stáisiúin tráchtála
commercial stations
Tá an-iomaíocht ag teacht ó na
stáisiúin tráchtála, leithéidí Highland Radio, Clare FM agus Kerry Radio, agus iad ag creimeadh a lucht éisteachta, sa Ghaeltacht go háirithe.
bainteach leis an stáisiún
involved with the station
Tá 104 duine ag obair ar chláracha an sceidil reatha agus is daoine nua iad cúig dhuine is tríocha den dream sin, nach raibh
bainteach leis an stáisiún cheana.
stáisiún seirbhísí d'fhearaibh
a service station for men
Bhraitheas ag an am go raibh drochmheas ar na mná, nach raibh ionainn ach meaisín chun leanaí a thabhairt ar an saol,
stáisiún seirbhísí d'fhearaibh.
stáisiúin tráchtála raidió
commercial radio stations
Cé nach ndeir Spillane é seo, tá an chuma ar an scéal gur theastaigh ón chomhlacht léiritheoir a chur ag obair ar an albam a n-éireodh leis fuaim a chruthú agus cóiriú a dhéanamh ar chuid de na hamhráin a dhéanfadh níos oiriúnaí iad do
stáisiúin tráchtála raidió.
ar chosúla ar uairibh é le stáisiún traenach
which was more like a train station sometimes
Nuair a bhíomar traochta den gcaibidil ar fad faoin nGaeilge, do thóg Barra bosca ceoil mór groí amach agus thug sé cúpla port dúinn ar a shuaimhneas …
Ard-oíche cuideachtan agus níorbh í a haon í i dtigh seo na nDonnabhánach,
ar chosúla ar uairibh é le stáisiún traenach ná tigh muintire, mar go mbíodh an oiread sin daoine ag tarraingt ar an dtigh.
ar stáisiún
stationed
Nuair a fuair sé post sa rannóg, bhí Cole
ar stáisiún ag Red Hook's Engine 202, a roinneann teach le Dréimire 101.
stáisiún an díchoimisiúnaithe
the decommissioning station
Tá "léarscáíl bhóthair" aimsithe ag tiománaithe phróiseas na síochána má thig le paisinéirí thraein na síochána aontú ar na stáisiúin a gcaithfear cuairt a thabhairt orthu -
stáisiún an díchoimisiúnaithe, stáisiún an dímhíleataithe, stáisiún bhuanú na n-institiúidí - sula mbainfidh siad ceann scríbe amach.
ar stáisiún
stationed
Rinne sé a sheirbhís náisiúnta san RAF, agus bhí sé ina bhall den fhoireann tarrthála sléibhe i Kinloss nuair a bhí sé
ar stáisiún in Albain thart fá 1957.
Tá an-rath ar an stáisiún teilifíse seo
this television station has been very successful
Tá an-rath ar an stáisiún teilifíse seo ó bunaíodh é i 1996 agus is cinnte go bhfuil na ghníomhaígh teanga a raibh an fhís acu an chéad lá riamh, agus a throid ar feadh na mblianta fada go dtí gur fíoraíodh an fhís, breá sásta leis an toradh atá ar a saothar.
ar dualgas
on duty, stationed
Agus tús bliana nua buailte linn, tá na fir agus na mná atá
ar dualgas thar lear in intinn go leor daoine anseo i Nua-Eabhrac agus i Meiriceá ar fad.
stáisiúin phríobháideacha
private stations
Bíodh is go mbraitheann
stáisiúin phríobháideacha ar dhea-thoil na gcomhlachtaí móra go minic, níl an brú céanna ar stáisiúin atá faoi stiúir Rialtas na Baváire, Bayern 3, mar shampla.
ghéill na stáisiúin raidió
the radio stations gave in
Ní bhfuair na grúpaí nua sin mórán *airplay*, áfach, ós rud é gur
ghéill na stáisiúin raidió do na comhlachtaí móra in athuair.
Thuras na Croise
the Stations of the Cross
Is cuimhin leis comhrá Gaeilge a bheith aige ar an 15 Lúnasa, 1933 le seanmhná in Óméith a bhí ag déanamh
Thuras na Croise.
stáisiúin dola
toll stations
"
Níl ciall ná réasún ar bith leis an M3 ach go mbeidh na billiúin euro le déanamh as mar go mbeidh
stáisiúin dola air - airgead a rachaidh chuig comhlacht príobháideach.
sna hionaid vótaíochta
in the polling stations
Cé gur chuir rialú a thug breitheamh de chuid na Cúirte Dúiche i Cincinnati deireadh le cuid iarrachtaí na bPoblachtánach agóid a dhéanamh in aghaidh cháilítheacht na vótóirí nua, dúirt Mark Weaver, dlíodóir de chuid an Pháirtí Phoblachtánaigh in Ohio, nach gcuirfeadh an rialú seo cosc ar chuid pleananna an pháirtí 3,600 dá lucht monatóireachta a chur
sna hionaid vótaíochta, go háirithe i gceantair uirbeacha a thugann tacaíocht láidir do na Daonlathaigh.
thuras na croise
the stations of the cross
*
Seanbhean a bhíonn i bpáirt Maurya sa dráma sin go minic, ach tá máithreacha i bhfad níos óige feicthe agamsa a chuirfeadh Pietà Michaelangelo nó an tríú stáisiún déag de
thuras na croise i gcuimhne, Muire an Mháthair, le corp stromptha a mic ina baclainn aici.
stáisiúin chumhachta núicléacha nua
new nuclear power stations
Is dócha go mbeifear ag caint faoi
stáisiúin chumhachta núicléacha nua – agus líon mór acu – go luath chun an fuinneamh a sholáthar.
gnáthstáisiúin pheitril
the regular petrol stations
Ach tá an iomaíocht ó na hollmhargaí, Tescos mar shampla, atá ag díol peitril i bhfad níos saoire ná na
gnáthstáisiúin pheitril, ag cur brú ar na comhlachtaí móra peitril.
aitheanta leis an stáisiún
associated with the station
Thóg sé misneach do TG4 cead a thabhairt do cheann de na haghaidheanna is mó atá
aitheanta leis an stáisiún Béarla a labhairt ar an gclár.
ionas go bhfeidhmeoidh an stáisiúin mar is cóir
so that the station will function as it should
Tá sé éagsúil ó eagraíochtaí eile sa mhéid is go bhfuil géarghá le hinfheistíocht leanúnach i dtrealamh
ionas go bhfeidhmeoidh an stáisiúin mar is cóir.
in ainneoin bhuiséad teoranta an stáisiúin.
despite the station's limited budget.
”
Tá Ó Ciardha den tuairim go bhfuil ag éirí le TG4 seirbhís an-mhaith a chur ar fáil
in ainneoin bhuiséad teoranta an stáisiúin.
stáisiúin chumhachta
power stations
Cinnte, má thagann an leictreachas do na gluaisteáin leictreacha (cé acu Tesla Roadsters nó mionghluaisteáin uirbeacha iad) ó
stáisiúin chumhachta a úsáideann ola nó gás, beidh truailliú áirithe i gceist agus cuirfear leis an téamh domhanda.
tuilleadh stáisiún ginte leictreachais a thógáil
to build more electricy generating stations
Leoga, tá pleananna ann
tuilleadh stáisiún ginte leictreachais a thógáil in Éirinn a bheas ag brath go huile is go hiomlán ar bhreoslaí iontaise.
stáisiúin bhradacha raidió
pirate radio stations
Ní hamháin sin ach go raibh coinne eagraithe aige le hathair Simon agus go rabhamar chun bualadh isteach chuig Simon maidin Dé Sathairn!
Níor chreid mé é go dtí gur chnagamar ar an doras agus cé a d’oscail é ach Crowe féin!
Bhí mé dhá bhliain déag, lán de cheol nua, *rock ’n’ roll*,
stáisiúin bhradacha raidió Bhaile Átha Cliath – Radio Dublin Two-Five-Three, Big-D Radio, Radio 257 – *punk*, na Sex Pistols, Johnny Rotten agus ár mbanna Éireannach, Bhleá Cliathach féin, na Boomtown Rats – cúigear buachaillí a bhí dána, réabhlóideach, torannach.
beo ar stáisiúin teilifíse Arabacha
live on Arab television stations
Tá a fhios againn le fada go bhfuil an-suim ag na hArabaigh in LFC; bíonn gach cluiche
beo ar stáisiúin teilifíse Arabacha agus sin an t-aon dóigh amháin a mbíonn roinnt mhaith de chosmhuintir na háite ábalta na *Reds* a fheiceáil gach seachtain – éiríonn le go leor tithe tábhairne sa chathair an comhartha a ghlacadh, ag úsáid cártaí satailíte “neamhoifigiúla”.
stáisiún a bhfuil clú agus cáil bainte amach aige
a station which has become famous
Clár teilifíse
Agus mé ag preabfhéachaint ar an teilifís ar na mallaibh, tháinig mé ar chlár faisnéise a bhí á chraoladh ag Arte,
stáisiún a bhfuil clú agus cáil bainte amach aige as ardchaighdeán a chraoltóireachta.
stáisiún teilifíse Arabach
an Arab television station
Bhí dea-mhéin ann don Dubai Investment Corporation nuair a bhí siad ag iarraidh an club a cheannach mar go mbíonn muid ag amharc ar Liverpool FC ar
stáisiún teilifíse Arabach gach seachtain sna tithe tábhairne anseo agus thuig muid go raibh suim acu sa chlub le fada.
Gar don stáisiún,
near the station,
Gar don stáisiún, tá cloch shnoite chlúiteach de chuid na bPiochtaí ar a dtugtar Cloch an Iolair le feiceáil, agus má tá an fuinneamh agat, tá dún cnoic mór le rá, Knock Farril, go hard os cionn an tsráidbhaile.
stáisiún cumhachta
power station
Sa chéad taighde, baineadh úsáid as algaí a fásadh i locháin uisce i bhfásach Arizona; d’ith na halgaí CO2 ó
stáisiún cumhachta agus chruthaigh siad breosla.
ar stáisiún ann,
stationed there,
Le linn an Dara Cogadh Domhanda, nuair a bhí Arm na
Breataine
ar stáisiún ann, thug na saighdiúirí “Loch Horrible” air.
roinnt stáisiún aithreachais
some repentance stations
)
Ceiliúrtar a lá féile ar 28 Feabhra, agus suas go dtí 100 bliain ó shin bhíodh turas ar an lá sin thart
roinnt stáisiún aithreachais ag an díseart, a bhfuil eaglais dhronlíneach agus clochán coirceogach in aice leis.
stáisiún nua teilifíse
a new television station
“Fuair mé glao ó chara ag rá gur léigh sí san *Evening Herald* go raibh fear darb ainm David Harvey ag cur
stáisiún nua teilifíse ar bun, City Channel, a bheadh ag craoladh i mBaile Átha Cliath ar NTL Digital.
na stáisiúin chustaim
the customs stations
Is cuimhin le daoine meánaosta
na stáisiúin chustaim ar an teorainn.
hionaid vótála.
polling stations
In 2005, bliain an olltoghcháin
dheireanaigh, ní raibh ach 41 faoin gcéad de na vótálaithe sásta cuairt a thabhairt ar na
hionaid vótála.
ba ghá na hionaid vótála a choimeád ar oscailt
the polling stations needed to be kept open
In áiteanna áirithe sa Pholainn, bhí fonn vótála ar an oiread sin daoine go raibh easpa páipéar ballóide ar fáil agus
ba ghá na hionaid vótála a choimeád ar oscailt níos déanaí ná an t-am a bhí socraithe.
i stáisiúin na dtraenacha faoi thalamh
subway stations
Bhí an nós seo le feiceáil den chéad uair tríocha bliain ó shin
i stáisiúin na dtraenacha faoi thalamh i Nua-Eabhrac – bhíodh íomhánna agus *tags *(is é sin, ainm cleite an ealaíontóra) ildaite agus craiceáilte ar fud na dtraenacha mar a bheadh craiceann coimhthíoch ann.
réamhchúirt an stáisiúin peitril
the gas station forecourt
Agus ba mhaith an rud é nár chlis sé orainn agus muid ar an Interstate céad míle ó bhaile, ach ar
réamhchúirt an stáisiúin peitril atá suite in aice láimhe.
stáisiún pobail
community station
Bhunaigh Comharchumann Raidió Átha Cliath Teoranta an
stáisiún pobail seo sa bhliain 1993 le seirbhís raidió trí mheán na Gaeilge a sholáthar do phobal Bhaile Átha Cliath agus do phobal an cheantair máguaird.
ag gabháil d'obair an stáisiúin
engaged in the work of the station
Níl ach triúr fostaithe
ag gabháil d'obair an stáisiúin ar bhonn lánaimseartha gairmiúil.
Bhí cúrsaí ceoil an-tábhachtach don stáisiún riamh
music has always been very important to the station
Bhí cúrsaí ceoil an-tábhachtach don stáisiún riamh agus tá stiúideo nua-aimseartha acu ina gceanncheathrú ar Chearnóg Mhuirfean.
ó bunaíodh an stáisiún
since the station was founded
"
Agus anois, agus comóradh cúig bliana déag na seirbhíse á cheiliúradh, céard iad na príomhrudaí atá bainte amach
ó bunaíodh an stáisiún?
“Ghlac Raidió na Life céim radacach agus réabhlóideach chun tosaigh i mbliana nuair a chuir muid go suntasach lenár n-uaireanta craolta – ó cúig huaire déag in aghaidh an lae go fiche uair in aghaidh an lae, agus ceithre huaire is fiche in aghaidh an lae ag an deireadh seachtaine.
stáisiúin ghinte
generating stations
Ach na muilte atá le déanamh is le crochadh ar fud na hÉireann:
Dá dtairbhe, fostófar roinnt daoine ar fud na tíre nach mbeadh ag obair dá n-uireasa, b’fhéidir; Ach na muilte a bheith crochta, séidfear an breosla chugainn saor in aisce gan a dhath a dhó ná smid smúite a scaoileadh san aer inár dtimpeall; Is lú an méid breosla dá réir a loscfar sna
stáisiúin ghinte leictreachais agus is lúide an dochar imshaoil an méid sin; Is lú an méid gáis agus artola a allmhaireofar ar loing nó i bpíplíne feasta le haibhléis a ghiniúint in Éirinn, rud a fhágfas an t-airgead abhus inár measc.
bealach
station
ie/) D’aithin TG4 tábhacht an chumainn nuair a chraol an
bealach teilifíse sin sraith mhór deich gclár ag tús na bliana a thug léargas ar bhunú, ar fhás agus ar fhorbairt na heagraíochta.
stadanna
stations
Théadh na hoilithrigh thart ar na
stadanna, nó na stáisiún aithreachais, agus d’óladh siad uisce as an tobar bheannaithe.
bealaí teilifíse
television stations
Mar a bheifeá ag súil leis, bíonn iomaíocht ghéar idir na modhanna éagsúla i dtaca le lucht leanúna, le leibhéil rannpháirtíochta iontu agus le maoiniú as na foinsí urraíochta, go háirithe as na
bealaí teilifíse.
lonnaithe
stationed
Tá Foireann Tarrthála
lonnaithe ansin agus nuair a chuaigh mé ann an tráthnóna sin thug mé faoi deara go raibh sé ina rí rá ann, le hotharcarr agus carr póilíní taobh amuigh agus baill den fhoireann thart timpeall.
stáisiúin cumhachta
power station
Chruthaigh siad bealach nua le méid an charbóin a thagann as
stáisiúin cumhachta guail a ísliú.
bhealaigh
station
Tá teilifíseán os mo chionn ag taispeáint an
bhealaigh teilifíse Fox News.
hionaid vótála
polling stations
Bhí neart ball sásta a bheith ag obair in aisce don pháirtí lá toghcháin: seasamh taobh amuigh de na
hionaid vótála, daoine a thiomáint ag na
hionaid vótála, cuntas a choinneáil ar cé bhí ag vótáil agus ar cérbh iad an dream nár bac le vóta a chaitheamh.
hionaid vótála
polling stations
Bhí neart ball sásta a bheith ag obair in aisce don pháirtí lá toghcháin: seasamh taobh amuigh de na
hionaid vótála, daoine a thiomáint ag na
hionaid vótála, cuntas a choinneáil ar cé bhí ag vótáil agus ar cérbh iad an dream nár bac le vóta a chaitheamh.
seanstáisiún
old station
Níorbh fhada ina dhiaidh sin gur tháinig mé chuig an
seanstáisiún ginte leictreachais i nGlinn Chatha, é ar thaobh an bhóthair agus an fharraige lena chúl aniar aneas.
bealach teilifíse
television station
Inniu, tá
bealach teilifíse dá gcuid féin ag na Maoraigh agus é bunaithe ar chur chuige TG4.
ar dualgas
stationed, on duty
Bhí 5,000 trúpaí
ar dualgas sa chathair agus bhí long chogaidh HMS Antrim ar ancaire in abhainn na Mersey, dhá ní a chuir leis an teannas i Learpholl ar ndóigh.
bealach
station
”
- Uimhir a Ceathair: Bunófar
bealach teilifíse nua a dtabharfar TG5 air, agus nach gcluinfear focal ar bith den Sacs-Bhéarla air.
lonnaithe
stationed
Óir is léir ó thuarascáil bhliantúil an Choimisinéara Teanga nach múintear an tuiscint ná an meas seo go sásúil, ní hamháin i Langley, ach sa Teampall Mór ach chomh beag! Bhí sé mar leithscéal ag Everett ar ndóigh gur eachtrannach a bhí ann, ach cén cineál amaidí a thug ar lucht bainistíochta an Gharda Síochána baill den fhórsa a chur ag obair i gceantair Ghaeltachta cé nach raibh siad in inmhe príomhtheanga na háite a labhairt?
Forálacha d’Acht an Gharda Síochána 1924 - 2005
===========================
Léirigh tuarascáil an Choimisinéara nach raibh ochtar den naonúr Garda a bhí
lonnaithe i nGaoth Dobhair, ceann de na ceantair Ghaeltachta is láidre sa tír, ábalta a gcuid dualgas a chomhlíonadh trí Ghaeilge.
Ní raidió deonach muid
we’re not a voluntary radio station
**SMM: - An bhfuil dóigh thart air, go ndéanfadh dream daoine rudaí go deonach?**
ENíCh: -
Ní raidió deonach muid.
ceannasaíocht an stáisiúin
the station management
Ach is beag is féidir leo a dhéanamh nuair nach bhfuil aon fhís soiléir ag
ceannasaíocht an stáisiúin ach an seó a choinneáil ar an mbóthar.
bainistíocht an stáisiúin
the station management
Lucht na Gaeilge ag iarraidh réimse níos mó cláracha agus sceidealú níos fearr dóibh agus
bainistíocht an stáisiúin ag smaoineamh ar an mbunlíne airgeadais.
bealaí teilifíse speisialta tiomnaithe
special television stations devoted
Tá
bealaí teilifíse speisialta tiomnaithe do chúrsaí grinn fiú amháin, bealaí a oibríonn 24/7 anois! Cé a shíl go dtarlódh a leithéid? Ar ndóigh bhí áilteoirí riamh in Éirinn agus abhac ag Fionn Mac Cumhail féin, Cnú Dearóil, chun ceol agus gáire a sholáthar dó.
bealaí a oibríonn
stations which operate
Tá bealaí teilifíse speisialta tiomnaithe do chúrsaí grinn fiú amháin,
bealaí a oibríonn 24/7 anois! Cé a shíl go dtarlódh a leithéid? Ar ndóigh bhí áilteoirí riamh in Éirinn agus abhac ag Fionn Mac Cumhail féin, Cnú Dearóil, chun ceol agus gáire a sholáthar dó.
an stáisiún mór gaisciúil
the great flamboyant station
Tháinig an cóiste ar deireadh le mé a thabhairt ar ais chuig
an stáisiún mór gaisciúil, agus ní fada go raibh mé ar an Thalys, siúl 250 ciliméadar san uair faoin traein chéanna soir i dtreo Bonn na Gearmáine arís.
atá i gceannas na stáisiún mór raidió seobh
these big radio stations
Níl aon mhaith dhúinn níos mó a bheith ag freitheadóireacht ar na boic mhóra seobh
atá i gceannas na stáisiún mór raidió seobh.
stáisiúin aibhléise
electricity station
Má tharlaíonn an chéad Fukushima eile ag sadhlas eithneach in áit
stáisiúin aibhléise, beidh orainn aghaidh a thabhairt (arís) ar cheann de na hiarmhairtí is uafásaí a d’fhág an fichiú haois againn.
bealach raidió fadbhunaithe
a long established radio station
Is fada an staid reatha ó ré órga na meán Gaeilge ag tús an chéid seo nuair a bhí nuachtáin laethúla agus seachtainiúla againn,
bealach raidió fadbhunaithe a bhí ina chuid lárnach de shaol an chainteora Gaeilge, neart irisí bríomhara agus stáisiún teilfíse nuálach a bhí chun seanteanga na nGael a theilgean isteach san fhiche haonú haois.
cúig stad déag
fifteen stations
Déantar an turas seo de ghnáth ag meánoíche ar 9ú Meitheamh (Lá Fhéile Cholm Cille) nuair a shiúlann na hoilithrigh thart
cúig stad déag atá scaipthe ar fud na Glinne.
stáisiún áitiúil teilifíse
a local television station
Bíonn sí le feiceáil go rialta ar chláracha éagsúla cúrsaí reatha agus ealaíne ar an teilifís agus is láithreoir í féin ar
stáisiún áitiúil teilifíse i mBaile Átha Cliath chomh maith.
bainisteoir an stáisiúin
manager of the station
Agus comóradh cúig bliana déag Raidió na Life á cheiliúradh i mbliana, labhair Caoimhe Ní Laighin le
bainisteoir an stáisiúin, Muiris Ó Fiannachta, faoin méid atá bainte amach ag an tseirbhís ó bunaíodh í agus faoin gcóisir “leictreach” a bhí ar siúl le gairid chun a breithlá a cheiliúradh!
ionad
station, booth
Bhí na sluaite ina gcnapscuaine roimh Tony Birtill nuair a thug sé aghaidh ar an
ionad vótála i Walton, Learpholl.
mbealach raidió príomhchathrach
capitol’s radio station
Thosaigh Lisa Nic an Bhreithimh ar thaithí oibre le Raidió na Life an samhradh seo caite agus tá sí fós chomh tógtha céanna leis an
mbealach raidió príomhchathrach atá ag craoladh ar fud an domhain ar an idirlíon chomh maith.
d’fhonn bealach teilifíse a fháil
to obtain a television station
Thosaigh ‘Teilifís na Gaeilge’ ag craoladh as Baile na hAbhann Oíche Shamhna sé bliana déag ó shin, i ndiaidh feachtas fada a troideadh
d’fhonn bealach teilifíse a fháil le freastal ar lucht na Gaeilge.