Pota Focal Intergaelic
Gluais TíHouse Glossary Gluais Beo!Beo! Glossary TeasárasThesaurus BriathraVerbs
corr weird
" "Duine corr," a dúirt mé liom féin agus lean mé ar aghaidh ina threo.
fuaimeanna aisteacha weird sounds
" Nuair a thiteadh an tóin as an chomhrá ar fad d’fhéadfá i gcónaí triail a bhaint as seanchleas éigin, mar shampla tusa fuaimeanna aisteacha a dhéanamh isteach sa ghuthán agus do chara tomhas cad a bhí á dhéanamh agat.
blas aisteach weird accent
" An raibh sé tar éis suí trí cheacht staire le déanaí faoi Chíréibeacha Coinscríofa Nua-Eabhrac? An bhfuair sé *Gangs of New York* ar cíos ón siopa físeán ag súil le Ja Rule agus Jay Z agus 50 Cent a fheiceáil, agus ina áit sin go bhfaca sé na boic gheala seo agus blas aisteach ar a gcuid cainte, ag caitheamh daigéar ar a chéile? Sea, tá sé dian bheith ag iarraidh 30 páiste a choinneáil ag obair agus a choinneáil ciúin, agus teagmháil a dhéanamh leo ar bhealach ar bith.
le dul i mbun a gcleachtas aisteacha aduaine, to undertake their strange, weird practices,
" Tá an t-am sin den bhliain anuas arís, a léitheoirí: an uair a thagann muintir na Gaeltachta agus muintir na Gaeilge - ar bhur n-anam, ná measctar an dá dhream riamh - le chéile i mbaile mór inteacht taobh amuigh den phríomhchathair le dul i mbun a gcleachtas aisteacha aduaine, i bhfad óna muintir is óna ngaolta, i bhfad ó shúil ghlinn na meán cumarsáide, agus i bhfad ó cheamara *Ócáidí Odi*.
mo bhlas aisteach weird accent
" Bhraith daoine go raibh pearsantacht ait agam agus níor thaitin mo bhlas aisteach leo ach an oiread.
aisteach strange, weird
" Shílfeá nach réiteodh an dá shaghas ceoil lena chéile in aon chor agus táim cinnte go mbeadh an meascán áirithe sin tubaisteach dá ndéanfadh duine éigin eile é.
saoithiúil crazy, weird
" Cá dtosóidh mé? Mothaíonn sé gur sa chianaimsir a bhí muid ag treabhadh frí oilbhéim Iris Robinson agus sinn ag dréim go mór le tuilleadh scéalta fá iompar drúisiúil ar chúl na gcuirtíní lása, ach go tobann, in áit an uafáis, tháinig an pholaitíocht chun cinn ar mhodh thar a bheith saoithiúil.
dearcadh aisteach a weird view
" Athshealbhú na Briotáinise =============== Ar bhealach, bhí an ceol i bhfad níos éasca a athshealbhú ná an teanga, mar, cosúil le cás na hÉireann, bhí dearcadh aisteach i gcoinne na teanga mionlaithe agus mar gheall ar í a bheith nasctha le fada an lá le polaitíocht ar leith.
saoithiúil weird, ironic
" Shíl mé go raibh sé saoithiúil mar ní raibh an abhainn Ribble ar amharc ná ar éisteacht.
aduain weird
" Scaoileann Ciarán Mac Aonghusa le féith na fealsúnachta in iarracht a theacht ar thuiscint éigin ar scéal aduain a thit amach san Ostáir ar na mallaibh, scéal mhuintir Fritzl.
saoithiúil crazy, weird
" Tá Robert McMillen den bharúil gur saoithiúil an dóigh a athraíonn saol na polaitíochta i bhfaiteadh na súl.