Pota Focal Intergaelic
Gluais TíHouse Glossary Gluais Beo!Beo! Glossary TeasárasThesaurus BriathraVerbs
caiteachas gan srian spending without restraint
" Brisigí bhur dtóineachaí agus saothraígí go dian, Nó níl rud ar bith níos measa amuigh ná caiteachas gan srian.
caiteachas gan srian unrestrained spending
" Brisigí bhur dtóineachaí agus saothraigí go dian Mar níl rud ar bith níos measa amuigh ná caiteachas gan srian.
á chaitheamh spending it
" Billiún euro anois a chaithfear ar an Ghaeilge gach aon bhliain, Is beidh Liam Ó Cuinneagáin á chaitheamh óna oifig úr in Spain.
cultúr baothchaithimh a culture of foolish spending
"cultúr baothchaithimh ann agus an chosúlacht ar an scéal go síleann muid nach dtiocfaidh deireadh leis an rathúnas choíche.
chaitheamh rábach reckless spending
" Ach níl aon chosúlacht ar an scéal go dtiocfaidh maolú ar an chaitheamh rábach an Nollaig seo.
caiteachas gan srian unrestrained spending
" Brisigí bhur dtóineachaí agus saothraígí go dian Mar níl rud ar bith níos measa amuigh ná caiteachas gan srian.
cuid den chaiteachas sin some of that spending
" Sna deich mbliana atá romhainn, caithfear suas le €100 billiún ar infheistíocht infrastruchtúir ar “oileán na hÉireann” agus dúirt Ahern go mbeadh cuid den chaiteachas sin dírithe ar tionscadail thrasteorann – bóithre, iarnróid, aibhléis agus teileachumarsáid.
le linn na tréimhse atá á caitheamh aige during the period that he's spending
" Ní bheadh sé d’acmhainn agam ar aon bhealach eile a bheith ag obair i lár chathair Londan, gan trácht ar a bheith i mo chónaí ann!” Is díol spéise é nach bhfuil cárta cuntais nó creidmheasa ag Collins nó fiú fón póca, agus den chéad uair, le linn na tréimhse atá á caitheamh aige i Londain, tá meaisín níocháin aige dó féin.
seachas é a chaitheamh ar áiseanna breise. instead of spending it on more facilities.
" Is gá an t-airgead a chaitheamh ar theagmháil a dhéanamh le daoine nach n-imríonn spórt agus iad a chur ag imirt, seachas é a chaitheamh ar áiseanna breise.
ag caitheamh breis is uair an chloig spending more than an hour
" Ach más rud é go bhfuil tú ag caitheamh tréimhsí fada sa trácht gach maidin agus gach tráthnóna – agus de réir Dhaonáireamh na bliana 2006, tá 187,000 duine ag caitheamh breis is uair an chloig ag taisteal chun na hoifige gach maidin – cad chuige nach bhfuil an rothaíocht níos tarraingtí dó mar rogha? Maidir le trácht contúirteach, áfach, is dócha go raibh an ceart ag na daoine a ghlac páirt sa suirbhé.
ag caitheamh ár ndeirí seachtaine spending our weekends
" Is cuimhin liom ceithre bliana ó shin, agus mé féin agus mo bhean chéile ag ceannach ár gcéad teach, go mbíodh muid – dála go leor lánúineacha eile – ag caitheamh ár ndeirí seachtaine ag dul timpeall na n-eastát nua tithíochta a bhí ag teacht ar an margadh.
tomhaltachais agus caiteachais consumerism and spending
" Agus b’fhéidir gurb é an maitheas a bhainfidh daoine áirithe as na heachtraí seo ar fad ná go bhfoghlaimeoidh siad ceacht agus nach gcaillfidh siad srian orthu féin ó thaobh tomhaltachais agus caiteachais de an chéad uair eile a bheidh borradh i gceist.
i ndiaidh a saol a chaitheamh after spending their lives
" Taispeántar íomhánna de dhaoine atá i ndiaidh a saol a chaitheamh in institiúidí atá ann dóibh siúd a bhfuil an meabhairghalar orthu; de phian agus d’éadóchas; de dhaoine a bhfuil galair thromchúiseacha fhisiceacha agus mheabhracha orthu.
ag caitheamh spending
" Beidh Fáilte Éireann, Údarás na Gaeltachta agus Comhairle Contae Dhún na nGall ag caitheamh idir €8 milliúin agus €12 milliún thar thréimhse cúig bliana ar an tionscadal.
Tar éis tamall a chaitheamh sa chathair after spending a while in the city
" Tar éis tamall a chaitheamh sa chathair agus greim a ithe ansin, ar aghaidh liom go Cizur Minor.
mhealladh chun caiteachais to entice towards spending
" Bhí sé mar sprioc acu daoine a mhealladh chun caiteachais agus beidh de thoradh air sin, dochar breise don timpeallacht.
gcaitheamh go fánach spending it foolishly
" Thug Haughey comhairle do dhaoine a bhí ag saothrú a gcuid pingeacha go cneasta go raibh siad á gcaitheamh go fánach agus go rábach fad is a bhí sé féin ag síneadh bhabhla na déirce i dtreo bhoic mhóra an rachmais.
caitheamh spending
" Bhí sé ar bharr na nuachta ar feadh cúpla lá, go raibh sé le Man U a fhágaint ina dhiaidh, mar nach raibh an club sin ag caitheamh a dhóthain airgid ag ceannach imreoirí maithe, le himirt taobh leis.
a chaitheamh spending
" I ndiaidh breis agus deich n-uaire an chloig a chaitheamh ar an mbóthar, bhí mé sásta go raibh ár gceann scríbe nach mór bainte amach againn.
ag caitheamh tréimhsí fada spending long periods of time
" Is é an péintéir Sasanach Derek Hill a thug an chéad spreagadh do na péintéirí seo, nuair a thosaigh sé sna 1960í ag caitheamh tréimhsí fada istigh san oileán ag cur faoi i mbothán beag lom scoite amach ón phobal – nós maireachtála a mheabhródh duit díthreabhaigh in Éirinn na luath-Chríostaíochta - i ndlúthchaidreamh le fiántas farraige agus fairsinge spéire, a chuimsíonn agus a thugann sainmhíniú ar an oileán beag scoite seo agus ar a mhuintir.
ag caitheamh airgid spending money
" Bhíodar ag smaoineamh ar an gceangal a bhí ag Cathair na Gaillimhe leis an nGaeltacht - le Conamara agus le hÁrainn - ag cuimhneamh ar an teangmháil ghnó, daoine ag teacht isteach as na ceantair sin ag caitheamh airgid anseo.
ar dualgas a chaitheamh spending on duty
" Ní raibh ach sé lá fagtha aige sa tír sin tar éis sé mhí ar dualgas a chaitheamh ansin nuair a fuair sé bás in aice leis an Maor Matthew Collins.
do chuid nósanna caithimh a thuiscint to understand your spending habits
" Tá neart feidhmchláiríní ann freisin chun do chuid costaisí a thaifeadadh, rud a chabhródh go mór leat do chuid nósanna caithimh a thuiscint.
ag caitheamh airgid spending money
" Ach céard é an chiall a bheith ag caitheamh airgid ar phlean teanga a réiteach do cheantar, ina bhfuil an Ghaeilge imithe i léig chomh mór is nach bhfuil difríocht ar bith idir é agus ceantar taobh amuigh den Ghaeltacht.
ag caitheamh dua agus dúthrachta spending effort diligently
" Ach ní ar mhaithe le hÉirinn atá na daoine seo ag caitheamh dua agus dúthrachta leis an gcaid; is casta agus is simplí ná sin an scéal.
lena gcuid airgid a chaitheamh uirthi spending their money on it
" Tháinig an earnáil tionslaíochta agus tráchtála chun cinn go mór faoin tsaoirse nuaghnóthaithe seo agus thosaigh ceannaithe rachmasacha, a bhí anois i gceannas ar chumhacht geilleagair na poblachta nua seo, ag cur spéise san ealaín i measc rudaí eile, lena gcuid airgid a chaitheamh uirthi.
gan oíche a chaitheamh ann without spending a night in it
" Thóg sé an teach agus dhíol é gan oíche a chaitheamh ann.
ag caitheamh airgid as éadan spending hand over fist
" Fiú amháin, agus ní duine mór mé chun a bheith ag caitheamh airgid as éadan.
a chaitheadh a gcuid airgid who were spending their money
" Tháinig an tacaíocht a spreag an mhórchruthaitheacht seo ó cheannaithe agus ó bhaincéirí, uasalaicme úr na linne sin, agus ba mhór an mhaise do na héarlaimh nua seo a chaitheadh a gcuid airgid go feiceálach ar thionscnaimh mhóra phoiblí ealaíne.
am a chur isteach in spending a while
" Tá Wii agus tá PSP againn agus d’éirígh leis na gasúir am a chur isteach ag imirt cluiche ar an meaisín DVD fiú! B’fhearr i bhfad leo suí siar le cluiche in ionad clár teilifíse agus go dtí seo tá níos mó spéis acu i gcluichí ina bhfuil fadhbanna le réiteach iontu nó sprioc ar leith in ionad cluichí “*shoot-em-up*”.
lá grianmhar a chaitheamh spending a sunny day
" Iadsan a bhí ag streachailt 24 ciliméadar tríd na cnoic agus an doineann, gan aon éalú acu ón bháisteach nó ón síobadh gaoithe, agus mé féin tar éis lá grianmhar a chaitheamh ag siúl tríd an Pharc Natural de la Serra Gelada sa Spáinn! Tá an pháirc seo ar an Chosta Blanca, idir Benidorm agus Albir, sa limistéar Valencia agus tá sé cóngarach go maith do Alicante, áit a bhfuil aerphort idirnáisiúnta ann, le heitiltí saor de chuid Ryanair agus Easy Jet gach lá.
le seachtain iomlán a chaitheamh leis to spending a full week with
" Ach ní raibh mé ag súil ar chor ar bith le seachtain iomlán a chaitheamh leis an Yeti.
ag caitheamh dóthain ama leis na gasúir spending enough time with the children
" "An bhfuil mé ag caitheamh dóthain ama leis na gasúir? Nó mura dtéann tú amach ag obair, ní bhíonn tú sásta leat féin agus braitheann tú sáraithe.
chaitheamh ar an leaba chláir spending (two years) in jail
" Ní ligfear cead amach anseo d’éinne faoi 16 páirt a ghlacadh sna comórtais seo sa Fhrainc agus má dhéanann tuismitheoirí iarracht a bpáistí a chur ag glacadh páirte ann, is baolach go mbeadh orthu €30,000 a íoc nó dhá bhliain a chaitheamh ar an leaba chláir.
chaitheamh mar uachtarán spending as president
" Faoin bhliain 1999, nuair a thug sé cúl leis an pholaitíocht, i ndiaidh cúig bliana a chaitheamh mar uachtarán ar an tír, bhí poblacht nua dhaonlathach bunaithe aige.
le tuilleadh airgid a chaitheamh to spending more money
" *’ Ní bheadh aon ghlacadh ag an phobal i gcoitinne le tuilleadh airgid a chaitheamh ar Phlean den chineál sin ag am nuair a bhíothas ag déanamh ciorruithe ar sheirbhísí riachtanacha.
seal ama a chaitheamh spending a while
" B’shin a rinne Roy tar éis dó seal ama a chaitheamh i mBletchley Park ag iomrascáil le códanna míleata casta na Naitsíoch.
airgead a chaitheamh spending money
" (Tugaim faoi deara go bhfuil an triúr FPE de chuid Sinn Féin a bheas ag freastal ar an Eoraip ag iarraidh go gcuirfear airgead poiblí amú ag aistriú gach cáipéisíocht go Gaeilge sa mBruiséil, ach nach fiú dóibh airgead a chaitheamh ar bhileogaí beaga dhá theangacha a dháileadh sa Ghaeltacht.
ag caitheamh spending
" Tá sí tosaithe cheana féin, leis, ar theanga eile a fhoghlaim anois mar go mbeidh sí ag caitheamh an chéad chaibidil eile dá saol le Fraincis i Quebec.