Dúirt Fergus Linehan, agus é ag caint ar chlár raidió faoi Fhéile Drámaíochta Bhaile Átha Cliath: "It's not a question of Irish kitchen sink and European avant garde", ag tagairt don dóigh a bhfuil an tsamhlaíocht Éireannach ag spréadh amach agus ag cuartú ionsparáide ón uile áit agus ón uile thréimhse.
Ar Son na Teanga
=======
Sea, ar son na teanga, tharla gur seo chugainn na Sínigh agus an tSínis ar an mbéal réidh acu le spréadh amach ar fud Éireann iathghlas mar a rinne an Chríostaíocht a leathnaigh amach as Cluain Mac Nóis, as Cluain Ioraird agus as Cluain Fearta.