ag fulaingt
suffering
Ach i Ráth Caola tá go leor acmhainní breise (múinteoirí breise san áireamh) curtha ar fáil agus, de réir na n-oideachasóirí gairmiúla, níl argóint na n-agóidithe go bhfuil cuid oideachais páistí eile
ag fulaingt slán.
ag fuilstin na náire
suffering the shame
Is doiligh gan trua a bheith agat dóibh - tá siad mar a bheadh dornálaí ann a bhris cnámha agus é i mbarr a réime ach atá anois ag dul in aois agus
ag fuilstin na náire a d'fhulaing siad sin a dtug sé greadadh dóibh tráth.
an fhulaingt
the suffering
Mhínigh sí dom go bhfuil an méid daoine atá beo bocht in Éirinn imithe i léig de bharr an laghdú sa ráta dífhostaíochta; dúirt sí, áfach, go bhfuil an bochtanas agus
an fhulaingt atá ann níos géire ná mar a bhí riamh agus na daoine atá bocht níos scoite amach ón tsochaí ná mar a bhí cheana.
fulaingthe
suffering
" Bhí an méid sin
fulaingthe ina súile agus í ag smaoineamh faoi go mbrisfeadh sé do chroí.
ag fulaingt
suffering
"An pobal a bhfuil amhras faoi" (nó "suspect community") a tugadh orainn i rith na dtrioblóidí ó 1969 ar aghaidh agus is léir go bhfuil na Moslamaigh
ag fulaingt mar an gcéanna sa lá atá inniu ann.
fulaingt
suffering
Faoiseamh a bhíonn ann nuair a chuirtear dráma Gaeilge ar an stáitse ar féidir sult a bhaint as agus nach
fulaingt a bhíonn i gceist dul chuige.
fulaingthe
suffering
Bhí tuismitheoirí Johnathan Ball mar a gcéanna agus nuair a chonaic daoine eile, b'fhéidir daoine gan an méid céanna péine nó
fulaingthe ina saol, nach raibh muid ag tabhairt amach ná ag iarraidh díoltais, ghlac siad ár sampla," a dúirt sé liom.
ag fulaingt
suffering
Ach anois, ar a laghad, beidh seans ag na daoine a gcuid botún féin a dhéanamh más áil leo, i leaba a bheith
ag fulaingt agus
ag fulaingt go tréan de bharr bhotúin daoine eile.
fhadaraíonach
long-suffering
Ní raibh ach rud amháin eile ina ábhar spéise ag muintir bhocht
fhadaraíonach na hÉireann ar na saolta deireanacha seo.
fulaingthe neamhriachtanaí
unnecessary suffering
Ach tá an seandearcadh ag na heasaontóirí poblachtánacha go fóill agus is é mo bharúil go bhfuil siad ag dul suas caolsráid chaoch (mar a déarfá sa Bhéarla) agus má leanann siad ar aghaidh go mbeidh níos mó
fulaingthe neamhriachtanaí ann.
fulaingt mhór
great suffering
Deirtear go minic gurb é ceann de na dóigheanna is fearr le faoiseamh a fháil nuair a bhíonn cailliúint agus
fulaingt mhór i gceist ná rud éigin nua agus iontach a chruthú mar chuimhneachán ar an rud a cailleadh.
ag fulaingt
suffering
An phríomhcháilíocht a bhaineann leis na scannáin ná an chomhbhá atá le fáil iontu le daoine atá
ag fulaingt.
ag fulaingt
suffering
Tá sin maith go leor ina gcás siúd, leis an saibhreas atá acu, ach in áiteanna mar seo is gnáthdhaoine macánta, cosúil le teaghlach Brenda Wynne, atá
ag fulaingt.
fulaingt
suffering
Chuir sí i gcuimhne dúinn cé chomh huafásach is atá
fulaingt na bPalaistíneach, agus iad tréigthe ag an phobal idirnáisiúnta.
fhadaraíonaigh
long-suffering
Spléachadh ar dhialann an Aire Easláinte, Micí Ó Máirtín, a fuair sé, le caoinchead agus le dea-mhéin an Aire
fhadaraíonaigh féin.
fulaingt
suffering
Bheadh
fulaingt i bpurgadóir agus b'fhéidir fanacht rófhada a bhronnfadh a éagóir féin.
fulaingt
suffering
Bhí an-streachailt agus
fulaingt i dTíomór Thoir fosta, go dtí gur bhain an tír neamhspleáchas amach i 1999.
ag fulaingt
suffering
Tá lucht cearta ainmhithe ag rá gur chóir na hainmhithe atá fanta a mharú sa gcaoi nach mbeidís
ag fulaingt de bharr an teasa agus an aistir gan staonadh atá orthu.
go fadaraíonach
in a long-suffering manner
"Uibheacha éisc," a mhínigh an freastalaí
go fadaraíonach.
ag fulaingt
suffering
Beifear ag guí chomh maith go dtiocfaidh laghdú ar líon na dtaismeach agus na marbh ar gach taobh, agus go n-éireoidh le náisiúin atá
ag fulaingt tús a chur le hatógáil.
ag fulaingt liom
suffering away
Beidh mé féin
ag fulaingt liom sa toit sna tithe tábhairne anseo i Sasana mar nach bhfuil aon phlean ag an rialtas cosc a chur ar an tobac iontu.
fulaingt
suffering
An bhfuil aon teorainn leis na híobairtí seo atá lucht CLG sásta a dhéanamh? Agus gan de luach saothair ag a bhformhór ach cruatan, gortú, pian agus
fulaingt, is iontach go deo an fuinneamh atá á chaitheamh agus an saothar atá ar bun.
fulaingt
suffering
Tugtar an Pháis ar an tréimhse choscrach seo, ón fhocal Gréigise a chiallaíonn
fulaingt.
fhulaingt
suffering
Nuair a bhí religiúin eile ag ceiliúradh a ndéithe cumhachtacha doscriosta, dhírigh an Eaglais Chaitliceach ar
fhulaingt agus leochaileacht Chríost.
ag fulaingt
suffering
Tá an pobal Moslamach
ag fulaingt mar is mionlach eitneach agus mionlach creidimh muid.
ag fulaingt na péine
suffering the pain
Nuair a bhíonn tú ag féachaint orthu, tá siad féin
ag fulaingt na péine atá san amhrán.
gan pian a fhulaingt
without suffering pain
Imríonn sé féin corrchluiche gailf, agus le linn ár dtimpeall taitneamhach, éachtach, d'inis an mac go mbíonn ar a athair, an peileadóir cáiliúil, cáirín a thiomáint timpeall an chúrsa gailf ar an ábhar nach féidir leis é a shiúl
gan pian a fhulaingt.
i mbaol dochar fadtéarmach a fhulaingt
in danger of suffering long-term harm
Sa chás seo, tá fear óg i mbaol - i mbaol gortaithe agus
i mbaol dochar fadtéarmach a fhulaingt.
fhadaraíonach
long-suffering
Airgead mór a bhí siad á ghearradh ar mhuintir bhocht
fhadaraíonach na hÉireann as ionlanna a thógáil amuigh sna buailte sna laethanta fadó.
cuma fhadfhulangach
a long-suffering/hang-dog expression
Bhí a fear céile léi, píle fada a raibh
cuma fhadfhulangach air.
ag fualaingt
suffering
Amanna, fágann siad an t-ainmhí i bpian, chun breathnú air
ag fualaingt agus ag streachailt leis na mbás.
ag fulaingt
suffering
Tá dream eile ag rá go raibh an ceart ar fad ag an AFP agus nach bhfuil trua ar bith acu don naonúr a gabhadh, gur saint ba chúis leis an iarracht a bhí ar siúl acu agus nach raibh trua ar bith acu féin do na daoine a bheadh
ag fulaingt de bharr na ndrugaí a bhí á n-iompar acu.
fulaingt
suffering
In áit na bpairceanna glasa síochánta a bhí romhainn, ní raibh le feiceáil ach pluda, poill, crainn dhóite agus beirt fhear ina seasamh ar dhroichead adhmaid agus éadóchas agus
fulaingt ina n-aghaidh.
Tar éis na fualaingthe ar fad
after all the suffering
Tar éis na fualaingthe ar fad, tharla sé uilig arís fiche bliain ina dhiaidh sin.
ag fulaingt
suffering
Agus is é an rud is measa ná go bhfuil an ciapadh ciníoch ag leanstan ar aghaidh i Huyton agus go bhfuil daoine a bhí
ag fulaingt anuraidh fós
ag fulaingt.
ag fulaingt
suffering
Cé go rabhthas fós
ag fulaingt faoi chuing an chumannachais, tuigeadh anois nach ina n-aonar a bhíothas a thuilleadh, ná ní i ngan fhios don domhan a bhí an anachain sa bhuaic orthu.
ag fulaingt
suffering
Cé go rabhthas fós
ag fulaingt faoi chuing an chumannachais, tuigeadh anois nach ina n-aonar a bhíothas a thuilleadh, ná ní i ngan fhios don domhan a bhí an anachain sa bhuaic orthu.
Dílseacht a mhná fadfhulangaí
the loyalty of his long-suffering wife
Dílseacht a mhná fadfhulangaí.
fós ag fulaingt
still suffering
Feictear do Pholannaigh gur caitheadh go mífhéaráilte leo, go ndearnadh feall orthu sa 20ú haois agus go bhfuil siad
fós ag fulaingt de dheasca an fhill seo.
ag fulaingt
suffering
Tá an ceantar máguaird
ag fulaingt go fóill de dheasca thionchar éiceolaíoch na mianadóireachta seo.
fulaingt
suffering
Anois, cuireadh an t-uafás fuinnimh agus acmhainní, agus
fulaingt go leor, isteach san eitleán a chur san aer.
fulaingt
suffering
Ní shéanann siad go bhfuil ocras agus
fulaingt agus SEIF i gceist, ach tá siad an-bhródúil as na dea-rudaí a bhaineann leis an tír: an tslí a bhfuil am ag daoine dá chéile, an dúlra, chomh deisbhéalach, oilte, éirimiúil agus béasach atá go leor de na daoine.
fulaingt
suffering
Is gá gníomhú láithreach chun aghaidh a thabhairt ar an deacracht seo, agus deireadh a chur le
fulaingt na ndaoine óga atá thíos leis an chibear-bhulaíocht.
muintir bhocht fhadaraíonach na hÉireann
the poor long-suffering people of Ireland
Agus beidh
muintir bhocht fhadaraíonach na hÉireann ar tí Máirtín Míleata a naomhú as siocair go mbeidh sé i ndiaidh an Saorstát a aisceadh agus a ghlanadh agus a sciomradh saor ó choirpigh.
fulaingt agus crá
suffering and torment
D’éirigh le cuid acu an lámh in uachtar a fháil ar an ól tar éis troid dian ach bhí
fulaingt agus crá ag baint leis ó thaobh a muintire gan trácht orthu féin.
ar an anás agus ag fulaingt cruatain,
destitute and suffering hardship,
Nuair atá an t-ealaíontóir
ar an anás agus ag fulaingt cruatain, sin an rud a fheictear go soiléir glé ina shaothar agus is é an t-ionracas lom neamheaglach seo an tréith is mó a théann i bhfeidhm ort agus tú ag breathnú ar a chuid pictiúr.
ag fulaingt go mór
suffering greatly
ENíC: Is do dhuine atá an-ghar dom a bhí
ag fulaingt go mór agus dom féin freisin a chum mé an t-amhrán.
bunadh fadfhulangach na Sé Chontae
the long-suffering people of the Six Counties
Tá
bunadh fadfhulangach na Sé Chontae ag dúil le go bhfaighidh siad rialtas a bheas lena leas.
ag fulaingt de bharr an trup gallda uilig
suffering because of all this foreign noise
Bhí mo chluasa fós
ag fulaingt de bharr an trup gallda uilig agus ocht n-uaire an chloig de phortaireacht Jaysus Joe Shéamais, nuair a tháinig mé faoi dheireadh agus faoi dheoidh a fhad leis an Cheantar Cultúrtha.
ár Laoch Fadfhulangach a bhréagnú,
to contradict the Long-Suffering Hero,
Díreach chun
ár Laoch Fadfhulangach a bhréagnú, beidh athruithe móra ar Erectus Chathair na Mart, de réir réamhfhógra don phreas a d’eisigh an Coiste Náisiúnta ar na mallaibh, i gcomhair leis an Choiste Áitiúil, le caoinchead ón Bhuanchoiste, faoi scáth an Choiste Riartha agus le beannacht an Choiste Gnó.
ag fulaingt faoi fhoréigean agus ocras
suffering due to violence and hunger
Cuireann siad i gcuimhne dúinn, ar laethanta seo an rachmais, nach bhfuil gach duine chomh maith as agus atá muid féin, go mbíonn daoine
ag fulaingt faoi fhoréigean agus ocras agus go bhfuil dualgas orainn – ní rogha – cuidiú leo oiread agus is féidir linn.
fulaingt nimhneach
awful suffering
Bhí sé mar aidhm ag Barbara, agus an leabhar seo á scríobh aici, aird a tharraingt ar an bh
fulaingt nimhneach a dtéann roinnt páistí trithi mar gheall ar ionsaithe gnéis, ionsaithe a mbíonn baill teaghlaigh ciontach astu go minic.
nach bhfuil aon teacht aniar ann don té atá thíos leis.
that there is no recovery for the person who is suffering from it
Ní hé gurb é an cineál galair é ailse magarlach
nach bhfuil aon teacht aniar ann don té atá thíos leis.
fulaingt,
suffering
Inár n-aigne, is ionann Auschwitz agus bás,
fulaingt, éagóir agus gráin ar scála is deacair dúinn a shamhlú nó a thuiscint.
fhadfhulaingt
long suffering
É sin ráite, tá go leor Astrálach ann chomh maith a bhfuil náire orthu as an ról a bhí ag an tír seo san
fhadfhulaingt agus sa léirscrios a tharla – agus atá ag tarlú fós – san Iaráic.
thíos leis
suffering from it
Tá tionchar an radachuir fós le sonrú inniu, agus beidh na mílte duine
thíos leis an tubaiste sna glúin atá le teacht.
go leor bróin agus fulaingthe
a lot of sadness and suffering
”
Scéal dóchaisCé go bhfuil
go leor bróin agus fulaingthe i gceist sa chlár, is scéal dóchais é go príomha, dar le Roche – ní hamháin ó thaobh an léargais a thugtar ann ar an dul chun cinn atá bainte amach ag The Chernobyl’s Children’s Project International, ach ó thaobh an léargais a thugann sé ar spiorad agus ar dhaonnacht na nÉireannach.
ag fulaingt
suffering
Cé go ndúirt sé i rith an toghcháin “we cannot have a thriving Wall Street while Main Street suffers,” is cosúil go bhfuil lucht Wall Street ag déanamh go hiontach a fhad is atá an gnáthdhuine
ag fulaingt.
tsaol fhulaingteach
suffering life
Is deacair dúinn smaoineamh cén chaoi a bhfuair Elizabeth an neart agus an misneach le leanúint leis an
tsaol fhulaingteach bhrúidiúil úd.
fulaingt
suffering
Gonorrhoea Lectem an t-ainm atá ar an ghalar teagmhálach seo (fuaimnithe mar ‘gonna re-elect ’em’, cé nach bhfuil baint dá laghad ag an ghalar le cúrsaí polaitíochta ná toghcháin – i ndáiríre! i ndáiríre píre!) Faightear an galar seo go furasta agus tá mórán daoine ag
fulaingt cheana féin ón drochaicíd ghránna gháifeach seo.
fulaingt
suffering
"An pobal a bhfuil amhras faoi " (nó "suspect community") a tugadh orainn i rith na dtrioblóidí ó 1969 ar aghaidh agus is léir go bhfuil na Moslamaigh ag
fulaingt mar a gcéanna sa lá atá inniu ann.
fulaingt
suffering
Cúlra na Rohingya
Ar na dreamanna is mó
fulaingt tá na Rohingya, Moslamaigh Shunnaíocha atá lonnaithe in Arakan, nó Stát Rakhine, in iarthar Mhaenmar ar an teorainn leis an mBanglaidéis agus an India.
fhulaingt
suffering
Ba bheag an tuiscint a bhí acu ar an anró a bhí á
fhulaingt ag lucht an tsaibhris teanga a bhí scaipthe i measc na gcnoc lom sna háiteanna is iargúlta in iarthar na tíre.
fulaingt
suffering
an leas a bhaineann lucht an chogaidh as
fulaingt na nGiúdach san am atá caite.
fhulaingt
suffering
An deargolc ba chúis leis an
fhulaingt mhillteanach sin – olc de bhun tola.
anachana is anró
hardship and suffering
Tá an sórt céanna
anachana is anró mar sciúirse ag mionlaigh éagsúla eile ar fud na Colóime gan dabht, agus is cinnte gur fada go staonfaidh na hEmberá de bheith ag éileamh a gceart, ach is deacair aon léaró dóchais a aithint i dtír nach bhfuil urraim don bheatha, gan trácht ar phrionsabal an smachta reachta.
fochaidh
suffering
Measadh go ndearna
fochaidh agus glóir na bhfear óg ag Gallipoli tír aontaithe as an Astráil.
ag fulaingt
suffering
Má tá Nóra
ag fulaingt as siocair a laige féin, feicimid an bród mar laige mhór i gcás athair Nóra, agus saol Nóra agus saol na dtuismitheoirí scriosta dá chionn.
a bhean fhadfhulangach
his long-suffering wife
Ar fháil amach dó go bhfuil Gaeltacht ann, bailíonn sé leis go hÉirinn agus ansin chuig na hOileáin Árann, ‘pampútaí faoina chosa agus culaith de bhréid na n-oileán ar a dhroim’,
a bhean fhadfhulangach fágtha ina dhiaidh aige.
fhulaingt
suffering
B’fhéidir gur thug foireann Chill Chainnigh aird ar leith ar Dan mór le teann faitís roimhe!
Díol spéise an méid atá le rá ag Ó Seancháin faoi imreoirí Chill Chainnigh: “Tá iománaithe Chill Chainnigh difriúil: cuireann siad a lámha timpeall do mhuiníl; imríonn siad camán an chéile chomhraic seachas an sliotar; déanann JJ Delaney a lán calaoisí, téann sé in airde ar do dhroim agus éiríonn leis éalú gan phionós a
fhulaingt”.
ag fulaingt
suffering
Ba cheart go mbeadh lucht oibre na tíre seo ag seasamh gualainn le gualainn le lucht oibre na Portaingéile, na Spáinne, na Gréige mar go bhfuileann siad súd
ag fulaingt an ruda chéanna agus tá siad deighilte lena chéile i ngach tír, na meáin ag cur isteach orthu, ag rá nach bhfuil an tarna rogha acu ach é sin a dhéanamh, ag inseacht éithigh don chuid is mó mar gheall ar ana-chuid des na rudaí seo.
thíos mar sin
suffering so
Is beag an faoiseamh uimhreacha daonáirimh ag an duine atá
thíos mar sin le géire na fírinne ina thimpeall.
fhulaingt
suffering
Nuair a bhuail suaitheadh geilleagair an tír agus nuair a leathnaigh an
fhulaingt shóisialta ar fud na tíre, chlis ar an taca briosc a bhí faoi chosa Fhianna Fáil.
ag fulaingt go trom
suffering heavily
Tá mé fiosrach faoin tír álainn seo atá
ag fulaingt go trom faoi láthair.
buailte faoi arraing
suffering pain
Bhí a saol lán le fadhbanna sláinte; bhí polio uirthi nuair a bhí sí óg agus bhí sí i dtaisme bóthair millteanach agus í ina déagóir a d’fhág í briste brúite agus
buailte faoi arraing go minic don chuid eile dá saol.
ag fulaingt
suffering
Feiceann baill an phobail iad ar na tránna go minic nuair atá siad i mbaol nó
ag fulaingt agus cuireann siad fios orainn ionas gur féidir linn cuidiú leo.
míchumas orthu
suffering a handicap
”
Mar shampla, is é an leatrom in éadan daoine a bhfuil
míchumas orthu an chúis is mó a luaitear i scairteanna a fhaigheann an Coimisiún.
fhulaingt
suffering
Tá goinbhlastacht ag baint leis na cumhdaigh taisí seo mar go raibh iontu baill choirp, cnámha nó gruaig, iarsmaí na naomh, a caomhnaíodh go minic i ndiaidh dóibh bás millteanach a
fhulaingt.
chomórann fulaingt agus fuascailt
celebrates suffering and redemption
Ba é píonós seo na páise bunfhréamh aigne ait na Críostaíochta, dar le Foucault, an dearcadh sin a
chomórann fulaingt agus fuascailt, an tinneas dar maolaíodh, an peaca dar maitheadh, an bochtán dar fáisceadh tar éis dó dólás an tsaoil a bhlaiseadh.
fhulaingt
suffering
Ní stopfadh sé ar feadh i bhfad agus ba léir an
fhulaingt is an cruachás a bhí ina shaol.
ag fulaingt
suffering
Níl caint Joe Higgins (An Páirtí Sóisialach) ná Richard Boyd Barrett (Daoine roimh Bhrabús) ag déanamh mórán céille don phobal mór atá
ag fulaingt ó na ciorruithe míthrócaireacha.
fadfhulangach
long suffering
Tá sise ciardhubh, sláintiúil, fuinniúil, oscailte, cuideachtúil,
fadfhulangach.
Féile, fairsinge, agus, fulaingt mo léan
generosity, abundance and suffering alas
Féile, fairsinge, agus, fulaingt mo léan.
ag fulaingt
suffering
Níl an t-airgead céanna le déanamh as an gcultúr seo a scaipeadh a thuilleadh agus tá an dinosaur
ag fulaingt, ag casacht is ag rith ón scamall dubh atá ag alpadh a dhomhain.
méid na fulaingte
the amount of suffering
Agus
méid na fulaingte á bhéimniú ag Fussell, mhaígh sé *‘probably only a complete illiterate who very seldom heard narrative of any kind could give an ‘accurate’ account of a personal experience.
ag fulaingt leis an neamhchodladh
suffering from insomnia
Tá daoine ag tógáil níos lú sosanna agus
ag fulaingt leis an neamhchodladh de dheasca na n-athruithe seo sa saol.
caillteanas agus fulaingt
the loss and suffering
Is oth liom é a rá ach feictear dom gur shaothar in aisce é
caillteanas agus fulaingt saighdiúirí na hAstráile.
lena páis agus a fulaingt
her pain and suffering
Ansin, díreach nuair a shíl sí go deireadh ag teacht
lena páis agus a fulaingt, b’éigean di teacht go hÉirinn chun bualadh le Máirtín McGuinness.
ag fuilstin
suffering
Is bunaitheoir na fondúireachta *The Mary Robinson Foundation* í, eagraíocht a bhfuil sé d'aidhm aige cearta a chaomhnú dóibh sin atá
ag fuilstin agus a fhulaingeoidh mar thoradh ar an athrú aeráide.
ag fulaingt ón ngalar dubhach
suffering depression
Anuas air sin, tá fás ag teacht faoi líon na bhfeirimeoirí atá
ag fulaingt ón ngalar dubhach agus ó smaointe féinmharaithe.
fhulaingt cholainne agus aigne
suffering of mind and body
Is é sin is dóigh a spreagann curaidh bliain i ndiaidh bliana (foireann iomána Chill Chainnigh ina sampla maith) agus dul tríd an phian agus an
fhulaingt cholainne agus aigne, b’fhéidir, athuair.
thíos le fadhbanna inmheánacha
suffering from internal problems
Mar a mhaígh mé cheana, tá Mitt Romney
thíos le fadhbanna inmheánacha an Pháirtí Phoblachtánaigh a fhágann nach bhfuil tacaíocht iomlán á fáil aige ó eite dheis ná ó dhream láir a pháirtí féin.
ag fulaingt go heacnamaíoch
suffering economically
Le dífhostaíocht os cionn 8% agus pobal fostaithe na tíre
ag fulaingt go heacnamaíoch, b'iontach gur éirigh leis an Uachtarán Obama é féin a chosaint.
beag beann ar fhulaingt na
regardless of the suffering
Léiríonn an díospóireacht naimhdeach idir na páirtithe i dtaca leis na báid neamhúdaraithe nach mbeidh aon leisce orthu an deis a thapú “féith an chiníochais” a mhúscailt arís má tá sochar polaitiúil le baint aisti,
beag beann ar fhulaingt na dteifeach bocht.
ar son daoine a bhfuil meabhairghalar orthu
for people who are suffering from mental illness
Éireannach eile atá go mór i mbéal an phobail is ea an tOllamh Patrick Mc Gorry, a ceapadh ina Astrálach na Bliana trí bliana ó shin as a shaothar ceannródaíochta
ar son daoine a bhfuil meabhairghalar orthu.
ag fulaingt faoi ualach chrua
suffering the heavy burden
Ní bhaineann ceisteanna an chiníochais leisean, dar leo, ach le sliocht na sclábhaithe a tháinig anseo na céadta bliain ó shin, atá fós
ag fulaingt faoi ualach chrua na sclábhaíochta sna hiamhchríocha fud fad na tíre.
ag fulaingt faoin ghéarchéim geilleagair seo
suffering from this economic crisis
Tá tíortha na hEorpa agus mórán de thíortha an domhain
ag fulaingt faoin ghéarchéim geilleagair seo.
ag fulaingt
suffering
Go deimhin nuair a ghoin saighead na seirce an file, dealraíonn sé go mbíodh sé deacair air codladh na hoíche a fháil toisc go mbíodh sé breoite, in ísle brí,
ag fulaingt agus deora gan stad ar siúl aige, fiú.
roinnt den locht as fulaingt na n-inimirceach
some of the blame for the immigrants suffering
Freagracht is Milleán
========
Is féidir
roinnt den locht as fulaingt na n-inimirceach i Maracó a chur ar an Aontas Eorpach.
fulaingt gan fuascailt na mná féin
the woman’s own ceaseless suffering
Chuir na breithimh dhá rud ar leith fé scrúdú, ’sé sin
fulaingt gan fuascailt na mná féin, fulaingt leanúnach gan stad gan staonadh dar léi féin, agus os a choinne sin, dualgas an Stáit an saol daonna a chosaint trí choscanna a chuireann bac os comhair iad san a dhéanann iarracht lámh a chur ina mbás féin.