Pota Focal Intergaelic
Gluais TíHouse Glossary Gluais Beo!Beo! Glossary TeasárasThesaurus BriathraVerbs
scafánta strapping, vigorous
" "Is mór an gar gur fear breá scafánta atá agat ina cheann.
bríomhar vigorous
" Ba é an rud ba thábhachtaí ná gur léiríodh dom nach bhfuil an Ghaeilge marbh ná leathmharbh ach beo bríomhar agus í á labhairt i measc na bpáistí óga.
scafánta strapping, tall and vigorous
" Tréithe a shamhlófá le laoch scafánta i spórt ar bith.
bhríomhar vigorous
" Tá deis iontach ann anois, áfach, leas a bhaint as TG4 le taispeáint dóibh gur teanga fhuinniúil, bhríomhar í a labhraítear go laethúil i gcodanna áirithe den tír agus gur cuid de dhlúth is d’inneach dár gcultúr í.
fuinniúil vigorous
" Ach tá sé bríomhar agus fuinniúil go maith agus níl sé ag brath ar an maide*.
níos scafánta more vigorous
" Tá cuma níos scafánta uirthi le tamall beag anuas.
Scafántacht vigorous
" Scafántacht Spóirt Tá peileadóirí Astrálacha den chéad scoth ag imirt sacair gan aon agó, ach níl siad ag imirt sa chomórtas náisiúnta abhus ar an drochuair.
neart irisí bríomhara plenty of vigorous journals
" Is fada an staid reatha ó ré órga na meán Gaeilge ag tús an chéid seo nuair a bhí nuachtáin laethúla agus seachtainiúla againn, bealach raidió fadbhunaithe a bhí ina chuid lárnach de shaol an chainteora Gaeilge, neart irisí bríomhara agus stáisiún teilfíse nuálach a bhí chun seanteanga na nGael a theilgean isteach san fhiche haonú haois.
faoi bhainistíocht rábach under the vigorous management
" Bhí rudaí ag tarlú: Comharchumann Chois Fharraige i mbarr a réime faoi bhainistíocht rábach Phóil Uí Fhoighil; fostaíocht bhuan á cur ar fáil sa gceantar ag Gaeltarra Éireann faoi cheannasaíocht Chathal Mhic Gabhann; Cearta Sibhialta na Gaeltachta i mbun agóidíochta, gan aon cheannas ceart air; Cine Gael ag déanamh físeán sa gceantar faoi stiúradh Bhob Quinn; Raidió na Gaeltachta i mbun craolacháin go neamhleithscéalach do phobal na Gaeltachta.