Téann na téacsanna i ngleic leis an mbunábhar teoiriciúil agus leis an taobh feidhmiúil sa réimse:
an éagsúlacht, na pobail urlabhra, an antraipeolaíocht teanga, an t-ilteangachas, malartú teanga, códmheascadh agus criólú, coincheapa na pleanála teanga, caighdeán agus caighdeánú, stádas reachtúil na Gaeilge sa tír, an Ghaeilge sa chóras oideachais, sainiú na Gaeltachta, ceist na féiniúlachta agus an dearcadh náisiúnta, na meáin agus na heagrais teanga.