Pota Focal Intergaelic
Gluais TíHouse Glossary Gluais Beo!Beo! Glossary TeasárasThesaurus BriathraVerbs
fíodóireacht weaving
" Tharla an rud céanna do thionscal na fíodóireachta agus na lásadóireachta tar éis an chogaidh freisin, agus luaitear fiú an iomaíocht ón tSín agus ón tSeapáin - ní le déanaí a tháinig an tíogar Áiseach chun cinn! Tá an díospóireacht chéanna ar siúl na laethanta seo faoi mhífheiliúnacht na Gaeltachta do chomhlachtaí ardteicneolaíochta de bharr easpa línte ISDN.
fhíodóireacht weaving
" Is í áilleacht an cheantair an spreagadh atá taobh thiar de go leor den saothar agus é léirithe trí mheáin éagsúla, ina measc, uiscedhath agus ola chomh maith leis an fhíodóireacht.
D'fhigh sé he weaved
" D'fhigh sé a bhealach anonn ar an taobh eile den charr, chuile dhuine ag súil nach mbearnódh sé a radharc mantach féin agus iad réidh le taobhchéim chiúin a thógáil dá seasfadh sé rompu.
ghréasán tagartha a fhí to weave a web of reference
" Iarracht atá sa léitheoireacht seo ar fad ar ghréasán tagartha a fhí as na snáithíní eolais a bhíonn á gcruinniú agus á scaipeadh de shíor ag iomghaoth m'aigne; iarracht ar thaithí agus ar fhoghlaim áirithe a ghreamú sa ghréasán sula roiseann an díchuimhne iad.
ghréasán tagartha a fhí to weave a web of reference
" Iarracht atá sa léitheoireacht seo ar fad ar ghréasán tagartha a fhí as na snáithíní eolais a bhíonn á gcruinniú agus á scaipeadh de shíor ag iomghaoth m'aigne; iarracht ar thaithí agus ar fhoghlaim áirithe a ghreamú sa ghréasán sula roiseann an díchuimhne iad.
chré-umha fite woven bronze
" Is cúrsaí inscne atá á scrúdú sa phíosa seo fosta ina bhfuil siorc, a fheictear mar shiombail ionsaitheach go minic, le feiceáil ina sheasamh mar bhod ach a bhfuil cruth banúil air mar go bhfuil cíocha ar a bhrollach agus gúna air de chré-umha fite.
shníomh weave
" Seo an seans anois acu bheith ina John Le Carré-anna agus rian den* film noir* a shníomh isteach ina gcuid scéalta.
a shníomh isteach to weave into
" Le cois logainmneacha agus ainmneacha pearsanta, nach ndearnadh mórán athruithe orthu riamh, tá claonadh anois “cúpla focal” Maoraise a shníomh isteach i gcomhrá Béarla - i gcás daoine nach bhfuil ach na nathanna gearra cainte sin ar eolas acu, fiú.
a fhí isteach to weave in
" Tá Lunny ag léamh mhórshaothar Sheosaimh Mhic Grianna, *Mo Bhealach Féin*, faoi láthair agus tá sé beartaithe aige sleachta as an leabhar sin a fhí isteach sna píosaí ceoil atá á scríobh aige d’Fhéile an Earagail.
Shníomh wove
" Leanann muid Sands tríd na laethanta léanmhara seo agus feiceann muid a chorp ag meath go dtí nach bhfuil fágtha de ach cnámha agus craiceann, craiceann atá beagnach tréshoilseach agus clúdaithe le cneánna Shníomh Fassbender é féin go domhain isteach sa ról agus tá sé deacair do shúile a bhaint de agus é ag dul fríd an mheath mharfach seo.
fhí knit, weave
" Bhí mé ábalta an cód s’acu a fhí isteach sa teimpléad a dhear mé féin agus ar aghaidh liom.
á shnaidhmiú being woven
" Ba é seo an mórcheangal eadrainn an samhradh sin agus muid ag druidim go mall óna chéile agus saol an duine fhásta á shnaidhmiú féin ionainn.
cur geas weaving spells
" Sna finscéalta, is iad na mná rua a bhí dána agus a bhí ag mealladh fir agus ag cur geas.
Sníomhann weaves
" Sníomhann fuachteití éan,oighear-ré,sin mo scéal.
sruthlú to wind, weave
" Ligim dó sruthlú timpeall im’ aigne.
Shníomh wove
" Shníomh Séamus é féin ann, mhúch sé a cheannaire le barróga, d’fhliuch sé é le deora, thriomaigh sé é le hiliomad cóipeanna den *Irish Times*.
Fite woven
" Anamreo agus Gáirsiúlacht Fite Tríd =================== Líonann an sáraisteoir Jacki Weaver ardsála Maimeó ‘Smurf’ Cody le gáirsiúlacht bhagarthach.
Sníonn weaves
" Sníonn an dubh trí gach gile inti, agus tá lorg éigin na gile i ngach dubh.
dhéantús caoladóireachta woven laths/willow
" Ba de dhéantús caoladóireachta móide tuí agus buarán na botháin, ar nós tithíocht go leor dár sinsear féin.
Sníomhann weaves
" Sníomhann Lee Chang-dong snáitheanna uilig an scéil le chéile chun taipéis shaibhir bhrócáidiúil a chruthú.
fuáilte woven, knitted
" Chomh Marbh le hArt ======= Is “polemic” é an drama, atá faoi stiúir Willie White, ach ní dóigh liom go n-éiríonn sé leadránach nó tuirsiúil ag aon phointe mar tá ceol, filíocht agus guthanna na Gaeilge fuáilte isteach tríd síos.
damhán alla ag fí neide a spider weaving a web
" “Nó damhán alla ag fí neide le daoine a tharraingt isteach inti, b’fhéidir!” a dúirt Balor an Bhéil Bhinn nuair a chuala sé faoin fheachtas atá ar siúl.
shníonn ina chéile woven together
" Is iomaí gné a shníonn ina chéile i ngréasán greanta a cuid filíóchta; tá an teanga, an dúchas, an béaloideas, an litríocht, a taithí saoil agus meabhrach; tá an cumas éachtach sin trína n-éiríonn léi an meafar bíogach soilseach a chruthú, ag fí na ngnéithe sin ar a chéile go healaíonta gan d'ornáidíocht ach maise na háille.
ag fí na ngnéithe sin weaving those aspects
" Is iomaí gné a shníonn ina chéile i ngréasán greanta a cuid filíóchta; tá an teanga, an dúchas, an béaloideas, an litríocht, a taithí saoil agus meabhrach; tá an cumas éachtach sin trína n-éiríonn léi an meafar bíogach soilseach a chruthú, ag fí na ngnéithe sin ar a chéile go healaíonta gan d'ornáidíocht ach maise na háille.
ní mar a síltear a fítear the weave and weft may go anyway – you never know
" Ach – mar a dúirt an fíodóir lena mhac – ní mar a síltear a fítear.
Shníomhfadh scoil chumasach mar sin a powerful school like that would weave
" Shníomhfadh scoil chumasach mar sin an dá phobal ina chéile arís, Gaeltacht agus Galltacht, agus chiallódh sé go mbeadh stócaigh is girseacha ag tabhairt aghaidh ar an tríú leibhéal nuair a bheadh dhá theanga go leith acu, go cumasach is go cliste, in ionad a bheith ina gcuid English monoglots ar meisce ag lorg troda i dteach leanna i lár an lae.
fite woven
" Ní dócha go bhfuil bláthanna fite aige ina chuid gruaige áfach.
Sníonn weaves, winds
" Sníonn síolteagasc an fhoréigin anuas ó ghlúin go glúin agus ar thug tubaiste Vítneam ar mhuintir Mheiriceá, dar le Maidhc Ó Cathail, is é an síolteagasc céanna a tharraing isteach san Iaráic, san Afgánastáin agus go fiú, i spéartha Vasaíriostáin iad.