Pota Focal Intergaelic
Gluais TíHouse Glossary Gluais Beo!Beo! Glossary TeasárasThesaurus BriathraVerbs
an chuma churata, oscartha, laochta the brave, heroic, valorous appearance
" Cé a bhí ina sheasamh idir mé agus maidneachan ach Éamonn Ó Doornail, an tEagarthóir Téagartha; clogad crua na ceartaiseachta fána cheann, sciath nuachtán crochta lena thaobh, claíomh géar na fíréantachta ina láimh dheas agus péire peann ina láimh eile, agus nuair a chonaic mé é gléasta mar a bhí agus solas niamhrach na húrmhaidine ag lonrú fríd a chuid gruaige cataí ciardhuibhe, dúirt mé gur mhór an trua nach raibh mo Canon EOS Digital liom nó nach gcreidfeadh duine ar bith ar chlár an domhain an chuma churata, oscartha, laochta a bhí air an mhaidin sin.
Cathal na Gaile the Valorous Charles
" Cathal na Gaile Nó ar cheart éisteacht leis an bhfógairt a rinne Charles de Gaulle, 49 bliain d’aois, a raibh cáil bainte amach aige sna seachtainí beaga roimhe sin toisc gur éirigh leis dushlán éigin a thabhairt do na Gearmánaigh i gceantar Abbeville ón 27-30 Bealtaine agus a dúirt i Londain: Quoi qu’il arrive, la flame de la résistance française ne doit pas s’éteindre et ne s’éteindra pas.
gaisciúil valorous
" Agus nárbh iontach, gaisciúil, lúfar, spleodrach, ócáideach an cluiche a bhí ann ó thús go deireadh, cluiche a bhain croitheadh as ardáin nua na seanpháirce ar imeall na Canálach Ríoga sa 125ú bliain i stair an Chumainn Lúthchleas Gael.
gaisciúil valorous
" Tá Enda anois cathréimeach, gaisciúil agus mórfhoclach.