
cibé moltaí nó smaointe a bhí acu a chur chun tosaigh.
pé dul chun cinn
whatever progress
Deamhan athrú sa mhéid sin, is dóigh, ach mura ngníomhaíonn CLG go luath ar son na hiomána, beidh
pé dul chun cinn a rinneadh le cúig bliana fichead anuas curtha de dhroim seoil.
ag pé am a oireann duit
at whatever time suits you
Tugtar “podchraoladh” (nó *podcasting*) ar an saghas seo comhad fuaime, agus go bunúsach is saghas cláracha raidió iad ar féidir éisteacht leo
ag pé am a oireann duit.
ag pé am a oireann duit
at whatever time suits you
Tugtar “podchraoladh” (nó *podcasting*) ar an saghas seo comhad fuaime, agus go bunúsach is saghas cláracha raidió iad ar féidir éisteacht leo
ag pé am a oireann duit.
pé bascadh is mian leo
whatever beating they want
Agus na príosúin seo in áiteanna nach bhfuil dlíthe an Domhain Thiar i réim, tá cead ag na séiléirí
pé bascadh is mian leo a thabhairt do na príosúnaigh.
pé cúis a cuireadh i do leith
whatever charge you were charged with
Go dtí seo, bhí polasaí oifigiúil amháin ag Meiriceá: pé rud a rinne tú, nó
pé cúis a cuireadh i do leith, gheofá dlíodóir agus chaithfí go daonnachtúil leat ar an mbonn go raibh tú neamhchiontach go dtí go dtabharfadh breitheamh cinneadh i do leith.
pé taifeadtaí
whatever recordings
“Cén fáth nach seinneann tú é seo?”
Bhí seinnt an Tonkori tar éis bás a fháil ach thosaigh Oki ag éisteacht le
pé taifeadtaí a bhí déanta roimhe sin agus thosaigh ag labhairt le seanóirí ar chuimhin leo conas a sheinntí an uirlis.
cibé polasaithe
whatever policies
In áit polasaithe soiléire, réalaíocha a bhain le saol laethúil na vótóirí ach a bhí difriúil go maith ó
cibé polasaithe bhí na páirtithe eile a thairiscint, bhí Adams éiginnte agus seachantach.
pé rud a bheadh i ndán dom.
whatever was in store for me.
Bhraith mé sa bhaile agus ar mo shuaimhneas láithreach, agus bhí mé ar bís mar gheall ar an am a bhí romham,
pé rud a bheadh i ndán dom.
a rogha clár
whatever programmes they like
Meastar sa todhchaí go mbeidh an teilifíseán ag feidhmiú mar a bheadh bialann ghreim gasta ann, agus é de chumas ag daoine amharc ar
a rogha clár am ar bith a fhóireann dóibh.
ag breathnú ar pé clár is maith leo
looking at whatever programme they like
Beidh an lucht féachana
ag breathnú ar pé clár is maith leo ag pé am is mian leo.
nó pé áit a raibh tú ag dúil le bheith
or whatever place you expected to be
Faoin am a fhaigheann tú a fhad le Páras –
nó pé áit a raibh tú ag dúil le bheith nuair a chuir tú an ticéad in áirithe (agus ní mar a gcéanna an dá áit go minic) – is ar éigean a thabharfaidh fear an tacsaí leis sa charr thú, agus sin tar éis neamhiontas agus míthuiscint i dtosach, agus ina dhiaidh sin díospóireacht, troid, búiríl, stróiceadh mionnaí móra agus tarraingt gruaige.
go mbeidh sé in ann an nuachtán seo a stiúradh trí cibé farraigí corracha atá roimhe.
that he will be able to guide the newspaper through whatever troubled waters that lie ahead
***Athruithe ag an bharr:*** Ón 3 Márta, is é Dónall Mac Giolla Chóill a bheas mar eagarthóir ar *Lá Nua* agus táimid thar a bheith muiníneach
go mbeidh sé in ann an nuachtán seo a stiúradh trí cibé farraigí corracha atá roimhe.
gur féidir leo a rogha rud a dhéanamh
that they can do whatever they like
Tuigeann na dílseoirí ón fhabhraíocht seo
gur féidir leo a rogha rud a dhéanamh – an t-ionsaí sa pháirc, mar shampla.
pé ní
whatever thing
Thaitin
pé ní a bhí agam go mór leis, rud a thug ardú meanman dom, óir thuigeas cé chomh géar is a d'éist sé.
pé ní is mian liom
whatever thing I want
Beidh mé ábalta
pé ní is mian liom a chur ar mo shuíomh féin.
Cibé ar bith cúis atá leis
Whatever is behind it
Cibé ar bith cúis atá leis, tá na mic léinn leis na pointí is airde, á mealladh le Leigheas, Dlí agus Gnó a dhéanamh.
cibé gnó
whatever business
Is ag dul chuig áit nó ag filleadh as áit a bhíonn an duine, déanfaidh sé
cibé gnó atá le déanamh aige agus baileoidh sé leis chomh tiubh géar agus is féidir leis.
cibé tuiscint
whatever understanding
Is cosúil go bhfuil an méid sin ama caite acu sna gluaisteáin mhóra agus sna cruinnithe olltábhachtacha is gur chaill siad
cibé tuiscint a bhí acu ar an ghnáthshaol.
Cibé
whatever
bhail, níl siad féin cinnte cad é a bhí siad á lorg, ach mar a dúirt Seáinín Ó Gluaisteáin, Ard-Rúnaí Chumann Múinteoirí Éireann: “
Cibé rud a bhí muid á lorg, ní bhfuair muid é, agus tá muid sásta dul amach ar stailc arís agus arís eile go dtí go bhfaighidh muid é.
Febrí
whatever
Febrí rud a bhí ann, bhí sé fós ina ábhar conspóide, nuair a scríobh sé an Confessio, mar chosaint air féin ó lucht a cháinte.
pé ní is gá a dhéanamh
whatever needs to be done
Ach,
pé ní is gá a dhéanamh, is é m’aidhm ná cáiliú do na Cluichí Oilimpeacha i Londain in 2012.
a rogha féin
whatever they wish
Ba é an rún a bhí agam go mbeinn páirteach in iarracht leis an teanga a chur ar aghaidh go dtí an chéad ghlúin eile – déanadh siadsan
a rogha féin léi.
cibéard
whatever
Chiallódh a leithéid de shocrú nach mbeadh smacht nó eolas ar bith ag an mbean seo ar
cibéard a bheadh ar siúl ar an ríomhaire céanna ag a mac.
pé
whatever
Ní féidir liom a rá gurb í Ando an léiritheoir scannáin is fearr ar domhan faoi lathair – ach níl aon cheist faoi, dar liom, ach gurb é Kung an Pápa is fearr nach raibh, is nach mbeidh riamh ‘againn’,
pé sa frig an ‘t-againn’ sin céanna.
pé brábach
whatever profit
Is acu atá fhios, agus ba cheart dóibh
pé brábach a dhéanamh agus is féidir leo, beag beann ar rialtas, timpeallacht, agus ar chearta an fhostaí.
cibé
whatever
Bun agus barr an scéil ná gur thusa an saineolaí ar do ghnó féin agus, dar le do chustaiméirí, is tusa an saineolaí ar chúrsaí búistéireachta nó
cibé gnó atá ar bun agat.
Cibé tréithe
whatever features
Cibé tréithe eile atá ag Assange, is soiléir go seasann sé go dlúth lena chuid prionsabal.
Cibé is mian leat
whatever you’d wish
Cibé is mian leat a cheapadh ann, beidh siopa ann duit, ó shiopa choirníní go siopa d'asarlaithe! Tá siopa amháin nach ndíolann ach Lego! Bhí siopa Éireannach, fiú amháin (gan arán sóid, faraor, ach lán le seodra, caipíní speice, agus le pictiúirí sléibhte).
Pé ní
whatever
Pé ní faoi pholasaithe oifigiúla, is cosúil go mb’fhéidir go bhfuil deighilt idir fhoclaíocht agus cur i bhfeidhm na rialach agus go bhfuil a leagan féin ag na réiteoirí air mar scéal.
cibé
whatever
Mar a thuigimid anois, is beag tionchar a bhí ag an ngníomh,
cibé focail bhreátha a bhí ag Taoiseach Bertie Ahern timpeall an ama chéanna faoi riachtanas “Saoránacht Ghníomhach”.
a laghad stuaime
whatever iota of sense
Má léim alt eile i nuachtán faoina sciobtha is a bhriseann scéalta nuachta ar Twitter, Facebook is ar YouTube caillfidh mé
a laghad stuaime is atá fanta ionam.
pé eile
whatever else
Fair play di –
pé eile faoi, tuigeann Rí-Thaighleach na Breataine cumhacht an tsiombalachais.
pé míshó idir-eatarthach
whatever semi-discomfort
Scuabadh chun siúil
pé míshó idir-eatarthach im’ chroíse le dáiríreacht a haithrí.
cibé
whatever
Do phoblachtánaithe, saoirse chun saoirse a bhaint amach a bhí faighte acu; d'Aontachtaithe, ar íorónaí an tsaoil, bhí
cibé cumhacht a bhí acu ídithe diaidh ar ndiaidh ag a ndiongbháilteacht dhobhogtha agus ní raibh an dara suí sa bhuaille acu ach dul isteach i gcomhrialtas le náisiúnaithe.
Cibé locht
whatever fault
Cibé locht is féidir a fháil ar Barack Obama, ní féidir a rá nach bhfuil bua na cainte aige.
Pé iomaíocht
whatever competitiveness
Pé iomaíocht a bhí idir na contaetha an tráth úd mar sin, bhí sé maolaithe go maith faoin mbliain 1955.
Cibé braonta beaga
whatever few drops
Cibé braonta beaga aeir a bhí fágtha sa phluais bhí siad á sú isteach ina ghaosán agus amach tríd an áit eile le gach aon srann agus broim.
cibéard a bhéarfas rath
whatever shall bear fruit
Cibé bealach a rachaidh na hÉireannaigh chun cinn, is as críocha aineoil anama slua beag daoine ina measc a eascróidh gach fuinneamh le hiad a iompar chun tosaigh i réimsí bitheolaíochta, ríomhaireachta, fuinnimh, nó
cibéard a bhéarfas rath.
cibé an chiall atá leis sin
whatever that means
Luaitear ‘an phóilíneacht phobail’ -
cibé an chiall atá leis sin - sa scéim chomh maith.
Cibé faoi bheith ag plé le
whatever about dealing with
Cibé faoi bheith ag plé le cúrsaí spóirt, níl mórán acu ag tráchtaireacht.
pé ar bith faoi chathanna caide
whatever about football battles
Fillfidh na míoltóga ar an gcathair seo, ar ndóigh, agus caithfear dul i gcomhrac go glic leo an athuair; ach fillfidh lucht na peile, leis, agus
pé ar bith faoi chathanna caide a fhearadh orthu siúd amach anseo, cuirfear fáilte mhór rompu chomh maith leis!
nó cibéard
or whatever
Bhí na Rua-Indiaigh ag labhairt a dteanga féin, Cheyanne, Apache
nó cibéard.
ar neamhchead dá aois agus eile
no matter what age you are or whatever else
Is féidir le gach duine teanga a fhoghlaim,
ar neamhchead dá aois agus eile.
Cibé cén gaol
whatever relationship
Cibé cén gaol atá ag spórt, ceol agus caithimh aimsire le sásamh, agus ní beag an méid é, chaithfeadh sé go mbaineann siad le misniú an duine nuair a theagmhaíos sé le drochscéala nó nuair a bhuailfear mír den mhí-ádh anuas air.
Cibé rud a tharlóidh
whatever happens
Cibé rud a tharlóidh, má éiríonn le al-Assad filleadh i mbun rialaithe na Siria arís amach anseo, ní gan dúshlán a bheas sé.
cá bith seasmhacht fostaíochta
whatever permanency of employment
Agus
cá bith seasmhacht fostaíochta a bhí ann blianta ó shin, tá neamhchinnteacht ghoilliúnach ag baint le beagnach gach post na laethanta seo.
is cuma cén dearcadh
whatever view
Anuas ar sin, is cuma cad é a déarfadh Gerry Adams, agus
is cuma cén dearcadh atá ag an DUP - tá dearcaidh éagsúla ag baill shinsireacha an pháirtí - ní cheadóidh Rúnaí Stáit an tuaiscirt, Theresa Villiers, reifreann ar cheist na teorann.
leis an méid Gaeilge atá acu a úsáid
to use whatever Irish they have
I gcás ‘An Bród Club’, daoine a mhealladh
leis an méid Gaeilge atá acu a úsáid an aidhm agus na próisis ná casadh ar dhaoine agus a thaispeáint dóibh go raibh mé féin sásta an iarracht a dhéanamh an teanga a fhoghlaim agus gur thosaigh mé amach ag leibhéal an-íseal.
as ucht pé laigí a léiríodar
for whatever weaknesses they showed
Tréith thar a bheith aisteach is ea í seo, a déarfá, go háirithe i bhfianaise claonadh dochreidte láidir chun daoine a lochtú agus a dhamnú
as ucht pé laigí a léiríodar san am atá thart.
pé maor
whatever steward
Bhí an bóthar dúnta ón dá thaobh mar bhí saghas ráis nó rud éigin ar siúl ann agus
pé maor a bhí ar an taobh san, lig sé isteach leaid amháin agus an
pé maor a bhí ar an dtaobh so, ligeadar isteach Derval agus an fear a bhí ag tiomáint.
Pé ní a tharlaíonn
whatever happens
Pé ní a tharlaíonn sna cluichí sin, beidh sé suimiúil, beidh sé spreagúil, beidh sé difriúil agus beidh sluaite móra i láthair.
cibé faoin
whatever about
Tá Balor cinnte go bhfoghlaimeoidh sé féin ceacht ón eachtra,
cibé faoin Slua Muirí nach bhfoghlaimíonn mórán riamh.
cibé ar bith atá timpeall an chúinne
whatever is around the corner
Is cuma cén saghas gnó atá i gceist mar cá bhfios dúinn céard é an chéad réabhlóid teicneolaíochta eile?
Muna bhfuil tuairim agat faoin réabhlóid seo beidh tú go hiomlán sa dara áit le ‘augmented reality’ nó ‘convergence’ nó
cibé ar bith atá timpeall an chúinne.
tiomanta i leith pé réimse saothair
determined about whatever area of toil
Ach, nach amhlaidh atá sé i ngach réimse den saol inniu? Caithfear a bheith diongbháilte agus
tiomanta i leith pé réimse saothair is áil leat, go háirithe i láthair na huaire agus cúrsaí geilleagair mar atá.
cibé ball éadaigh eile
whatever other piece of clothing
Agus comhairlíonn siad caipín, pluid, stocaí, seaicéad nó
cibé ball éadaigh eile a chur uirthi go dti mbíonn sí chomh te le hoigheann! Fásann na páisti suas agus faitíos orthu roimh an bhfuacht, ar ndóigh.
cibé ba chionsiocair léi
whatever caused it
Níl ann ach sos áfach, nó táim cinnte go gcuirfear le cumas leanta eitleáin de bharr na timpiste seo –
cibé ba chionsiocair léi.
cibé an rud é féin
whatever that means
Oirthear Bhéal Feirste
========
Is as oirthear Bhéal Feirste do Van Morrison agus bhí suim mhór aige sa spioradáltacht riamh anall agus an spioradáltacht Cheilteach (
cibé an rud é féin!) ach go háirithe.
i gcibé comhshocrú bhuan
in whatever type of permanent agreement
Tá an ‘cheist náisiúnta’, an ‘gnó nach bhfuil críochnaithe’ ann i gcónaí ach, anuas air sin, tá ceisteanna le cur faoin chineál tsochaí a bheadh i réim
i gcibé comhshocrú bhuan a dtiocfar air.
pé ainm is mian leat a chur a orthu
whatever name you wish to call them
Mar sin, tá ról na n-oiliúnóirí nó na dteagascóirí, na meantóirí, na múinteoirí gailf -
pé ainm is mian leat a chur a orthu – fíorthábhachtach maidir le sárghalfairí a dhéanamh.
cibé cén t-ábhar clamhsáin atá acu
whatever reason they have to complain about
Ach
cibé cén t-ábhar clamhsáin atá acu, ní thig a mhaíomh nach bhfuil a dhóthain comharthaí sa tír.
cibéard
whatever
D’ainneoin na béicíola agus an díspeagadh go léir, níor chuir sé isteach air
cibéard a dúradh nó a scríobhadh tar éis cluiche.
Cibe is siocair leis
for whatever reason
Cibe is siocair leis, tá roinnt daoine ar an fhóidín mheara ó thuaidh nó ní fheiceann siad an bóthar rompu go saol na síochána
Cibé póit
whatever morning after illness
Cibé póit atá ar dhaoine sa tuaisceart, tá Robert McMillen den bharúil nach mbeidh sé furasta a leigheas a dhéanamh.