Pota Focal Intergaelic
Gluais TíHouse Glossary Gluais Beo!Beo! Glossary TeasárasThesaurus BriathraVerbs
uaigh dhomhain chorrach a deep unsettled grave
" Cothaíonn sí na néalta a uiscíonn na plandaí a choinníonn beo muid, ach bíonn sí mar uaigh dhomhain chorrach ag cuid againne fosta.
neamhshocair unsettled
" Braitheann tú neamhshocair go minic nuair a chaitheann tú do shaol mar sin ach is breá liom sin, spreagann sé mé.
míshocair unsure, unsettled
" Mothaím féin go mbíonn deifir orm i gcónaí abhus, agus cuirtear faoi strus mé in amanna agus mé díreach ag labhairt le daoine, bíonn siad chomh míshocair sin – daoine nach mbíonn ag féachaint sa tsúil orm toisc go bhfuil siad chomh gnóthach sin, daoine a labhraíos chomh gasta sin is go gcuirfidh siad mo chroí i mo bhéal! Éire na Féile, más ea Cuimhním go hiondúil ar an teideal a bhronntar ar Éirinn, gurb í tír na féile is na mílte fáilte í, go bhfuil clú agus cáil orainn fud fad na cruinne mar dhream a bhfuil féith an ghrinn agus fad na teanga le brath go mór ionainn.
míshocair unsettled
" Tar éis roinnt blianta áfach, agus mé ag cleachtadh an mhodha ar bonn measartha rialta, thosaigh mé ag éirí giodamach, míshocair le linn mo mhacnaimh.
corrthónach unsettled
" Bhí deiseanna iontacha ag Belfort anois ach bhí carachtar corrthónach aige i gcónaí agus roimh i bhfad, bhí éacht nua ag taisteal uaidh.
gan réiteach unsettled
" Tá ceist na bhfrithghiniúnach ar cheann de na ceisteanna is mó a d’fhág an Eaglais Chaitliceach gan réiteach ón fhichiú haois.
tiomantas ó mhíshuaimhneas dedication from being unsettled
" Cé gurb iad roinnt de na daoine is clistí agus is deise ar bhuail mé leo riamh, níl aon amhras go dtagann an-chuid dá dtuiscint agus tiomantas ó mhíshuaimhneas.
fadhbanna a bhí fós gan réiteach unsettled problems
" Tugann *City of Gangs* le Andrew Davies (Hodder & Stoughton) léargas ar an dóigh a raibh tionchar nach beag ag fadhbanna a bhí fós gan réiteach in Éirinn ar fhadhbanna sóisialta agus ar an dlí i ‘ndara cathair na himpireachta.