laistiar
on the west side
Corca Dhuibhne an cheoil, na rann is na n-amhrán!
Tá Gaelainn le clos ar bhéalaibh daoine ar fud na leithinise, go mór mhór
laistiar den Daingean.
iardheisceart
south-west
Tá paróiste Chill Chartha, idir chladach, ghleann agus chnoc, cuachta istigh idir paróistí na gCeall, Ard an Ratha agus Ghleann Cholm Cille, agus cósta thuaidh Bhá Dhún na nGall in
iardheisceart na contae.
iarthuaisceart
north-west
Beo!: Cén áit ar tógadh tú féin?
AH: Tógadh mé i mbaile darbh ainm Heemskerk in
iarthuaisceart na hÍsiltíre, faoi scáth Amsterdam.
as an iarthar i gcoitinne
from the west in general
Ní léir fós an ar dhaoine as an Astráil nó
as an iarthar i gcoitinne a bhí an t-ionsaí dírithe.
ar a dteitheadh siar
fleeing west
Breathnaigh ar bhóithre Bhaile Átha Cliath agus samhlaigh milliún duine
ar a dteitheadh siar ag an am céanna agus tuigfidh tú céard tá i gceist agam.
ar an Bhruach Thiar
on the West Bank
D'fhoilsigh an *New York Post *eagarfhocal a mhaígh gurb é Gerry Adams "Osama's Soul Brother" agus d'fhoilsigh scéalta fá bhuamaí IRA
ar an Bhruach Thiar, mar dhea.
is sia siar
farthest west
Deirtear gurb é ceann an Dúna Mhóir an píosa talún
is sia siar in Éirinn agus is minic a tugar "an paróiste is giorra do Mheiriceá" ar Dhún Chaoin, cé go bhfuil pobail eile ar chósta thiar na hÉireann a mbeadh an port céanna acu! Is é An Daingean an baile mór is giorra do Dhún Chaoin - isteach is amach le sé chiliméadar déag soir ó Dhún Chaoin ach, tá an fad cruinn ag brath ar cén treo a gheibheann tú nó cén córas iompair atá faoi do thóin.
ar bhóithríní an iarthair
on the narrow roads in the west
An loighic atá leis sin ná nach gá do na comhlachtaí sin earraí a iompar
ar bhóithríní an iarthair - agus go bhféadfadh siad eolas a scaipeadh ar mhótarbhealaí an idirlín ina ionad.
ar an chósta thiar thuaidh
on the north-west coast
Is
ar an chósta thiar thuaidh de Chontae Dhún na nGall, thart ar 10 míle farraige amach ó chéidh Mhachaire Rabhartaigh i nGaeltacht Chloich Cheann Fhaola, atá Toraigh suite.
iarthar
west
Ach is stíl fhidléireachta
iarthar an Chláir is mó chuaigh i gcion orm ag an aois sin.
iarthuaisceart
north-west
Má amharcann tú ar léarscáil na hÉireann, téigh chuig an
iarthuaisceart - is ansin atá leithinis Fhánaide suite.
iarthar
west
Rugadh agus tógadh Allen i nDroichead na Bandan in
iarthar Chorcaí agus fuair sé a chuid meánscolaíochta i Hamilton High School, scoil buachaillí a bhí lonnaithe sa bhaile agus nach raibh galántacht ar bith ag baint léi, in ainneoin an ainm.
ag imeacht siar
going west
Bhí an Ghaeltacht ann mar acmhainn agus thugas tréimhsí fada
ag imeacht siar.
iardheisceart
south-west
Tháinig mé ar fhógra Oideas Gael, scoil teanga agus chultúir i nGleann Cholm Cille in
iardheisceart Dhún na nGall, agus bheartaigh mé ar dhul ansin mar bhí beagán eolais agam ar an cheantar.
ar an taobh thiar
to the west
Tá an Cheathrú Rua suite ar leithinis, 26 míle siar ó chathair na Gaillimhe, sáite idir Cuan an Fhir Mhóir
ar an taobh thiar agus Cuan Chasla ar an taobh thoir.
iardheisceart
south-west
Tá sé beartaithe an struchtúr is airde ar domhan, túr 1,000 méadar ar airde, a thógáil i gceantar Buronga in
iardheisceart New South Wales, 25 ciliméadar soir ó thuaidh ó Mildura.
iarthar
west
Ar tharla sé riamh in
iarthar Bhéal Feirste gur nocht ball de chuid an RUC a anam do phobal mór náisiúnach?
Ainneoin gur carachtar i ndráma é an t-iarphóilín, dearbhaíonn McKeown agus Campbell go bhfuil siad dílis do na barúlacha a fuair siad agus iad ag plé le fíorbhaill den RUC.
níos faide siar
farther west
Bhí na hOllannaigh i mbun na Indinéise fosta, atá
níos faide siar ó Phapua Thiar.
díothófar mhuintir Phapua Thiar
the people of Papua West will be wiped out
Dúirt sé leis an Aire: "Caithfidh an pobal idirnáisiúnta cur in aghaidh fhlaitheas na hIndinéise, nó
díothófar mhuintir Phapua Thiar ina dtír féin taobh istigh de chúig bliana is fiche.
iardheisceart
south-west
Tá Tír an Fhia suite in oileán Ghorumna, in
iardheisceart Chonamara, thart ar shé mhíle is tríocha ó chathair na Gaillimhe.
iarthar na Breataine Bige
the west of Wales
Chomh maith le himeachtaí áitiúla, tá MBT ag breathnú taobh amuigh den cheantar leis an tionscadal CCAT (Cultural Co-operation and Touring), tioncadal idir oirdheisceart na hÉireann agus
iarthar na Breataine Bige.
an mhuintir thiar
the people of the west
" mar a deir
an mhuintir thiar, agus an ceart acu ar ndóigh.
chósta thiar
west coast
Is é "Íle Ghlas" a thugtar ar Oileán Íle go traidisiúnta - cionn is go bhfuil sí an-torthúil i gcomparáid le hoileáin eile amach ó
chósta thiar na hAlban.
líne an chósta thiar
the west coast line
Thóg an turas dhá uair sa bhreis mar go raibh
líne an chósta thiar dúnta agus b'éigean dom camchuairt a dhéanamh trasna na tíre.
iardheisceart Shasana
south-west England
Bhí sí lonnaithe i gCanterbury agus ag obair le grúpaí mórthimpeall
iardheisceart Shasana, ag eagrú imeachtaí traenála agus ag iarraidh cúrsaí bainistíochta a fheabhsú.
ag taisteal siar
travelling west
"
Tá an cineál céanna muintearais le sonrú i nGaillimh chomh maith, dar léi, agus is breá léi a bheith
ag taisteal siar.
thiar
in the west
Tá splanc dóchais ann do mhuintir bhocht Ráth Cairn: tá an rialtas sásta deontas fial flaithiúil a chur ar fáil le cuidiú leo an cac bó a ghlanadh amach as na ballóga
thiar.
iarthar
west
Thosaigh daoine ón oirthear ag teitheadh chuig an
iarthar ag lorg saol ní ba shaoire agus deiseanna taistil agus oibre.
chun tuirlingt san iarthar
to land in the west
Léim roinnt mhaith daoine amach a bhfuinneoga roimhe sin
chun tuirlingt san iarthar.
as go brách leis siar an bealach
off he went west
Chroch Bertie suas a threabhsar agus a mhisneach, d’fhág slán ag a chairde béalfhliucha i dTigh Fagan’s, agus
as go brách leis siar an bealach.
ag bogadh siar
moving west
Tá Gaeltacht Chonamara faoi bhrú de bharr é a bheith buailte le cathair bhríomhar atá ag síorfhás agus a bhfuil a cuid bruachbhailte
ag bogadh siar de réir a chéile.
iarthar
west
Thosaigh daoine ón oirthear ag teitheadh chuig an
iarthar ag lorg saol ní ba shaoire agus deiseanna taistil agus oibre.
chun tuirlingt san iarthar
to land in the west
Léim roinnt mhaith daoine amach a bhfuinneoga roimhe sin
chun tuirlingt san iarthar.
iarbhreataineachais
west-Britainism
Tá rún docht daingean agam an Daingean a bheith ina dhaingean in éadan galldachais agus seoinínteachta agus
iarbhreataineachais agus seasfaidh mé go daingean le mo rún docht daingean!”
Thall sa chúinne bhí Tricky Dickie Roche ag maíomh as a phlean eachtrúil don samhradh – *safari *go Teamhair na Rí.
Phoblacht Phoblachtánach Shóisialach Iarthar Bhéal Feirste
the Republican Socialist Republic of West Belfast
Dá mbeadh údar *The Necessity for de-Anglicising Ireland *beo, seans maith go mbeadh taom croí aige!
Níl a fhios agam cad é a shílfeadh An Craoibhín Aoibhinn nó Pádraig Mac Piarais dá bhfeicfeadh siad an t-ómós seo d’fhoireann sacair Sasanach i lár
Phoblacht Phoblachtánach Shóisialach Iarthar Bhéal Feirste.
iarthar
west
Thosaigh daoine ón oirthear ag teitheadh chuig an
iarthar ag lorg saol ní ba shaoire agus deiseanna taistil agus oibre.
chun tuirlingt san iarthar
to land in the west
Léim roinnt mhaith daoine amach a bhfuinneoga roimhe sin
chun tuirlingt san iarthar.
ar an taobh thiar de leithinis na nAirde
on the west side of the Ards peninsula
I measc a chuid ridirí bhí William Savage (nó Sauvage sa Fhraincis), a thóg caisleán agus eaglais ag Ard Caoin,
ar an taobh thiar de leithinis na nAirde.
murach fhir an iarthair
if it wasn't for the men from the west
I ndáiríre,
murach fhir an iarthair, ba dheacair gan a bheith rud beag éadóchasach faoi dhul chun cinn na hiomána ach, faoi mar a tharla i ndeireadh na seachtóidí, tá iománaithe na Gaillimhe tar éis dúshlán na “mbuachaillí móra” a thabhairt.
siar thar Sionainn
west over the Shannon
Ar an ábhar sin, móide feabhas a gcuid iománaíochta, fógraím go hard gurb í foireann sinsear iomána Chorcaí foireann na bliana!
Maidir le taispeántas na bliana téann an gradam
siar thar Sionainn go dtí contae Gaeltachta eile.
san iarthar agus san oirthear
in the west and in the east
Ar chúiseanna áirithe,
san iarthar agus san oirthear, cuireadh an eite chlé faoi smacht,” ar sé.
cósta an iarthuaiscirt
the north-west coast
Ina dhiaidh sin, thaistil mé go
cósta an iarthuaiscirt, agus rinne mé turas lae go hOileáin Farne, ar tearmann éan iad.
cósta an iarthuaiscirt
the north-west coast
Ina dhiaidh sin, thaistil mé go
cósta an iarthuaiscirt, agus rinne mé turas lae go hOileáin Farne, ar tearmann éan iad.
atá de shíor ag bogadh siar
which is forever moving west
I gConamara, mar shampla, tá go leor de Chois Fharraige i mbaol a bheith slogtha isteach mar bhruachbhailte de Chathair na Gaillimhe,
atá de shíor ag bogadh siar.
lonnaithe ar chósta thiar na hAlban
based on the west coast of Scotland
Ciallaíonn sé seo go mbeidh tionscadail a bheas
lonnaithe ar chósta thiar na hAlban i dteideal cur isteach ar mhaoiniú trasteorann lena macasamhail in Éirinn.
ag cur faoi ar an chósta thiar
living on the west coast
Bhí an-cháil ar athair Natasha, Desmond Fennell, mar thráchtaire polaitiúil agus sóisialta ag an am agus b’in an obair a bhí ar bun aige agus an teaghlach
ag cur faoi ar an chósta thiar.
faoin gcur chuige a bhíonn ag an Iarthar i leith na hAfraice
about the West's approach as regards Africa
Bhí tuairimí acu faoi gach aon rud – faoin bhfadhb SEIF, faoin toghchán a bhí ann ag deireadh mhí Mheán Fómhair, faoi oibrithe na nEagraíochtaí Neamhrialtasacha,
faoin gcur chuige a bhíonn ag an Iarthar i leith na hAfraice agus araile.
a bhain go sonrach leis an iarthar
which were to do specifically with the west
Is cuimhin liom, mar shampla, nuair a tharla tragóid an 11 Meán Fómhair gur aimsigh na meáin Ghaeilge ár gcuid scéalta féin
a bhain go sonrach leis an iarthar agus leis an Ghaeltacht.
buíoch as a dtír nua laistiar den Aigéan Atlantach,
thankful of their new country west of the Atlantic Ocean,
Mar a thug na hoilithrigh altú do Dhia as teacht tríd an gcéad bhliain i 1620, agus mar a thug Lincoln altú as teacht slán na hAontachta in 1863, spreagtar daoine anois le bheith
buíoch as a dtír nua laistiar den Aigéan Atlantach, cibé Dia nó té a dtugann siad altú dó.
tabharfaidh siad aghaidh arís ar an chlochdhíseart thiar
they'll head again for the stony wilderness in the west
Agus fágfaidh muintir Ráth Cairn Glas na Mí talamh méith an chontae sin agus
tabharfaidh siad aghaidh arís ar an chlochdhíseart thiar a dtáinig siad siúd as.
ag fás aníos in iarthar Bhéal Feirste,
growing up in west Belfast,
Nuair a bhí mé féin
ag fás aníos in iarthar Bhéal Feirste, bhí pacáiste ar fáil do gach gasúr óg – cléireach altóra, ranganna damhsa Gaelach agus Cumann Lúthchleas Gael.
ag taisteal siar
travelling west
Mé
ag taisteal siar chuig an Ros Thiar.
sciathán thiar
west wing
Bhí Diarmuid bocht ag glacadh scíste ón dianobair a bhí ar siúl aige le deich mbomaite roimhe sin, é i ndiaidh a bheith ag treorú a chuid oibrithe sa dóigh ab fhearr leis na buidéil fholmha *champagne* a bhaint de ghrinneall a linn snámha caoga méadar i
sciathán thiar a thí.
iarthar na Breataine Bige
the west of Wales
An cúigiú agus an séú míle
23/6/07: Turas chuig
iarthar na Breataine Bige agus féile thráthnóna in Aberystwyth.
siar
west
Ach stop mé féin i mbrú i dTunga, áit álainn ar an chósta thart fá dheich míle
siar ó Bhlàran Odhar.
taobh thiar de
west of it
Le breis is cúpla scór bliain, tá na ceantair atá
taobh thiar de agus taobh thoir de Central Park, an Upper East Side agus an Upper West Side, athraithe go ceantair shaibhre.
ag titim i dtreo an iarthair
setting towards the west
Bhí deireadh an lae ag teannadh linn agus an ghrian
ag titim i dtreo an iarthair os cionn an Hudson.
chomh fada siar le
as far west as
An bhféadfadh sé gur eitil siad
chomh fada siar le Gleann Cholm Cille? Más amhlaidh a bhí, thiocfadh leis a bheith ina rud iontach ó thaobh an chomhshaoil agus na turasóireachta sa cheantar, mar atá in Oileán Muile in Albain.
in iarthar Chontae Átha Cliath
in west County Dublin
Naoi mbliana ó shin a bunaíodh cumann CLG Chaisleán Cnucha
in iarthar Chontae Átha Cliath agus cheana féin tá Craobh na hÉireann gnóthaithe.
na hIndiacha Thiar.
the West Indies.
Rinne fíodóirí éadach ansin a bhíodh mar chuid den trádáil idir Londain agus
na hIndiacha Thiar.
na hIndiacha Thiar
the West Indies
D’fhás an baile go mall; bhí tráchtáil sheasta le hÉirinn i gceist ar dtús, agus níos moille rinneadh siúcra agus tobac a thrádáil leis
na hIndiacha Thiar agus le Virginia.
san iarthar,
in the west,
Chuaigh Taranaki chuig áit
san iarthar, agus tá rian a thurais le feiceáil go fóill in abhainn an Whanganui.
a d'imrítí idir seaimpíní an oirthir agus an iarthair.
which used to be played between champions of the west and champions of the east.
Sa bhliain 1916, bunaíodh cluiche an Rose Bowl,
a d'imrítí idir seaimpíní an oirthir agus an iarthair.
thiar i gConamara,
back (west) in Connemara,
Scríobh Tom scéal cúlrach a bhain le hácaeirí na Gaillimhe
thiar i gConamara, scéal cúlrach a dhéanfadh scéal na lads 30 bliain níos moille níos sothuigthe.
sna hIndiacha Thiar
in the West Indies
Níos luaithe i mbliana, ghlac foireann cruicéid na hÉireann páirt i gCraobh an Domhain – a bhí ar siúl
sna hIndiacha Thiar – agus d’éirigh níos fearr léi ná mar a rabhthas ag súil leis.
tá urraim ag pobal náisiúnach Iarthar Bhéal Feirste dá ainm.
His name is revered in Nationalist West Belfast
Mar sin, cén fáth a bhfuil muid ag rá gur laoch é an fear seo? Níos measa fós,
tá urraim ag pobal náisiúnach Iarthar Bhéal Feirste dá ainm.
i leith mhuintir an Iarthair Láir
towards the people of the Mid-West
Mar a pléadh in eagarfhocal *Beo!* an mhí seo caite, tá fuarchúis an Rialtais
i leith mhuintir an Iarthair Láir ina ceist mhór i measc thoghthóirí an cheantair sin.
cuid de thoghcheantar Iarthar Bhéal Feirste
party of the West Belfast constituency
Is é an páirtí is mó i gComhairle Bhéal Feirste é Sinn Féin agus anuas ar na daoine tofa, tá arm *apparatchik* ag feidhmiú ar a shon – ach ní thig leo a dhath a dhéanamh fán ainriail atá ag scrios
cuid de thoghcheantar Iarthar Bhéal Feirste nó infheistíocht fhiúntach a mhealladh go hiarthar na cathrach.
san Iarthar.
in the West
Ach an bhfuil bunús ar bith le líomhaintí na Síneach? Neamh ar thalamh, nó *Shangri-La,* a bhí sa Tibéid roimh theacht na Síneach, dar le go leor daoine
san Iarthar.
iarthar na hAlban
west of Scotland
Is furasta taisteal go dtí an t-oileán álainn seo ar thuras bóthair nó iarnróid trí ghleannta is shléibhte sciamhacha maorga, agus feadh lochanna mórthaibhseacha
iarthar na hAlban.
i bpobal gníomhach Gaelach iarthar Bhéal Feirste
in the active Irish language community of West Belfast
Tá an páipéar préamhaithe go hiomlán
i bpobal gníomhach Gaelach iarthar Bhéal Feirste agus is cinnte go dtugtar léargas maith ann ar shaol cultúrtha agus ar riachtanais an cheantair sin.
Iarthar
West
Tá an turas iomlán breis agus 800 ciliméadar ar fhad agus síneann sé ó Saint Jean Pied de Port – ar baile beag é atá suite ar an teorainn idir an Fhrainc agus an Spáinn – go dtí Santiago de Compostela in
Iarthar na Spáinne.
ar chósta thiar
on the west coast
Deir daoine nach gcríochnaíonn sé, i ndáiríre, go dtí go mbaintear amach Finisterre, baile atá suite
ar chósta thiar na Spáinne.
in iarthar Bhaile Átha Cliath
in west Dublin
Cuir i gcás, Baile an Tíarailigh, An Ongár agus na bailte nua ar fad
in iarthar Bhaile Átha Cliath a tógadh le dornán blianta anuas agus a díoladh ar phraghsanna móra.
tacaíocht an Iarthair
support of the west
Ba mar gheall ar chúrsaí gáis a chaill Shevardnadze
tacaíocht an Iarthair chomh maith, is cosúil.
iarthar fiáin
wild west
Bhí grianghraf den triúr againn a raibh cuma ‘wanted poster’ as
iarthar fiáin Mheiriceá air.
iarthar
west
Caithfear a rá nár thuig mé i gceart a láidre agus a thapúla is a bhíonn an cineál falscaí a tharlaíonn go rialta san Astráil, go dtí gur bhuail stoirm olldóiteáin na bruachbhailte in
iarthar Canberra sé bliana ó shin.
iardheisceart
south west
Fuadach feidhmeannaigh
Agus a chúis acu! D’fhuadaigh oibrithe i monarcha de chuid Sony, gar do Dax in
iardheisceart na Fraince, an príomhfheidhmeannach atá acu nuair a fógraíodh go ndúnfaí an mhonarcha i mí Aibreáin.
ghlór an iarthair
voice of the west
Ach an dtabharfaidh sé faoina gcomhnascadh? Gan a bheith chomh héifeachtach céanna mar Aire Tuaithe agus mar
ghlór an iarthair agus teipthe ar a bheartas taidhleoireachta i dtaobh conspóid phíobán gáis na Coiribe a réiteach.
iarthar na cathrach
the west of the city
Suite ar mhullach cnoic gar do cheantar La Défense in
iarthar na cathrach, ba champa míleata an Mont Valérien ó lár an naoú haois déag.
iarthar domhain
west(ern world)
An Dia Beag, ‘Cabhail’ na Cáile
Glacaimis mar shampla, cultas an chlú atá coitianta in
iarthar domhain, go háirithe.
iarthair
of (the) west
Bhíodh seanteangacha a raibh cuma an
iarthair orthu – an fhuaim ‘k’ in áit ‘s’ ar ‘cent’ agus ‘celt’, abair – i dtreis i bhfad fadó san áit sular tháinig an Tuircis ina neart ann.
Bhruach Thiar
West Bank
Tá balla mór na Síne ann, balla Hadrian, balla Antonine, bhíodh balla clúiteach i mBeirlín agus tá an-chonspóid ar siúl faoi láthair faoi na ballaí atá na hIosraelaigh á dtógáil ar an
Bhruach Thiar.
iarthar
west
In
iarthar na cathrach, thart ar 40 nóiméad ar an traein ó Ardeaglais Notre Dame i gceartlár Pháras, atá an baile St Germain-en-Laye.
aniar
from the west
Tá an aimsir fóirsteanach arís do nádúr an Ghaeil: an díle anuas orainn agus an ghaoth fhuar aithrinneach ag séideadh aduaidh agus aneas agus anoir agus
aniar ag an am céanna.
iardheisceart
south west
Osclaíodh An Clachán, iarsmalann dúiche a léiríonn trí chéad bliain de shaol teaghlaigh in
iardheisceart Thír Chonaill sa bhliain 1987.
iarthar
west
Tá Ogiek eile in
iarthar na Céinia is in iarthuaisceart na Tansáine agus áirítear gurb ann do 40,000 díobh san iomlán.
iarthuaisceart
north-west
Tá Ogiek eile in iarthar na Céinia is in
iarthuaisceart na Tansáine agus áirítear gurb ann do 40,000 díobh san iomlán.
Bhuaigh an t-iarthar
the west won
Bhuaigh an t-iarthar anuraidh é agus chaithfimid é a bhuachtaint aríst.
iarthar
west
’
Mar a deir Cathal Póirtéir sa leabhar: ‘Rinne an Gorta scrios i bhfad níos measa ar na ceantair Ghaeltachta in
iarthar agus in iardheisceart na tíre ná mar a rinne sé sa chuid eile den tír.
iarthuaisceart
north-west
Ar 5 Lúnasa bheag seo thug réamhaisnéiseoir leis an tSeirbhís Oighir i gCeanada, Trudy Wohlleben, go raibh oileán mór oighir tar éis sceitheadh ón oighearshruth Petermann in
iarthuaisceart na Graonlainne.
Gwynedd
north-west Wales
Ach níor éirigh liom mórán ama a chaitheamh i
Gwynedd, sin an fáth go bhfuil Gaeilge níos fearr agam.
iardheisceart
south west
Bhog an teaghlach go Polkowice, baile beag in
iardheisceart na Polainne, nuair a bhí sí seacht mbliana d’aois, áit a bhfuil a tuismitheoirí fós ag cur fúthu.
Iarthair
West
ó Shligeach-Liatroim, Jimmy Devins agus Éamonn Scanlon, nach dtagann faoi aoireacht Fhianna Fáìl ach a vótáileann leis an rialtas i gcónaí;
- sa bhfreasúra tá 75 vóta idir FG (51), LO (20) agus SF (4);
- tá ochtar neamhspléach ann, triúr acu a mbíodh sé de nós acu vótáil i gcónaí leis an rialtas de bharr socruithe speisialta a bhí déanta leo, ’siad san, Jackie Healy-Rae, Michael Lowry agus Noel Grealish ach tá Grealish, tar éis a thacaíocht a tharraingt siar de bharr na giorruithe atá déanta ag an HSE i réigiún an
Iarthair;
- tá triúr easantóirí eile de chuid Fhianna Fáil atá ag bagairt vótáil in aghaidh an rialtais, ’siad san, Mattie Mc Grath, Joe Behan agus James Mc Daid;
- Tá beirt neamhspléach eile ar thaobh na heite chlé, Finian Mc Grath agus Maureen O Sullivan, nach mbeidh in ann tacú leis an gcéad Cháinaisnéis eile.
iarthar
west
Deich mbliana ó shin agus mé ag obair do nuachtán in
iarthar Bhéal Feirste, hiarradh orm scairt ghutháin a chur ar pholaiteoir Aontachtach ar Bhóthar na Seanchille le ceist a chur air an mbeadh sé sásta dá mbogfaí an balla síochána siar mar bhíothas ag iarraidh tuilleadh tithe ‘Caitliceacha’ a thógáil i gceantar Chluain Ard ach nach raibh an spás ann dóibh.
Thiar
west
Cinnte, táim sa phríomhchathair le fada an lá anois agus bhí de phribhléid agam tacú le muintir Bhaile Átha Cliath
Thiar, an Dáilcheantar úd, ar feadh deich mbliana, agus ansin, a bheith curtha isteach i bPairlimint na hEorpa, ag an daonra ar fad abair, idir chathair agus chontae.
buadh an tIarthar
the West was won
Nach raibh traenacha ann i Meiriceá le fada an lá? Nach leis na traenacha a ‘
buadh an tIarthar’? Céard a tharla do na traenacha seo go léir?
An carr, faraor.
muintir an Iarthair
the people of the West
Is follasach an tubaiste maidir leis na Pailistínigh gan amhras, ach go dtí le gairid, bhí
muintir an Iarthair dallta ar an tubaiste seo ag a gcuid ciníochais agus claontacht na meán, dar leis.
iarthar
west
Ba é Conn - a mhair idir 1480 - 1559 - céad Iarla Thir Eoghain ach tá an droichead áirithe seo inniu in
iarthar Chathair Bhéal Feirste, ceann de na ceantracha is dílse dá bhfuil ann.
iarthar
west
Cé go mbaineann an scannán seo le pobal beag tuaithe ar imeall an Atlantaigh ar chósta
iarthar na hÉireann, is scéal domhanda é an caidreamh atá ag pobail bheaga le tionscal an ola.