An dtabharfar vóta amach anseo dóibh ar ábhair Ardteiste, ar cheapadh múinteoirí, ar obair bhaile nó ar leathlá ar an Aoine fiú? Bhí daoine eile den tuairim gur ábhar iontais é go mbeadh vóta ag daltaí a bheadh ag fágáil na scoile faoi cheann cúpla mí ach gur chuma faoi thuairim na ndaltaí a bheadh ag teacht isteach ann.