Mothaím féin go mbíonn deifir orm i gcónaí abhus, agus cuirtear faoi strus mé in amanna agus mé díreach ag labhairt le daoine, bíonn siad chomh
míshocair sin – daoine nach mbíonn ag féachaint sa tsúil orm toisc go bhfuil siad chomh gnóthach sin, daoine a labhraíos chomh gasta sin is go gcuirfidh siad mo chroí i mo bhéal!
Éire na Féile, más ea
Cuimhním go hiondúil ar an teideal a bhronntar ar Éirinn, gurb í tír na féile is na mílte fáilte í, go bhfuil clú agus cáil orainn fud fad na cruinne mar dhream a bhfuil féith an ghrinn agus fad na teanga le brath go mór ionainn.