Pota Focal Intergaelic
Gluais TíHouse Glossary Gluais Beo!Beo! Glossary TeasárasThesaurus BriathraVerbs
suaite turbulent
" Ach i gcúrsaí gaoithe agus tonnta, is dócha go bhfuil Éire, leis an Aigéan Atlantach gaofar agus suaite, mórán níos fearr as, ó thaobh acmhainní de, ná an tSualainn.
am corraithe sin that turbulent time
" Mhothaigh roinnt daoine sa dá phobal san am corraithe sin gurb iad ballaí na dtithe agus na sráideanna an t-aon spás a bhí ar fáil acu féin lena racht a ligean, nuair a bhí cinsireacht ar bun sna gnáthmheáin chumarsáide agus nuair a bhí bac ar dhaoine labhairt amach.
saol corrach cumhach an inimircigh the emigrant's sad and turbulent life
" Chuaigh Thomas Sotinel agus Jacques Mandelbaum, criticeoirí scannáin, céim níos faide i Le Monde ag deireadh mí Márta agus iad ag scríobh faoin inimireach neamhdhleathach mar phearsa i scannáin an lae inniu: Is é an fáth go bhfuil na scannáin ‘*Welcome*’ agus ‘*The Visitor*’ (scannán de chuid Tom McCarthy a tháinig amach in Éirinn le linn an tsamhraidh 2008) chomh éifeachtach sin ná go gcuirtear saol corrach cumhach an inimircigh os comhair gnáthdhuine, garda tarrthála i linn snámha nó múinteoir ollscoile i gcás an dá scannán thuas.
stair chorrach turbulent history
" ” Leithscéal an Chogaidh Fhuair Tá baint mhór ag stair na Somáile leis an bhfoghlaíocht mhara chomh maith, agus bhí ról nach beag ag na Stáit Aontaithe sa stair chorrach sin.
Tréimhse chorrach turbulent time(s)
" Tréimhse chorrach i ndán dó, ach má thagann sé slán as, d'fhéadfadh sé a bheith san áireamh do chinnireacht an pháirtí.
suaithí móra large turbulent events
" Dearann Angelopoulos oll-léaráid chun suaithí móra na linne sin ar na Gréagaigh a díbríodh as Odessa na Rúise ag Arm na Sóibheide i 1919 a nochtadh, pobal a shocraigh faoi dheireadh ar an móinéar taoidmhear ar imeall Salonika - ‘*Weeping Meadow’* an teidil.
chorraithe turbulent
" Bliain chorraithe a bhí ann i measc mac léinn agus lucht ollscoile toisc go ndearna an tAire Ard-Oideachas, Valérie Pécresse, raon leathan leasuithe ar an gcóras ollscolaíochta sa Fhrainc a chur i bhfeidhm, leasuithe ar chuir mic léinn agus múinteoirí araon ina n-aghaidh.
corraithe turbulent
" An Bhearna á Líonadh Is sa chomhthéacs corraithe, cultúrtha seo a tháinig Ó Dáibhín, Ó Cíosóig (Mac Íosóg sa Chlár) is araile, le chéile in Óstán Iníon Uí Aodha i nDúrlas Éile in 1884 chun ‘The Gaelic Athletic Association for the Preservation and Cultivation of National Pastimes’ a bhunú.
Tréimhse chorrach turbulent period
" Tréimhse chorrach i stair na hÉireann a bhí againn san idirlinn agus gan ghuth ceart clóite ag pobal na Gaeilge is na Gaeltachta le scagadh a dhéanamh ar cheisteanna a bhain leo go sonrach.
déagacht corraitheach turbulent teen years
" Cíorann Sam Taylor Wood déagacht corraitheach John Lennon i ‘*Nowhere Boy*’, scéal an triantáin ilchasta ghrá idir an reibiliúnaí óg ceoltóra, a Mham is a Aintín - triúr, is baolach, a raibh an brachán doirte eatarthu.
chorrach turbulent
" Is tréimhse chorrach foréigin i stair na hÉireann í.
corraithe turbulent
" Dá mbeadh galar mar seo ar ealaíontóir, an ceart féacháil lena leigheas agus dul sa seans go múchfaí an leigheas spréach na cruthaitheachta ann chomh maith? Bhíodh go leor den tuairim gurbh fhearr i bhfad drugaí agus teiripe le linn tréimhsí corraithe meabhrach agus an chruthaitheacht a choinneáil slán.
corraithe turbulent
" Éire an Athuair ====== **CB: Thánamhair abhaile sa bhliain 1969?** MDÓS: Bhí rudaí corraithe i Meiriceá agus bhí na cearta sibhialta, is na haon rud trí chéile is bhí sé deacair oibriú ann.
suaite turbulent
" Feictear seo ina cuid féinphortráidí ina bhfuil léiriú gonta gan trua déanta aici uirthi féin agus ar a saol suaite inmheánach.
tréimhse an-chorraitheach a very turbulent period
" Rugadh Mary i gcampa ar thaobh an bhóthair os cionn leathchéad bliain ó shin agus tá cuimhne an-mhaith aici ar an saol crua a bhí ag an Lucht Siúil amuigh faoin dtuath, go mór mór sa tréimhse sin idir na Ceathrachaidí agus na Seascaidí – ar ndóigh ba ag deireadh na Seascaidí a thosaigh tréimhse an-chorraitheach i saol an Lucht Siúil in Éirinn – bhog formhór an Lucht Siúil Éireannach isteach sna bailte móra ag an tréimhse sin agus shocraigh a bhformhór ar shaol níos “buanlonnaithe” a bheith acu – an pobal ag dul chun cónaithe ar shuíomh champála agus i dtithe ar bhonn níos fadtéarmaí.
tréimhse chorraithe dhorcha dark turbulent time(s)
" Is cinnte go bhfuil i gceist ag príomhstiúrthóirí an taispeántais, Christian Viveros-Fauné agus Jota Castro, go spreagfadh an taispeántas machnamh agus go n-éileodh sé comparáid idir an tréimhse chorraithe dhorcha sin agus imeachtaí suaite na ré seo.
stair chorraithe go maith a turbulent enough history
"stair chorraithe go maith ag baint leis an gcluiche seo.
am chorrach turbulent time(s)
" B’fhéidir le Dia go bhfaighidh an ghlúin aníos inár ndiaidh ciall cheannaithe as an am chorrach seo agus go gcuirfidh siad caoi ar an tír.
chorraitheach cinniúnach fateful turbulent
" Ba chorraitheach cinniúnach iad na tréimhsí thuasluaite seo i stair na Seice san aois seo caite.
Ba chorrach casta crua it was a hard, difficult and turbulent
" Ba chorrach casta crua an bealach a bhí aige le gabháil, ach mar sin féin chuaigh sé ar aghaidh.
Scéal corraitheach a insítear a story of turbulent times is described
" An bhfeicfidh sí arís go deo í? Scéal corraitheach a insítear, idir léaráidí agus théacs, go lom tuisceanach.
caithfear rud éicint a rá in am corraíola something has to be said in turbulent times
" Bíonn ciúin ciontach agus caithfear rud éicint a rá in am corraíola leis na meáin.
Am corrach turbulent time(s)
" Am corrach i stair na Fraince atá faoi thrácht ag PJ Mac Gabhann as Páras.
cuid de scéal corrach some of the turbulent story
" Chas Robert McMillen le húdar an leabhair ‘Language, Resistance and Revival’, gníomhaí teanga, Feargal Mac Ionnrachtaigh, le cuid de scéal corrach Bhéal Feirste agus de scéal na Gaeilge a chíoradh is a mheas.
seachtain sách corrach a fairly turbulent week
" Chaith Robert McMillen seachtain sách corrach le drámaí agus bhí sé ag seoladh leabhair, am ar sileadh deoir.