Cad chuige ar chuir an lucht freastail spéis sa teanga go tobann? Bhuel, bheartaigh muintir Raidió na Life ar a seirbhís phobail a thiontú ina seirbhís phubaill ar feadh deireadh seachtaine amháin! “Ba é Rossa Ó Snodaigh ón mbanna ceoil Kíla
a mhol i dtosach gur chóir dúinn Puball na Gaeilge a reáchtáil ag an bhféile agus ba eisean a d'eagraigh an rud ar fad,” a deir Muiris Ó Fiannachta, bainisteoir Raidió na Life.