Chuaigh mé thart ar go leor cairteacha dramhaíola eile, chuardaigh i bhfoirgnimh thréigthe, cúl-lánaí agus a leithéid, boscaí carntha os cionn a chéile taobh thiar de shiopaí agus rinne mé taiscéalaíocht ar shráideanna i bhfad ó bhaile—ar rothar, seanrothar meirgeach ar tháinig mé air sa chéad chairt dramhaíola sin, tar éis braon ola a chur ar an slabhra ní raibh caill ar bith air, an roth tosaigh a athrú, caoi a chur ar na coscáin chúil,
na boinn, na cáblaí agus ruainne péinte—síos cnoc, trasna na habhann, suas cnoc, faoin tuath beagnach a bhí mé sula raibh mo dhóthain piléar agam, péire agus cúpla ceann le spáráil.