Pota Focal Intergaelic
Gluais TíHouse Glossary Gluais Beo!Beo! Glossary TeasárasThesaurus BriathraVerbs
na vótálaithe seasta the core voters
" In olltoghchán na bliana 1997 bhí caint ar na vótaí inaistrithe agus ar na suíocháin imeallacha ach tá a lán cainte an t-am seo faoi míshásamh agus easpa suime na vótálaithe seasta.
chuir siad dallamullóg ar vótóirí na hAstráile they hoodwinked Australian voters
" Fuarthas amach le deireanaí gur chuir siad dallamullóg ar vótóirí na hAstráile.
vótálaithe voters
" Mar chuid den fheachtas toghcháin, sheol sé amach 12 milliún cóip dá dhírbheathaisnéis, *Una Storia Italiana*, chuig vótálaithe, rud a mheastar a chosain suas le $20 milliún a dhéanamh.
vótóirí breise extra voters
" Ach an meallfadh an lánúin seo, an SDLP agus Fianna Fáil, vótóirí breise ó thuaidh? Ní dócha go meallfadh.
vótóirí voters
" Ach cad iad na ceisteanna móra atá na hiarrthóirí ag cur chun tosaigh? Cé aige a bhfuil a fhios? Níl polaiteoirí ná vótóirí na Sé Chontae aibí go leor le tábhacht, tionchar ná todhchaí na hEorpa a phlé go mion agus go húdarásach.
dul i bhfeidhm ar na vótóirí to make an impression on the voters
" Gach uair a d'oscail an tAire Dlí agus Cirt, Michael McDowell, a bhéal ag cáineadh Shinn Féin, mhéadaigh vóta an pháirtí sin agus rinne sé ní ba dheacra é do sheanfhondúirí a pháirtí féin agus Fhianna Fáil dul i bhfeidhm ar na vótóirí.
vótóirí aonair individual voters
" Tá macasamhail an nóis Mheiriceánaigh seo na nithe a gcreideann tú féin go pearsanta iontu a léiriú don saol mór le feiceáil sa chóras polaitiúil chomh maith; tá baill d'eagraíochtaí polaitiúla de chuid an ghnáthphobail páirteach sa rialtas, agus vótóirí aonair ag cur a gcuid tuairimí in iúl don phobal, ag súil gur féidir leo dul i bhfeidhm ar pholasaithe náisiúnta.
vótóirí voters
" Leabhar nua ======= Anois, tá Marlin tar éis tabhairt faoi thionscadal faoi bhlocvótóirí i bhfad níos mó ó thaobh líon daoine agus tionchair de.
formhór na vótóirí most of the voters
" An tseachtain seo caite, go díreach, in Florida, chuaigh 60,000 ballód neamhláithreach ar iarraidh i gcontae ar Daonlathaigh iad formhór na vótóirí, agus níltear ag tabhairt deise ach do chuid de na daoine sin vóta a chaitheamh arís.
lucht vótála na heite deise, right-wing voters,
" Seachas breathnú orthu mar áiteanna a chuirfeadh coirpigh ar atreo, tá daoine, go háirithe lucht vótála na heite deise, ag iarraidh go gcuirfí pionós ar phríosúnaigh thar a dtréimhse ar fad sa phríosún.
bunús na vótóirí ó dheas most of the voters in the south
" Measann bunús na vótóirí ó dheas gur páirtí ón taobh amuigh é Sinn Féin agus chuidigh béim Adams ar phróiseas na síochána leis an dearcadh sin.
vótóirí dílseacha loyalist voters
" Agus sin á dhéanamh acu, ámh, tá na hiarrthóirí ag dul sa seans nach gcaillfidh siad sciar suntasach de vótóirí dílseacha an pháirtí atá ar son an chogaidh go fóill.
vótóirí iarchéime post-graduate voters
" Cuid acu trí liosta vótóirí iarchéime ollscoile; cuid eile ó phainéil éagsúla atá in ainm is a bheith ionadaíoch ar shochaí na hÉireann; agus aon duine dhéag a roghnaíonn Taoiseach an lae.
vótálaithe comhlúthacha swing voters
" Ach bhain sé sárúsáid as bearta scanraithe le heagla a chur ar vótálaithe comhlúthacha a raibh sé ar intinn acu tacaíocht a thabhairt don ALP.
toghthóirí voters
" Chaith beagnach 54 faoin gcéad de na toghthóirí a vóta, an ráta vótála is airde sa Pholainn ó thoghchán na bliana cinniúnaí 1989 ann.
d'fhan lear mór vótálaithe óga sa bhaile, a big proportation of young voter stayed at home
" In 2005, thug an ciniceas agus an fhuarchúis an svae leo agus d'fhan lear mór vótálaithe óga sa bhaile, ag ligean dá dtuismitheoirí agus dá seantuismitheoirí PiS a thoghadh chun an Sejm.
le cruthú do thoghthóirí to prove to voters
" Níl mórán déanta ag baill an Chomhrialtais ó aimsir an olltoghcháin le cruthú do thoghthóirí go bhfuil sé ar intinn acu na gealltanais ar fad a chomhlíonadh a rinne siad agus iad i mbun feachtais.
Bhí sé ag iarraidh eagla a chur ar na vótálaithe, he wanted to scare voters
" Bhí sé ag iarraidh eagla a chur ar na vótálaithe, ag maíomh go ndéanfaí praiseach den gheilleagar dá dtoghfaí an freasúra.
ar thoghlach na hÉireann, on the voters of Ireland
" Cuireann sé seo ualach faoi leith ar thoghlach na hÉireann, agus beidh aird an domhain dírithe orainn.
nár cuireadh toghlach na Fraince that the voters of France
" Ach cén mhaith é guth a thabhairt dúinn mura nglacfar le toradh an ghutha sin? **Conradh Nice**Nuair a dhiúltaigh Éire do Chonradh Nice sa bhliain 2001, eagraíodh reifreann eile go luath ina dhiaidh sin lena chinntiú go bhfaighfí an toradh ceart! Bheadh sé doiligh go leor don AE a leithéid a dhéanamh arís an iarraidh seo, go háirithe ó tharla nár cuireadh toghlach na Fraince agus na hÍsiltíre go dtí an cúinne dalba nuair a dhiúltaigh siadsan don Bhunreacht.
pobal vótála bhaile an Daingin voters of Daingean
" Ach i ndeireadh an lae, tar éis obair Uí Chuív, Joe O’Toole, Roche, Gormley, Healy Rae, baill de Chomhairle Contae Chiarraí, agus pobal vótála bhaile an Daingin tá an *status quo* ann i gcónaí.
ag clárú mar thoghthóirí registering as voters
" I stáit mar Georgia, Alabama, agus South Carolina – a bhfuil pobail mhóra ghorma iontu – níor tharla sé riamh go raibh an oiread céanna daoine gorma ag clárú mar thoghthóirí ó aimsir na gcearta sibhialta amach.
dá dtoghfadh na vótálaithe an t-uachtarán if the voters elected the president
" Ach bhí mionlach nach beag de na poblachtaigh den tuairim go mbeadh sé níos oiriúnaí dá dtoghfadh na vótálaithe an t-uachtarán, mar a tharlaíonn in Éirinn.
lucht vótála na hÉireann voters of Ireland
" Ba iad na rudaí ba mhó a bhí ina n-údar imní ag lucht vótála na hÉireann ná nach mbeadh coimisinéir Eorpach ag na hÉireannaigh ar feadh tréimhsí áirithe agus go dtiocfadh athrú ar ár neart vótála san Aontas; go mbeadh grúpaí mar fheirmeoirí thíos le cuid de na forálacha sa Chonradh; go gcuirfí comhchuibhiú fiosach i bhfeidhm; go ndéanfaí maolú ar chearta oibrithe na tíre agus go mbeadh easpa freagrachta daonlathaí i gceist dá ndaingneofaí an Conradh.
Ach dhírigh na vótálaithe a n-aird ar pholasaithe eile but voters focused their attention on other policies
" Ach dhírigh na vótálaithe a n-aird ar pholasaithe eile le linn an fheachtais agus theip ar Latham.
toghthóirí voters
" Níl ach dhá mhí fágtha idir seo agus an 4 Samhain, an lá a bheidh an toghchán úd ar siúl – seo chugainn an bús! Agus súile na mílte ball dá bpáirtithe dírithe orthu, tabharfaidh ceannairí agus iarrthóirí óráidí spreagúla a bhrúfaidh na toghthóirí i dtreo amháin nó i dtreo eile.
Lucht vótála voters
lucht vótála voters
" Beidh liosta acu den lucht vótála atá cláraithe, agus díobh siúd nach bhfuil cláraithe fós.
a lucht vótála their voters
" com/watch?v=3c9lUvn5qC8) Ní mholfaí a dhath nach mbeadh bá Shinn Féin leis nó nach mbeadh an páirtí Sinn Fein ábalta bá a lucht vótála a fháil ar a shon.
toghthóirí voters
" Tá fearg air mar tá faitíos ar a pháirtí, na Daonlathaigh, agus ní chaithfidh siad a vótaí mar is mian leo, don chuid is mó mar tá faitíos orthu roimh a gcuid toghthóirí.
lucht vótálá voters
" ”* Cé go bhfuil níos lú ná 25 faoin gcéad de lucht vótálá sa toghcheantar ina nGiúdaigh, agus cé nach lia duine ná sainmhíniú maidir le cad is “leas na nGiúdach” ann, ní holc an t-achoimre é ar fheachtas Joel Pollak, Poblachtánach, an lámh in uachtar a fháil ar an sealbhóir oifige, Jan Schakowsky, Daonlathach.
lucht vótála voters
" Mar a fheictear in Éirinn, tá lucht vótála tinn tuirseach de na ghnáthpháirtithe polaitíochta, go háirithe agus geilleagar mar atá.
lucht vótála voters
" **SMM: Nuair a shéan lucht vótála thú do shuíochán arís i nDáil Éireann sa bhliain 2007, san am a raibh na vótóirí céanna ag tacú le polaiteoirí a mhill agus a bhochtaigh an tír seo, cad a chomharthaíonn a leithéid? Go bhfuil na daoine aineolach? Go bhfuil na daoine chomh dona lena gcuid máistrí, gur cuma leis an bpobal vótála gach ní ach a dteach féin agus a morgháiste féin? Cén míniú atá agat féin ar an diúltú ó am go chéile mar sin?** SÓhU: Ní fhéachfainn air mar sin in aon chor i ndáiríre.
lucht vótála voters
" Mhol an t-aon fheisire de chuid an Pháirtí Ghlais, Adam Bandt, an rún, a d’iarr ar a chomhghleacaithe sa teach dhá rud a dhéanamh: a thabhairt faoi deara go raibh pósadh comhghnéis dlite i dtíortha go leor eile, agus ceist an phósadh chomhghnéis a spíonadh leis an lucht vótála ina gcuid toghcheantar.
an lucht vótála voters
" Cuir san áireamh an laghdú mór atá tagtha le déanaí i gceannaireacht an pháirtí, agus is beag an baol go rachadh teachtaí Fhianna Fáil ar ais chuig an lucht vótála a rá go mbeadh cruatan breise i ndán dóibh.
clár na vótóirí the register of voters
" Glór na nGael ======= **SMM: Thosaigh tú Glór Chluainín faoi chomharthaíocht, seolta Gaeilge, clár na vótóirí agus mar sin.
lucht vótála voters
" Cheap siad Julia Gillard d’aon ghuth i gcomharbacht air, an chéad Phríomh-Aire mná i stair na tíre, agus cuireadh tús láithreach bonn leis an líomhain nach raibh a ceapadh dlisteanach de bharr nach raibh Gillard tofa ina Príomh-Aire ag lucht vótála na hAstráile.
lucht na vótála the voters
" Cuireadh 44 reifreann faoi bhráid lucht na vótála in imeacht na mblianta agus níor éirigh ach le hocht gcinn acu.
le cur ina luí ar an lucht vótála to convince the voters
" Tá coimhlint ghéar ar siúl de shíor idir na páirtithe móra le cur ina luí ar an lucht vótála go bhfuil siadsan níos déine ar mhuintir na mbád ná an taobh eile (Eagrán 89, Meán Fómhair 2008, Eagrán 97 Bealtaine 2009 & Eagrán 123, Iúil 2011).
an t-uachtarán a thogh vótálaithe the president (Guatamalan) voters elected
" Theastaigh ó Jacobo Árbenz, an t-uachtarán a thogh vótálaithe Ghuatamala, an bochtanas a bhí mar sciúirse ar a thír a mhaolú trí chóras na talún a leasú: bhí trí cheathrú den talamh arúil i seilbh 2% d’úinéirí agus ba é an comhlacht Meiriceánach, United Fruit Company, an t-úinéir talún ba mhó.
raibh an lucht vótála dubh dóite the voters were sick and tired
" Glactar leis go forleathan gur chaill Páirtí an Lucht Oibre toisc go raibh an lucht vótála dubh dóite den achrann inmheánach a bhí ar siúl sa pháirtí le breis is trí bliana anuas.
le tacaíocht an lucht vótála a mhealladh to entice the voters
" Bíonn cáinaisnéis déine sa chéad bhliain i réim an rialtais, sa dara bliain bíonn sí comhardaithe agus sa tríú bliain bíonn sí fíorfhlaithiúil le tacaíocht an lucht vótála a mhealladh ag an gcéad olltoghchán eile.
na vótálaithe the voters
" An dtiocfaidh na vótálaithe amach? Sin ceann de na príomhcheisteanna atá ag Tony Blair, William Hague agus Charles Kennedy agus olltoghchán na Breataine ag druidim linn.
vótálaithe voters
" Is minic a bhítear ag gearán faoi na polaiteoirí in Éirinn ach is faoi na vótálaithe féin atá sé iarrthóirí a roghnú a bheas níos ionraice agus níos radaicí ná iad siúd a bhfuil an chumhacht acu faoi láthair.
vótálaithe voters
" Tá sé tábhachtach nach mbeadh vótálaithe na hÉireann ar nós cuma liom faoi Chonradh Nice.
vótóirí voters
" Mura bhfaigheann vótóirí na Stát Aontaithe réidh le George W.
tromlach de vótálaithe na tíre if a majority of the country's voters
" Tá Íte Ní Chionnaith go láidir den tuairim go ndéanfaidh sé an-dochar do leas na hÉireann tromlach de vótálaithe na tíre vótáil ar son Chonradh Liospóin.
lucht vótála na Brasaíle the Brazilian voters
" Tharla an mhaidhm ghlas gan choinne i measc lucht vótála na Brasaíle ach, dar le Alex Hijmans, is cosúil go bhfillfidh an chuid sin de vótaí ‘Tonn na Glaise’ a theastós ó Rousseff lena tabhairt isteach i suí na hUachtaránachta ag deireadh na míosa seo.