Pota Focal Intergaelic
Gluais TíHouse Glossary Gluais Beo!Beo! Glossary TeasárasThesaurus BriathraVerbs
nuachtáisínteacht news agency
" Tá sí ina Cathaoirleach freisin ar Choiste Comhairleach *Eurolang* (nuachtáisínteacht ar an idirlíon do na mionteangacha) agus í tar éis trí bliana a chaitheamh ina cathaoirleach ar an bhFéile Idirnáisiúnta Scannán agus Teilifíse.
háisínteachtaí agencies
" Beidh ar an Fhoras cinntiú fosta go n-éireoidh leis an Bhille Teanga, atá á ullmhú ag an Rialtas faoi láthair, agus go gcuirfidh na háisínteachtaí Stáit seirbhísí ar fáil do lucht na Gaeilge.
gníomhaireacht agency
" gníomhaireacht nua ======= Ní raibh Bush ach seachtain sa Teach Bán nuair a chuir sé tús le gníomhaireacht nua, "The Office of Faith-Based and Community Initiatives".
Gníomhaireacht mhaoiniúcháin funding agency
" Gníomhaireacht mhaoiniúcháin atá inti le hacmhainn phoiblí a bhronnadh ar eaglaisí agus ar dhronga cráifeacha a sholáthraíonn cabhair do na boicht.
áisínteachtaí agencies
" Má fhéachann muid ar ghluaiseacht na Gaeilge mar aon *dynamic* amháin (agus sin mar ba cheart do chúrsaí a bheith), cad iad na rudaí a bhfuil sé réadúil tosaíocht a thabhairt dóibh sa bhliain 2002? Tá fadhb bhunúsach ag pobail Ghaeltachta agus lucht na Gaeilge i gcoitinne ó bunaíodh an Stát seirbhísí a fháil ó áisínteachtaí i nGaeilge.
áisíneachtaí agencies
" Tagann maoiniú ón rialtas feidearálach, ó áisíneachtaí rialtais stáit, fondúireachtaí príobháideacha, airgead ó dhaoine aonair, agus imeachtaí bailithe airgid a ndéanann an t-ionad urraíocht orthu.
háisíneachtaí stáit state agencies
" Bhuail Aogán Ó Muircheartaigh an sprioc nuair a rinne sé an gearán seo thíos: Ar deireadh thiar ná fuil sé in am ag na háisíneachtaí stáit - agus ag na scoláirí gairmiúla sna coláistí tríú leibhéal chomh maith - áis cheart/áiseanna cearta a sholáthar ar an Idirlíon ina mbeadh teacht ar gach focal nua a chumtar (mar aon le dáta a chumtha!) agus ligean do dhaoine a bheith ag áiteamh ina dtaobh agus ag baint feidhme astu … Is mór an náire ná fuil a leithéid de áis Idirlín ar fáil go fóill (*Feasta*, Feabhra 2001).
gníomhaireachtaí an Stáit state agencies
" Bíonn gníomhaireachtaí an Stáit ag síormhaslú lucht na Gaeilge le heaspa measa.
gníomhaireachtaí agencies
" Tá anailís déanta sa tuarascáil fosta ar ról na ngníomhaireachtaí stáit ar fad atá ag freastal ar phobal na Gaeltachta.
ghníomhaireachtaí agencies
" Mar chuid dá stráitéis, tá rialtas SAM ag cur brú ar an Aontas Eorpach agus ar ghníomhaireachtaí ar nós USAid (an ghníomhaireacht Mheiriceánach um fhóirithint bia), an Clár Bia Domhanda (WFP), an Eagraíocht Dhomhanda Sláinte (WHO) agus Eagraíocht Bhia is Talmhaíochta na Náisiún Aontaithe (UN FAO).
ghníomhaireacht taistil travel agency
" Má dhéanann duine turas *puttan *a thairiscint duit agus tú ar saoire i gcathair san Iodáil, ná bí ag ceapadh go bhfuil sé ag obair do ghníomhaireacht taistil.
gníomhaireachtaí agencies
" Tá sé an-deacair ag gníomhaireachtaí na tíre seo seasamh siar agus gan tacaíocht a thabhairt do Mheiriceá sa chogadh, de réir dealraimh, atá le theacht.
gníomhaireachtaí feidhmithe dlí agus faisnéise law enforcement and intelligence agencies
" Tháinig maolú ar an fhonn seo i ndiaidh an 11 Meán Fómhair, agus luigh na gníomhaireachtaí feidhmithe dlí agus faisnéise isteach ar stop a chur le hinimircigh mhídhleathacha nó iad a chur faoi ghlas.
gníomhaireachtaí stáit state agencies
" Bíonn plé againn freisin le gníomhaireachtaí stáit agus le dreamanna mar Fhoras na Gaeilge, an Roinn Gnóthaí Pobail, Tuaithe agus Gaeltachta, Údarás na Gaeltachta, Comhairle Chontae na Gaillimhe, Coiste Gairmoideachais an Chontae, etc.
gníomhaireachtaí stáit state agencies
" Má tá an Rialtas i ndáiríre faoin dílárnú, ba cheart dóibh an Rialtas a bhogadh amach as Baile Átha Cliath, roinn nó dhó a fhágáil ann agus roinnt gníomhaireachtaí stáit.
gníomhaireachtaí fostaíochta employment agencies
" Ar feadh tréimhse roimhe sin, nuair a bhí na néalta dorcha le feiceáil ag teacht i mo threo, chuirinn ceist ar dhaoine a bhí ag déanamh obair shealadach cad iad na gníomhaireachtaí fostaíochta is fearr sa chathair.
Gníomhaireacht Fuinnimh Energy Agency
" Is iad na baill eile den chuibhreannas ná Wavegen, Zetec Power, Powergen Renewables agus Gníomhaireacht Fuinnimh Earraghaidheal, Lomond agus na nOileán.
ghníomhaireacht fostaíochta employment agency
" Nuair a d'iarr an ghníomhaireacht fostaíochta orm dul go hoifig ar Bhóthar na Seancille, bhí an-drogall orm.
ghníomhaireacht agency
" Bunaíodh an ghníomhaireacht Ballymun Regeneration Ltd.
gníomhaireacht taistil travel agency
" Éireannach ab ea an t-úinéir, fear mór gnó a raibh gníomhaireacht taistil aige freisin ar bhain sé usáid aisti chun ceoltóirí óga as a thír dhúchais a thabhairt go Bostún, agus chun blaiseadh maith den cheol a thabhairt freisin do na daoine agus iad ag ithe a gcuid *boxty *agus a *mixed Irish grill platters*.
gníomhaireacht taighde margaidh market research agency
" Ach dar le ChildWise, gníomhaireacht taighde margaidh a dhíríonn ar dhaoine óga, ní gá do na comhlachtaí guthán póca bheith róbhuartha – in ainneoin na fianaise go léir go bhfuil na gutháin díobhálach, tá líon mór tuismitheoirí ag tabhairt neamhairde ar na foláirimh.
an nGníomhaireacht um Thionscadail Iarnróid Rail Projects Agency
" Tá an praghas íslithe anois ag an nGníomhaireacht um Thionscadail Iarnróid, ach chun costais a spáráil chaith siad uathu na staighrí beo agus roinnt mhaith geataí ticéad sna stáisiúin agus chuir siad cosc ar thraenacha níos mó ná trí charráiste (i gcomparáid le teorainn 8 gcarráiste i gcás an DART), rud a chuirfidh srian chomh maith ar chumas iompair na líne.
na Gníomhaireachta do Chomhrac na Bochtaineachta the Combat Poverty Agency
" Cathain a bunaíodh PCT agus cé a bhunaigh é? Bunaíodh Pléaráca Teoranta, an Scéim Ealaíon Phobail, i 1993 mar scéim phíolótach trí bliana faoi chlár de chuid na Gníomhaireachta do Chomhrac na Bochtaineachta le maoiniú ón gClár Europach *Horizon*.
Phroiseact nan Ealan The Gaelic Arts Agency
" Toradh atá sa taispeántas seo ar nasc idir traidisiúin na Gaeilge in Éirinn agus in Albain a thosaigh mar choincheap a bhí ag Stiúrthóir Phroiseact nan Ealan, Calum MacGill Eain, agus ag an fhile Éireannach agus an té a bhí taobh thiar den *Great Book of Ireland*, Theo Dorgan, nuair a bhuail siad le chéile i 1997 i gCaisleán Bhaile Átha Cliath.
ghníomhaireacht cháiliúil famous agency
" Is é Donovan Wylie as Béal Feirste, a bhfuil saothar leis ar taispeáint chomh maith, an t-aon Éireannach atá ina bhall den ghníomhaireacht cháiliúil seo.
sa ghníomhaireacht ba mhó caidrimh phoiblí in the biggest public relations agency
" ” Ní raibh easpa misnigh ar bith ar Natasha, áfach, agus smaoinigh sí ar dhóigh le taithí luachmhar oibre a fháil a chuideodh léi post a fháil: oibriú saor in aisce sa ghníomhaireacht ba mhó caidrimh phoiblí sa tír, Carr Communications.
áisíneachtaí eile other agencies
" Bunaíodh an stáisiún seo le bheith ina fhoilsitheoir/craoltóir, le clársceideal a chur le chéile agus le dhul ansin go dtí áisíneachtaí eile leis na míreanna éagsúla atá sa gclársceideal sin a líonadh agus a léiriú dúinn.
an Ghníomhaireacht Chomhshaoil Eorpach the European Environmental Agency
" Cá hiontas ach an oiread go measann an Ghníomhaireacht Chomhshaoil Eorpach (EEA) go dtitfidh Éire 16% chun cúil ar na spriocanna a leagadh amach dúinn ag Kyoto d’fhonn ár n-aschur carbóin a laghdú fán bhliain 2010.
an Ghníomhaireacht um Fháil Iarnród Railway Procurement Agency
" Tá na húdaráis atá ann anois (Oifig Iompair Átha Cliath, agus an Ghníomhaireacht um Fháil Iarnród atá freagrach as an Luas) i gcoinne an phlean: níl siad chun a mbarántas báis féin a shíniú! Tá CIE agus Iarnród Éireann (agus na ceardchumainn atá iontu) i gcoinne an phlean: ba mhaith leo a gcumhacht a choimeád.
Gníomhaireacht Inimirce Mheiriceá the American Immigration Agency
" Ní hamháin go bhfuil coirpigh thuaithe Passaic ag meascadh le coirpigh Paterson ann, ach tá príosúnaigh ann ó chóras phríosúin na Cónaidhme freisin, agus, Dia dár réiteach, lucht iarrtha tearmainn nach bhfuil coir ar bith curtha ina leith, ach atá “idir lámha” ag Gníomhaireacht Inimirce Mheiriceá go gcloisfear a gcásanna dídine.
an ghníomhaireacht the agency
" D’fhoilsigh Colmcille (Éirinn is Alba), an ghníomhaireacht a nascann cultúr Gaeilge na hÉireann le Gàidhlig na hAlban, clár na féile ag deireadh na míosa seo caite.
gníomhaíochtaí rialtais, government agencies,
" Ach chloígh Drewe leis an scéal go raibh sé neamhchiontach agus go raibh ceap milleáin á dhéanamh as chun gníomhaíochtaí rialtais, a raibh baint acu le trádáil idirnáisiúnta arm, a chosaint agus a choinneáil faoi cheilt.
áisínteacht agency
" Bhunaigh Bob Corcoran a áisínteacht tiomsaithe airgid i mBostún 36 bliain ó shin.
áisíneacht stáit state agency
" Agus teach príobháideach i gceist, ní féidir le heagraíocht nó áisíneacht stáit dul thar thairseach an dorais le háitiú ar mhuintir an tí gur chóir dóibh Gaeilge a labhairt.
faoi chúram áisíneachta neamhspleáiche éigin as the responsibility of some independent agency
" Seans, áfach, gur cheart feidhmiú an choinníll a chur faoi chúram áisíneachta neamhspleáiche éigin – Údarás na Gaeltachta nó An Bord Pleanála, cuir i gcás – seachas a bheith ag brath ar na Comhairlí Contae nach raibh i bhfách leis an chéad lá riamh.
oibriú le heagraíochtaí Stáit to work with State agencies
" ” Dúirt sé nach raibh ach triúr nó ceathrar a raibh suim acu scaradh ón Stát, agus go raibh a bhformhór ag iarraidh oibriú le heagraíochtaí Stáit ar thionscadail eacnamaíocha.
Áisíneacht Chosanta na hEorpa the European Defence Agency
" Deir an Conradh go neamhbhalbh go gcaithfidh ballstáit feabhas leanúnach a chur ar a gcumas míleata, de réir mar a threoraíonn Áisíneacht Chosanta na hEorpa dóibh a dhéanamh.
Ghníomhaireacht Náisiúnta do Thomhaltóirí The National Consumer Agency
" Fógraíodh fosta go mbeadh an Phríomh-Bhord Iascaigh agus na Boird Iascaigh Réigiúnacha ag teacht le chéile mar eagraíocht amháin agus go raibh cónascadh le tarlúint idir an Ghníomhaireacht Náisiúnta do Thomhaltóirí agus an tÚdarás Iomaíochta.
ón ghníomhaíocht from the agency
" Bhí an taisteal sa tSeapáin féin an-eagraithe, an bus, an tiománaí agus duine ón ghníomhaíocht ag feitheamh linn gach maidin agus clár an lae scríofa amach breá soiléir.
Iomairt enterprise, agency
" Nam measg, tha: Iomairt na Gàidhealtachd 's nan Eilean, Comhairle na Gàidhealtachd, Bòrd na Gàidhlig, Comhairle Ealain na h-Alba.
Ghníomhaireacht Idirnáisiúnta um Fhuinneamh International Energy Agency
" Má chliseann sruth an gháis as an mBreatain, go sealadach féin, fiú amháin, an dtitfidh cúrsaí amach mar a bhfuil á dtuar ag an mBord Gáis? Tá seans ann nach dtitfidh, mar d'fhoilsigh an Ghníomhaireacht Idirnáisiúnta um Fhuinneamh (GIF) tuarascáil, ag deireadh na bliana seo caite, ina bhfuil rabhadh tromchúiseach dúinn go léir ann.
Áisíneacht Bainistíochta na Sóchmhainní Náisiúnta The national assets management agency
" * Bunófar Áisíneacht Bainistíochta na Sóchmhainní Náisiúnta – ‘An Drochbhanc’.
Áisíneacht Bhainistíochta management agency
" Má chreideann an pobal gur mó de bheart slánaithe na n-Amhantraithe Réadmhaoine an Áisíneacht Bhainistíochta - ‘Drochbhanc’ an Rialtais - ná gléas fuascailte na géarchéime creidmheasa, ní fios an slad a imreofar ar Fhianna Fáil agus ar an gComhaontas Glas sna toghcháin Áitiúla agus Eorpacha le teacht.
Áisíneacht agency
" De réir taighde a rinne an Áisíneacht um Thraenáil agus Forbartha Scoileanna (TDA) sa Bhreatain anuraidh, fritheadh gur rólchuspaí ríthábhachtacha iad múinteoirí fireanna do bhuachaillí agus iad ag éirí aníos.
Fo-Oireachtas na nÁisíneachtaí the sub-government of agencies
" Fo-Oireachtas na nÁisíneachtaí De réir tuarascáil a d'fhoilsigh an meitheal smaointe TASC, tá níos mó ná 450 áisínteachtaí stáit sa tír seo.
áisínteachtaí stáit state agencies
" Fo-Oireachtas na nÁisíneachtaí De réir tuarascáil a d'fhoilsigh an meitheal smaointe TASC, tá níos mó ná 450 áisínteachtaí stáit sa tír seo.
Ghníomhaireacht um Slándáil Náisiúnta National Security Agency
" Agus an Ghníomhaireacht um Slándáil Náisiúnta ag déanamh cluasaíochta ar spiairí Iosraelacha i SAM, mar a scríobh Jeff Stein in Congressional Quarterly ar an 11 Aibreán, chualathas Jane Harman, Feisire Daonlathach, ag labhairt le gníomhaire Iosraelach, agus í ag gealladh dó go gcuirfeadh sí a ladhar isteach leis an Roinn Dlí agus Cirt ar son beirt oifigeach AIPAC, an brúghrúpa ar son Iosrael, a díotáileadh i 2005 maidir le faisnéis rúnaicmithe a thabhairt don ambasáid Iosraelach i Washington.
áisínteachtaí stáit state agencies
" Rinne sé gnó maith as, a fhad is a bhí raidhse airgid ag áisínteachtaí stáit le fógraíocht i nGaeilge a dhéanamh.
ghníomhaireacht agency
" “Tá sin cloiste agam, ach ní mar sin atá sé in aon chor i Lockdown, an ghníomhaireacht mhainicíneachta a bhfuilim féin bainteach léi.
áisínteacht agency
" ’Sé an Club Peile/Iománaíochta an áisínteacht is tábhachtaí chun féinaitheantas pobail a mhunlú is a chothú.
áisínteachta agency
" Is bocht an scéal é go mbeadh tograí tábhachtacha straitéise a bhaineann leis na 26 chontae amháin i dtuilleamaí bheannacht leithéidí Nelson McCausland nó Gregory Campell! Bheadh sé de bhuntáiste ag an struchtúr úr go mbeadh cur chun cinn na teanga i lámha áisínteachta as féin abhus, beag beann ar pholaitíocht na sé chontae.
áisíneachtaí agencies
" Cuireadh deireadh le go leor áisíneachtaí stáit agus tugadh a gcuid cúraimí isteach faoi chúram na n-aireachtaí rialtais cuí.
Gníomhaireacht agency
" com/scheuer/?articleid=11670 ) De réir an tsainmhiniú a thugann Gníomhaireacht an Aontais Eorpaigh um Chearta Bunúsacha (GAECB), is cosúil go bhfuil tú frith-Sheimiteach má aontaíonn tú le Mearscheimer agus Walt go raibh baint mhór ag Iosrael agus a lucht tacaíochta i SAM leis an ionsaí ar an Iaráic, nó má chuireann tú i leith leithéidí Podhoretz agus Ottolenghi go bhfuil siad níos dílse d’Iosrael ná do SAM agus an tAE faoi seach.
áisíneacht agency
" An rud is measa uilig ná go bhfuil sé ráite ann go ndéanfar Údarás na Gaeilge de Údarás na Gaeltachta agus gur mar áisíneacht náisiúnta Ghaeilge a bhéas sé ag feidhmiú, agus beidh an cúram air breathnú i ndiaidh cúrsaí Gaeilge ar fud an stáit! Dochreidte Is deacair é seo a chreidiúint: tá sé ar intinn an Rialtais eagraíocht Ghaeilge a dhéanamh den aon fhoras stáit atá ann, a bhfuil fócas Ghaeltachta aige.
Ghníomhaireacht agency
" Scríobh an Ghníomhaireacht Feidhmithe Drugaí tuarascáil faoi na “mic léinn ealaíne” seo agus a gcuid “gníomhaíocht amhrasach” roimh 9/11.
gníomhaireacht agency
" Iarracht Ilpháirtí Bhí imní ar go leor acu faoina bhfuil beartaithe ag an Rialtas a dhéanamh le hÚdarás na Gaeltachta, faoin Straitéis: ‘gníomhaireacht Ghaeilge nua náisiúnta’ a dhéanamh dhó.
áisineachtaí agencies
" Ba chóir go gcuirfí feabhas ar shaoráil faisnéise, ar an chaoi a gceaptar oifigigh do áisineachtaí stáit, ar chumas an oireachtais i dtaobh freagracht a chur ar an rialtas, agus mar sin de.
Gníomhaireacht agency
" Molann Fianna Fáil ina áit go mbunófaí Gníomhaireacht Náisiúnta um Bainistíocht Sóchmhainní (nó NAMA) – drochbhanc a ghlacfadh seilbh ar dhrochiasachtaí tógála na mbanc a bhfuil a luach titithe go tubaisteach.
Áisínteacht agency
" Chuirfeadh sé Áisínteacht Náisiúnta do Thomhaltóirí ar bun a dhéanfadh fiosrúcháin faoi chaimiléireacht i réimse na Tomhaltóireachta, go háirithe i margadh na tithíochta.
ghníomhaireachtaí agencies
" Anuas air sin, níor ligeadh dóibh uisce a tharraingt as na humair iniompartha a fuarthas ó ghníomhaireachtaí idirnáisiúnta ar eagla go dtruailleofaí na sainaicmí uachtair dá n-ólfaidís uisce a raibh baint ag na Dalit leis.
Gníomhaireachta agency
" De réir na Gníomhaireachta Fuinnimh Idirnáisiúnta déanfar 40% de tháirgeadh ola an domhain ar an dóigh seo faoin bhliain 2020, sé sin, faoi cheann deich mbliana.
áisíneachtaí agencies
" Mar bhuille scoir, tá gach crosbhóthar mór gafa ag arm d’fheachtasóirí proifisiúnta: bochtáin a n-íocann áisíneachtaí poiblíochta luach de thar ar €17 in aghaidh an lae leo chun bratach nó lamhnán héiliam le téacs bolscaireachta a choinneáil ina lámh, ar feadh ocht n-uaire an chloig, faoin ngréin, sa bháisteach, faoi dheatach na tráchta.
phríomh-ghníomhaireacht feidhmithe prime executive agency
" Tugadh leidí ceart go leor: go mbeidh “ról ag Údarás na Gaeltachta mar an phríomh-ghníomhaireacht feidhmithe, a bheidh freagrach as an Straitéis a sheachadadh.
aisínteacht stáit state agency
" Níl gach aisínteacht stáit mífheidhmiúil faoi mar a bhí FÁS.
Gníomhaireachta agency
" Sa mheabhrán poiblí sin don Uachtarán a toghadh lena chuid tacaíochta, thug Soros le fios gur ‘comhartha dóchais’ é go raibh an Bráithreachas Ioslamach ag comhoibriú le Mohamed ElBaradei, iarcheannasaí na Gníomhaireachta Idirnáisiúnta do Fhuinneamh Adamhach.
rogha gréasáin earcóirí na cruinne the choice network of employment agencies throughout the world
" Dá bharr tá tábhacht ar leith ag baint le mo ghréasáin ar LinkedIn - is é rogha gréasáin earcóirí na cruinne é.
háisíneachta creidmheasa credit agencies
" Tá na háisíneachta creidmheasa ag tabhairt rabhaidh go n-ísleofar grádú creidmheasa na tíre.
fáil réidh le háisínteachtaí áirithe to get rid of certain agencies
" Ach tá an chuma ar an scéal go bhfuil cuid áirithe de na ciorruithe á roghnú, ní de bharr an méid airgid a shábháilfear ach de bharr an deis a bheith á tapú ag an státchóras fáil réidh le háisínteachtaí áirithe nach dtaitníonn leo, ar nós Oifig an Choimisinéir Teanga.
Ghníomhaireacht Teorann border agency
" I dtuairisc ó Chigireacht na bPríosún sa Bhreatain anuraidh moladh do Ghníomhaireacht Teorann na Ríochta Aontaithe (GTRA) éirí as fórsa a úsáid agus páistí agus mná torracha á n-aistriú as an tír.
aird na heagraíochta dírithe the agency’s attention is turned in on
" Is léir, go háirithe i ndiaidh tubaist an 11ú Meán Fomhair, 2011, go bhfuil aird na heagraíochta dírithe isteach ar phobal Mheiriceá féin anois.
an áisíneacht the agency
"an áisíneacht NewERA le hathbhreithniú a dhéanamh san Fhómhar ar Raidió na Gaeltachta agus d'fhéadfadh ciallachais mhóra a bheith ag toradh an fhiosrúcháin sin do TG4.
le háisíneachtaí stáit ina leith with state agencies in regard to this
" Arís, ní cheileann sé a dhíomá faoin teagmháil a bhí aige le háisíneachtaí stáit ina leith.
Ghníomhaireacht um Fháil Iarnród Railway Procurement Agency (RPA)
" Is fear é a dtaitníonn dúshlán leis agus is cinnte go bhfuil an-dúshlán ag baint lena phost nua mar phríomhfheidhmeannach ar an an Ghníomhaireacht um Fháil Iarnród, an eagraíocht atá i gceannas ar thionscadal Luas Bhaile Átha Cliath.
ó Ghníomhaireacht Spáis na hEorpa from the European Space Agency
" Labhair Eithne Ní Ghallchobhair le heolaí ildánach ó Ghníomhaireacht Spáis na hEorpa, an Dr.
i measc na bhforas amongst the agencies
" Ní hé gur chuir na staitisticí a clúdaíodh inti ionadh air, ach tuigeann sé go bhfuil easpa gnímh i gceist sa tír seo i measc na bhforas a cuireadh ar bun leis an chomhshaol a chaomhnú.
forais agencies
" Ach ní hé gur déagóirí ná loitiméirí atá á dhéanamh, ach na forais úd a dhéanann cúram d’oidhreacht na tíre.
háisíneachtaí stáit state agencies
" Má dhruidtear é, caithfear, dar leis, na hathruithe cuí a chur i bhfeidhm ar na córais toghchánaíochta agus ar na ceapacháin do na háisíneachtaí stáit san áireamh.
is ríchuma le gníomhaireachtaí an stáit state agencies don’t give two hoots
" Dá mhéad aighneas faoi caomhnú phortaigh na hÉireann, is ríchuma le gníomhaireachtaí an stáit faoi chaomhnú oidhreacht ár ngnáthóg.