Pota Focal Intergaelic
tape | tope | tyke | tyre | pyre
Gluais TíHouse Glossary Gluais Beo!Beo! Glossary TeasárasThesaurus BriathraVerbs
mar cheannródaithe sa chineál seo tionscadail as pioneers in this type of project
" Tá aitheantas faoi leith bainte amach ag an tionscadal i measc phríomhghníomhairí na cathrach agus mhuintir na cathrach, chomh maith le haitheantas náisiúnta agus idirnáisiúnta mar cheannródaithe sa chineál seo tionscadail.
litir a chur suas to type a letter
" Is é a chéad rud a fuair Rita le déanamh ná litir a chur suas ar an ríomhaire and ansin á bualadh amach.
an chineáil sin geilleagair that type of economy
" Agus tá na postanna a bhí acu sna longlanna agus sna monarchana imithe, mar tá lá an chineáil sin geilleagair thart le fada anois fud fad Iarthar na hEorpa.
clóscríobh typing
" D'fhoghlaimíos ana-chuid scileanna, ar nós clóscríobh, atá ana-áisiúil anois.
a leithéid de shiopa that type of shop
" Cén fáth a raibh gá leis? Nach bhfuil go leor siopaí leabhar ann cheana? Chun freastal ar na Gaeil trí mheán na Gaeilge i gContae Chill Mhantáin, áit nach raibh a leithéid de shiopa cheana.
seanchló old type/print
" Agus bhain mé úsáid as an seanchló nua sin le haghaidh áis eile a rinne mé le déanaí.
seanchló old type/print
" Agus bhain mé úsáid as an seanchló nua sin le haghaidh áis eile a rinne mé le déanaí.
má chlóscríobhtar é seo if this is typed
" Anois ní mór teachtaireacht téacs a chur chuig uimhir ghutháin faoi leith chun teacht ar an tseirbhís; seoltar pasfhocal mar fhreagra agus má chlóscríobhtar é seo sa spás cuí ar an suíomh, bíonn an léarscáil le feiceáil.
saghsanna ceoil types of music
" AÓF: An bhfuil aon uirlis eile gur mhaith leat a bheith in ann a sheinm? OMD: Tá mé breá sásta a bheith ag déanamh mo dhíchill an fhidil a fhoghlaim i gceart! Gan dabht tá uirlisí iontacha eile ann, ach is fearr liom a bheith i mo shuí ar mo shuaimhneas ag éisteacht le ceoltóirí eile á seinnt! AÓF: An seinneann tú nó an gcanann tú in aon stíl cheoil eile seachas ceol traidisiúnta na hÉireann? Céard iad na saghsanna ceoil agus amhránaíochta a thaitníonn leat? OMD: I láthair na huaire ní sheinnim ach ceol traidisiúnta na hÉireann amháin, ach nuair a bhí mé ag déanamh céime sa cheol i gColáiste na Tríonóide cúpla bliain ó shin bhí mé ag seinnt ceol clasaiceach ar an bpianó.
clóscríbhneoireachta typing
" Scríobh sí an rud ar fad de lámh mar nuair a bhí sí ag fás aníos, "ní dhéanfadh státseirbhíseach ná ollamh a chuid clóscríbhneoireachta féin, agus go mórmhór bean, mar dá mbeadh clóscríbhneoireacht aici, is ag clóscríbhneoireacht a d'fhanfadh sí!" Saolaíodh Máire Mhac an tSaoi i mBaile Átha Cliath.
má chlóscríobhann tú if you type
" Ach má chlóscríobhann tú an seoladh "ciorcal.
a lán saghsanna éan many types of birds
" Tá an-chlú ar Chléire mar áit inar féidir a lán saghsanna éan a fheiceáil agus is féidir eolas a fháil sa Réadlann, nó cúrsaí a dhéanamh leis an mhaor cónaithe, a bhfuil ainm an-fhóirsteanach air, Steve Wing.
gleoiteogaí type of small sailing boats
" Is báid mhóra iad siúd ach tá go leor cineálacha eile bád sa gceantar, leathbháid, púcáin agus gleoiteogaí mar shampla.
an saghas loighce the type of logic
" Seo an saghas loighce a mbeifeá ag súil léi ón Uasal Ahern.
den gnáthchineál of the ordinary type
" Bhí sé ina ghála fíochmhar an tseachtain seo caite; níor bhog na leacáin nua, ach chailleamar leacán nó dhó den gnáthchineál.
a chlóscríobh to type
" Ar na suímh sin iarrtar orthu a n-eolas pearsanta, ainm úsáideora agus pasfhocal, mar shampla, a chlóscríobh isteach i bhfoirm - agus ansin goidtear airgead as a gcuntas bainc ar líne.
an dá phríomhshaghas caimiléireachta the two main types of swindling
" Cuireann an teicneolaíocht seo ar chumas na mbanc agus comhlachtaí cártaí creidmheasa déileáil leis an dá phríomhshaghas caimiléireachta a tharlaíonn i siopaí: cóipeáil mhídhleathach na gcártaí féin agus daoine a bheith á n-úsáid go mhídhleathach, ag ligean orthu gur leo cártaí goidte.
seó de chineál inteacht a show of some type
" Bíonn modhanna éagsúla ceiliúrtha ann ó bhaile go baile nó ó eastát go heastát ach, go ginearálta, bíonn ceol, ól agus seó de chineál inteacht ag dul ar aghaidh an lá ar fad.
Is macasamhail mhuintir Kennedy iad they're the Kennedy type
" Is macasamhail mhuintir Kennedy iad, amuigh ansin ag tarraingt raic an diabhail, ag pléascadh na háite, ag dó na hambasáide go talamh agus a leithéidí sin.
ornáidíocht de shaghsanna eile other types of ornamenation
" Tá fuaimeanna áirid a ligeann duit tríréidí a chur isteach sa tiún nó ornáidíocht de shaghsanna eile.
ag clóscríobh typing
" Agus ní tharlódh sé sin de bhrí go bhfuil mé an-mhall ag clóscríobh ach de bhrí go bhfuil formáidí nua á gcruthú go rialta.
clóscríobh type
" Tá a fhios agam go bhfuil an t-aos óg ag forbairt ordóg láidir atá in ann “clóscríobh” ar ghuthán ag luas lasrach.
saghas nua traenach leictrí a new type of electric train
" Tá siad ag cur chun cinn saghas nua traenach leictrí, traein Maglev (*Magnetic Levitation* nó ardú adhmainteach) a “eitlíonn” 1 cm os cionn an riain, ardaithe ar adhmaintí agus gan rothaí, nó fiú ráillí, na rudaí a chuireann moill ar ghnáth-thraein.
cineál difriúil fola different blood type
" Ansin bhris an scéal gur cineál difriúil fola a bhí i gcorp an linbh a fuarthas ar an trá, i gcompráid leis an bpáiste a fuarthas in aice na feirme, rud a léirigh narbh é an tUasal Locke athair an linbh a fuarthas ar an trá.
saghas nua traenach leictrí a new type of electric train
" Tá siad ag cur chun cinn saghas nua traenach leictrí, traein Maglev (*Magnetic Levitation* nó ardú adhmainteach) a “eitlíonn” 1 cm os cionn an riain, ardaithe ar adhmaintí agus gan rothaí, nó fiú ráillí, na rudaí a chuireann moill ar ghnáth-thraein.
roinnt saghsanna curaí several types of currach
"roinnt saghsanna curaí le fáil thart ar chósta na hÉireann, agus is naomhóg Chiarraíoch í an Colmcille.
cineálacha éagsúla cúlra different types of backgrounds
" “Bíonn cineálacha éagsúla cúlra ag na daoine ar an bhád.
shaghsanna éagsúla different types
" AÓF: Tá meascán de shaghsanna éagsúla ceoil agus amhránaíochta air.
gach saghas gléas leictreonach every type of electronic apparatus
" Ní bhíonn muid ag brabhsáil ar an idirlíon a thuilleadh ach ag dul sa tóir ar eolas faoi leith – agus tá an cur chuige sin ag scaipeadh go dtí ár ríomhairí féin agus gach saghas gléas leictreonach.
gach saghas gléas leictreonach every type of electronic apparatus
" Ní bhíonn muid ag brabhsáil ar an idirlíon a thuilleadh ach ag dul sa tóir ar eolas faoi leith – agus tá an cur chuige sin ag scaipeadh go dtí ár ríomhairí féin agus gach saghas gléas leictreonach.
is a cheapfá i gcás comórtais dá leithéid as you would think in the case of a competition of its type
" Níl an scaipeadh ó thaobh buaiteoirí, neasóirí agus an 3ú háit chomh forleathan is a cheapfá i gcás comórtais dá leithéid.
cineálacha éagsúla clisteachta various types of cleverness
" “Má d’fhoghlaim mé tada agus mé ag obair i bhFianna Fáil d’fhoghlaim mé go bhfuil cineálacha éagsúla clisteachta ann.
cineálacha éagsúla ceoil various types of music
" Ar chruthaigh sin aon fhadhb daoibh agus sibh ag cur albaim le chéile?*** SD: Sílim go gcuidíonn sé go bhfuil tionchar ag cineálacha éagsúla ceoil orainn ar fad.
doiciméid de gach saghas all types of documents
" Ach an coiscéim mhór chun tosaigh atá sna bogearraí nua seo nó an bhfuil siad á n-athrú ar mhaithe le margaíocht agus poiblíocht?Cé go gcuireann an clár ríomhaireachta Microsoft Word as do dhaoine ó am go ham is cinnte gur pacáiste iontach úsáideach atá ann agus go bhfuil sé tar éis an tslí ina gcuireann daoine doiciméid de gach saghas le chéile a athrú.
de shaghsanna éagsúla, of various types,
" Dúirt sí amhráin de shaghsanna éagsúla, bailéid mhóra, amhráin ghrinn agus amhráin ghrá ina measc.
chun an cineál seo mí-úsáide a sheachaint. to avoid this type of misuse.
" Cad ba chóir a dhéanamh? Ba cheart go mbeadh smacht níos doichte ar bharra fuinnimh (agus tacaíocht níos éirimiúla dóibh) chun an cineál seo mí-úsáide a sheachaint.
cineálacha éagsúla claonpháirteachais different types of collusion
" Dúirt Stevens ina thríú tuarascáil – tá milliún leathanach curtha i dtoll a chéile ag foireann Stevens ar chás Pat Finucane – go raibh cineálacha éagsúla claonpháirteachais ann.
na saghsanna tiúineanna agus uirlisí the types of tunes and instruments
" ***AÓF: Tá an-éagsúlacht ó thaobh na saghsanna tiúineanna agus uirlisí atá ar na dioscaí.
na cineálacha éagsúla the various types
" Ar ndóigh, is teanga dhomhanda é an Béarla ach nach bhfuil Sasana anois mar shatailít chultúrtha de Mheiriceá, a fhiafraím den Ollamh Welch? Nach bhfuair cultúr na Stát Aontaithe greim ar an domhan trí na cineálacha éagsúla popcheoil? Ní aontaíonn An Dr Welch leis an dearcadh sin.
an cineál seo córais this type of system
"an cineál seo córais i bhfeidhm in áiteanna ar nós na hEilvéise agus Mheiriceá, dhá áit ina socraíonn na húdaráis áitiúla íocaíochtaí leasa shóisialaigh, an pá íosta agus tuarastal oibrithe san earnáil phoiblí.
an dá chineál paisinéara the two types of passenger
" Mar sin, níos mó ná riamh, beidh an dá chineál paisinéara ar eitleáin éagsúla.
taithí ar an saghas sin timpeallachta experience of this type of environment
" ” Bheadh taithí ar an saghas sin timpeallachta úsáideach agus an bhrionglóid a bhí ag Izabela a bheith ina láithreoir teilifíse ar tí a fíoraithe.
cineál tí type of house
" D'fhan mé thar oíche i marae, ar cineál tí de chuid phobal traidisiúnta na Maorach é.
Imrítear dhá shaghas peile Meiriceánaí. Two types of American Football are played.
" Imrítear dhá shaghas peile Meiriceánaí.
is ionann an dá chineál damhsa aonair the two types of solo dance are the same
" Diomaite de na bróga a bheith difriúil – agus cé go bhfuil “batar” (bunfhuaim) bunúsach an tsean-nóis níos mó cosúil le batar an tseitrince – is ionann an dá chineál damhsa aonair sa dóigh is go baineann siad araon le cruthú rithime leis na cosa in am leis an cheol.
cineál amháin de one type of it
" Ach is é an cheist mhór ná cad é go díreach atá i gceist leis an damhsa ar an sean-nós, agus an bhfuil cineál amháin de ann? Is é an chéad phointe ná go dtéann an nóisean nach bhfuil ann ach cineál amháin de go hiomlán in éadan an tsainmhínithe bhunúsaigh atá ar an fhocal “sean-nós”.
go dteastaíonn uathu a rian fein a fhágáil ar an chineál seo damhsa. that they want to leave their own mark on this type of dancing
" Cor eile atá tugtha faoi deara agam ná go bhfuil an t-aos óg ag briseadh amach agus go dteastaíonn uathu a rian fein a fhágáil ar an chineál seo damhsa.
cineálacha rudaí types of things
" Cad é a choinnigh sé iontu? Mar a bheifeá ag súil leis ó dhuine nár chaith rud ar bith amach, is iad na cineálacha rudaí atá iontu ná nuachtáin, cuirí a fuair sé chuig oscailtí ealaíne agus clubanna oíche, greim ó bhéilí mar shlios de chíste lá breithe Caroline Kennedy a fuair sí agus í in aois a sé bliana déag.
an saghas seo cuardaigh ghrafaigh this type of graphic search
" Cabhraíonn an saghas seo cuardaigh ghrafaigh go mór le duine agus é ag iarraidh taighde a dhéanamh ar ábhar go tapa toisc go bhfaigheann sé eolas láithreach bonn, ní hamháin i dtaobh an ábhair atá á chuardach aige ach i dtaobh na n-ábhar gaolmhar ar fad chomh maith – agus ní gá go mbeadh an t-úsáideoir eolach ar na hábhair ghaolmhara roimh ré.
ar na cineálacha daoine a gceadófar a saothar about the types of people whose work will be allowed
" Lena chois sin, má bhaintear saothar Uí Shearcaigh den siollabas, cén áit ar chóir dúinn an líne a tharraingt? An amhlaidh go mbeidh ar an gComhairle Náisiúnta Curaclaim agus Measúnachta polasaí ar leith a dhréachtú ina ndéanfar cur síos beacht ar na cineálacha daoine a gceadófar a saothar ar shiollabais? Cén chaoi a ndéanfaí na cinntí? An nglacfaí le saothar daoine a chuir in iúl roimhe seo go bhfuil, cuir i gcás, tuairimí míchuíosacha ciníocha acu? Ní dhéanfaí staidéar ar DNA i scoileanna na hÉireann sa chás sin – is ciníochaí mínáireach é James Watson, an fear a bhuaigh Duais Nobel as ucht DNA a bheith fionnta aige.
grafaicí agus focail chlóscríofa graphics and typed words
" Níl san íospartach, dar leis an mbulaí, ach íomhá ar scáileán agus tá sé deacair grafaicí agus focail chlóscríofa a chomhcheangal leis an té atá ann, dáiríre.
Má chlóscríobhann tú if you type
" Má chlóscríobhann tú an focal "pizza", mar shampla, taispeánfar duit ar an léarscáil suíomh na mbialann Iodálacha atá cóngarach don áit a bhfuil tú.
a aithníonn go bhfuil gá le siamsaíocht mar sin a bheith ar fáil who recognise that there is a need for that type of entertainment to be available
" Bíonn gach ócáid ar siúl in ionad nach gceadaítear alcól ann agus meallann sé sin daoine a aithníonn go bhfuil gá le siamsaíocht mar sin a bheith ar fáil.
na cineálacha carachtar céanna the same types of characters
" **Aontas na Mac Léinn**Aaah, aontas na mac léinn, áit ar tháinig muid ar na cineálacha carachtar céanna a bhíodh ansin i rith mo linne féin – callánach, salach agus cuma orthu gur chodail said ina gcuid éadaí; iad ag iompar iad féin mar a bheadh siad *too cool for school *agus ag béiceadh lena chéile ionas go gcloisfeadh achan duine a gcuid gnó.
sealadach a type of driving licence
" Bhíodh Éamonn Ó Doornail againn ar feadh tamaill; ansin bhí Caoimhe Ní Lion againn ar feadh tamaill bhig; bhí Leamh Ó Cuinneagáin againn ar feadh cúpla uair an chloig; agus ar na saolta deireanacha seo, tá Balor ag fáil litreacha forbhannacha ón Dochtúir Seosamh Mac Muirí, ag áitiú air gan aon tagairt a dhéanamh dó féin nó d’eagarthóir sealadach ar bith eile, agus ag bagairt batrála ar Bhalor bocht caoch dearóil má dhéanann sé amhlaidh.
an chineál áise seo this type of facility
" "Bogearraí mar sheirbhís" (nó SaaS - "software as a service) a thugtar ar an chineál áise seo.
mhianach an chaidrimh the quality, type of relationship
" Deir sé fosta gur ‘minic a bhíonn léiriú íorónta nó éadrom , searbhasach nó scigmhagúil iontu ar nádúr an ghrá agus ar mhianach an chaidrimh idir fir agus mná.
mhacasamhail of similar type
" ‘Pathe News’ ó Shasana an mhacasamhail a bhí ann i mBéarla, ach thug ‘Amharc Éireann’ súil eile, súil Ghaelach, do mhuintir na hÉireann i bhfad sular bunaíodh TG4.
cineál tionchair type of effect
" Imeacht in Iomrall Sin an cineál tionchair a bhíonn ag an stáisiún seirbhíse ar dhuine is dócha.
saghas mná type of woman
" Sin an saghas mná a bhí i mo mháthair, bhí sí cabhrach ach bhí sí discréideach leis.
chlóscríbhneora type writer
" Cuireadh mar a bheadh unicorn, nó aon bheann, ar a cheann agus sheasadh a mháthair taobh thiar dó ag coinneáil a chinn sochar fad is a threoraigh sé barr an unicorn i dtreo litreacha an chlóscríbhneora - gach litir agus focal ag teacht uaidh go mall réidh.
saghasanna types
" Tugadh faoi deara luath go leor i stair an phopcheoil go dtaitníonn saghasanna ceoil ar leith le daoine a éisteann le bannaí ar leith agus dá bharr, ní haon léim mhór é ón tuiscint seo go dtí feidhmchlár cliste a mholann ceoil nua duit ar an mbunús sin.
múnla type, mould
" ie go bhfuil gá le múnla ghnó difriúl a chruthú agus a chothú.
saghas type
" Ní raibh mo dhóthain eolais agam faoi ríomhchlárú chun an saghas suímh a bhí uaim a chruthú.
saghas type
" Áirítear ar an mbeirt is inchreidte iad i Hollywood don saghas seo ruda.
cineál tí type of house
" An té a bhreathnóidh na seantuairiscí seo, cuirfidh sé eolas ar a shinseanmháthair nó ar a shinsinseanathair! Beidh a fhios cén aois a bhí ag na daoine seo, nó cén cineál tí a raibh cónaí orthu ann.
saghas a type
" com/watch?v=W20Btaww6zc) Maolaisnéis a bheadh ann a rá gur saghas Babette’s Feast a bhí ann seo.
greadadh cineálacha plenty of types
" pdf) Le feancadh a bhaint as an seanfhocal, ‘an té a rinne an t-am, rinne sé greadadh cineálacha de’, mar ‘chineálacha ama’, thig linn a rá feasta.
chuile Bhéarla all (types of) English
" Glactar le chuile Bhéarla anois.
saghas type, kind
" Tá an ceol traidisiúnta ann, tá traidisiún maith peile agus iomána san áit agus sin iad an saghas rudaí a bhfuil suim agam iontu.
Friotal speech pattern/type
" Friotal agus Seifteanna Trí chur síos beoga agus insint shoiléir an tráchtaire raidió, bhí an t-éisteoir in ann an cluiche a ‘fheiceáil’ ina intinn.
shaghas types
" Fuirsíonn Ando raonta ‘agape’ na nGréigeach fadó, dúiche a raibh an t-uafás dearfach le rá ag an Pápa Benedict XV1 ina thaobh sa chéad tréadlitir thábhachtach óna pheann, ‘Deus Caritas Est’ (2005), ina dtugann Easpag na Róimhe léargas léannta dúinn ar an dá shaghas grá – ‘eros’ na drúise agus ‘agape’ an spioraid.
shaghas type(s)
" Faightear dhá shaghas crogaill san Astráil, an crogall fionnuisce agus an crogall inbhir, agus tá siad araon ina gcónaí sa teochrios.
saghas type
" Tá an saltie ar an uathphéist is mó ar domhan agus tá fianaise ann go bhfuil an saghas crogaill seo ag maireachtáil ar an domhan ón aimsir réamhstairiúil, aimsir na ndineasár.
saghas cáise type of cheese
" Sna siopaí búistéara agus sna margaí sráide, cuirtear béim ar chuisine an Beaujolais, spóla coinín nó ar dhuáin laofheola mar shampla, mar aon le gach saghas cáise ach an cháis ghabhair go háirithe.
gcineál míl type of animal
" Braithfidh an rogha sin ar an gcineál míl é féin agus ar a thimpeallacht.
chuma na teanga the language’s typology/type
" B’fhéidir go ndéanfaidh mé cur síos ar chuma na teanga am éicint eile, ach ba mhaith liom scríobh ar stair agus ar choinníollacha comhaimseartha na Briotáinise anseo.
saghas type
" Tá trí shampla den saghas ceiste atá muintir *Quora* ag lorg agus caithfidh tú an sampla ceart a roghnú.
sáite san obair sin steeped in that type of thing
" Bhíomar sáite san obair sin, mar bhí m'athair ina uachtarán ar Chonradh na Gaeilge ag an am.
chineál type
" Mar sin féin, tá an chuma ar an scéal go bhfuil ceacht foghlamtha ag na húdaráis agus tá céimeanna á nglacadh ag rialtas na Brasaíle a choscfadh ollthubáiste den chineál seo amach anseo.
cineál áite type of place
" Seo an cineál áite a fhaigheann The Irish Guards a gcuid fodar béal gunna - ceantar lucht oibre a bhfuil deacrachtaí dífhostaíochta ann.
cineál oilithreachta a type of pilgrimage
" Is leis an sárthaistealaí mara Paddy Barry an luamh agus cineál oilithreachta atá ar bun againn, ag leanacht na manaigh Éireannacha ó thuaidh.
chineál armlóin type of ammunition
" Ní mó ná sásta atá siad leis an chineál armlóin atá Muamar ag úsáid in éadan a mhuintire féin.
Is iomaí cineál there are many types
" Is iomaí cineál laoich atá sa saol idir laochra a throid is a bhásaigh ar son saoirse a ndreama, laochra polaitíochta, laochra litríochta, ceoil agus scannáin, laochra spóirt agus mar sin de.
saghas fógraíochta type of advertisement
" Chuir muid fúinn san Astráil thiar sa bhliain 1972 agus bhí beagnach gach saghas fógraíochta, coimircíochta agus spreagadh díolacháin i dtaca le táirgí tobac ceadaithe abhus um an dtaca sin.
driopás áirithe a type of mad rush
" Tá an Nollaig buailte linn agus buaileann driopás áirithe sinn go minic faoi Nollaig chomh maith.
saghas gréasáin á fhorbairt a type of network being developed
" An raibh a fhios agat go raibh saghas gréasáin á fhorbairt agat i measc na scríbhneoirí, go raibh cumarsáid ar siúl eatarthu nach mbíonn de ghnáth istigh sa stiúideo nuair a bhíonn siad ann leo féin? An bhfaca tú é sin ón tús chomh maith? **CNíA**:Is dóigh gur tharla sé go nádúrtha.
iomaí cineál many type(s)
" Bíonn chuile shórt duine, idir óg is aosta, isteach is amach ann agus is iomaí cineál ceoil a bhíos le cloisteáil agus scéil a bhíos á chíoradh ann ó mhaidin go hoíche.
shórt inteacht some type
" Shíl Balor Bocht aineolach i gcónaí riamh gur trí chapall ag tarraingt carráiste nó sleamhnáin de shórt inteacht a bhí sa troika, ach tá faighte amach aige ó shin gur trí chapall ag tarraingt tíre isteach sa duibheagán geilleagair atá ann.
aon chinéal feabhais any type of improvement
" Is minice ráite gur dream uafásach sinn, an cine daonna ag milleadh an domhain, gan trácht ar aon chinéal feabhais, beag nó mór, a bheith tionscanta againn.
gcinéal smaoinimh type of idea
" Cén fáth nach féidir leis an áireamhán an mhaitheas atá á déanamh againn a dhéalú ón dochar? Lorg na Láimhe ====== Is as an gcinéal smaoinimh seo a d’fhorbair an lámhlorg, nó lorg na láimhe, nó an lámhrian, nó an rian láimhe más fearr leat.
cineál frithghnímh a type of counter action
" Is cineál frithghnímh é an lámhlorg a chuireann bacainn, nó cúngú, ar do rian coise.
ní rud tirim, faisnéisiúil/stairiúil not some dull type of historical reportage
" Thar aon rud eile, ní rud tirim, faisnéisiúil/stairiúil a bhí muid ag iarraidh a dhéanamh.
den saothar céanna of this type of work
" Bíonn na leabhair is na scannáin seo go minic i bhfad níos faide ná gnáthábhar den saothar céanna (mar shampla féach cé chomh fada is a bhí *Avatar*!).
shaghsanna éagsúla various types
" Amhráin Ghrá is teideal don albam agus faightear léirithe ann ar shaghsanna éagsúla den ghrá: an grá rómánsúil, an grá máthartha agus an tírghrá.
dá leithéid of such a type
" D’aimsigh Séamus teach dísirt cois locha tamall beag as Toronto a d’oirfeadh go maith dá leithéid agus thugadar faoi.
saghas iomrall ceartais type of denial of rights
" Nuair a bhíonn na meáin ar nós drong linseála, cén t-ionadh go dtarlaíonn an saghas iomrall ceartais a d’fhulaing muintir Chamberlain?
Cineál calafoirt ab ea was almost a type of harbour
" Cineál calafoirt ab ea Vidal ina scríbhneoireacht, an duine a bhailigh na mílte seansruthanna le chéile chun cur lena gcuid cumhachtaí neamhspleácha.
cineál comhcheilge a type of conspiracy
" Níor chuir Vidal saint phearsanta gheilleagrach i leith Lincoln ina úrscéal iontach ar a chuid uachtarántachta, ach feictear iarsmaí de Bheard in áiteanna, ach go háirithe nuair a thugann sé le fios gur cineál comhcheilge ab ea Cogadh na gCarad ó 1861-65 chun impireacht geilleagrach domhanda a dhéanamh de phoblacht bhocht Jefferson.
Samhail de chuibhreann a type of allotment
" Samhail de chuibhreann don chruthaitheoir.