Níor leor dó Uachtarán na hÉireann agus iar-Uachtarán na hÉireann a bheith ag freastal ar an chúrsa ann – duine acu ar feadh ceithre bliana déag agus an duine eile díreach tosaithe i mbliana; beirt ambasadóirí de chuid na Breataine; ambasadóir na Sualainne; airí rialtais agus
teachtaí Dála agus seanadóirí…
Cé a shamhlaigh go dtabharfadh Daniel cuairt ar Ghleann i mbliana? Ní Daniel Day Lewis atá i gceist agam, ná Daniel Boone; ní Daniel Radcliffe a bhí ann, ná Daniel Craig; ach Daniel O Donnell, an Daniel is clúití ar domhan, réalta Thír Chonaill agus réalta na hÉireann.