Ní bhíonn aon leisce ar thiománaí cairr corchasadh contúirteach a dhéanamh le leircín a dhéanamh de bhuaf chána!
Is léir go raibh muid an-rathúil sa tír seo ó thaobh dhíothú na ndúl dúchais de, ach theip go huile is go hiomlán orainn go n-uige seo a dhéanamh amhlaidh do oiread is ceann amháin de na cuairteoirí andúchasacha atá ag déanamh dochar uafásach don chomhshaol.
Fuíoll Fógraí?
Ach theip ar aon nuachtán Gaeilge go n-uige seo líon cruthanta de fhógraí a mhealladh ón earnáil phríobháideach, agus iad i dtuilleamaí, cuid mhór, ar fhógraíocht stáit agus ar phinginí beaga ó na heagrais Ghaeilge.
Cionn is go raibh an duine gan ainm rud beag imníoch faoi scríobh chuig Iris nó an Pápa chun an chomhairle a lorg, thug Balor cuireadh di nó dó litir oscailte a scríobh chuig an bheirt acu, nó tá a fhios ag madraí an bhaile go léann siad beirt gach alt dá scríobhann Laoch na Litríochta – aon chéad acu ar fad go n-uige seo don liarlóg leamh seo.
Ceist tola í: an bhfuiltear dáiríre faoin dá phróiseas chomhairliúcháin seo nó an leithscéal iad le faobhar a chur ar an tua? An ardáin ghaotaireachta iad nó an bhfeidhmeofar ar na moltaí a thiocfaidh astu? Leoga is beag uchtach a thabharfadh na comharthaí go n-uige seo don té a chuirfeadh muinín sna próisis úd.