Pota Focal Intergaelic
Gluais TíHouse Glossary Gluais Beo!Beo! Glossary TeasárasThesaurus BriathraVerbs
fhóirsteanacht suitability
" Fágfaimid na ceisteanna faoi fhóirsteanacht Frank Connolly mar stiúrthóir ar an Centre for Public Inquiry (CPI) agus na líomhaintí gur thaistil sé chun na Colóime i dteannta baill shinsearaigh den IRA ar phas bréagach ar leataobh ar feadh bomaite.
oiriúnacht suitability
" Ní raibh ach ceist amháin le cur ag Corry faoi oiriúnacht gach n-aon ar theastaigh uaidh clárú mar bhall den bPáirtí.
oiriúnacht suitability
" Bhí amhras á chaitheamh ar oiriúnacht Haughey mar cheannaire páirtí agus mar Thaoiseach ag lucht leanúna Colley agus an Loingsigh laistigh den bpáirtí.
fhóirsteanachta suitability
" Bhí sé ag cothú míshuaimhnis i measc lucht tacaíochta Bhriain agus thosaigh daoine ag ceistiú a chumais agus a inniúlachta agus a fhóirsteanachta don phost a bhí aige.
oiriúnacht suitability
" Tá suas go dtí deireadh mhí Bealtaine ag Doire anois chomh maith leis na trí chathair eile Birmingham, Sheffield agus Norwich atá ar an ghearrliosta fosta, chun iad féin a chruthú ó thaobh oiriúnacht suímh de agus raon na n-imeachtaí spreagúla atá beartaithe acu.
oiriúnacht suitability
" Bheadh drogall orm dóigh a dhéanamh de mo bharúil sna cúrsaí seo, ach déarfainn gur tugadh an post do Maradona ní i ngeall ar a oiriúnacht don phost, ach i ngeall ar an ngean atá ag gnáthmhuintir na hAirgintíne air.
fóirsteanacht an téacs a fhéachaint to check the text’s suitability
" Ins an aighneacht a sheol an Cumann Cógaisíochta agus Cúram Leighis (IPHA) chuig an Roinn, cuirim i gcás, dúradh go gcosnódh sé €10,000 in aghaidh na bliana ar gach táirge, fóirsteanacht an téacs a fhéachaint, nó mar a thugann siad féin air, 'user readability testing'.