Pota Focal Intergaelic
Gluais TíHouse Glossary Gluais Beo!Beo! Glossary TeasárasThesaurus BriathraVerbs
síoraí sárshoiniciúil eternal super-cynicism
" Tá an nós go láidir in Éirinn, agus san Eoraip i gcoitinne, dearcadh síoraí sárshoiniciúil a bheith linn i dtólamh.
sáriománaí a super-hurler
" Idir mhagadh is dáiríre, is ceart aird a thabhairt ar thuairim Bhabs Céitinn, sáriománaí lena linn féin mar imreoir agus mar bhainisteoir a threoraigh Tiobraid Árann as an bhfásach i 1987, ach ceart nó mícheart, faoi dheireadh an chluiche ní raibh idir na foirne fós ach dhá chúilín, Cill Chainnigh chun tosaigh mar a bhí ag leath ama.
cruinnithe olltábhachtacha meetings of super importance
" Is cosúil go bhfuil an méid sin ama caite acu sna gluaisteáin mhóra agus sna cruinnithe olltábhachtacha is gur chaill siad cibé tuiscint a bhí acu ar an ghnáthshaol.
sárthosaí super-forward
" Ar thaobh amháin bhí an sárthosaí Christy Ring.
Sárchaighdeán super-standard
" Na Cait ar Sárchaighdeán Chonaic mé foirne maithe thar na blianta ach ní fhaca mé aon fhoireann a bhí chomh iomlán ná chomh hoilte le Cill Chainnigh sa gCluiche Ceannais in aghaidh Phort Láirge anuraidh.
lucht an fhíor-rachmais the super-rich
" An mionlach atá ag cruthú go maith i dtólamh, tuigeann siad an droch-chaoi atá fágtha ag lucht an fhíor-rachmais ar an domhan agus tuigid siad gur go tóin an umair a rachas gach geilleagar mura dtaga teicneolaíocht úrnua ar an saol a chuirfeas borradh céadtach faoin saol.
sár-urghaire super injunction
" Ní fada an lá a bheas ‘sár-urghaire’ á lorg ag pearsa mór le rá in Éirinn le stop a chur le nochtadh eolais faoina shaol priobháideach, dar le Breandán Delap.
sár-urghairí cúirte a super injunction
" Tharraing sár-urghairí cúirte agus seanbhlas na liarlóg nuachtáin ar imreoirí sacair aird Mhíchéail Uí Aodha.