Pota Focal Intergaelic
Gluais TíHouse Glossary Gluais Beo!Beo! Glossary TeasárasThesaurus BriathraVerbs
taisce na séad treasure store
" Is geall le taisce na séad é siopa agus dánlann Uí Chionnaith.
a thaiscidh pet, treasured one
" "Is dócha go bhfuil tú marbh tuirseach, a thaiscidh," ar sise.
taiscí ealaíonta agus séadchomharthaí stairiúla artistic treasures and historical monuments
" D'fhreagair Antonio Paolucci, an duine a bhí freagrach as athchóiriú taiscí ealaíonta agus séadchomharthaí stairiúla i bhFloráns, nach raibh tír ar bith eile ar domhan níos fearr ná an Iodáil ag athchóiriú saothar ealaíne, ag tabhairt le tuiscint gur mheas sé go raibh claontuairim in éadan na hIodáile i gceist sa chás seo.
an taisce neamhghnách seo this unusual treasure
" Gan amhras, chuirfeadh an taisce neamhghnách seo iontas ar dhuine ar bith.
gach taisce every treasure
" Choinnigh sé gach taisce a bhailigh sé, nó a cheannaigh sé, ina theach cúig-urlár ar East 33 Street i Nua-Eabhrac, agus líon sé gach seomra le hearraí go dtí nach raibh spás ar bith fágtha aige ach amháin dhá sheomra dó féin le cónaí iontu.
maoineach treasured, beloved
" Theip ar iPod s’againne le déanaí agus tar éis roinnt áitiú ar m’fhear chéile, d’éirigh liom cás m’iPhone maoineach a dhéanamh.
seoda aiceanta natural treasures
" Tá Uluru, nó Carraig Ayers, ar cheann de na seoda aiceanta is cáiliúla san Astráil a mheallann turasóirí chucu, ach tá stair chontúirteach bainteach léi beagnach ón lá a chonaic an fear geal í de chéaduair.
taisce luachmhar rich treasure
" Ní beag iad na hacmhainní céanna seo atá faoin Mol Thuaidh, ach tá sé fós le dearbhú cé leis an taisce luachmhar seo.
Ciste na bhFlaitheas Heaven’s Treasures
" Tugann an taispeántas Ciste na bhFlaitheas, atá ar siúl in Iarsmalann na Breataine i Londain faoi láthair, léargas uathúil dúinn ar aigne na Meánaoise chomh maith leis an ghaol ar leith a bhíodh ag daoine san am sin le taisí naomh agus mairtíreach.
taisce cheart a real treasure
" Is taisce cheart é Abruzzo i dtír atá lán de sheoda.
Is iontach go deo an taisce it’s a very precious treasure
" Is iontach go deo an taisce a tháinig slán agus atá faoi bhláth in Éirinn faoi láthair.
Roinnimis an Taisce Le Cách let us share the treasure with everyone
" Roinnimis an Taisce Le Cách =========== Níl mé ag súil go mbeadh an uachtaránacht trí mheán na Gaeilge.
na féidireachtaí a thairgeann an tseoid seo the possibilities this treasure provides them
" Cosnaíonn an Pi is daoire $35 agus tá déantóirí agus lucht bradaíola fud fad na cruinne ag dul chun scéine leis na féidireachtaí a thairgeann an tseoid seo dóibh.
Ag Tarraingt as Taisce an tSaibhris drawing from the store of treasure(s)
" Ag Tarraingt as Taisce an tSaibhris ================ Tá siad ann a chuirfeadh an cheist: “Sean-Ghaeilge agus Meán-Ghaeilge? Cad é an úsáid atá leo sin?” Cad é an freagra a thugann Muireann ar an cheist sin? “Bhuel, i mo chás-sa, thaithnigh an teanga go mór liom, agus tá ceol le sonrú sa tseanfhilíocht nach gcloisim sa bhfilíocht nua (ach seans gur orm féin atá an locht faoi sin!).
ciste rúnda a secret treasure
" Cuirimis an milleán ar an bhfile mar sin, an file a chruthaigh an neach aisteach sin nach raibh riamh ann, an Ridire Fáin agus aisling éigin á crá, é sa tóir ar chlú domhanda, nó ciste rúnda, nó an ciste is rúnda agus is saibhre díobh go léir, an grá.