Pota Focal Intergaelic
Gluais TíHouse Glossary Gluais Beo!Beo! Glossary TeasárasThesaurus BriathraVerbs
ina stad glan completely at a standstill, stopped
" "Buaileann tallannacha iontacha an rud sin, ní luaithe é ag dingeadh as nó é ina stad glan.
Stad m'abhcóide mé go rialta my counsel stopped me regularly
" Stad m'abhcóide mé go rialta chun aird na mbreithiúna a tharraingt ar na cáipéisí fianaise agus chuir siadsan ceist orm anois is arís.
shlog siad an gáire they stopped laughing
" Thosaigh na páistí ag gáirí ach nuair a d'amharc Dónall orthu faoina shúil, shlog siad an gáire.
ba chóir é a stopadh láithreach. it should be stopped immediately.
" Níl a fhios agam an bhfuil aon chruthúnas ann go bhfuil baill CLG ag ól níos mó beorach de bharr urraíocht comhlachta áirithe, ach má tá seans ar bith ann go bhfuil daoine óga faoi thionchar na fógraíochta agus a ghabhann leis, ba chóir é a stopadh láithreach.
stop siad de bheith ag cur glaonna orm they stopped ringing me
" Tá an comhlacht lonnaithe i mBairéin sa Mheánoirthear – i bhfad uaimse agus ó OFT! Tar éis tamaill, stop siad de bheith ag cur glaonna orm mar níor chuir mé airgead ar bith chucu.
ina shuí i dtrácht stopped in traffic
" Bhí veain ina shuí i dtrácht ar shráid Capel.
chosc that stopped
" Thug sé le fios gurbh é lucht Iosrael i Meiriceá a chosc é an post a fháil, agus cháin sé go géar iad i ráiteas a d’eisigh sé: “*The aim of this Lobby is control of the policy process through the exercise of a veto over the appointment of people who dispute the wisdom of its views, the substitution of political correctness for analysis, and the exclusion of any and all options for decision by Americans and our government other than those that it favors*.
sheas stopped, stood
" Ar aon nós, sheas Charlie agus Micheál ag caint agus cuireadh mé féin agus m’athair in aithne dó.
Stoptaí was regularly stopped
" Stoptaí é féin agus baill eile den chlann ar bhonn rialta agus leanadh den chleachtas sin ar feadh na mblianta.
idir tú féin an chaid stopped you playing football
" SMM: Gortaíodh tú blianta ó shin agus chuaigh sé sin idir tú féin an chaid.
chuir stad stopped
" Jab déanta! Bhí Rabhadh Dearg i bhfeidhm fós ag SAIS, rud a chuir stad lena raibh beartaithe ag na dreapadóirí aghaidh a thabhairt ar Raeburns Gully, nó Scailp Raeburn.
stad stopped
" D’ardaigh an cholainn a glór le gach duine acu agus stad, mar nach rabhthas ag éisteacht.
Sheas mé I stopped
" Sheas mé tamall ag breathnú air.
Sheas stopped
" Sheas an t-eitleán ag lamairne de chuid an chomhlachta thurasóireachta agus tugadh deis dúinn dul ar an snámh gaosáin.
cuireadh cosc ar aon earcaíocht recruitment was stopped
" Chuir muid cúrsaí oiliúna faoin dlí ar fáil do Phrotastúnaigh amháin; chuaigh muid go hollscoileanna in Albain le daoine a mhealladh ar ais (tá imirce Protastúnach oilte go hAlbain aitheanta le fada) ach nuair a thuigeamar go raibh bealaí ann chun feabhas a chur ar rudaí, cuireadh cosc ar aon earcaíocht.
Sheas an traein the train stopped
" Sheas an traein ar feadh i bhfad ar bhruach na Polainne i stáisiún cúlráideach nár aithnigh mé féin.
sheas mé ag breathnú ar I stopped to look at
" Bhí traein agam go haerfort Düsseldorf an tráthnóna sin, agus sheas mé ag breathnú ar an gclár ama sa halla mór feiceáil cén t-ardán a bhí uaim.
sheas stopped
" Nuair a shroich muid teorainn Na hUngáire, sheas an traein, tháinig ceathrar gardaí ar bord, agus ba léir go mbeadh tamall moille ann.
thoirmeasc stopped
" Más daoine cliste iad an Troika, shílfí go dtuigfidís an méid seo faoi Éirinn agus faoi mhuintir na hÉireann: an bealach cinnte dearfa le beocht agus beatha agus anam úr a chur i rud sa tír seo ná é a chrosadh agus é a thoirmeasc le bannaí.
Sheas mé ag fanacht le I stopped waiting for
" Sheas mé ag fanacht le treoir.
Chuir sé bac ar it hindered, stopped
" Chuir sé bac ar an turasóireacht agus ar an infheistíocht araon.
Níl aon bhac ort you’re not stopped
" Ach dúirt sé fosta go raibh a lán comharthaí den chríochdheighilt ag dul ar ceal: "Níl aon bhac ort anois ag dul trasna na teorann.
sheas muid faoi am lóin we stopped at lunch time
" Teach Bia den Seandéanamh ============ I mbaile Chorte a sheas muid faoi am lóin.
sheas mé in aice leis I stopped beside him
" Nuair a phléasc leis an bhuachalla a bhí amach romham agus nuair a hiompaíodh den talamh é ag screadaíl ar nós muice, sheas mé in aice leis mar nach dtiocfadh liom a iompar, thiontaigh thart ag caoineadh i dtreo an stócaigh a bhí dár lámhach.
ar sheas mé ann which I stopped in
" Cosúlacht eile: sa gcéad bistro ar sheas mé ann tar éis dom lán na súl a bhaint as an taispeántas, céard a bhí ar siúl ann ach cluiche rugbaí i gcorn Heineken.
chuir sé cosc ar bhia a dhul a fhad he stopped food from reaching
" Sa chogadh in éadan Uí Néill, chuir sé cosc ar bhia a dhul a fhad leis na Gaeil.
nach annamh a chuirtear cosc ar shagart a priest is occasionally stopped
" Tchítear sa tír seo féin nach annamh a chuirtear cosc ar shagart a labhródh go hoscailte faoi cheisteanna móra an lae, cuirim i gcás ról na mban san Eaglais nó ceist na haontumha.
den reacht a thoirmeasc of the legislation stopped
" Dá bhféadfaí a léiriú do bhreithimh an tslí ina gcuireann dlí nó reacht isteach ortsa amháin, is féidir leo an fheidhm shainiúil sin amháin den reacht a thoirmeasc.
Sheas mé scaitheamh I stopped a while
" Sheas mé scaitheamh ag breathnú ar chluiche rugbaí idir dhá ardscoil in áit a bhí an-chosúil le Bóthar na Trá.
stoptha sách tapa stopped fairly suddenly
" Is é an tUachtarán (an t-uasal Obama faoi láthair, atá ina Dhaonlathach) a roghnaíonn na hairí rialtais, ach is iad tithe na Comhdhála a chuireann maoiniú ar fáil don rialtas sin, agus os rud é go bhfuil na tithe in adharca a chéile faoi láthair, is féidir leis an maoiniú a bheith stoptha sách tapa más toil le páirtí an fhreasúra é.
b'éigean sin a stopadh that had to be stopped
" Leis an sceimhle is mó a chruthú amuigh faoin tuaith i gceantar a bhaist an tAthair Denis Faul The Murder Triangle air i Lár Uladh, anuas ar an tseicteachas, dhírigh an chomhghuaillíocht ar Chaitlicigh a bhí ag dul go maith sa saol, daoine a bheadh in ann tionchar a imirt i gceantracha Protastúnacha agus b'éigean sin a stopadh.
stad an sruth deireanach inimirce the last stream of immigration stopped
" An gciallaíonn sé seo nach dtiocfaidh Éireannaigh chun na tíre níos mó? “Bhuel, stad an sruth deireanach inimirce sna 1870í mar gheall ar chúinsí geilleagair,” arsa Guillermo a bhfuil léargas fadtéarmach an staraí aige.
dhíbirt stopped, expelled
" Caithfear an mí-iompar a dhíbirt as an spórt.