Pota Focal Intergaelic
Gluais TíHouse Glossary Gluais Beo!Beo! Glossary TeasárasThesaurus BriathraVerbs
ní raibh splinc chéille agam I had no sense whatsoever
" Deireann siad aga baile: 'Did you hear about the train in Buttevant that went off the rails like Nuala?' Bhaineas ana-shúp as an gcoláiste ach bhíos ró-óg agus ní raibh splinc chéille agam.
a scríobhfadh úrscéalaí gan tallann dá laghad that a novelist with no talent whatsoever would write
" Tá cuid de ghníomhartha an PSNI mar a bheadh eachtraí ann a scríobhfadh úrscéalaí gan tallann dá laghad i leabhar bleachtaireachta gan mhaith.
Níl splaid chéille agam I have no sense whatsoever (lit. I haven't a spark of sense)
" "Níl splaid chéille agam," arsa Diarmaid.
dá laghad in the least, whatsoever
" Bhí mé ar tí ‘dul chun cinn an gheilleagair’ a rá, ach seo í an cheist: an tábhachtaí, dar leat, béim a leagan ar an dul chun sóisialta in áit a leagan don chuid is mó ar dul chun cinn geilleagair? **An Bealach Ceart nó Botún?** Níl amhras dá laghad orm go bhfuil an stát in iomrall sa treo a bhfuil siad ag leagan béim na forbartha.
gan amhras ar bith no doubt whatsoever
" Beidh sé san áireamh nuair a chrochfaidh ruagaire Uíbh Fhailí a chuid seolta, gan amhras ar bith.
sa sioc whatsoever
" Ba chuma sa sioc leis faoi pholasaithe eile na nDaonlathach.
dá laghad whatsoever
" Ní bheidh drogall dá laghad orthu deireadh a chur leis an chomhpháirtíocht mura bhfuil siad ag déanamh brabach as.
beag ná mór in any way whatsoever
" Stáit Easaontaithe Mheiriceá ============= Go deimhin, tá an t-am thart go bhféadfaí caint ar Mheiriceá atá aontaithe trína mheáin, mar a bhíodh sé, beag ná mór, suas go dtí na hochtóidí.
dá laghad whatsoever
" Níl spéis dá laghad ag cuid acu sa nGaeltacht ná sa nGaeilge.
Níl scuan ná scéal no word whatsoever
" Níl scuan ná scéal le teacht chugainn ón aird sin, leagan éicint dá bhfuil ag titim amach a chuirfeadh daoine ar a bhfaicheall.
Aithne dá laghad no acquaintance whatsoever
" Aithne dá laghad ní raibh agam air, agus chaith mé an uair a chloig ag breathnú go géar ar na carranna agus ar na daoine a bhí ag tiomáint isteach sa gclós.
Deamhan dochar no harm whatsoever
" Deamhan dochar ann dáiríre, cé go meallann sé cuid de na daoine isteach sna tithe tábhairne, coinníonn sé cuid eile amach astu.
gan cruth ar bith without any structure whatsoever
" Chiallaigh sin go raibh ranganna á múineadh i Meiriceá ar leibhéil éagsúla, le modhanna múinteoireachta éagsúla, nó gan cruth ar bith orthu.
níl srian dlí ar bith ná tada orthu there’s no legal limit whatsoever on them
" Maireann muintir an Chultúir gan gabháil in aois munar mian leo (nó murab é sin an faisean is déanaí gur mian leo), is féidir leo smacht a choinneáil ar gach uile chóras ina gcorpanna, is féidir leo a ngnéas fiú amháin, a roghnú nuair is mian leo: níl srian dlí ar bith ná tada orthu mar níl ganntanas ar bith ann.
ar aon bhun faoin ghréin on any basis whatsoever
" Má tá an spaga teann agat agus am le caitheamh, labhair le habhcóide agus tabhair caingean in aghaidh aon mheán cumarsáide a dhéanann beag is fiú díot mar gheall ar do chúlra, aicme, teanga/saíochta, creidimh nó ar aon bhun faoin ghréin.
Ní iontas ar bith no wonder whatsoever
" Ní iontas ar bith dá bhrí sin gur bhain siad amach cumas, cáil agus gradaim níos déanaí i spóirt na coraíochta, an iomraimh, na rothaíochta, na dornálaíochta agus an tarraingt téide, spóirt ar fheil an láidreacht, an aclaíocht agus na scileanna a d’fhoghlaim siad le linn a n-óige dóibh.
nach raibh siocair ar bith ann there was no reason whatsoever
" Go díreach ina dhiaidh sin, dúirt Ford nach raibh siocair ar bith ann a gcuirfí chun bóthair é.
spéis dá laghad no interest whatsoever
" Duine leisciúil leathstromptha a bhí ionam agus ní raibh spéis dá laghad agam a bheith páirteach in aon spórt d’aon chineál.