Pota Focal Intergaelic
Gluais TíHouse Glossary Gluais Beo!Beo! Glossary TeasárasThesaurus BriathraVerbs
seanchearnóga old squares
" Tá seanchathair Bhilbao, gona sráideanna cúnga agus seanchearnóga, ann don té nach dtaitníonn ailtireacht nua-aoiseach shuimiúil dhúshlánach leis.
cearnach square
" Beidh 20 píosa ar fad ar taispeáint agus iad 1m x 1m cearnach agus stíl spleodrach theibí i ndathanna dearga agus gorma i gceist.
cearnógach square
" Beartas cosanta ======= Bosca 50 míle cearnógach amach ó chósta thiar na hÉireann is ea an Bosca Éireannach.
cearnógach square
" Sa phíosa *"Celosias" *tá scáthlán casta ina bhfuil míreanna beaga adhmaid atá cearnógach agus fiarthrasna, iad fite fuaite fríd a chéile ar nós píosa ailtireachta Múraí.
trí troithe cearnach three square feet
" Isteach leis sa bheár, agus iontas na n-iontas, ní raibh ach thart ar ocht míle go leith duine ann! Bhí spás trí troithe cearnach den urlár nach raibh duine ar bith ina sheasamh nó ina luí air! Níos amhrasaí fós, chonaic sé dhá thábla nach raibh leathamadáin inteacht in airde orthu, ag pocléimnigh thart ar nós tarbh ar dáir.
cearnach square
" Tá tuairim is 23,000 ciliméadar cearnach ann ar fad.
Chearnóg Theach an Thionóil Meetinghouse Square
" Agus mé ag fanacht, tagann fear isteach ag lorg eochracha chun mullaird Chearnóg Theach an Thionóil a oscailt.
3,000 ciliméadar cearnach 3,000 square kilometres
" Is í an pháirc náisiúnta is mó sa Bhreatain - 3,000 ciliméadar cearnach an méid atá inti.
sa chearnóg duirleog in the cobbled square
" Bhí roinnt mhaith daoine sa chearnóg duirleog, a lán daoine óga ina measc - mic léinn, is dócha, mar is cathair thábhachtach ollscoile í Pisa.
cearnógach square
" Is túr ard cearnógach dearg é, agus daracha ag fás ar a bharr.
80 méadar cearnach 80 square metres
" Fiú má tá dífhostaíocht 20 faoin gcéad sa chathair, tá an cíos an-íseal: thart ar €200 le haghaidh árasán 80 méadar cearnach.
80 méadar cearnach 80 square metres
" Fiú má tá dífhostaíocht 20 faoin gcéad sa chathair, tá an cíos an-íseal: thart ar €200 le haghaidh árasán 80 méadar cearnach.
80 méadar cearnach 80 square metres
" Fiú má tá dífhostaíocht 20 faoin gcéad sa chathair, tá an cíos an-íseal: thart ar €200 le haghaidh árasán 80 méadar cearnach.
ar an chearnóg cháiliúil on the famous square
" Saolaíodh Alison Lapper gan lámha agus le cosa gearra de bharr an druga tailídimíd agus is í a portráid, snoite ó bhloc de mharmar bán Iodálach, atá cúig troithe déag ar airde, a bheas le feiceáil ar an chearnóg cháiliúil go ceann seacht mí dhéag eile.
chearnóg square
" Ba de shliocht an Ghorta cuid den lucht éisteachta a bhí ag comóradh Jim Larkin i Learpholl agus bhí siad an-sásta an tseanteachtaireacht phoblachtánach a chloisteáil ó bhéal Raymond McCartney: "Beidh muid ar ais sa chearnóg seo lá éigin sa todhchaí chun athaontú na hÉireann a cheiliúradh," ar sé, agus fuair sé bualadh bos láidir dá bharr.
phríomhchearnóg main square
" Ina cheann sin tá dealbh den Phápa ar phríomhchearnóg na hollscoile ó 1983, an bhliain a bhronn údaráis KUL dochtúireacht onórach ar a n-iarfhostaí.
phríomhchearnóg main square
" Ina cheann sin tá dealbh den Phápa ar phríomhchearnóg na hollscoile ó 1983, an bhliain a bhronn údaráis KUL dochtúireacht onórach ar a n-iarfhostaí.
beartán beag cearnógach a small square parcel
" Amuigh sa halla dó ghlaoigh sé orm, beartán beag cearnógach a leag sé i mo lámh, tuilleadh ceoil ag teacht sa phost gach lá.
ar an Fhaiche Mhór on Eyre Square
" Ach ní hionann “súil eile” agus *vox pop* a dhéanamh ar an Fhaiche Mhór seachas ar Shráid Grafton.
a smig chearnógach his square chin
" D’aithin mé a aghaidh, a shúile ceanúla agus a smig chearnógach.
trí troithe cearnach three square feet
" Isteach le Balor sa bheár, agus iontas na n-iontas, ní raibh ach thart ar naoi míle go leith duine ann! Bhí spás trí troithe cearnach den urlár nach raibh duine ar bith ina sheasamh nó ina luí air! Níos amhrasaí fós, chonaic sé tábla nach raibh leathamadán inteacht in airde air, ag pocléimnigh thart ar nós bó ar dáir.
cearnóg mhór a large square
" Is cearnóg mhór sa Chathair Nua í seo a bhfuil féar ina lár agus crainn thart uirthi.
73 Cearnóg Mhuirfean 73 Merrion Square
" Smaoinigh mé ar dhán Mary Howitt nuair a shiúil mé isteach in uimhir 73 Cearnóg Mhuirfean i mBaile Átha Cliath, baile úr Thaisce Cheol Dúchais Éireann.
cearnóg dhuilleogach leafy square
" Níl ach sráid fhada amháin ann, agus cearnóg dhuilleogach ina lár, agus tithe beaga liatha cloiche atá sa bhaile.
cosaint na cearnóige, defending the square,
" Willie O’Dea** (Lánchúlaí ar dheis): Fear atá breá ábalta guaille a thabhairt dá chuid naimhde ach is í cosaint an stáit, murab ionann agus cosaint na cearnóige, atá faoina chúram anois.
á dteilgeadh isteach sa chearnóg. being thrown into the square.
" ** **Dermot Ahern** (Lánchúlaí): Lánchúlaí ar féidir brath air is ea é agus liathróidí arda á dteilgeadh isteach sa chearnóg.
cearnóg an bhaile the town square
" Tógadh St Florian’s Gate, ceann de na radhairc is cáiliúla sa chathair, sa tríú haois déag, agus tógadh cearnóg an bhaile – arb í an chearnóg mheánaoiseach is mó san Eoraip – thart ar an mbliain 1257.
chearnóg mheánaoiseach medival square
" Tógadh St Florian’s Gate, ceann de na radhairc is cáiliúla sa chathair, sa tríú haois déag, agus tógadh cearnóg an bhaile – arb í an chearnóg mheánaoiseach is mó san Eoraip – thart ar an mbliain 1257.
i gcearnóg Aix in Aix's square
" Roghnaigh mé na comhábhair ab fhearr a bhí ar fáil sa mhargadh, a bhíonn ar siúl go rialta i gcearnóg Aix.
ar Chearnóg Mhuirfean. on Merrion Square
" Bhí cúrsaí ceoil an-tábhachtach don stáisiún riamh agus tá stiúideo nua-aimseartha acu ina gceanncheathrú ar Chearnóg Mhuirfean.
cearnach square
" Meastar go bhfuil tuairim is 90,000 Batwa fágtha faoi na Mór-Lochanna agus iad scaipthe thar achar tuairim is 100,000 ciliméadar cearnach, achar ábhairín níos mó ná oileán na hÉireann.
cearnach square
" Tá achar timpeall ar 9690 ciliméadar cearnach ar an réileán agus nuair a líontar é bíonn sé ar an loch is mó san Astráil.
Chearnóg Square
" Chruinnigh na céadta Uígireach ar Chearnóg na nDaoine ar an lá sin, i lár Urumqi, chun agóid a dhéanamh in aghaidh dhúnmharú beirt Uígireach i réigiún Guangdong san oirdheisceart.
cearnach square
" Na hOgoni Is réigiún é Ogoniland a chuimsíonn tuairim is 100,000 ciliméadar cearnach in oirdheisceart na Deilte Nigéirí agus áirítear gurb ann do leathmhilliún Ogoni, pobal atá ar cheann de 250 grúpa eitneach sa Nigéir.
cearnach square
" Lena dhá mhíle cúig chéad suíochán agus ardán atá ocht gcéad daichead méadar cearnach, bhí sé ar cheann de na hamharclanna is mó i bPáras ag an am.
chearnóg square
" Sé bliana déag tar éis titim réimeas Ceausescu, deineann mo dhuine an réabhlóid a ceiliúradh le seó cainte a ardaíonn an cheist seo leanas – an raibh éinne amuigh ag léirsiú ar chearnóg na cathrach sular glanadh Ceausescu chun siúil ag 12.
cearnóg square
" Oíche an dúnmharaithe, d’iarr sé ar an bpobal – Ollannaigh, Muslamaigh, gach uile dhuine – teacht go dtí an Dam, cearnóg lárnach na cathrach.
cearnach square
" Taispeánann íomhánna satailíte dúinn go bhfuil achar 100 míle cearnach ag an gcnoc oighir seo, beagnach dhá uair níos mó ná Oileán Acla (nó ceithre huaire níos mó ná Oileán Manhattan i Nua-Eabhrac), agus dearbhaítear anois gurb é an cnoc oighir is mó san Artach le beagnach 50 bliain anuas.
gcearnóg square
" Cloisfidh tú treoraí ag maíomh ar an dáta sin nuair a dhruidfidh na turasóirí cruinn thart air lá ar bith i gcearnóg na hollscoile, óir ní féidir iad a choinneáil amach as an áit.
gcearnóg square
" Ar éirigh leis fáinne a dhéanamh den gcearnóg sin? Fágaim sin fút féin le hoibriú amach gan ionchur ar bith uaimse.
lár cearnóige middle of (public) square
" Samhlaigh tú féin mar dhealbh ach in áit a bheith i do sheasamh ar phlionta i ndánlann nó i lár cearnóige poiblí leis na colúir ag eitilit thart ort, tá tú ar an ghrinneall go domhain i bhfarraige agus gach cineál ainmhí mara ag snámhaíocht ar dhromchla do choirp.
cearnóga square
" Le fáinní, cearnóga nó eile a tharraingt, ní raibh aon mhaith ionam ach, ar údar éigin, bhí mé an-mhaith le gréasán a tharraingt.
cearnógach square
" 15 oileán atá scaipthe ar fud 2 mhilliún ciliméadar cearnógach atá i gceist anseo.
chearnóg square
" Bhí cruinniú ag an NF i Halla Conwy, i gCearnóg Red Lion agus bhí cruinniú againn sa chearnóg chéanna agus bhí Syd Bidwell MP le caint ann.
Chearnóg square
" Ach nuair a tharla an beart onóra, umhlaíochta, maithiúnais, aiféala i nGairdin na Laochra ar Chearnóg Pharnell, shín Banríon Shasana eochair scaoilte na faidhbe sin chugainn.
gCearnóg square
" Cohen ó Ollscoil Nua-Eabhrac go bhfuil géibheann Ai Weiwei mídhleathach fiú de réir dhlí na Síne féin, agus más féidir duine chomh cáiliúil leisean a ghabháil agus a chur faoi ghlas, cén chosaint atá ag an ghnáthshaoránach Síneach? Is díol suntais é gur osclaíodh an iarsmalann is mó ar an domhan i gCearnóg Tiananmen díreach sular gabhadh Ai Weiwei.
Chearnóg Mhuirfean Merrion Square
" Lonnaithe ar Chearnóg Mhuirfean i gcroílár chathair Bhaile Átha Cliath, in áit bhríomhar, is ionad spreagúil agus iomlán éagsúil í oifig Raidió na Life.
cearnach square
" cearnach ina mbeidh naoi ndánlann idirghníomhacha, athchruthuithe de dheiceanna agus de chábáin na loinge, amharclann taiscéalaíochta faoi uisce chomh maith le hionad comhdhála agus féastaí a fhreastalóidh ar 1000 duine in aon am amháin.
cearnóg a square
" Sa réimeas nua i ndiaidh 1989 tugadh an onóir is coitianta a thabhairt do ghníomhartha dá shaghas: tá sráid i bPrág (siúd is gur cearnóg atá i gceist sa chás seo) ainmnithe ina dhiaidh agus nochtadh dealbh ina urraim.
chearnóg square
" Ní raibh siad sásta na dilseoirí a scaipeadh, cé go raibh cead ag an mórshiúl an chearnóg a úsáid.
cearnógacha square
" Bhí caipíní cearnógacha á gcaitheamh acu a bhí clúdaithe le cnaipí órga.
chearnóg square
" Is í an riail atá i gceist agam, an riail a bhaineann leis an gcomhthreomharán beag a bhíonn marcáilte os comhair an chúil sna cluichí Gaelacha agus a dtugann gach mac máthar agus cuid den chlann iníonacha freisin an ‘chearnóg bheag’ air.
acra cearnach square acres
" Thart ar 30 acra cearnach atá sa champas, deinim amach.
cearnóg square
" Síos sráid siopadóireachta Jean Jaures a tháinig siad, dosaen bagadoù (bannaí ceoil thraidisiúnta) ag seinm binioù (píobaí Briotánacha), bombardes (feadóga) agus drumaí go beo bríomhar, ar a mbealach go dtí cearnóg na saoirse - Place de le Liberté.
cearnóg square
" Beidh air dul ar ais go dtí cearnóg a haon.
cearnach square
" (316 ciliméadar cearnach an t-oileán.
siar go dtí cearnóg a haon to square one go back (we)
" Bíonn an chraic anseo nócha! Tá a gcroí san áit cheart, agus níl sé ina mbróga! An dtuigeann tú, a Bhaloir? Is maith liom an jóc sin! Cuireann muid ranganna Gaeilge ar fáil do na tuismitheoirí anseo, agus téann muid siar go dtí cearnóg a haon.
chearnóg mhór large square
" Bhí síocháin, dóchas agus tírghrá i réim ar chearnóg mhór Campo Grande, i lár cathair Salvador, áit ar chruinnigh fiche míle duine le chéile faoi theas ghrian an tráthnóna.
trácht dhíograiseach na hollscoile ar an bhfaiche the busy movement one finds in a university on the square
" An samhradh timpeall orainn, agus trácht dhíograiseach na hollscoile ar an bhfaiche.
do phríomhchearnóg an bhaile for the town’s main square
" Bronntanas ó na Rúisigh do phríomhchearnóg an bhaile a bhí ann ach, mar a chuala mé, shocraigh na húdaráis áitiúla dealbh mhór spraoiúil dhearg agus bhán den fhear mór a chuir sa phríomhchearnóg ina áit agus an ceann sollúnta a athshuíomh i bhfoscadh an tséipéil.
gCearnóg square
" Bhailigh Críostaithe, neamh-Chriostaithe chomh maith le turasóirí fiosracha faoi spéir scamallach i gCearnóg Naomh Peadar sa Róimh ar na mallaibh, le fianacht a thabhairt ar ócáid fíorshuntasach i stair na Eaglaise Caitlicí.
ag líonadh na cearnóige filling the square
" Chaith mé tráthnóna aoibhinn ag an Buenos Aires *Hurling Club*, d’fhreastail mé ar cheiliúradh mór Lá na Féile Pádraig in Plaza San Martin atá baiste as laoch mór agus fuasclaitheoir na hAirgintíne, José de San Martin agus ceol traidisiúnta, amhráin tíre agus callán na mbróg damhsa a lá Riverdance ag líonadh na cearnóige ag dul ó sholas dó.
chearnóg na cathrach of the city square
" Reáchtáladh cuid mhaith de na ceolchoirmeacha i speigeltent (puball na scáthán), puball ollmhór déanta d’adhmad agus anairt maisithe go gleoite ar an taobh istigh le scátháin, soilse agus gloine dhaite agus suite i gceartlár chearnóg na cathrach, rud a chuir cuma aduain, beagnach allúrach, ar an áit agus a thug le fios go raibh rud éigin iontach ar leith á thairiscint ann.