Pota Focal Intergaelic
Gluais TíHouse Glossary Gluais Beo!Beo! Glossary TeasárasThesaurus BriathraVerbs
róghafa to taken up with
" Láidreacht eile de chuid na heagraíochta ná in ionad duine nó beirt a bheith fostaithe aici le háiseanna ilghnéitheacha teagaisc agus foghlama a fhorbairt, is féidir dul ar thóir na saineolaithe sna réimsí éagsúla le táirgí den chaighdeán is airde a choimisiúnú - ach is féidir leis seo bheith ina laige fosta, ar ndóigh, nuair a bhíonn na daoine is cáilithe do jabanna áirithe róghafa lena gcuid oibre nó dualgas féin! Ní laige de chuid an tionscadail nuabhunaithe í seo, ach ó thaobh fhorbairt ábhair theagaisc de, is míbhuntáiste mór atá ann do Bhreacadh an neamart atá déanta sa tír seo le blianta i dteagasc na Gaeilge scríofa agus léite do chainteoirí dúchais Gaeilge, ag leibhéal na bunscoile nó na meánscoile - gan trácht ar dhaoine fásta.
chomh gafa sin lena chéile so taken up with one another
" Gealltanais á dtabhairt, póstaeir á gcrochadh, leanaí á bpógadh: damhsa traidisiúnta na bpolaiteoirí agus na n-iriseoirí, iad chomh gafa sin lena chéile nach dtugann siad faoi deara go bhfuil an halla á thréigean ag an lucht féachana.
chuaigh sé leis an phéintéireacht he took up painting
" Cuig bliana roimhe sin, chuaigh sé leis an phéintéireacht.
chomh sáite sin so taken up with
" Bhí a Monicagate féin ag Cullen agus, dalta Clinton, bhí sé chomh sáite sin ina chuid fadhbanna pearsanta nach raibh a shúil ar an bhunchúram.
gafa le Gaeilge taken up with Irish
" “Féachann go leor i gConamara orm mar dhuine atá gafa le Gaeilge, nach bhfuil spéis aige in aon rud eile.
gafa le healaín an cheoil taken up with the art of music
" Conas, mar sin, a rabhadar ag súil le saol duine a chaith a shaol ar fad gafa le healaín an cheoil a ríomh? Conas, mar sin, a rabhadar ag súil le saol duine a chaith a shaol iomlán ag seinnt le roinnt de na bannaí is tábhachtaí i stair cheol traidisiúnta na hÉireann a ríomh? Ní féidir, dar ndóigh, agus mar a dúras do theip go hiomlán ar an gclár.
go huile is go hiomlán gafa totally and utterly taken up with
" Sna blianta tosaigh, bhíodh Irial ag léiriú agus ag stiúradh na gcláracha, ach anois tá sé go huile is go hiomlán gafa le hobair bhainistíochta – rud nach gcuireann aiféala ar bith air mar gheall ar gur “léiriú ar scála difriúil í an obair so.
gafa leis an obair taken up with the work
" Bhí an lá breá gruama nuair a d’éirigh mé, ach ní raibh agam ach cúpla uair an chloig sula mbeinn gafa leis an obair a bhí le déanamh agam sa Ghearmáin.
tabhairt faoin cheird to take up the profession
" Cad tuige mar sin nach bhfuil aon suim ag fir tabhairt faoin cheird? CMÉ, Mary Hanafin agus FG ag déanamh dóigh dá mbarúil? Deir múinteoirí áirithe go bhfuil siad buartha go gcuirfear ina leith gur péidifiligh iad.
á sealbhú being taken up
" Cé mhéad de theangacha mionlaithe an domhain atá ar a dtoil ag Príomh-Aire agus ag go leor d’Airí rialtais na dtíortha nó na réigiún sin ina bhfuil siad á labhairt? Cé mhéad de theangacha mionlaithe an domhain a bhfuil rialtais náisiúnta ag ceapadh straitéisí fiche bliain ar a son? Agus in ainneoin na soiniciúlachta go léir in Éirinn, cé mhéad de theangacha mionlaithe an stáit seo a bhfuil cur amach réasúnta maith ag sciar suntasach den phobal orthu? Níl oiread agus ceann amháin de theangacha bundúchasacha Chalifornia á sealbhú ag páistí ná á foghlaim mar chroí-ábhar in aon scoil.
ballraíocht a ghlacadh to take up membership
" Ach ina dhiaidh sin, caithfidh úinéir gunna san Ísiltír ballraíocht a ghlacadh i gclub gunnadóireachta oifigiúil, áit a gcaithfidh sé ar a laghad sé bhabhta traenála a dhéanamh in aghaidh na bliana.
rachadh a bhformhór le harm most of them would take up arms
" Más ann do lucht cúise i gcónaí i measc na bpeileadóirí seo, ní móide go rachadh a bhformhór le harm ar son na cúise céanna.
le cúram go dtí sin by taking care of it up until them
" Mar sin ní féidir bailiúcháin cheoil is ar uile a fhágáil mar chuid ded uacht, cé gur íoc tú as, ní hamháin le hairgead, ach le cúram go dtí sin.
gan dul i muinín na dornálaíochta gairmiúla not taking up professional boxing
" Mura bhfuil i gceist ach gur chinn Katie an Táilliúra fanacht ina dornálaí amaitéarach agus gan dul i muinín na dornálaíochta gairmiúla nó gur ceapadh Pól Mac Fhionnlaoich ina chaptaen ar fhoireann ghailf na hEorpa nó gur fhógair Ciaran Mac Giolla Chainnigh go raibh sé le filleadh abhaile ón Astráil toisc go mb’fhearr leis a bheith i measc a mhuintire féin agus a bheith ag imirt peile agus iománaíochta lena chumann agus lena chontae dúchais.
ballraíocht a ghlacadh taking up membership
" Rinneamar an t-uafás cainte ar chuile ní sular thóg mé an chéim m’ainm a chur chun cinn agus ballraíocht a ghlacadh.
tabhairt faoi fhiontar take up the challenge
" Is amhlaidh go dtagann méadú ar líon na ndaoine a fhágann tíortha bochta i ndiaidh do na tíortha sin leibhéal áirithe forbartha a bhaint amach mar gurb acmhainn do níos mó daoine tabhairt faoi fhiontar na himirce.
ballraíocht a ghlacadh i gceardchumann to take up membership in a trade union
" Bhí an forlíonadh san Irish Times thar barr: thug sé an-léargas ar an gcoimhlint ghéar idir gluaiseacht na n-oibrithe leis na fostóirí 100 bliain ó shin, le go mbeadh sé de cheart ag an ngnáthoibrí ballraíocht a ghlacadh i gceardchumann.
ag sú na maitheasa aníos taking up their sustenance
" Tá córas fréamhacha curtha síos acu agus tá siad ag sú na maitheasa aníos as an phuiteach cois srutháin.
ag ligint di an leaba a sraideog a chrochadh den talamh agus siúl léi letting her take up her bed and walk
" Tá teicneolaíocht ag ligint di an leaba a sraideog a chrochadh den talamh agus siúl léi.