Pota Focal Intergaelic
Gluais TíHouse Glossary Gluais Beo!Beo! Glossary TeasárasThesaurus BriathraVerbs
de cheal "na streachailte armtha" in the absence of the armed struggle
" Den chéad uair, tá an pobal náisiúnach ag glacadh leis, de cheal "na streachailte armtha", gur beag *raison d'etre *atá ag an IRA.
ag streachailt leis an saol struggling in their lives
" Tá láithreoir an chláir, an Corcaíoch Eddie Hobbs, gona chanúint ghéar dhúchasach, ag díriú go neamhbhalbh ar an tslí a bhfuil ar cháiníocóirí na tíre seo bheith ag streachailt leis an saol agus, ag an am chéanna, bheith ag íoc as drochbhainistíocht i gcás tionscadal mór caipitil a gcaitear na milliúin euro breise orthu ná mar a bhí sé i gceist a dhéanamh.
i ngleic mharfach lena chéile in a deadly struggle with each other
" Sular éirigh pluais Lemass fuar ar a imeacht, bhí na leoin óga i ngleic mharfach lena chéile faoi chraobh cheannaireacht Fhianna Fáil.
gurbh ionann an Ghaeilge a fhoghlaim agus piléar eile sa streachailt armtha. that learning Irish was the same as a bullet in the armed struggle.
" Ní dhéanfaidh aontachtaithe dearmad – mar ní ligfidh Nelson McCausland dóibh dearmad a dhéanamh – gur dhúirt gníomhaithe de chuid Shinn Féin gurbh ionann an Ghaeilge a fhoghlaim agus piléar eile sa streachailt armtha.
sa streachailt i dtreo Éireann aontaithe, in the struggle towards a united Ireland,
" Bhí luach leis an ghníomh agus leo féin mar dhaoine sa streachailt i dtreo Éireann aontaithe, dar leo.
i gcoimhlint cumhachta in a power struggle
" Déanta na firinne, is mó úsáid atá á baint astu ag an iliomad grúpaí dílseacha atá sáite i gcoimhlint cumhachta faoi láthair.
sáite i gcoimhlint na carcrach engrossed in the jail struggle
" Ní fios cad é a tharlódh dá dtiocfaí ar réiteach go luath sa scéal, ach de réir mar a fuair an deichniúr príosúnach bás i gcarchair na Ceise Fada, b’amhlaidh ba láidre a d’éirigh Sinn Féin agus mothúcháin gach náisiúntóir sáite i gcoimhlint na carcrach, a mhalairt den rud a bhí Thatcher ag iarraidh a chur i gcrích.
Sracadh na Dála the struggle in the D.
" Bí ag caint ar bhailchríoch a chur ar scéal - *unfinished business!* Sracadh na Dála ========= Beidh coimhlintí sa chéad Dáil eile idir Sinn Féin agus Fine Gael mar tá an dá pháirtí scartha an oiread sin ó thaobh idé-eolaíochta de, ach beidh sé suimiúil a fhail amach cad é mar a throidfidh Fianna Fáil in éadan Shinn Féin agus iad ag roinnt na hidé-eolaíochta céanna.
sa streachailt armtha in the armed struggle
" " Nuair a tháinig sé amach, chreid sé go diongbháilte "sa streachailt armtha" agus maítear go raibh sé páirteach i líon mór scaoileadh agus buamáil agus admhaíonn sé gur tógadh é corradh le 200 uair, mar sin, cá huair ar iompaigh Ó hEára mar Naomh Pol ar a bhealach go Damaisc, i dtreo na polaitíochta agus ar shiúl ón fhoréigean? "Bhí difir idir muidinne agus muintir Bhéal Feirste cuir i gcás, mar ní raibh traidisiún láidir poblachtachais i nDoire.
tar éis strachailt i ndorchadas an having struggled in the dark of
" Seo fís gach blagadóir bia: tar éis strachailt i ndorchadas an “blagosphere” go n-aithneofar thú agus go dtarraingeofar thú amach i solas geal an chlú agus mórcháile.
a shaol sóisialta fite fuaite leis an streachailt his social life was bound up in the struggle
" " Marú Dearthár ====== Agus an smaointeoireacht seo ina chloigeann, d'aithin Feargal go raibh a shaol sóisialta fite fuaite leis an streachailt a bhí ag dul ar aghaidh thart air.
i streachtailt na teanga in the language struggle
" Rinne Robert McMillen agallamh le Feargal Mac Ionnrachtaigh i Mí Iúil (Beo eagrán 147) agus beidh suim ag muintir Learphoill in athbheochán na Gaeilge i dtuaisceart Éireann agus i streachtailt na teanga sa Cheis Fhada.
Ag Sracadh in Aghaidh Moille struggling in the face of delay(s)
" Ag Sracadh in Aghaidh Moille =========== Níl mé dóchasach, áfach, go bhfaighfidh mé freagra gasta ón Oifig sin i bhfianaise na moilleadóireachta in achomharc atá déanta ag mo chomhghleacaí, Áine Lally, i leith eolas eile a dhiúltaigh Roinn na Gaeltachta a thabhairt di faoin phróiseas cheapacháin do bhord nua Údarás na Gaeltachta.