An Staidéar Teangeolaíoch
=============
**SMM: An bhfuil tú
ar aon tuairim le tátal an Staidéir Teangeolaíochta a mhaíonn gurb é teann a dícheall go seasfadh an Ghaeltacht fiche bliain eile?**
DMFh: Shuigh muid uilig suas nuair a chonaic muid sin, ach caithfidh mé a rá, mar fhear Ghaeltachta, gur dhúirt sé an rud a shíl mé féin, agus go leor eile, a bhí ag tarlú ins na ceantair Ghaeltachta, go bhfuil an teanga faoi bhrú ins an Ghaeltacht.