Pota Focal Intergaelic
tab | tae | tag | tan | tap
Gluais TíHouse Glossary Gluais Beo!Beo! Glossary TeasárasThesaurus BriathraVerbs
gcáin mhaoine property tax
" Sna Stáit Aontaithe íocann na bailte agus na cathracha costas na scoileanna as a gcáin mhaoine.
cáiníocóirí tax-payers
" Is ceisteanna iad seo a bhfuil baint acu le hoibrithe agus cáiníocóirí an lae amáraigh sna Stáit Aontaithe.
aisíoc cánach tax refund
" Bímid an-díomách nuair a theipeann ar ár lúthchleasaithe ag na cluichí Oilimpeacha, ach céard atá á ofráil ag an rialtas seachas staid mhór náisiúnta a bheadh in úsáid anois is arís i rith na bliana agus aisíoc cánach a bhronnadh ar *elite* gairmiúil? Is maith linn sa tír seo a mhaíomh go bhfuil an-dúil agus spéis againn i gcúrsaí spóirt agus creidimse go bhfuil.
cáin tax
" Aibíonn na scéimeanna coigiltis nua cúig bliana agus mí tar éis a n-oscailte, agus íocfar cáin ag ráta 23% ar thoradh na taisce.
cánacha níos ísle lower taxes
" Bhí an tír breac le póstaeir a thaispeáin a aghaidh ghriandaite agus ar a raibh manaí mar "cathracha níos sábháilte, post agus cánacha níos ísle do gach duine".
cánacha taxes
" Ar ndóigh tá daoine ag rá gurb é an deacracht atá ag an rialtas go mbraitheann siad go mór ar na cánacha a bhailíonn siad ar thobac agus go bhfuil leisce orthu aon cheo a dhéanamh a chuirfeadh isteach ar an bhfoinse airgid sin.
cáin tax
" Tógadh Mac Coille i gCluain Dolcáin, sráidbhaile taobh amuigh de Bhaile Átha Cliath atá anois ina bhruachbhaile de chuid na cathrach.
ráta cánach tax rate
" "Mhol mé dó cúpla euro a chur ar leataobh leis an ráta cánach do scríbhneoirí *Beo Ar Éigean* a ísliú go 10%.
cánacha taxes
" Ardaíodh cánacha, gearradh siar ar sheirbhísí agus ba bheag airgead a bhí ar fáil leis na sráideanna a ghlanadh agus le dídean a thabhairt dóibh siúd a bhí gan áit chónaithe, gan trácht ar ardú pá a thabhairt d'oibrithe na cathrach.
liúntas saor ó cháin tax-free allowance
" Ní féidir seirbhís mháithreachais a chur ar fáil do mhuintir Mhuineacháin ina gcontae féin ach táthar breá sásta liúntas saor ó cháin a thabhairt do lucht capall Chill Dara agus na milliúin á saothrú acu cheana féin.
gcáiníocóir tax-payer
" Ní hamháin go bhfuil ar an gcáiníocóir íoc as feidhmiú na ndlíthe, tá sé á phlúchadh ag na dlíthe céanna.
saor ó cháin free of tax
" Ach ó thaobh na cánach de, ní hamhlaidh atá sé nó tá na comhlachtaí ollmhóra mar Siemens agus BMW saor ó cháin.
fadhbanna cánach tax problems
" Ach cheana féin, tá leaganacha beagáinín níos nua-aimseartha den chlár sin ag cruthú conspóide i Sasana, agus ag tabhairt fadhbanna dlí agus fadhbanna cánach le seirbhísí ar líne chun solais.
Grúpa Straitéise Cánach Tax Strategy Group
" Deirtear i dtuarascáil a d'fhoilsigh an Grúpa Straitéise Cánach le déanaí go bhfuil buntáiste ag an Eoraip thar Stáit Aontaithe Mheiriceá toisc nach bhfuil na dlíthe geallghlacadóireachta anseo chomh dian céanna.
chánacha maoine property taxes
" Lena chois sin, thosaigh go leor úinéirí tí Éireannacha atá ina gcónaí taobh amuigh de Manhattan ag casaoid nuair a léirigh Bloomberg tacaíocht do chánacha maoine mar chuid den iarracht buiséad Nua-Eabhrac a chomhardú.
caimiléireacht chánach tax dishonesty
" Ag an am a thosaigh Rupert ag obair don FBI bhí na póilíní á fhiosrú maidir le caimiléireacht chánach.
cúrsaí cánach Rupert Rupert's tax affairs
" Anuas air seo, tuigtear do *Beo! *go bhfuil gach eolas maidir le glaonna gutháin agus cúrsaí cánach Rupert ar iarraidh freisin.
ualach cánach tax burden
" Is ag dul in olcas atá an scéal, agus an rialtas lárnach ag iarraidh sciar suntasach den ualach cánach a chur ar aghaidh go seiftiúil, ciúin chuig na húdaráis áitiúla - díreach ag an am céanna is atá go leor cumhachtaí bainte de na húdaráis chéanna.
sochair chánach d'infheisteoirí eachtrannacha tax benefits for foreign investors
" Ag deireadh na gcaogaidí ceapadh é mar Rúnaí ar an Roinn Airgeadais agus, le linn a thréimhse sa roinn sin, chuir sé polasaithe maidir le sochair chánach d'infheisteoirí eachtrannacha, saorthrádáil agus tráchtáil onnmhairíochta chun cinn - bunchlocha an gheilleagair a tháinig faoi bhláth sna nóchaidí.
cháin tax
" Má fhéachann tú ar an taobh eile de chlaí agus tú ag siúl faoin tuath, seans maith go bhfeicfidh tú meaisín níocháin, cuisneoir nó fiú seancharr.
cánacha agus táillí arda high taxes and fees
" Ar thaobh amháin, tá an stát sa mullach ar na daoine ag iarraidh cánacha agus táillí arda ar a shaoránaigh.
ísliú cánach the loweing of taxes
" Ní raibh riamh oiread gá ag an tír seo le díospóireacht, a scrúdódh buncheisteanna ar nós, ar chóir leanúint ag príobháidiú comhlachtaí Stáit; ar chóir go mbeadh ísliú cánach mar phríomhchuspóir i gcónaí; an bhfuil seasamh na tíre seo i leith chogadh na hIaráice mar ba cheart, agus mar sin de.
faoiseamh cánach tax relief
" De réir Spencer Fitzgibbon, urlabhraí náisiúnta an Pháirtí Ghlais, is fiú £9 mbilliún gach bliain an faoiseamh cánach seo.
i bhfoirm faoisimh nó liúntais cánach in the form of tax relief or allowance
" Is tré iarrachtaí na n-imreoirí idirchontae a chuirtear na cluichí sin i láthair an domhain mhóir agus tá aitheantas tuillte acu faoi mar a thuilleann ealaíontóirí agus lucht spóirt ghairmiúil, is é sin aitheantas i bhfoirm faoisimh nó liúntais cánach.
cháiníocóir tax payer
" Má chruthaitear gur theip ar na hotharlanna cloí lena gcuid rialacha sláinteachais féin, d’fhéadfadh bille mór eile a bheith le díol ag an cháiníocóir.
buntáistí cánach tax advantages
" Cé gur feithicil hibrideach é (agus go bhfaigheann sé buntáistí cánach sna Stáit Aontaithe mar gheall air sin), tá sé chomh tartmhar le gnáth-SUV (agus bíonn olltart peitril ar na SUVanna!).
cánacha taxes
" Tá Parlaimint na Spáinne i Maidrid ag déanamh plé ar an gceist thromchúiseach seo, chomh maith le ceisteanna fíorthábhachta eile, ar nós an dualgas atá ar mhuintir na Catalóine bheith líofa sa Chatalóinis agus sa Spáinnis, nó ar cheart go mbeadh cead ag Rialtas na Catalóine a gcánacha féin a bhailiú agus a riar.
cáin san áireamh tax included
" 50 an ticéad fillte, cáin san áireamh.
cánach tax
" Chuir an rialtas nua (treoraithe ag an gComhaontas Glas) bearta bunúsacha i bhfeidhm: cosc ar ghluaisteáin le paisinéir amháin ar roinnt de na príomhbhóithre ag an mbroidtráth; páirceanna rothar i bhfad níos fearr in aice le stáisiúin agus stadanna bus; fáinne carrchlósanna “*Park and Ride*” timpeall na gcathracha; traenacha dhá urlár ag dul go dtí na bruachbhailte; comhartha leictreonach ag gach stad bus ag tabhairt amanna na gcéad bhusanna eile; faoiseamh cánach dóibh siúd a cheannaigh rothar; agus táillí plódaithe tráchta (is gá íoc chun tiomáint sna cathracha idir 7 a.
faoiseamh cánach tax relief
" Chuir an rialtas nua (treoraithe ag an gComhaontas Glas) bearta bunúsacha i bhfeidhm: cosc ar ghluaisteáin le paisinéir amháin ar roinnt de na príomhbhóithre ag an mbroidtráth; páirceanna rothar i bhfad níos fearr in aice le stáisiúin agus stadanna bus; fáinne carrchlósanna “*Park and Ride*” timpeall na gcathracha; traenacha dhá urlár ag dul go dtí na bruachbhailte; comhartha leictreonach ag gach stad bus ag tabhairt amanna na gcéad bhusanna eile; faoiseamh cánach dóibh siúd a cheannaigh rothar; agus táillí plódaithe tráchta (is gá íoc chun tiomáint sna cathracha idir 7 a.
cánacha taxes
" Tá Parlaimint na Spáinne i Maidrid ag déanamh plé ar an gceist thromchúiseach seo, chomh maith le ceisteanna fíorthábhachta eile, ar nós an dualgas atá ar mhuintir na Catalóine bheith líofa sa Chatalóinis agus sa Spáinnis, nó ar cheart go mbeadh cead ag Rialtas na Catalóine a gcánacha féin a bhailiú agus a riar.
cánacha taxes
" Tá Parlaimint na Spáinne i Maidrid ag déanamh plé ar an gceist thromchúiseach seo, chomh maith le ceisteanna fíorthábhachta eile, ar nós an dualgas atá ar mhuintir na Catalóine bheith líofa sa Chatalóinis agus sa Spáinnis, nó ar cheart go mbeadh cead ag Rialtas na Catalóine a gcánacha féin a bhailiú agus a riar.
pacáistí fabhracha cánach favourable tax packages
" Mealladh tionscail thar farraige anall le deontais agus pacáistí fabhracha cánach.
sa ráta cánach corparáidí in the corporation tax rate
" Lena chois sin, iarrfaidh siad ar an Uasal Brown moill a chur ar chur i bhfeidhm táillí úra uisce agus laghdú a dhéanamh sa ráta cánach corparáidí a íocann comhlachtaí ó thuaidh.
go meallfadh ráta laghdaithe cánach corparáidí that a reduced corporation tax rate will attract
" (Measann na páirtithe go meallfadh ráta laghdaithe cánach corparáidí níos mó infheistíochta ó thar lear.
cáin a chur ar bhreosla eitleáin to tax aircraft fuel
" Ní dóigh liom go mbeadh sé de dhánacht nó de mhisneach ag aon rialtas cáin a chur ar bhreosla eitleáin ach is cinnte go dtarlóidh a leithéid amach anseo, bíodh is gur dócha gur rialachán ón Eoraip a bheas i gceist.
i ráta na cánach corparáidí in the corporate tax rate
" San am atá le theacht, b’fhéidir go bhfeicfeadh muid an DUP agus Sinn Féin ag dul go Londain le chéile ag iarraidh deirce, *oops*, ag iarraidh laghdú i ráta na cánach corparáidí ar Gordon Brown.
cánacha nua ar astúcháin na n-eitleán, new taxes on aeroplane emissions,
" Ach is cinnte go mbeidh (agus gur cheart go mbeadh) srianta eile ag teacht: cánacha nua ar astúcháin na n-eitleán, mar shampla, agus chuige sin tá Coimisiún na hEorpa ag iarraidh scéim chánach a chur ar bun a chuimseoidh ní hamháin an Eoraip ach na Stáit Aontaithe freisin.
scéim chánach tax scheme
" Ach is cinnte go mbeidh (agus gur cheart go mbeadh) srianta eile ag teacht: cánacha nua ar astúcháin na n-eitleán, mar shampla, agus chuige sin tá Coimisiún na hEorpa ag iarraidh scéim chánach a chur ar bun a chuimseoidh ní hamháin an Eoraip ach na Stáit Aontaithe freisin.
sna taifid chánacha nó fostaíochta. in the tax or employment records.
" Chaith sé cúig bliana déag ina dhiaidh sin gan aon trácht oifigiúil a bheith déanta air sna taifid chánacha nó fostaíochta.
ísliú sa ráta Cánach Corparáidí a lowering of the Corporation Tax rate
" Nó thiocfadh leis gur ag cuimilt meala den lucht gnó atá iar-Sheansailéir an Státchiste, le nach mbeidh siad ag gearán barraíocht nuair a dhiúltóidh sé ísliú sa ráta Cánach Corparáidí chuig leibhéal an deiscirt a cheadú do na Sé Chontae.
níos mó cánach more tax
" As seo amach, is dócha go mbeidh níos mó cánach ar phraghas an aerthurais chun íoc as an truailliú.
tuilleadh cánach more tax
" Go deimhin, d’ardaigh Feisire Caomhach as Tuaisceart Shasana, Graham Brady, ceist i dTeach na dTeachtaí le déanaí faoi cad chuige a mbíonn ar dhaoine ina thoghcheantar siúd tuilleadh cánach a íoc “le nach mbeadh ar dhaoine i dtoghcheantar an Phríomh-Aire táillí oidis leighis a dhíol”.
an ráta cháin corparáidí the corporate rate of tax
" TuarascáilTháinig tuarascáil Varney amach an tseachtain seo agus bhí na daill ag dúil go ngearrfadh an tiarna an ráta cháin corparáidí ó thuaidh.
cúrsaí cánach agus cuntais tax matters and accounts
" Ach dá mhéad a éiríonn an comhlacht rathúil is ea is minice a bhím ag plé le cúrsaí cánach agus cuntais agus rudaí beaga bídeacha eile a gcaithfidh tú a bheith ag smaoineamh orthu an t-am ar fad.
don bhliain chánach, to the tax year
" Ní ag trácht ar an bhliain airgeadais atá mé, ná ag tagairt don bhliain chánach, ach ag smaoineamh atá mé ar an bhliain féilire mar a thuigeann muid ar fad í, an bhliain sin a thosaíonn ar Lá Caille, agus ag smaoineamh atá mé ar an tríú mí den bhliain chéanna.
Ni ghearrtar cáin ar earraí áirithe tax isn't charged on particular goods
" Ni ghearrtar cáin ar earraí áirithe agus tagann muintir La Linea, cathair bheag atá suite in aice le Giobráltar, trasna na teorann gach lá chun a gcuid toitíní a cheannach.
rátaí ísle cánach. low rates of tax.
" Chuirfeadh sé seo as go mór do chúrsaí fostaíochta in Éirinn agus don straitéis atá ag an rialtas le tamall anuas tionscail a mhealladh isteach sa tír le rátaí ísle cánach.
comhchuibhiú fioscach tax harmonisation
" D’fhéadfaí iarracht a dhéanamh comhchuibhiú fioscach nó ionannú cánach a bhrú ar thíortha uile an Aontais, moltaí atá ar na bacáin cheana féin agus á gcur chun cinn go láidir ag an Fhrainc.
an ráta céanna cánach the same rate of tax
" Ní bheadh Éire, tír bheag ar imeall na hEorpa, chomh tarraingteach céanna do thionsclóirí dá mbeadh an ráta céanna cánach i bhfeidhm anseo agus atá i dtíortha eile an AE.
comhchuibhiú fiosach tax harmonisation
" Ba iad na rudaí ba mhó a bhí ina n-údar imní ag lucht vótála na hÉireann ná nach mbeadh coimisinéir Eorpach ag na hÉireannaigh ar feadh tréimhsí áirithe agus go dtiocfadh athrú ar ár neart vótála san Aontas; go mbeadh grúpaí mar fheirmeoirí thíos le cuid de na forálacha sa Chonradh; go gcuirfí comhchuibhiú fiosach i bhfeidhm; go ndéanfaí maolú ar chearta oibrithe na tíre agus go mbeadh easpa freagrachta daonlathaí i gceist dá ndaingneofaí an Conradh.
cúrsaí cánach agus cúrsaí míleata tax and military matters
" Dhírigh siad ar imní an phobail ó thaobh cúrsaí cánach agus cúrsaí míleata de.
cáin charbóin carbon tax
" cáin charbóinMolann Strong gur chóir cáin charbóin a chur i bhfeidhm chun déileáil le hathrú aeráide.
obair mhaslach taxing work
"obair mhaslach ar bith é an choinne, ná baol air.
nach gá don stát cáin a ghearradh ar a shaoránaigh. that the state doesn't need to charge it citizens tax
" I ndomhnach, tairgeann Alasca an méid sin ola nach gá don stát cáin a ghearradh ar a shaoránaigh.
i ngeall ar an cháin íseal because of low tax
" *CMA: An ndéanann siad an brabús seo i ngeall ar an cháin íseal?* DMW: Ní hí an cháin amháin is cúis leis.
cháin sin le gearradh ar mhuintir na Mumhan that emasculating tax on the Momnian Gaels
" Deich faoin chéad de cháin bhreise ar lucht labhartha na Gaeilge, agus cúig faoin chéad sa bhreis ar an cháin sin le gearradh ar mhuintir na Mumhan a labhraíonn an Ghaoluinn! “Char labhair mise ach Gaeilge bhlasta Uladh le mo bheo agus cha dtig libh a dhath ar bith a dhéanamh fá dtaobh de,” a mhaígh Maidhc Dainín Ó Sé, agus é i mbun agallaimh leis na hiniúchóirí cánach a bhí ar cuairt aige i gCorca Dhuibhne.
roimh cháin pre-tax
" Mar a luaigh mé an mhí seo caite, tá an ráta malartaithe idir an punt sterling agus an euro ina chuidiú ag lucht turasóireachta (agus ag Tesco, comhlacht a ghnóthaigh brabús roimh cháin de £2,803 milliún punt anuraidh.
cáin a bhailiú to gather tax
" Tá an chumhacht ag an rialtas láir cáin a bhailiú, ach tá na rialtais ag an dara leibhéal freagrach as é a chaitheamh ar sheirbhísí poiblí, mar shampla an t-oideachas, sláinte agus bonneagar.
roinnt na cánach the division of tax
" Buaileann an príomhaire náisiúnta go rialta le príomhairí na stát agus na gcríoch le roinnt na cánach agus lena caitheamh a phlé.
cúrsaí cánach a tax matter
" Ach d’fhág sí an Fhrainc go luath ina dhiaidh sin agus chuaigh sí chun cur fúithi i Londain, ar chúiseanna a bhain le cúrsaí cánach a dúradh ag an am.
cháin tax
" Ina measc, cuireadh an iomarca béime ar an fhoirgníocht agus gearradh siar go rómhór ar cháin ioncaim.
faoiseamh cánach tax relief
" Tá na díoltóirí gluaisteáin ag cásamh ar son faoiseamh cánach ionas go mbeidh siadsan in ann níos mó carranna a dhíol.
cáin tax
" Drochscéala na Dréachtcháinaisnéise Bhí a fhios ag an Uachtarán Obama go raibh tábhacht faoi leith leis an aitheasc seo, agus nárbh fholáir an tír a thabhairt leis, mar dhá lá dár gcionn, bheadh sé ag foilsiú na cáinaisnéise ba thábhachtaí i stair Mheiriceá ó 1930 i leith.
imghabháil cánach tax evasion
" ” Thug McCain “cime polaitiúil” ar Mikhail Khodorkovsky a cuireadh i bpriosún as caimiléireacht agus as imghabháil cánach, tar éis $30 mbilliún de shaibhreas na tíre a bheith crúcáilte chuige féin agus é gan ach 32 bliain d’aois.
Cáin tax
" * Cáin ar Liúntas Leanaí, Cáin Réadmhaoine agus Cáin ar Charbón fógartha don mbliain seo chugainn.
giorrúcháin cánach tax cuts
" Chaithfeadh an tír airgead an cháiníocóra ar bhonneagar, fuinneamh gaoithe agus gréine, scoileanna, agus ar thacaíocht dífhostaíochta maille le giorrúcháin cánach $800 do theaghlaigh.
cáin a tax
" Agus an chluas bhodhar á fáil ón gcomhphobal idirnáisiúnta ag a n-achainí leis an iascach gan srian a stad agus le héirí as an dumpáil mhídhleathach, rinne iascairí na Somáile iarracht deireadh a chur leo iad féin, nó ar a laghad ‘cáin’ a ghearradh ar na longa iasachta.
ghearradh ar to take (tax) from
" Agus an chluas bhodhar á fáil ón gcomhphobal idirnáisiúnta ag a n-achainí leis an iascach gan srian a stad agus le héirí as an dumpáil mhídhleathach, rinne iascairí na Somáile iarracht deireadh a chur leo iad féin, nó ar a laghad ‘cáin’ a ghearradh ar na longa iasachta.
cáin íseal low tax
baol cánach tax danger
" Agus baol cánach ar íocaíochtaí leasa shóisialaigh, níl ach tréimhse ghortach roimpi amach.
cáin ioncaim income tax
" Déanfaidh mé cáin ioncaim 98% a fhógairt dóibh siúd nach dtiocfaidh isteach faoin bhratach ghlas, agus ní bheidh stró ar bith orm an dlí sin a chur fríd an Dáil.
cháiníocóra of the tax
" D’fhonn pilleadh ar an téad eile thuas, len iad féin, an státseirbhís, a naomhú i súile an phobail, scaoiltear scéal leis na meáin faoi dhreamanna isteach sa tír ag tarraingt airgid an cháiníocóra le faofú rialacha an stáit.
cáin tax
" Ní fios go fóill cé a d'eagraigh é, ach táthar ag díriú na méar go forleathan i dtreo Dick Armey, feisire fíorchoimeádach as Texas, agus a eagraíocht FreedomWorks, brúghrúpa a oibríonn thar ceann comhlachtaí chun cáin a ísliú agus gnó an stáit a chur i lámha na hearnála príobháidí.
cánach tax
" Ligeadh do réimse na foirgníochta imeacht as smacht agus cuireadh an córas cánach ar bonn dosheasmhach.
Gearr charge (tax)
" Tá na forbróirí céanna damnaithe anois, ach níl sé ach tamall Gearr ó bhíodar á gceiliúradh sna meáin chéanna mar laochra eacnamaíochta.
cháin tax
" Chuile dhream a fuair an deis an pionna a chur sa phobal, thapaigh siad é: na polaiteoirí ó Fhianna Fáil agus ó Fhine Gael a thóg na ‘síntiúis phearsanta’ aimsir toghcháin agus na costaisí móra; na habhchóidí a bhí in ann táille cúpla míle in aghaidh an lae a ghearradh ar an Stát le linn na mbinsí fiosraithe; na comhairleoirí leighis a bhí íocaithe níos fearr ná a macasamhail in aon tír eile san Eoraip, ach a bhí i gceannas ar an gcóras sláinte ba mheasa ó thaobh freastal éifeachtach a dhéanamh ar an bpobal.
mhuirear chánach tax burden
" I measc na mbeartas eile a chuir na Fionlannaigh i bhfeidhm, tá arduithe ar an mhuirear chánach, béim ar an onnmhairiú a chothú, ciorruithe ar chaiteachas, agus cealú ar arduithe sna híocaíochtaí leasa shóisialaigh.
cánacha éagóracha unjust taxes
" Gearrtar cánacha éagóracha orthu.
cháin chorparáideach corporate tax
" Cuimhnigh gur Ray Burke a réitigh cuid mhór den ábhar a chuir Bobby Molloy amach ar deireadh, agus cuirtear milleán ar Ray Burke, ach dúirt Ray Burke, cuirim i gcás - in éis dófa milleadh a dhéanamh - ach dúirt Burke nach laghdódh sé an cháin chorparáideach faoi 50%, mar aon rud taobh thíos de sin, nach dtiocfadh leis seasamh leis.
cáin tax
" Bhí cumhacht ag an dá leibhéal rialtais cáin a ghearradh i dtús báire, ach faoi láthair, bailíonn an Comhlathas formhór mór na cánach agus tugann sé deontais do na rialtais dara leibhéal le híoc as na seirbhísí poiblí iontu.
cánach tax
" Faoi mheánoíche an lae sin, caithfidh gach saoránach nó eachtrannach cónaitheach a bhfuil teacht isteach níos airde ná $9,000 aige ráiteas cánach don stát agus don chónaidhm faoi seach a sheoladh isteach chuig rannóga cánach rialtais.
bhfaoiseamh cánach tax relief
" Sin an fáth nár ghlacamar le moltaí go gcuirfí deireadh leis an bhfaoiseamh cánach a fhaigheann siad.
frithchánach anti-tax
" Scríobh mé an mhí seo caite faoi na *Tea Parties*, gluaiseacht neamhfhoirmiúil frithchánach ollmhór atá fréamhaithe, don chuid is mó, san eite dheis, agus a thosaigh ag an am céanna inar thosaigh geilleagar na Stát Aontaithe ag titim as a chéile.
faoiseamh cánach tax relief
" Meallann siad comhlachtaí móra idirnáisiúnta le faoiseamh cánach agus le costais ísle.
i leith cánach on tax
" Tá grúpaí nua mar sin, macasamhail *Liberty Central*, nach bhfuil iontu, b'fhéidir, ach triúr ball, ag bailiú airgid go tréan agus á chaitheamh go fras ar iarrthóirí a bhfuil, dar leo, dearcadh ‘bog’ acu i leith cánach do chomhlachtaí agus a sheasann in aghaidh airgead stáit a chaitheamh ar na boicht nó ar thograí poiblí.
cháin seo this tax
" Murach sibhse, ní bheadh aon ghá leis an cháin seo a ardú ná leis an liúntas siúd a ísliú," an freagra a thugtaí ar mhórán achan ráiteas a rinne muid.
cháin tax
" 5bn a thógfaidh an rialtas ón cháin a ghearrfaidh siad ar na bancanna agus ar na forais airgeadais,” arsa Brian Campfield, ceannaire NIPSA (the Northern Ireland Public Service Alliance).
imghabháil cánach tax evasion
" “Meastar go gcailleann Státchiste na Ríochta Aontaithe £123bn sa bhliain mar thoradh ar imghabháil cánach (tax evasion), seachaint cánach (tax avoidance) agus cáin nach bhfuil bailithe.
seachaint cánach tax avoidance
" “Meastar go gcailleann Státchiste na Ríochta Aontaithe £123bn sa bhliain mar thoradh ar imghabháil cánach (tax evasion), seachaint cánach (tax avoidance) agus cáin nach bhfuil bailithe.
cáin tax
" ”* Imeachtaí deireanach? Fír gnó ag baint úsáid as CP Learphoill ar a son féin, argóint faoi bhogadh go páirc imeartha úr, cáin faoi cheangal le grúdlann, conspóid faoi bhainisteoir agus faoi imreoirí as tíortha eile.
cánach corparáidí corporate tax
" Mealltar go leor IDC (FDI) chun na tíre seo fós agus cé go bhfuil ráta íseal na cánach corparáidí an-tábhachtach, tá níos mó i gceist ná sin.
breis cánach more tax
" Ní mór dúinn ciorruithe géara a chur i bhfeidhm, breis cánach a ghearradh and tuairisc ráithiúil a sholáthar d’ár n-iasachtóirí go bhfuil an toradh ceart ar ár gcuid iarrachtaí sula n-íocfar an t-airgead linn.
cúrsaí cánach tax matters
" Ritheadh dlíthe eile dhá bhliain ó shin a thug na cearta céanna is atá ag lánúnacha heitrighnéasacha neamhphósta do lánúnacha comhghnéis i dtaca le cúrsaí cánach, slándáil sóisialta agus sláinte, cúram na sean agus fostaíochta.
cháin tax
" Roghnóimis uimhir, abair €200,000 in aghaidh na bliana, agus bainimis an farasbarr, más ann dó (is ea, é ar fad!), mar cháin ioncaim.
cáin tax
" Críostaí Soiscéalach, a fuair oideachas Caitliceach in Ollscoil Marquette in Milwaukee sular éirigh sé as gan chéim, mhol sé pá na n-oibrithe stáit a ghearradh siar go mór, cáin ar chomhlachtaí agus ar dhaoine saibhre a ghearradh siar leis, seirbhísí poiblí a ghearradh siar go mór, agus beartas ‘ar son na beatha’ a chur chun cinn.
imghabháil cánach tax avoidance
" Nuair a gabhadh an oligarch Giúdach ar imghabháil cánach, claonchasadh, agus calaois i 2003, thug Soros “géarleanúint pholaitiúla” ar na cúiseanna, d’éiligh go ndíbreofaí an Rúis as an G-8, agus d’áitigh ar Dhomhan an Iarthair idirghabháil a dhéanamh.
faoiseamh cánach tax relief
" Léigh muid ailt sna nuachtáin faoi phraghas na dtithe a bheith ag méadú agus an cinneadh a bhí déanta ag an rialtas faoiseamh cánach a thabhairt do dhaoine a thógfadh tithe samhraidh.
cáin tax
" Ní maith leis an meánaicme vótáil do dhaoine a d’fhéadfadh níos mó cáin a bhaint astu.
cánacha breise extra taxes
" Beidh na giorruithe agus na cánacha breise ag luí níos troime ar na daoine a vótáil don Lucht Oibre an uair seo agus bainfidh siad díoltas amach.