Tá éigeandáil sa tír seo agus caithfear an cheist a chur: an acmhainn don stát a bheith ag íoc pinsin mar sin le duine nach bhfuil ag obair? An bhfuil aon stát eile san Eoraip a bhíonn chomh fial flaithiúil le hiarpholaiteoirí agus le hiar-ardstátsheirbhísigh?
Má tá dúnghaois Shinn Féin róradacach don Lucht Oibre, céard faoi dhúnghaois an Lucht Oibre a chur i bhfeidhm maidir le ráta níos airde Cáin Ioncaim a bhualadh ar na daoine seo a bhfuil an iomarca airgid á shú acu ón
gCiste Náisiúnta.