Pota Focal Intergaelic
Gluais TíHouse Glossary Gluais Beo!Beo! Glossary TeasárasThesaurus BriathraVerbs
ag seasamh an fhóid standing up for
" Anois tá an Burnside céanna agus Jeffrey Donaldson ag seasamh an fhóid d'fhórsaí logánta slándála na Sé Chontae agus tá siad sásta na hinstitiúidí polaitiúla tuaisceartacha a tharraingt anuas dá bharr.
nach gcuireann sé suas don phíle that he doesn't stand up to that big lump of a man
" "Níl a fhios agam cad chuige nach gcuireann sé suas don phíle sin.
seasadh sé suas let him stand up
" Bhí mé cinnte gur ag tagairt do chiach agus do chiamhaire agus do chian an amhráin a bhí siad, ach ní hea! Ag tagairt don spota buí ar thóin a dhráir a bhí siad! An duine nach raibh spota buí ar thóin a dhráir ariamh seasadh sé suas.
ná seas an fód don't stand up for yourself
" Bhí an chuma ar an scéal go rabhthas ag rá trí na fógraí seo: "Bíodh eagla ort ach ná seas an fód.
seó grinn ar a bhoinn stand-up comedy shows
" Ón uair a chuaigh sé i mbun fuirseoireachta proifisiúnta i 1997, ní háibhéil é a rá go bhfuil na mílte seó grinn ar a bhoinn déanta aige, in Éirinn agus i gcéin.
seasamh le stand up for
" Ach tá sé tábhachtach seasamh le do chreideamh is le do thuairimí féin.
sheas sa bhearna bhaoil stood up and were counted
" Ach arís eile, ba iad gnáthmhuintir na hÉireann a sheas sa bhearna bhaoil le cuidiú agus le comhpháirtíocht le go dtiocfadh daoine tríd an uafaireacht.
cruthú dó féin stand up for itself
" Níl sé furasta ag nuachtán teacht ar an fhód as an nua agus cruthú dó féin.
ag cur ar a son standing up for their rights
" Suaitheadh ceart a bhí ann don leagan amach a bhí ar na haicmí agus ar ndóigh thosaigh an lucht oibre ag téachtú agus ag cur ar a son an t-am sin.
nár sheas sé an fód fá choinne did he not stand up for
" Ní hamháin nár sheas sé an fód fá choinne leasuithe liobrálacha “Vatacáin a dó”, ach ar a bhealach féin rinne sé iarracht cuid acu a chur ar neamhní.
sásta seasamh amach agus snámh in aghaidh an easa content to stand up and oppose the general view
" Bíonn daoine gafa le rudaí gearrthéarmacha ag am toghcháin, ach chonaiceamar go raibh polaiteoirí sásta seasamh amach agus snámh in aghaidh an easa ar cheist an ghinmhillte agus ba bhreá liom labhairt leo.
chumas seasaimh a fháil ar ais to regain his ability to stand up
" I ndiaidh dó glacadh le ciorraithe agus le hísliú stádais do mhuintir na Gaeilge agus do mhuintir na Gaeltachta araon, tá sé thar am aige a chumas seasaimh a fháil ar ais.
ach seasamh suas agus mo phíosa a léamh I’d just stand up and belch it out
" Dá mbeadh seachtar iarphápaí ardléannta, seachtar ollúna uaisle, seachtar iriseoirí ilfhiosracha agus seachtar amadán éirimiúla ann, ba róchuma liom ach seasamh suas agus mo phíosa a léamh.
ar a gcosa ag screadaigh amach standing up shouting out
" Oíche lúcháireach a bhí ann agus an lucht éisteachta ar a gcosa ag screadaigh amach G.