Pota Focal Intergaelic
Gluais TíHouse Glossary Gluais Beo!Beo! Glossary TeasárasThesaurus BriathraVerbs
a nochtadh unveil
" Tá nia na Kings ina bhall d'ár gcraobh anseo i Learpholl sa lá atá inniu ann, agus beidh sé i láthair nuair a dhéanfaidh muid an leacht cuimhneacháin a nochtadh an bhliain seo chugainn.
ag ar nochtaíodh plaic where a plaque was unveiled
" Ag One Police Plaza, chruinnigh póilíní agus a dteaghlaigh le chéile do sheirbhís ag ar nochtaíodh plaic.
ag nochtadh leachta unveiling a monument
" Beidh muid ag nochtadh leachta ar a trí a chlog ar an 29 Meitheamh i bhFrongoch sa Bhreatain Bheag, áit a raibh 1,800 Éireannach i ngéibheann tar éis Éirí Amach na Cásca i 1916 agus áit ar bunaíodh craobh de Chonradh na Gaeilge, Craobh na Sróine Deirge, chun an Ghaeilge a chur chun cinn i measc na bpríosúnach.
a nochtadh to unveil
" Bhí suim mhór ag muintir na háite sa scéal, go mór mór na hÉireannaigh agus na sóisialaithe, agus bhí mé féin ar an pharáid a bhí ann i 1977 ó lár Walton go dtí an reilig chun leacht cuimhneacháin a nochtadh.
ag nochtadh leacht cuimneacháin unveiling a memorial
" Tá Pádraig Ó Siadhail ag scríobh bheathaisnéis Phiarais Bhéaslaí faoi láthair agus beidh sé ag nochtadh leacht cuimneacháin sa tsráid inar rugadh an file Gaelach agus an réabhlóidí seo i Learpholl in 1881, mar ócáid eile san fhéile in 2004.
nochtadh leachta the unveiling of a memorial
" uk)) Ócáid Éireannach/Bhreatnach a bhí i nochtadh leachta i bhFrongoch i Meitheamh 2002 (*Beo!, *eagrán 14), áit a raibh 1,863 Éireannach i ngéibheann tar éis Éirí Amach na Cásca i 1916 agus áit ar bunaíodh craobh de Chonradh na Gaeilge, Craobh na Sróine Deirge, chun an Ghaeilge a chur chun cinn i measc na bpríosúnach.
ag nochtadh leacht cuimhneacháin unveiling a memorial
" Beidh an tOllamh Pádraig Ó Siadhail ó Ollscoil Mhuire Naofa, Alba Nua, Ceanada, ag nochtadh leacht cuimhneacháin sa tsráid inar rugadh an file Gaelach agus réabhlóidí Piaras Béaslaí i 1881.
ócáid nochta unveiling event
" Chuir an díospóireacht acadúil seo ócáid nochta an leachta i bhFrongoch i Meitheamh 2002 i gcuimhne dom.
a nochtadh to unveil
" Ach thig linn an leac a nochtadh níos déanaí sa bhliain, más gá.
nocht sí leacht cuimhneacháin she unveiled a memorial
" Agus ansin sa bhliain 1997, nocht sí leacht cuimhneacháin in ómós do na mílte Éireannach a tháinig go Learpholl i rith an Ghorta Mhóir 150 bliain roimhe sin.
nocht unveiled
" Baineadh geit as oifigigh Pharlaimint na hEorpa ar na mallaibhnuair a nocht an t-ealaíontóir, David Cerný, a dhealbh dar teideal ‘Entropa’, a chruthaigh sé go speisíalta mar chomóradh ar uachtaránacht Phoblacht na Seice ar an Aontas Eorpach.
nocht unveiled
" Mar a dúirt Tony Blair i litir a scríobh sé sular nocht muid leacht cuimneacháin i Learpholl i 1998: ‘*That one million people should have died in what was then part of the richest and most powerful nation in the world is something that still causes pain as we reflect on it today.
nocht unveiled
" Ní raibh aon deacracht ag mo chomhleacaí, Máire Treasa Ní Cheallaigh, teacht ar dhaoine a bhí sásta barúil a nochtadh faoin dealbh nach raibh le feiceáil.
nocht unveiled
" Is cuimhin liom go raibh sé i láthair nuair a nochtadh leachta ag Frongoch i Meitheamh 2002 (Beo, eagrán 14).
Nochtadh na Fírinne unveiling the truth
" Nochtadh na Fírinne ========== Tá a chruthúntas sin le feiceáil ins an eolas nach bhfuil ach 1.
Nochtadh unveiled
" Nochtadh saothar ealaíne nua i Learpholl ar 2ú Feabhra 2011: An Cleas Mór Airgid 2011' an t-ainm atá air.
chun an leacht a nochtadh to unveil the plaque
" Bhí mé féin ar an mórshiúl a bhí ann i 1977 ó lár Walton go dtí an reilig chun an leacht a nochtadh agus i 2003 scríobh mé faoin dúiche nua tithíochta a bhí ainmnithe i gcuimhne ar Robert Noonan.
Nocht unveiled
" Nocht Peter King, ball den chraobh, an leacht - bhí triúr uncail dá chuid páirteach san Éirí Amach agus chaith siad tamall i gcampa Frongoch ina dhiaidh sin.
Nocht unveiled
" Nocht Uachtarán na hÉireann, Máire Bean Mhic Giolla Íosa, an leacht seo i 1997 agus labhair Greg Quiery, ó Choiste Cuimhneachán an Drochshaoil (Learpholl) ar an lá sin agus arís i mbliana.
nochtadh dealbh a statue was unveiled
" Bhí Gearmánaigh páirteach in atógáil na hardeaglaise agus i mbliana (2012) nochtadh dealbh i ndilchuimhne na nGearmánach a fuair bás le linn an Dara Cogadh Domhanda ag an suíomh a scrios an Luftwaffe ar an 14 Samhain 1940.
go mór mór tar éis nochtadh na deilbhe particularly after the unveiling of the statue
" Ach seachas sin, ní raibh rian nó lorg ón fhear mór sa chathair, rud a chuir díomá orm, go mór mór tar éis nochtadh na deilbhe de Jim Larkin a rinne Oisín Kelly i 1976 os comhair Ard-Oifig an Phoist i mBaile Átha Cliath agus na focail seo air: ‘Níl i gcuma uasal na n-uaisle ach sinne a bheith ar ár nglúine.
nocht an feirsire áitiúil the local MP unveiled
" Ach lean muid ar aghaidh cibé, agus nocht an feirsire áitiúil, Bob Parry MP, an leac i Mí Iúil 1992.
nuair a nochtadh an dealbh when the statue was unveiled
" Dúirt Luigi nuair a nochtadh an dealbh an mhí seo cháite, agus é gleasta ina éide airm, go raibh sé go mór faoi chomaoin ag muintir Chív agus na hÚcráine agus dúirt sé fosta gur mór an cúiteamh a bhí san aitheantas seo as gach rud a d’fhulaing siad i rith a saoil.
nochtadh leacht cuimhneacháin a memorial was unveiled
" Mhínigh sé dúinn gur chaith siad seal ar Eilean Íle le chéile i 2000 nuair a nochtadh leacht cuimhneacháin do na hÉireannaigh a cailleadh ansin nuair a briseadh *The Exmouth of Newcastle* 28/4/1848.
noctadh dealbh a statue was unveiled
" Ar an 15 Meán Fómhair, noctadh dealbh i gCearnóg Trafalgar i Londain atá ag cothú go leor díospóireachta agus conspóide mar go léiríonn sé bean faoi mhíchumas agus í torrach.