Pota Focal Intergaelic
Gluais TíHouse Glossary Gluais Beo!Beo! Glossary TeasárasThesaurus BriathraVerbs
an nóis taistil the custom of travelling
" Tá sé ar nós go bhfuil an t-uaillmhaíomh seo ár nglaoch ar ais chun an nóis taistil a bhíodh ag ár sinsear na céadta agus na mílte bliain ó shin.
compántas taistil drámaíochta travelling drama company
" " Tar éis céim a bhaint amach sa Luibheolaíocht, thosaigh Diarmuid ag caitheamh níos mó ama ag aisteoireacht leis na Fánaithe, compántas taistil drámaíochta a bhí lonnaithe i nGaillimh, seachas gairm a lorg ina réimse saineolais.
ag siúl na gceithre hairde travelling all over the world
" Bhí a dheartháir ag siúl na gceithre hairde agus bhí seisean ina shuí ar a thóin sa bhaile.
ag taisteal travelling
" AÓF: An dtéann tú ag taisteal leis an gceol? Céard iad na háiteachaí ar thug tú cuairt orthu agus tú ag seinm? SJW: Tá roinnt mhaith taistil déanta agam leis an gceol.
ag gabháil na gcúlbhóithre travelling on the backroads
" "Tá sé an-an-an-íorónta dom go mbainim chomh mór sin leis an mbóthar mór tar éis gur shíl mé go raibh mé ag gabháil na gcúlbhóithre.
den lucht taistil of the travelling community
" Thiomnaigh siad a dtuarascáil bhliantúil do Johnny Delaney, buachaill den lucht taistil, 15 bliana d'aois, a mharaigh beirt déagóirí in ionsaí ciníoch anuraidh.
ag taisteal siar travelling west
" " Tá an cineál céanna muintearais le sonrú i nGaillimh chomh maith, dar léi, agus is breá léi a bheith ag taisteal siar.
ag taisteal go rialta travelling regularly
" Tá mo chlann ann, agus mo chairde ann, ach tá súil agam go mbead ag taisteal go rialta idir an dá thír.
taisteal travelling
Léiriú taistil travelling production
" Léiriú taistil de chuid Amharclann Náisiúnta Shasana a bhí ann.
ag taisteal suas agus anuas travelling up and down
" Tá Deirdre agus Sarah Jane ina gcónaí i mBaile Átha Cliath agus bíonn muid ar fad ag taisteal suas agus anuas go minic nó casann muid le chéile ag féilte ceoil timpeall na tíre.
ag taisteal travelling
" Ba dheacair a chur in luí ar mhuintir na háite uaireanta go raibh mé díreach ag taisteal sa tír agus nach raibh mé ag déanamh aon obair d’Eagraíocht Neamhrialtasach éigin.
ag taisteal timpeall na tíre, travelling around the country,
" Bhuaileamar leis na daoine eile nuair a bhíomar ag taisteal timpeall na tíre, ag dul go dtí na Fleánna agus na féilte ar fad.
mórán taistil a dhéanamh. to do much travelling.
" ***AÓF: An bhfuil i gceist agaibh a bheith ag taisteal thart agus ag seinm in áiteachaí eile amach anseo?*** CNicG: Táimid go léir ar an ollscoil faoi láthair agus, mar sin, níl aon am againn mórán taistil a dhéanamh.
na ceoltóirí taistil the travelling musicians
" Tá an oiread sin seod istigh ann gur doiligh do dhuine ar bith an áit a fhágáil i ndiaidh dó dul fríd na doirse Seoirseacha mar is ann atá croí an cheoil dhúchais ag preabadh, ó Horslips go Bridie Gallagher, ó Tony MacMahon go hEnya, ó na ceoltóirí taistil go dtí na cheolfhoirne móra.
ag taisteal timpeall na tíre. travelling around the country.
" Sna seachtóidí, nuair a bhí m’athair ina uachtarán ar Chonradh na Gaeilge, bhí Pádraig ar dhuine de na daoine a lean é agus a sheas leis agus iad ag taisteal timpeall na tíre.
lucht siúil travelling people
ag taisteal ó dheas. travelling south.
" Nuair a shéideann stoirm shneachta anuas ort ón tuaisceart i lár mí an Mhárta, is deas fios a bheith agat go bhfuil tú ag taisteal ó dheas.
ag taisteal soir ó thuaidh, travelling north-east
" com/)) agus bíonn na céadta ag taisteal soir ó thuaidh, ó Nollaig go Márta, agus cóip ina lámh acu.
ag taisteal siar travelling west
ag taisteal na ngleannta agus an chósta, travelling the glens and the coast,
" D’fhreastail thart fá 70 duine ar an scoil agus chaith muid trí lá ar bhus ag taisteal na ngleannta agus an chósta, ag amharc ar láithreáin shuimiúla ón Aois Neoiliteach go dtí an naoú haois déag.
ag taisteal abhaile ón Astráil travelling home from Australia
" Tugadh an sprioclá seo don teaghlach mar go raibh an mac is sine ag taisteal abhaile ón Astráil chun bheith ag colbha na leapa.
ag taisteal ó thuaidh. travelling north.
" Isteach sa bhus idirchathrach go Kerikeri liom, agus bhí tiománaí deisbhéalach scéalach againn, a d’inis dúinn faoi thorthaí agus ghlasraí na háite agus muid ag taisteal ó thuaidh.
ag taisteal travelling
" Ach cén chuma atá ar na staidrimh seo i gcomparáid le staidrimh ar mheánluas na mbusanna i gcathracha eile? In 2005, agus busanna Bhaile Átha Cliath ag taisteal ag luas níos moille ná 13 chiliméadar san uair, ba é meánluas na mbusanna i Londain ná 18 gciliméadar san uair, 19 i mBeirlín agus Maidrid, agus 20 sa Róimh, cé go mbíonn an trácht ina phraiseach ansin freisin.
ag taisteal travelling
" Dúirt sí rudaí éagsúla a bhí suimiúil – mar shampla, gur bhreá léi dá dtiocfadh taom scaoill uirthi – ach nuair a dúirt sí go raibh fuath aici ar a bheith ag taisteal *coach*, tháinig *cringe *beag orm.
ag taisteal timpeall travelling around
" Tá a lán athruithe i ndán do dhaoine a bhíonn ag taisteal timpeall Bhaile Átha Cliath, idir chártaí nua leictreonacha don bhus agus an córas nua leictreonach eFlow ar dholadhroichid an M50.
an Lucht Siúil the Travelling Community
" Bhímis de shíor amuigh ag seachadadh guail nó béilí ar rothaí agus rinne mo thuismitheoirí cuid mhór oibre leis an Lucht Siúil chomh maith.
taisteal travelling
" Tá cuairt tugtha ag an Uachtarán Obama ar Cheanada cheana féin, agus tá a thaidhleoirí imithe thar lear roimhe ag taisteal ar fud an oirthir agus an mheánoirthir.
ag taisteal travelling
" Muid ag taisteal chuig Manchain agus uaidh sin, ó thuaidh, go Sedbergh, baile beag i gCeantair Locha Chumbria.
ag taisteal travelling
" Muid ag taisteal chuig Manchain agus uaidh sin, ó thuaidh, go Sedbergh, baile beag i gCeantair Locha Chumbria.
taisteal travelling
" Ar bhád seoil a bhíos ag taisteal le ceathrar compánach, ag dul ó oileán go hoileán ar imeallbhoird Atlantach na hAlban, nuair a chuamar ar ancaire amach ó Oileán Í.
triall ar travelling to
" Dar leis an rialtas gur mar gheall ar na dlíthe saoránachta féin a bhí roinnt mhaith ban torrach ag triall ar Éirinn.
triall ar travelling
" Thosaigh Michael agus a bhean chéile Irene ag teacht go Gleann breis is 10 mbliana ó shin agus iad ag triall ar cuairt chuig cara.
tarraingt ar travelling to
" Ná cuirfeadh sé iontas orainn mar sin gur ag tarraingt ar thíortha eile atá siúlóirí an domhain mura bhfuil rompu anseo ach brú ar an doicheall, in áit cead siúil agus fáilte.
ag taisteal travelling
" SMM: Chonaiceamar thú ag taisteal i Meiriceá ar *Highway 61* agus ar *Route 66* roimhe a Dháithí.
ar an mbóthar travelling
" Nuair a bhíonn tú ar an mbóthar i gcónaí, bíonn tú ag ithe – ní bhíonn tú ag ithe sna háiteanna cearta, b’fhéidir, tarraingíonn tú isteach i *Mundis, Dairy Queen,* nó pé rud é.
ag triall travelling
" Is iondúil go mbíonn an tsráid taobh amuigh glórach go maith an t-am seo den lá, daoine óga ag triall ar scoil, na siopaí ag oscailt agus ag réiteach don lá, busanna agus carranna ag teacht is ag imeacht.
ag taisteal travelling
" I dtús *Twelfth Night* de chuid Shakespeare, fiafraíonn Viola, príomhcharachtar an dráma, dá comhluadar, “Cén tír í seo, a chairde?” Bhuail stoirm an long ar a raibh sí ag taisteal agus cuireadh go tóin poill í.
laethanta taistil travelling days
" Tugtar ‘journées rouges/noires’ ar na laethanta taistil sin, ag brath ar cé chomh trom is a bhíonn an trácht.
ag taisteal travelling
" ’ Dírithe ar an Todhchaí ============== Tá an DUP ag taisteal ar shiúl ón bhunchreidmheachas a chleacht siad ó tháinig ann don pháirtí i 1971 mar chomharba ar an *Protestant Unionist Party* agus beannacht an phobail aontachtaigh acu.
lucht siúil travelling community
" Bhí buachaill dall ann, ball den lucht siúil agus cailín de bhunadh na Nigéire.
filí taistil travelling poets
" Ar ndóigh is féidir na filí taistil, leithéidí Raiftearaí, Eoghan Rua Ó Súilleabháin agus Mícheál Mac Suibhne sa naoú haois déag á áireamh ina measc freisin.
a bhean bóthair his travelling companion
" Dhá oíche a d’fhan an bheirt liom, rí na Tuinéise mar a thug mé air agus a bhean bóthair.
ar a thaisteal while travelling
" Fadó roimh aimsir an Euro, chaitheadh duine a chuid francs agus Deutchmarks agus lira a choinneáil i sparáin ar leith ar a thaisteal dó.
ag dul anoir travelling west
" Leag an t-aerfhórsa Iosraelach an t-eitleán tráchtála le lámhach os cionn leithinis Síonáí – faoi fhorghabháil ag na hIosraelaigh ó Chogadh na Sé Lá i 1967 go dtí gur fhág na saighdiúirí Iosraelacha deireanacha é ar an 21 Feabhra, 1974 – ag marú 108 de na 113 daoine a bhí ar bord, cé go raibh sé ag dul anoir ag an am agus é gan ach nóiméad amháin ó theorainn na hÉigipte.
ag taiseal travelling
" Bhí Cassady ar nós carachtair amach as leabhar de chuid na mBeats i ndeireadh ama, é ag taiseal ó cheann ceann na tíre.
an lucht siúil the travelling community
" ) Ba cheart áiteanna a chur ar leataobh fosta do dhaoine a dhéanfadh ionadaíocht ar an lucht siúil, orthu siúd atá dífhostaithe, ar mhionlaigh eitneacha eile agus ar dhaoine le míchumas.
ag taisteal achair travelling a distance
" Shílfeá go mbeadh an riail mar a bhí i bhfad níos éasca a chur i bhfeidhm i gcás na peile ar an ábhar go bhfuil liathróid mhór, fheiceálach i gceist, go mbíonn imreoirí agus liathróid ag taisteal achair níos giorra agus ar luas níos moille ná mar a bhíonn san iomáint agus go mbeadh deis níos fearr ag an gcúigear maor a bhíonn gar don chúl suíomh na n-imreoirí i limistéir na ‘cearnóige’ bige a fheiceáil.
ag taisteal ar eitleáin travelling by plane
" Roinnt tionchair atá ar do rian coise ná aibhléis in úsáid sa teach, ag tiomáint gach áit, ag taisteal ar eitleáin agus fiú an cinéal bia a itheann tú.
in eitleán ag taisteal ó thuaidh travelling north in an aeroplane
" Ní raibh ach cúpla rang ar siúl an chéad cúpla bliain, le múinteoirí na buíne féin i mbun na ranganna, ach i mbliana, mar gheall ar an ráchairt a bhí ag teacht air, cuireadh rang ardleibhéil leis, agus b’shin an fáth domsa a bheith in eitleán ag taisteal ó thuaidh as Nua-Eabhrac go hAerfort Billy Bishop i lár chathair Toronto i dtús mhí an Mheithimh chun rang ardleibhéil a mhúineadh don Deireadh Seachtaine.
a lán taistil déanta had done a lot of travelling
" Aontaím léi, ár ndóigh, ach bhí sé go maith an tuairim chéanna a chloisteáil ó bhean a raibh a lán taistil déanta aici ar fud an domhain.
d’éirigh mé siúlach I took to travelling
" Chaith mé ceithre bliana i mBÁC agus d’éirigh mé siúlach ansin.
Is fadhb a bheith siúlach i d’aonar mar sin it’s a problem travelling on your own like that
" Is fadhb a bheith siúlach i d’aonar mar sin.
An duine a thabharfadh camchuairt ar a visitor travelling to
" An duine a thabharfadh camchuairt ar an chontae thuaisceartach, ní fhéadfadh sé ach iontas a chur sa mhéid muilte gaoithe atá scaipthe fud fad na gcnoc álainn gorm.
ag brath ar an siúl a bheas faoi dhaoine depending on the speed which people are travelling at
" ** SÓDonnchú: Is féidir linn daoine le Gaeilge a chur in aithne dá chéile lá an Dúshláin, ag an óstán in Acaill, Bialann Alice, agus ag brath ar an siúl a bheas faoi dhaoine seachas a chéile, is féidir leo oibriú amach cén dream Gaeilge a bhfanfaidh siad in éineacht leo ar an mbealach isteach go Cathair na Mart.
an fhánaíocht the travelling life style
" Tá tagairtí sa leabhar seo do ghairmeacha beatha a raibh an fhánaíocht ag baint leo go minic agus atá dearmadta le fada – lucht déanta sreangáin agus díoltóirí tae agus tobac, coirpigh agus striapacha, oibrthe lása, gréasaithe, súdairí, déantóirí folt bréagach, agus déantóirí pinn.
Níor thaithin an fhánaíocht leis na coilínigh the colonists didn’t like travelling
" Níor thaithin an fhánaíocht leis na coilínigh agus shocraigh siad deireadh a chur leis.
gasúr de bhunadh an lucht siúil a mhaígh a child from the travelling community who claimed
" Tharla a leithéid cheana i gcás John Stokes, gasúr de bhunadh an lucht siúil a mhaígh go ndearna an dúnghaois iontrála a bhí i bhfeidhm meánscoil i gCluain Meala, Co.
ag taisteal thart travelling around
" Bhí muid ag taisteal thart, ag scannánaíocht agus bhí na holluaigheanna, na cillíní móra millteacha seo ina ndearnadh slad ar an mhuintir eitneach Albánach.
ag taisteal travelling
" D’inis Niall Mc Clean dom go mbíonn siad ag taisteal ar fud na hEorpa lena dtaispeántas: - “Bhí muid ag an Féile Cheoil Idirnáisiúnta i Rouen agus in áiteanna eile mar Cóbanháven sa Danmhairg agus Aviles sa Spáinn.
ag triall ar travelling to
" Is mar gheall air seo a bhíonn roinnt mhaith daoine ag triall ar an AE gan chead.
i mbun taistil lena chuid cheoil travelling with his music
" Chuir siadsan cruit ar fáil dó ag an am sula ndeachaigh sé i mbun taistil lena chuid cheoil.
Is de shliocht ársa na bhfidléirí fáin mé féin I’m from an old sept of travelling fiddlers myself
" : Is de shliocht ársa na bhfidléirí fáin mé féin.
ceoltóirí taistil travelling musicians
ag taisteal timpeall na hÁise travelling around Asia
" Tá cara liom ag taisteal timpeall na hÁise faoi láthair.
d’fhreastail sé ar seó taistil he attended a travelling show
" Agus é ar seachrán san India, d’fhreastail sé ar seó taistil agus taispeántas le lóchrainn draíochta lárnach ann.
ag taisteal níos tapúla travelling more than
" I 2007 is beag nár maraíodh é i dtimpiste bóthar nuair a chuaigh a charr, a bhí ag taisteal níos tapúla ná 90 m.
bhí fonn orm dul ag taisteal I wanted to go travelling
" Agus mé seacht mí torrach bhí fonn orm dul ag taisteal agus bheith sna sleibhte ar chósta iarthar na tíre, agus sin é a rinne mé, rud nár thuig siad ar chor ar bith! **2 Ná tóg aon rud nach leat.
taispeántas taistil travelling exhibitions
" Tóg an taispeántas Savage Beauty bunaithe ar dhearthaí Alexander Mc Queen (nach maireann) ag an London Met i 2011, nó taispeántas taistil dála Yves Saint Laurent: The Retrospective,’ nó ‘Fashion World’ le Jean Paul Gaultier: From the Sidewalk to the Catwalk’, taispeántais a ndeachaigh na sluaite le breathnú orthu.
ag siúl an domhain mhóir travelling all over the world
" An Damhsa Mar Cheird ========== **SMM: Tá roinnt daoine i mbun damhsa mar ghairm bheatha le roinnt blianta anuas agus bíonn an-saol acu ag siúl an domhain mhóir.
siúlach leis footloose, travelling with
" An raibh tú féin siúlach leis na seónna móra damhsa thar lear?** ENE: Leis an sean-nós amháin a bhí mé siúlach mar a déarfá.
an-chuid taistil a lot of travelling
" I gcodarsna leis an méid sin, ba bhean díomhaoin gan chlann í mo mháthair bhaiste a bhíodh ag obair d’Aer Lingus agus a rinne an-chuid taistil dá bharr.
ag taisteal travelling
" Tar éis cúpla mí a chaitheamh ag taisteal san Afraic, thug Máire Ní Chuagáin aghaidh ar an Astráil le gairid.
ag taisteal travelling
" D’fhill Máire Ní Chuagáin ar Éirinn le déanaí tar éis di ocht mí a chaitheamh ag taisteal san Afraic agus san Astráil.
ag triall ar travelling to
" Is ag athrú chun feabhais atá dearcadh mhuintir na hAstráile ar mhuintir na hÁise atá ag triall ar a dtír mar lucht oibre.
Ag siúl na Breataine Bige travelling through Wales
" Ag siúl na Breataine Bige do Dhiarmuid Johnson le mí anuas, rinne sé iontas den bheocht atá sa teanga dhúchais ó Aberteifi go Criccieth.