Pota Focal Intergaelic
Gluais TíHouse Glossary Gluais Beo!Beo! Glossary TeasárasThesaurus BriathraVerbs
nimh san fheoil tangible hate
" B’fhada nimh san fheoil ag an dá dhream dá cheile, le linn na dtrioblóidí ach ag dul siar sa stair fosta sular tháinig an tIRA ar an saol.
le sonrú tangible
" Luadh freisin an chalaois a bhí le sonrú ar fud na tíre san olltoghchán ann ar na mallaibh.
le braistint tangible
" Tá siad béasach agus fáiltiúil, ach caithfidh mé a admháil, an chraic agus an acmhainn grinn atá le braistint in Éirinn, níl sé le fáil anseo.
airítear éadóchas éigin some hopelessness is tangible
" Lastiar den rómánsúlachas seo áfach, airítear éadóchas éigin.
le braistint tangible
" D’ith muid dinnéar traidisiúnta san óstán i lár an lae agus bhí atmaisféar álainn le braistint i measc na n-aíonna agus na foirne araon.
le mothú go láidir very tangible
" Tá sé ina clapsholas anseo i gColáiste Ollscoile, BÁC, tráth an-oiriúnach mar is dócha go bhfuil spiorad na ndaoine go bhfuil taighde déanta agat orthu agus ar na hamhráin a bhailigh siad le mothú go láidir anseo ag Cnuasach Bhéaloideas Éireann.
an fuinneamh a bhí le brath go láidir the energy which was tangible
" Lena n-ais, an fuinneamh a bhí le brath go láidir ón tseanfhear sa chathaoir rotha, ba fuinneamh céadach é.
mar an tseoid luachmhar atá fós ann as the precious gem still tangible
" Nuair a dhúisínn gach maidin sa Ghaeltacht, d’fhéachainn amach ar an bhfuinneoig agus d’fheicinn mé an Éire úd, Éire na seanchártaí poist, b’fhéidir le hais radharc na cathrach abair, mar an tseoid luachmhar atá fós ann agus a bhí linn inár gcroí is inár n-aislingí sular bhaineamar an áit amach.
ní a bhí le brath ann something which was tangible there
" Mothaíonn Tony Birtill go bhfuil an nimh san fheoil don Éireannach i dtólamh i gCathair Learphoill, ní a bhí le brath ann ar mhórshiúl Lá Fhéile Phádraig.
Bhí teannas go leor le brath tension was tangible
" Bhí teannas go leor le brath le linn mórshiúil ag an am céanna.
Tá fadhb an chiníochais le brath the problem of racism is tangible
" Tá fadhb an chiníochais le brath i Stáit Aontaithe Mheiriceá, rud a thuig Brian Ó Broin ar a chéad eitilt ann na blianta ó shin.