Pota Focal Intergaelic
Gluais TíHouse Glossary Gluais Beo!Beo! Glossary TeasárasThesaurus BriathraVerbs
mar ábhar práinne as a matter of urgency
" Ceapaim gur gá díriú ar cheist páistí a thógáil le Gaeilge mar ábhar práinne.
ábhar práinne a matter of urgency
" Ag deireadh na míosa seo caite d'eisigh an eagraíocht idirnáisiúnta Amnesty ráiteas ag rá gur ábhar práinne a bhí ann go ngníomhódh an Rialtas ar an gceist seo.
phráinn urgency
" Méadaíodh ar an phráinn a bhí le logainmneacha Gaeilge sa bhliain 1937 le teacht i bhfeidhm Bhunreacht na hÉireann a thug stádas oifigiúil ar leith don Ghaeilge.
práinn a cháis the urgency of his situation
" Ní fada go dtuigeann an léitheoir go bhfuil imní ar a chomhghleacaithe faoina bhfuil i ndán dó agus is cumasach mar a chothaíonn Heussaff práinn a cháis agus eagla na gcarad ina dhiaidh.
an phráinn the urgency
" San aiste “Corpus Planning for Irish – Dictionaries and Terminology”, pléann Caoilfhionn Nic Pháidín stair fhoclóireacht na Gaeilge agus tábhacht na pleanála corpais, agus míníonn sí an phráinn atá ag baint le foclóir oifigiúil amháin a fhorbairt.
phráinn urgency
" Is de phráinn é go dtarlódh plé cuimsitheach anois, áfach.
cruóg urgency
"cruóg faoi leith le caomhnú Mau i bhfianaise na tábhachta atá ag baint léi mar dhobharcheantar.
práinn urgency
" Is fiú go mór na scairdeitleáin a úsáid fosta nuair a bhíonn práinn ama i gceist.
róphráinn great urgency
" Mar a thuar an ‘Ciúin Mac Ádhaimh’, fuíoll an áir amháin a bhí fágtha de chultúr béil na Gaeilge nuair a shocraigh rialtas an tSaorstáit i 1926 go raibh idir ríthábhacht agus róphráinn ag baint le samplaí den teanga bheo i ngach ceantar inar mhair sí a chur ar an taifead go buan.
práinn urgency
" An áirítear a leithéid mar mháchail? Nó an gcaithfidh radharc 20/20 a bheith agam? Tá práinn ag baint le freagra a fháil ar an cheist seo nó tá mo mhac le pósadh Dé Sathairn seo chugainn agus caitheann sé lionsaí tadhaill.
ghnó práinne a matter of urgency
" 5% dá foireann riaracháin, cé go ndeachaigh siad tríd an chóras scolaíochta a bhfuil siad féin i bhfeighil air! Mar fhreagra ar Thuarascáil an Choimisinéara, d’eisigh Aire Airgeadais an ama, Brian Cowen, ráiteas ar an 29 Márta, 2006 ag geallúint go ndéanfaí athbhreithniu ar an cheist: “Chun tús a chur leis an phróiseas, tá mé tar éis a iarraidh ar mo Roinn, mar ghnó práinne, dul i dteagmháil le Ranna agus Oifigí eile chun a fháil amach cén gnás atá in úsáid acu agus chun a iarraidh orthu ar chóir é sin a athrú.
fuadar urgency
" Is caoithiúil tuismitheoirí a spreagadh i leith an tumoideachais an tráth seo bliana, san am a mbíonn fuadar faoi cén scoil sa cheantar a rachaidh ár naíonán ag deireadh an tsamhraidh? Ní miste an fhírinne lom a inse, gur i dtuilleamaí na haon teanga amháin a bhíonn gasúir i gcóras scolaíochta an Bhéarla.
gníomh ar bhonn práinne acted with urgency
" Thagair sé don méid a dúradh sa Staidéar Cuimsitheach Teangeolaíoch ar Úsáid na Gaeilge sa Ghaeltacht (2007), nach raibh fágtha ag an nGaeilge mar theanga phobail sa Ghaeltacht ach thart ar 20 bliain eile “mura ndéanfaí gníomh ar bhonn práinne chun cúrsaí a leasú”.
ar bhonn práinne as a matter of urgency
" Is dócha mar sin gurb é an ceacht is mó atá le foghlaim ag an Fhoras ná go gcaithfear dul i ngleic le fadhbanna cumarsáide ar bhonn práinne.
na práinne urgency
" Beidh cead ag daoine an Ghaeilge a úsáid i réimse an oideachais agus ina gcuid fostaíochta, nó i gcás na héigeandála nó na práinne.
ar bhonn práinne as a matter of urgency
" Caithfidh an Garda Síochána dul i ngleic leis an fhadhb ar bhonn práinne.
Bhain cruóg leis an obair sin an urgency pertained to that work
ar bhonn práinneach as a matter of urgency
" Agus oiread sin athruithe ar na bacáin níor mhór ar bhonn práinneach d'iriseoirí agus staraithe teacht le chéile chun a chinntiú nach gcaillfear an chartlann thoirtiúil d'ábhar atá bailithe ag na meáin Ghaeilge agus nach gceillfear a dtábhacht ar an phobal.
práinn urgency
" ” Aontaíonn Dunne go bhfuil éileamh ollmhór, ach deir sí go ndéantar eisceachtaí, “i gcásanna go mbíonn práinn ag baint leo go háirithe má bhíonn cás cúirte i gceist.
an fuadar báire the urgency to score
" Gártha molta an tslua bhaile ina chluasaibh, níorbh é an fuadar báire, ná an buaileam sciath, ná an féinghlóire, ná an cruas fearaíoch, tréithe is dual don a lán, a bhí le sonrú ann.
nach bhfuil an fuadar céanna the same sense of urgency is not
" Cad tuige an mhoill? Is léir ar an rud is lú nach bhfuil an fuadar céanna faoin roinn sin na hathruithe a chur i bhfeidhm is a bhí orthu an seanchóras a chaitheamh i dtraipisí.
le caitheamh leis mar ábhar práinne to treat it as a matter of urgency
" Ní léir go bhfuil an toil pholaitiúil ann le caitheamh leis mar ábhar práinne agus is doiligh gan ghéilleadh don tuairim go bhfuil a thuilleadh imeallú déanta ar an Ghaeilge sa státchóras.