eagna chinn
understanding
Tá foirgneamh úr acu, tá siad ag cruthú caitheamh aimsire agus
eagna chinn i measc daoine óga na háite, agus ag tabhairt féiniúlachta do bhunadh an cheantair.
agus ár dtuiscint a mhúnlú
and shape our understanding
Sna suiteálacha *They're All the Same* (1991) agus *Same Difference *(1990) ardaíonn sé ceisteanna faoin tslí a dtig le teanga dul i bhfeidhm orainn
agus ár dtuiscint a mhúnlú, sa chás seo íomhá meáin de bheirt a bhfuiltear in amhras orthu gur baill iad den IRA.
tuigbheáil
understanding
Bhí dearcadh ann ag an am, mar sin féin, nach dtiocfadh le ceoltóir a bhí sáite i gcinéal amháin ceoil
tuigbheáil a bheith aige ar cheol ar bith eile.
tuiscint
understanding
Ní bheidh iontas ar éinne, seachas, b'fhéidir, ar chorr-státseirbhíseach thall sa mBruiséal a bhíonn ag plé go teibí le saol oibre na mílte duine, gan aon
tuiscint cheart aige ar thoradh a chuid ionstraimí reachtúla sna pobail bheaga iascaireachta atá scoite amach ón lárchumhacht.
ní síocháin go tuiscint
there is no peace without understanding
Agus i ndeireadh na dála,
ní síocháin go tuiscint.
tuiscint don gcré
understanding of the soil
"Tá cúrsa againn ar gharraíodóireacht órgánach a bhuaigh an chéad áit in Éirinn; ba mhaith liom go bpréamhófaí an fheirmeoireacht orgánach sa dúthaigh seo fad is bheidh na scileanna ag na daoine ar conas prátaí a chur,
tuiscint don gcré, don aimsir, don síolchur agus mar sin de.
léiritheoir tuisceanach
an understanding producer
Chomh maith leis sin bhí fonn orm albam aonair fidléireachta a thaifeadadh gan mórán tionlacain leis an mbéim ar an seancheol agus bhí áthas orm
léiritheoir tuisceanach mar Harry Bradshaw a fháil i gcomhair an tionscadail seo.
tuiscint bhunúsach
basic understanding
Níl deireadh leis an scéal fós ná baol air, ach is léir cheana féin gur chóir súil ghéar a choinneáil ar chuid de na daoine atá i mbun gnó san Astráil agus go bhfuil gá ag cuid acu le
tuiscint bhunúsach ar chúrsaí eitice.
ag léiriú easpa tuisceana
showing lack of understanding
Dar le Michael Duignan, an bainisteoir, bhí Coiste an Chontae
ag léiriú easpa tuisceana agus easpa spéise san iomáint sa chontae.
an chineál tuigbheála
the kind of understanding
Braitheann sé ar
an chineál tuigbheála atá agat ar an pholaitíocht.
is amhlaidh is soiléire gur beag an tuigbheáil atá agat
it becomes clearer that you have little understanding of it
"Ní bhíonn a fhios agat achan rud fá ghné ar bith den cheol agus, dá dhoimhneacht a théann tú isteach ann,
is amhlaidh is soiléire gur beag an tuigbheáil atá agat i ndeireadh na dála, ar nós na cruinne sa chomhthéacs sin," ar sé.
tuisceanach
understanding
Tá an clú orm nár chuir easpa airgid stop ariamh liom … agus tá fear céile
tuisceanach agam.
tuiscint
understanding
Feiceann sé go bhfuil
tuiscint aici ar dhathanna agus ar sholas nach bhfuil ag a bhean féin.
ár dtuiscint
our understanding
Tar éis do Howard Dean a léiriú nach leor comhluadar a chruthú ar an idirlíon chun tacaíocht a chinntiú taobh amuigh den chibirspás, b'fhéidir gur chóir dúinn glacadh leis nach n-athróidh an t-idirlíon ár sochaí ach gur féidir leis cabhrú linn
ár dtuiscint ar an domhan a leathnú.
thuiscint na dteangeolaithe
linguists' understanding
An nóisean seo den litríocht a bheith ina réaltacht fhíorúil, bunaithe ar
thuiscint na dteangeolaithe ar nádúr na dteangacha atá sé.
tuiscint
understanding
"Ar bhealach tá buntáiste againn ansin mar gheall go bhfuil
tuiscint againn ar an margadh Béarla.
tuigbheáil
understanding
Is ceoltóir iontach é, agus bhí suim ar leith agam ann mar gheall ar an
tuigbheáil agus an meas atá aige ar na hamhráin Ghaeilge.
go tuisceanach
wisely, with understanding
Is ceart na nótaí sin a phiocadh amach (go cúramach) i dtosach agus ansin iad a úsáid
go tuisceanach agus le blas chun beagán de chic a thabhairt don tiún.
níos tuisceanaí ar
more understanding of
Tá cuid acu ag iarraidh foghlaim faoi dhearcadh eile ar an saol (taitníonn na seanscéalta agus pisreoga leosan), cuid eile ag lorg eolais ar liricí amhrán nó píosaí filíochta - agus cuid eile ag iarraidh an Ghaeilge a fhoghlaim chun go mbeidh siad
níos tuisceanaí ar na hÉireannaigh nuair a rachaidh siad chun na tíre ar saoire.
easpa tuisceana
lack of understanding
Easpa eolais,
easpa tuisceana, díograis na hóige agus mar sin is cúis leis an drochbhail atá ar chuid mhaith peileadóirí a bhí ag imirt sna 1970í agus na 1980í luatha.
droichead tuisceana
a bridge of understanding
De réir an stiúrthóra, Ian Rowlands: "Tá barraíocht ráite faoin bhráithreachas Ceilteach gan smaoineamh ar bith bheith déanta ar an chiall atá leis - má tá aon chiall leis! Is iomaí míthuiscint a bhí ann idir Éire agus An Bhreatain Bheag agus tá súil againn go gcruthóidh an dráma seo '
droichead tuisceana'.
tuigbheáil
understanding
Luann sé meatacht an IRA, léirithe sa
tuigbheáil a bhí acu ar *"legitimate targets"* a bhí níos leithne ná mar a bhí ag an sean-IRA.
níos mó tuisceana
more understanding
Níl seomra dorcha, trealamh téagartha ná saineolas grianghrafadóireachta riachtanach níos mó chun pictiúr measartha maith a thógáil, ach an forbairt í an teicneolaíocht nua seo ó thaobh na grianghrafadóireachta mar cheird? In ainneoin an eolais atá ag go leor againn mar gheall ar chlódóireacht dhigiteach, comhaid, dioscaí stórála agus araile, an bhfuil muid go fóill ag smaoineamh i dtéarmaí grianghrafadóireachta agus muid ag tógáil pictiúir?
Tá argóint láidir ann a deir go bhfuil
níos mó tuisceana againn anois agus níos mó smachta ar na híomhánna a chruthaíonn muid.
níos mó tuisceana
more understanding
Níl seomra dorcha, trealamh téagartha ná saineolas grianghrafadóireachta riachtanach níos mó chun pictiúr measartha maith a thógáil, ach an forbairt í an teicneolaíocht nua seo ó thaobh na grianghrafadóireachta mar cheird? In ainneoin an eolais atá ag go leor againn mar gheall ar chlódóireacht dhigiteach, comhaid, dioscaí stórála agus araile, an bhfuil muid go fóill ag smaoineamh i dtéarmaí grianghrafadóireachta agus muid ag tógáil pictiúir?
Tá argóint láidir ann a deir go bhfuil
níos mó tuisceana againn anois agus níos mó smachta ar na híomhánna a chruthaíonn muid.
teagascóir níos tuisceanaí
a more understanding teacher
Bhíos i gcraiceann mo rangsa le linn don treoraí a bheith ag caint, agus is dóigh liom go ndearna an tráthnóna sin
teagascóir níos tuisceanaí díom.
níos tuisceanaí
more understanding
Nach bhfuil sibh cúngaigeantach i dtaca leis an Ghaeilge?”
“Shíl mé go raibh tusa
níos tuisceanaí ná sin, a Bhaloir cháidh,” a d’fhreagair Súoráiste.
ag tuigbhéail a chéile
understanding each other
Insíodh domh go bhfuil canúintí difriúla fríd Ghaeltacht na hAlban mar atá abhus anseo in Éirinn agus, ár ndálta féin, ní bhíonn mórán deacrachtaí acu
ag tuigbhéail a chéile.
fíorthuiscint
a true understanding
Bhí an t-ádh orainn daoine an-chumasacha agus fláithiúla a bheith bainteach leis an tionscadal ó thosaigh sé, idir na daoine ar an fhoireann, ár gcairde sa phobal agus, muise, daoine áirithe san earnáil stáit a raibh agus a bhfuil
fíorthuiscint acu ar an tábhacht a bhaineann le cultúr agus teanga.
ag tuigbhéail a chéile
understanding each other
Insíodh domh go bhfuil canúintí difriúla fríd Ghaeltacht na hAlban mar atá abhus anseo in Éirinn agus, ár ndálta féin, ní bhíonn mórán deacrachtaí acu
ag tuigbhéail a chéile.
tuiscint shimplí
simple understanding
Cheap mé nach mbeadh ach cúpla focal agam agus
tuiscint shimplí ar an ngramadach.
ag tuigbhéail a chéile
understanding each other
Insíodh domh go bhfuil canúintí difriúla fríd Ghaeltacht na hAlban mar atá abhus anseo in Éirinn agus, ár ndálta féin, ní bhíonn mórán deacrachtaí acu
ag tuigbhéail a chéile.
Easpa tuisceana
lack of understanding
Cén fáth a raibh sé seo amhlaidh?
“
Easpa tuisceana ar an meán féin.
tuiscint dhomhain
deep understanding
Agus níl gá le haon
tuiscint dhomhain ar chúrsaí teicneolaíochta nó rudaí casta ar nós cóid HTML chun iontráil nua a fhoilsiú ar bhlag – ní gach ach foirm bheag a líonadh isteach ar líne.
tuiscint dhomhain
deep understanding
Agus níl gá le haon
tuiscint dhomhain ar chúrsaí teicneolaíochta nó rudaí casta ar nós cóid HTML chun iontráil nua a fhoilsiú ar bhlag – ní gach ach foirm bheag a líonadh isteach ar líne.
tuigbheáil chomh leathan sin
such a wide understanding
“Nuair a chuaigh sé isteach i bhForaois na Gaeilge, agus nuair a bhí siad siúd ag lorg duine le tionscadal tras-teorainn a bhunú, cé eile a gheobhaidís ach Fear Dia? Cé eile a mbeadh
tuigbheáil chomh leathan sin aige; cé eile a mbeadh taithí chomh mór sin aige ar an dá thaobh de gach rud a fheiceáil?
"Chuir George Bush fios air, ar son NASA, le fáil amach cén dreach a bhí ar an taobh eile de Pluto, ach ní raibh Éamó Ó Caoimhnis sásta scaradh leis, fiú ar an trí chéad milliún a bhí na Poncánaigh ag tairiscint.
ar na léachtóirí is foighní agus tuisceanaí
one of the most patient and understanding
Ní háibhéil a rá go bhfuil sé
ar na léachtóirí is foighní agus tuisceanaí a casadh orm agus mé ar an ollscoil.
comhthuiscint a spreagadh
to give rise to mutual understanding
“Tá tionscadail éagsúla a bhfuil an mianach iontu
comhthuiscint a spreagadh agus meas a chothú ar chreidimh agus ar thraidisiúin éagsúla,” dar leis.
ní fhéadfaidís a bheith níos tuisceanaí
they couldn't have been more understanding
“Caithfidh mé a rá go raibh na húdaráis, na sagairt a bhí ag breathnú inár ndiaidh,
ní fhéadfaidís a bheith níos tuisceanaí agus níos deise ná mar a bhí siad linn (na daoine a d’fhág).
bean an-tuisceanach
a very understanding wife
Is dóigh go bhfuil an t-ádh orm go bhfuil
bean an-tuisceanach agam, agus chomh maith leis sin, go bhfuil beirt mhac agam a bhfuil suim acu sa rud atá muid a dhéanamh.
aon chomhthuiscint
any common understanding
Seans maith leis go mbeadh drogall ar FF
aon chomhthuiscint a bheith acu le Sinn Féin.
grinntuiscint ar chúrsaí gluaiseachta
perceptive understanding of movement
“Bhí bua na líníochta agus greann ag Barbera agus thug Hannah daonnacht agus
grinntuiscint ar chúrsaí gluaiseachta leis.
tuigbheáil
understanding
”
Is gá ar dtús, ar ndóigh,
tuigbheáil a bheith agat ar cad is ceol traidisiúnta ann.
an domhaintuiscint
the deep understanding
Ar na séasúir a bhí ag a thinneas, na bealaí diamhra a bhí ag a mheabhair, a shíceolaíocht agus
an domhaintuiscint a bhí aige air féin, a thinneas is na modhanna neamhghnácha a d’úsáid sé le fanacht slán.
an Tuairisceoir Tuisceanach Tarraingteach
the Understanding Attractive Reporter
Agus olltoghchán ar na bacáin is cúrsaí polaitíochta, níos mó ná rud ar bith eile, a bhí ag teacht idir Balor
an Tuairisceoir Tuisceanach Tarraingteach agus codladh na hoíche le mí anuas.
mar chúiteamh ar an easpa tuisceana.
to make up for the lack of understanding.
Mhínigh sé don lucht féachana nár thuig na sclábhaithe Afracacha an scála Eorpach agus gur chuir siad nótaí eile isteach
mar chúiteamh ar an easpa tuisceana.
tuiscint pholaitiúil
political understanding
An chéad uair a bhí
tuiscint pholaitiúil agam ar mo stádas sa domhan, b’in nuair a d’fhill mé ón gcéad lá ar scoil.
an tuiscint thochtmhar
the deeply emotional understanding
Níl fhios ag duine ar bith go díreach cén fáth a ndearna an seanmháistir na portráidí lán de mhachnamh seo ach léiríonn siad
an tuiscint thochtmhar a bhí ag Rembrandt ar an saol céasta a bhí thart timpeall air.
an Tuairisceoir Tuisceanach Tarraingteach
the Understanding Attractive Reporter
An mhí seo a chuaigh thart thug Balor
an Tuairisceoir Tuisceanach Tarraingteach cuireadh don Aire Talmhaíochta, Máire Ní Chochráin, cuairt a thabhairt air ina phluais chun babhla sú a chaitheamh ina chuideachta cois na tine.
níos tuisceanaí
more understanding
Bhí sé ag súil go roinnfeadh sí a gaois pholaitiúil leis i dtéarmaí simplí talmhaíochta – téarmaí a bheadh sothuigthe dó féin agus dá chuid léitheoirí – cionn is go bhfuil olltoghchán ar na bacáin, agus le go mbeadh sé rud beag fiú
níos tuisceanaí agus níos tarraingtí fós mar thuairisceoir.
tuiscint
understanding
“Chuir Harvard an stampa rubair ar an tráchtas – tá mé in amhras ar léigh duine ar bith é, fiú – ar chóras fuaime na Gaeilge, rud nach raibh
tuiscint chomh maith sin air go dtí sin.
an tuigbheáil
the understanding
Ba é
an tuigbheáil a bhí ag Marx de “dheireadh na staire” ná tréimhse nuair nach ann don aicmíocht.
níos tuisceanaí,
more understanding,
Ós na cainteanna seo,” arsa Hoban, muid ag éisteacht go ríchúramach leis, “ is féidir liom a rá le gach éinne go raibh Ger níos sásta lena shaol agus lena ealaín ná mar a bhí riamh – níos compordaí le cúrsaí casta a shaoil ná mar a bhí riamh,
níos tuisceanaí, níos ábalta déileáil leis.
comhthuiscint
mutual understanding
Ach, ina bhealach modhúil féin, deir Peter nach raibh baint ag an gCoimisiún leis sin *per se*; deir sé nach raibh iontu ach “éascaitheoirí” agus “go ndearna muintir na gceantar éagsúil an obair ar fad iad féin chun
comhthuiscint a bhaint amach.
faighim léamh ar an treocht.
I get an understanding of the trend.
Tar éis dhá gheábh timpeall an halla,
faighim léamh ar an treocht.
tuigseach
understanding
Cé hé féin, Pádraig Ó hEaráin, agus cad chuige a gcuirfeadh duine ar bith spéis ann ar chor bith?
Bhuel, is fiú spéis a chur ann mar go bhfuil idir bheathaisnéis agus scéal pobail scríofa ag Aodh Ó Canainn agus an té ar spéis leis foghlaim faoin am atá imithe le go dtuigfidh sé an t-am atá ann anois agus an t-am atá le teacht, b'fhiú dó cuntas eolach
tuigseach pléisiúrtha seo Uí Chanainn a léamh.
tuigbheáil measartha cúng
quite a narrow understanding
Leoga, measann sé go bhfuil
tuigbheáil measartha cúng ag daoine ar cad is cultúr Meiriceánach ann.
a dtuiscint féin
their own understanding
”
Admhaíonn sé gur gá a bheith cúramach mar go bhfuil sé an-éasca a bheith róláidir faoi ach dar leis gurb é an bunscéal atá sa Léann Éireannach go bhfuil an ceart ag daoine
a dtuiscint féin a fháil ar a saol dóibh féin.
tuiscint
understanding
Deirim sin toisc gur léirigh siad ina gcuid cluichí i mbliana go bhfuil bua fíorthábhachtach amháin acu agus is é sin
tuiscint ar conas cluiche a bhuachaint agus iad faoi bhrú ag an bhfreasúra.
tuiscint
understanding
Thuig sé mo chás, ach ní raibh aon
tuiscint ná meas aige ar scoláire eile a dúirt go raibh cluiche sacair aige ar an Satharn! Fuair an buachaill sin íde béil uaidh.
mórán tuisceana
much understanding
Toisc nach raibh
mórán tuisceana agam ar rugbaí, cheapas go raibh an treoir seo craiceáilte, ach rinne mé an méid a dúradh liom a dhéanamh agus bhí na *lads* eile do mo mholadh.
ach is beag a ghoilleann an t-eolas agus an tuiscint seo orm.
but this knowledge and understanding effect me little.
Tuigim go ndearnadh feall mharfach ar an gcine daonna ar an láthair seo
ach is beag a ghoilleann an t-eolas agus an tuiscint seo orm.
tuisceanach
understanding
“Bíonn léiritheoirí
tuisceanach mar caithfidh siad a bheith
tuisceanach.
tuiscint
understanding
Measann sé gurb é lucht féachana TG4 ná “daoine a bhfuil oideachas orthu, daoine a bhfuil suim acu i gcúrsaí na tíre agus daoine a bhfuil Gaoluinn acu nó
tuiscint ar thábhacht na teanga”.
tuiscint domhain
deep understanding
Ach ní ag caint ar “fhís” i dtéarmaí teibí atá mé – is é an cineál físe atá ag Mac Murchú ná
tuiscint domhain i dtaobh cé hé féin, céard é an jab atá le déanamh aige, cén treo ina bhfuil a chomhlacht ag dul agus cén cineál ainmhithe go díreach í an earnáil ina bhfuil sé ag saothrú.
a cháil mar thuairisceoir tuisceanach
his reputation as an understanding reporter
Cúis mhórtais do Bhalor
a cháil mar thuairisceoir tuisceanach agus mar fhiosraitheoir fáidhiúil, agus dá mbeadh barúil aige faoi na scéalta móra nuachta sular thit siad amach ar chor ar bith, ní bheadh tuairisceoirí an *Sindo* agus an *Star*, an *Mirror* agus an *Messenger of the Sacred Heart* ach in áit na leathphingne i gcomparáid lenár laoch.
díobháil iomlán tuigbheála
a total lack of understanding
Léirigh siad
díobháil iomlán tuigbheála ar cad is teanga ann, nó ar stair nó tábhacht nó saibhreas na Gaeilge ina “dtírín” beag féin.
easpa tuigbheála,
lack of understanding
Bhí ár sáith cúiseanna caointe againn i gcaitheamh na bliana, le foirne éagsúla na hÉireann agus na Poblachta ar easpa fuinnimh agus
easpa tuigbheála, agus a gcuid bainisteoirí ar easpa cuid mhór rudaí eile.
scoláirí móra tuisceanacha
great understanding scholars
“Agus nuair a casadh
scoláirí móra tuisceanacha air, Meiriceánaigh a bhformhór, thuig siadsan, nuair a bhí staidéar déanta acusan agus amhránaíocht dúchais as tíortha eile an domhain cloiste acu, dúirt siad leo féin, 'By dad, seo an *gold nugget*.
traidisiún a thugann droim láimhe leis na seantuigsí
a tradition which turns it back on the old understandings
Traidisiúnta? Ní dócha é, ach seans mór gur ag cruthú traidisiún nua atá siad féin,
traidisiún a thugann droim láimhe leis na seantuigsí agus leis na seaneiseamláir ar shochaí.
tuiscint an-mhaith ar an tuiseal ginideach
a very good understanding of the genitive case
Tá stór focal thar a bheith leathan ag Des cheana féin agus
tuiscint an-mhaith ar an tuiseal ginideach agus ar ghnéithe casta eile de chuid ghramadach na teanga.
nach bhfuil tuiscint cheart aige ar an tsochaí Éireannach;
who doesn't have a proper understanding of Irish society
Cuireann sé soir mé go minic nuair a bhíonn daoine ag rá fúmsa gur *Yank *mé
nach bhfuil tuiscint cheart aige ar an tsochaí Éireannach; gur duine ón taobh amuigh mé atá ag déanamh tráchtaireachta ar a bhfuil ag titim amach sa tír.
ar thuiscint agus ar labhairt na teanga.
on understanding and speaking the language
Ag an mBonnleibhéal, cuirtear an-bhéim
ar thuiscint agus ar labhairt na teanga.
tuiscint ghinearálta
general understanding
Tá an chaibidil an-ghearr, ach tá go leor eolais inti le
tuiscint ghinearálta a thabhairt don léitheoir maidir leis na teangacha as ar eascair na teangacha Ceilteacha, an difríocht idir P-Ceilteach agus Q-Ceilteach (coincheap a raibh deacracht riamh agam leis) agus na tréimhsí stairiúla éagsúla a ndéantar tagairt dóibh agus an teanga á plé i gcomhthéacs acadúil.
tuiscint an-ghlé
a very clear understanding
Le linn na mblianta a chaith mé le RTÉ, fuair mé
tuiscint an-ghlé ar fad ar cé chomh maith agus a d’éirigh leis an gcríochdheighilt: ní chuireadh an pobal mór suim rómhór i gcúrsaí an Tuaiscirt agus bhídis ag gearán go minic go mbíodh an iomarca béime á leagan againne ar a raibh ag titim amach ann.
easpa tuisceana agus breithiúnais
lack of understanding and judgement
Fear faille is ea Kenny, agus léirigh sé go bhfuil
easpa tuisceana agus breithiúnais i gceist óna thaobhsan de mar gur shíl sé go mbeadh sé cuí teacht i dtír ar chruachás Ahern ar an 2 Aibreán agus rún a chur os comhair mhuintir na hÉireann nach bhfuil an dara suí sa bhuaile ann anois ach olltoghchán eile a ghairm.
tuiscint
understanding
Bíonn sé de nós ag an ealaíontóir a leithéid a dhéanamh: chomh luath agus a fhoghlaimíonn sé gach rud atá le foghlaim faoina ghairm nó faoina ealaín, tagann sé ar an
tuiscint gur mhaith leis an ealaín sin a chur i láthair amhail is gur páiste é – gan ualach an domhain, nó dearcadh daoine eile nó tionchar múinteora a bheith ag dul i bhfeidhm air a shaothar, ach a bheith i mbun a ealaíne amhail is nach bhfuil aon duine ag amharc air.
tuiscint dhoiléir
unclear understanding
In ainneoin gur bhain mé céim amach sa tíreolaíocht in Éirinn, caithfidh mé a admháil nach raibh ach
tuiscint dhoiléir agam ar gheografaíocht na hAstráile sular chuir muid fúinn abhus in Canberra, príomhchathair na tíre, sa bhliain 1973.
tuigbheáil as an choiteann
out of the ordinary understanding
Agus i dtaca leis na heascainí sin, nach maith mar a roghnaigh sé an bhean cheart le bheith ag caint mar sin léi?
Máire Ní Chlochráin, atá anois ina Tánaiste, a bhfuil
tuigbheáil as an choiteann aici ar théarmaíocht mhuirneach, gheanúil, bhách an Taoisigh, a chuala é go soiléir.
tuiscint
understanding
***Buntáistí*: **De bharr a chúlra mar léachtóir i gColáiste tríú leibhéal, ba cheart go mbeadh
tuiscint aige ar riachtanais mhúinteoirí.
tuiscint iomlán
total understanding
(Paragraf 6)Mar gheall ar nach bhfeiceann na bulaithe a gcuid íospartach, téann siad i mbun drochíde a thabhairt gan
tuiscint iomlán a bheith acu maidir leis na himpleachtaí agus na hiarmhairtí a bhíonn i gceist ó thaobh an íospartaigh de nó an rian a fhágann an bhulaíocht ar a shaol.
comhthuiscint
mutual understanding
Bhí
comhthuiscint eadrainn, áfach.
tuiscint ní ba dhoimhne
deeper understanding
Bhí
tuiscint ní ba dhoimhne agam ina dhiaidh sin ar cad a bhí agam i mo ghuth, i mo chuid amhránaíochta, i mo chuid ceoil.
thuiscint theoiriciúil
theoretical understanding
Deir Bláthnaid Ní Ghréacháin, iarchéimí agus Ardfheidhmeannach Gaelscoileanna Teoranta: “Shaibhrigh sé mo
thuiscint theoiriciúil ar an-chuid ábhar agus bhain mé an-chuid as an gcúrsa.
laoch tuisceanach
understanding hero
Ach caidé faoi Mharti Maranach Marbhánta Morrissey,
laoch tuisceanach na gcomhfhreagraithe spóirt, a bhí ag cur agallaimh ar Phaddy ag an am agus a chinntigh go ndúirt Paddy an méid a dúirt sé faoi dhó agus faoi thrí go soiléir? Ba chuma gur ghlac Paddy go fonnmhar leis an bhonn ina dhiaidh sin agus gur chroch
sé leis abhaile é go bródúil, bhí an méid a dúirt sé go borb agus go grod díreach i ndiaidh an bhabhta mar ábhar comhrá ag gach duine, a bhuíochas sin do Mharti Maranach Marbhánta Mearsmaointeach Morrissey.
é a chur in eagar ar bhealach tuisceanach
edit it in an understanding way
"Ní fheicfidh daoine an chuid is measa de mar gurbh éigean do Jim
é a chur in eagar ar bhealach tuisceanach sa dóigh is nach múchfadh daoine a gcuid teilifíseán agus é ar siúl.
athchóiriú tuisceanach
understanding renovation
Rinneadh
athchóiriú tuisceanach ar an áit le beannacht mhuintir Raheem agus is seoid álainn d'óstán búitíc é anois.
gcomhthuiscint
common understanding
I
gcomhthuiscint a chéile
Liam Ó Maonlaí a d'oscail an taispeántas le scéal faoin gcaoi a rinne sé ceangal le Marcelo agus iad thíos i dtigh mór ag iarraidh grianghraf a fháil a d'oirfeadh do chlúdach albam úr Liam.
tuiscint
understanding
Tugadh faoi deara luath go leor i stair an phopcheoil go dtaitníonn saghasanna ceoil ar leith le daoine a éisteann le bannaí ar leith agus dá bharr, ní haon léim mhór é ón
tuiscint seo go dtí feidhmchlár cliste a mholann ceoil nua duit ar an mbunús sin.
cibé tuiscint
whatever understanding
Is cosúil go bhfuil an méid sin ama caite acu sna gluaisteáin mhóra agus sna cruinnithe olltábhachtacha is gur chaill siad
cibé tuiscint a bhí acu ar an ghnáthshaol.
Tuiscint mheasartha
a fair understanding
Tuiscint mheasartha aige ar pholasaithe talmhaíochta na hEorpa fosta.
tuiscint bhunúsach
basic understanding
Cé go bhfuil RSS fite fuaite tríd an ngréasán, níl an
tuiscint bhunúsach chéanna ag an saol mór air is atá acu ar r-phost.
tuiscint
understanding
Ciallaíonn sé seo go bhfuiltear ag cur leis an
tuiscint atá ag an domhan ar fhadhbanna na bpobal dúchais.
tuiscint
understanding
Chuaigh mo spéis ann i dtreis nuair a tháinig an
tuiscint chugam ar ball nárbh é amháin go raibh an-suim aige sa pheil Ghaelach, ach go raibh aithne phearsanta aige ar chuid d’fhoireann caide Chiarraí, Mícheál Ó Conaill ina measc.
thuisceanach
understanding
”
Muintir Mhaith
Rud amháin a chuireann ar chumas Ivana saol gníomhach gairimiúil agus saol teaghlaigh a bheith aici ná muintir
thuisceanach chabhrach.
tuisceana
of understanding
mobi/ga/Tony_Gregory)
An Aigne Choiteann
Mura léiríonn na díomuanna seo go léir go bhfuil an dá iarann déag sa teallach aici, b’fhéidir go léiríonn sé nach bhfuil tuiscint aici ar aigne an phobail? Is fianaise breise leis an easpa
tuisceana sin an taobh a ghlac sí san fheachtas reifrinn i 2004 mar gheall ar shaoránacht.
tuiscint
understanding
Is dócha go mbaineann sé sin leis an am nuair a thosaigh mé ag
tuiscint is ag ceistiú rudaí móra an tsaoil.
Tuisceanach
understanding
Is iomaí meancóg atá déanta ag Máire ó chuir sí hata an Tánaiste uirthi féin, ach ní thig le duine ar bith a chur ina luí ar Bhalor, an Tuairisceoir
Tuisceanach, go raibh an ráiteas sin faoi na glasraí ina measc.
tuisceanach
understanding
Is duine
tuisceanach mé.
tuiscint
understanding
Is le bliain anuas atáim ag fáil
tuiscint níos fearr ar seo, go mbíonn daoine aige baile agus tógann siad ana-aird agus ana-cheann do gach aon rud a bhíonn ar siúl agat.
tuigbheáil
understanding
Dar leis go bhfuil
tuigbheáil mhaith aige do na bronntanais Nollag is fearr a dhéanfadh leas daoine:
D’Íosa Mhic Giolla Mháire thabharfainn múinteoir úr Gaeilge, nó cibé dúramán atá aici cheana féin tá sé nó sí ag cur chuma na fusachta ar an jab, agus ní maith le múinteoirí cuma na fusachta a bheith ar rud ar bith a bhaineann leo.