Pota Focal Intergaelic
Gluais TíHouse Glossary Gluais Beo!Beo! Glossary TeasárasThesaurus BriathraVerbs
Níl an teachtaireacht sin in am ná in aicearracht That message is not timely
" Níl aird ar bith agam ar na rialacha atá ag dul sa lá atá inniu ann!" "Níl an teachtaireacht sin in am ná in aicearracht.
Tráthúil timely
" Tráthúil go leor, tharla eachtra den saghas céanna tamall roimhe sin a chosain £3,000,000 ar rialtas na Breataine.
Tráthúil timely
" Tráthúil go leor a bhí "The Raw Bar" agus suim pholaitiúil á cur sa cheol traidisiúnta; tá fochoiste faoi choimirce na Comhairle Ealaíon bunaithe anois ag an Aire Ealaíon, Spóirt agus Turasóireachta John O'Donoghue, Coiste Speisialta na nEalaíon Traidisiúnta.
tráthúil timely
" Tá sé tráthúil go maith bheith i mbun cainte le hiarfhostaí de chuid Amharclann na Mainistreach agus díospóireachtaí leanúnacha ar siúl i dtaobh thodhchaí na hinstitiúide le linn di bheith ag ceiliúradh céad bliain ar an bhfód.
tráthúil timely
" Bhuaigh Donie Nealon ó chlub Bhuiríosa beagnach gach craobh dá raibh ann mar bhall d’fhoireann bhuacach a chontae idir 1958 agus 1965 agus, tráthúil go leor, bhuaigh sé bonn Átha Cliath leis an gColáiste Ollscoile, Baile Átha Cliath.
tráthúil timely
" Tá sé cúig bliana ó scríobhas cheana fúithi agus, má bhí sé tráthúil an uair sin, is tráthúla fós é i bhfianaise ráiteas éagsúil a rinneadh le déanaí.
tráthúil timely
" Mhíníos dó go scríobhtar an t-alt seachtain nó dhó roimh fhoilsiú na hirise agus, i ngeall air sin, is deacair a bheith tráthúil.
cé chomh tráthúil is atá sé how timely it is
" De bhrí go bhfuil aithne fhorleathan ag muintir Bhéal Feirste ar Ghearóid, is beag duine ón bpobal Gaelach ansin nach dtuigfidh cé chomh tráthúil is atá sé agallamh a chur air i mí Iúil 2007.
tráthúil timely
" Tá foilsiú an leabhair seo tráthúil mar tá athbheochan iontach ar siúl sna cluichí Gaelacha i Learpholl faoi láthair agus tá an-suim ag na himreoirí óga i stair na heagraíochta sa tír seo.
An bhfuil an t-iarann te is it timely?
" An bhfuil an t-iarann te? An mithid a bhualadh? Is líonmhaire teangacha eile ar shráideanna na hÉireann thar mar ba nós roimhe seo.
tráthúil timely
" Is bean óg dhathúil í Cathy Jordan, bail ó Dhia uirthi, ach is bean tráthúil í fosta, mar bhuail sí isteach san óstán a bhí ceaptha go díreach san am a bhí ceaptha agus í réitithe chun cainte.
fíorthráthúil very timely
" Ghníomhaigh roinnt daoine go fíorthráthúil agus tugadh folíne aneas díreach ón chábla trasatlantach as Cionn tSáile.
thráthúil timely moment
" Bhí sé foighneach, ach nuair a thagadh an uair thráthúil, thapaíodh sé an deis.
Tráthúil go leor timely enough
" Tráthúil go leor, is é téama na hArd-Fheise i mbliana ná ‘Ról na Gaeilge in Athbheochan Gheilleagar na hÉireann.
chomh tráthúil as timely
" Dearcadh an duine Thug léachtóir eacnamaíochta anseo in Ollscoil Virginia moladh dá chuid mac léinn cúpla mí ó shin, agus tchítear dom go bhfuil sé ar a laghad chomh tráthúil anois is a bhí sé nuair a dúirt sé den chéad uair é.
tráthúil timely
" Is deacair a bheith tráthúil i gcás alt míosúil.
tráthúil timely, opportune
" Tá sé tráthúil go leor, ar ndóigh, go n-osclóinn mo dhoras ar vaimpír.
an-tráthúil very timely
" **Duaiseanna** Beidh beirt bhuaiteoirí i gceist agus gheobhaidh siad mar dhuais cóip den eisiúint is úire ó Fios Feasa, mar atá, CD ROM atá an-tráthúil um Nollaig: Amhrán is Fiche don Nollaig Ar Amhrán is Fiche don Nollaig, tá amhráin traidisiúnta na Nollag as Gaeilge, á rá ag triúr amhránaithe aitheanta ó Ghaeltachtaí éagsúla: Méabh Ní Bheaglaoich, Síle Denvir agus Mairéad Ní Mhaonaigh.
tráthúil timely
" Leis na ‘*Beatles Remastered*’ fós ag tiomáint na ndoirse amach ins na trucail, tá ‘*Nowhere Boy*’ tráthúil, pé scéal é.
mithid timely
" Is inleithscéal, is mithid agus is riachtanach go gcíorfar gach gné de fhadhb seo ár muintire go heolaíoch, fuarchúiseach anois díreach, tharla go bhfuil againn bealaí raidió agus teilifíse, suíomhanna idirlín, nuachtáin, Achtanna agus Coimisinéir Teanga, stádas Eorpach, ach féach gur fearr le líon rómhór d’aos óg na Gaeltachta agus de lucht Gaeilgeoirí na Galltachta an Béarla a bheith ina chéad teanga acu agus ár dteanga féin ina ‘teanga liom-leat’ acu ag an am céanna.
tráthúil opportune, timely
" Cé a chonaic ar a chéad shodar a dhearmadfas riamh an t-each folúil sin ‘*Bonnie and Clyde*’? Bhí sé tráthúil gur aimsigh sárshaothar Arthur Penn glúin leanta nua san IFI le deireannas.
Is tráthúil it’s timely
" Is tráthúil do theacht chugainn a Shínis.
tráthúil timely, opportune
" Sa bhliain 2012, nuair a dhéanfar bunú Pháirtí an Lucht Oibre sa bhliain 1912 a chomóradh, nach mbeadh sé tráthúil comharba ar James Connolly a bheith ina Thaoiseach ar an stát! B’fhéidir nach bhfuil ar bun agam ach taibhreamh.
is tráthúil it’s timely
" É sin ráite, is tráthúil an t-am é seo le córas úr a bhunú ó tharla gur beag earcaíochta nó comórtais arduithe céime a reachtáilfear sna blianta beaga amach romhainn.
Is tráthúil é it’s timely
" Is tráthúil é mar scéal freisin a bhuíochas do thubaiste thragóideach eile a tharla níos lú ná bliain ó shin.
tráthúil timely
" Tá sé tráthúil go raibh tú ag caint ar seo mar seachtain ó shin bhí mé ag breathnú ar an Youtube seo, *‘The Story of the English Language’*.
tuarascáil tráthúil a timely report
" Foilsíodh tuarascáil tráthúil ar an ábhar 'Catch 16-22, Recruitment and retention of minors in the British armed forces, i Mí Márta.
Is caoithiúil it’s timely
" Is caoithiúil tuismitheoirí a spreagadh i leith an tumoideachais an tráth seo bliana, san am a mbíonn fuadar faoi cén scoil sa cheantar a rachaidh ár naíonán ag deireadh an tsamhraidh? Ní miste an fhírinne lom a inse, gur i dtuilleamaí na haon teanga amháin a bhíonn gasúir i gcóras scolaíochta an Bhéarla.
feachtas tráthúil a sheoladh to launch a timely campaign
" com) úsáid a bhaint as an spéis idirnáisiúinta seo i gcúrsaí dlí, teicneolaíochta agus cearta chun feachtas tráthúil a sheoladh le haird a tharraingt ar reachtaíocht atá idir láimhe san Oireachtas faoi láthair.
Tráthúil go leor timely enough
" Tráthúil go leor, tarlaíonn sé gur san Eoraip a bheas an dá fhéile spóirt seo ar siúl agus iad gar go maith d’Éirinn le go mbeidh lucht leanúna in ann freastal orthu.
Is tráthach Bréanann ar an gcnoc timely that B. is on his mountain
" Is tráthach Bréanann ar an gcnoc.
más mall is mithid it’s timely even its if late
" Thug Eoghan Ó Néill laoch spóirt agus laoch an chine dhaonna ar Norman san alt thuasluaite agus más mall is mithid go bhfuil sé aitheanta ina thír féin faoi dheireadh thiar thall.
tráthúil go leor timely enough
" Rinneadh an dealbh, atá le feiceáil in aice le Droichead na Lánúineacha i bPairc Khreschatyi sa Chív mar chomóradh ar a ngrá seasmhach, agus, tráthúil go leor, is áit í sin a dtagann lánúineacha nuaphósta lena ngrá a chur in iúl dá chéile.
tráthúil timely
" Ach bheadh sé tráthúil ins an bhliain a ndéanfar comóradh ar Éirí Amach na Cásca dá bhfógródh an dá pháirtí traidisiúnta seo don saol Fódlach go bhfuil créachta Chogadh na gCarad chóir a bheith cneasaithe um an dtaca seo.
thar a bheith tráthúil very timely
" Na ceisteanna a chíortar sa leabhar seo, tá siad thar a bheith tráthúil nuair a mheabhraítear na heachtraí lámhaigh millteanacha a tharlaíonn beagnach gach cúpla mí sna Stáit Aontaithe, ach san Eoraip freisin – an t-ár uafásach a rinneadh ar mhaithe le cúinsí Naitsíocha agus frith-imircigh san Iorua in 2011 agus lámhach na nGiúdach i Marseilles scaitheamh ó shin, agus níl iontu sin ach dhá shampla.
Tráthúil timely, fitting
" Tráthúil atá tiomnú an leabhair seo – do na fonnadóirí agus do na filí a bhí ann ach a d’imigh, a mhair ar an mbeagán, ach a d’fhág mórán.
Is cuí agus is tráthúil it’s fitting and timely
" Is cuí agus is tráthúil go bhfuil an taispeantas seo le feiceáil sa Róimh agus a bhfuil de chosúlachtaí idir griangrafadóireacht Jeffries agus saothar na n-ealíontóirí móra ón Ré Bharócach, atá le feiceáil go forleathan sa chathair sin.
Tráthúil go maith timely enough
" Tráthúil go maith, tháinig an ghluaiseacht Rómánsach agus an ghluaiseacht Ghotach chun cinn timpeall an ama chéanna i mblianta deiridh an ochtú haois déag, dhá ghluaiseacht a mhúscail spéis as cuimse i ngnéithe den osnádúr.
is cinnte gur tráthúil it’s definitely timely
" Is sampla maith é den dóigh ar féidir le ceiliúradh cultúir caidreamh pobail a leasú agus a neartú agus is cinnte gur tráthúil gurb é seo an chéad uair a tugadh an fhéile seo trasna na Teorann.
tráthúil, timely
" Tá sé tráthúil, mar sin, a bheith ag machnamh ar na bealaí a ndéantar leithcheal go fóill ar na pobail seo in Éirinn.
tráthúil timely
" Bhí John-Paul McCarthy ag athléamh leabhar tábhachtach a scríobh Michel Foucault, leabhar a mbeidh a theideal tráthúil i dtólamh faraor, Madness and Civilization.